An Músraiġeaċ

Bulletín do Ċáiɼde Ṁúſgɼaiġe

An Músgraigheach Uimhir 1

Clár

  • 1 Ár Sgéal Féin
  • 3 Focal ón Eagarthóir [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 4 Músgraighe Uí Fhloinn
  • 6 An tAthair Peadair
  • 10 Foclóireacht
  • 15 Filí agus Filíocht Mhúsgraighe
  • 21 Filíocht na Gnáth-Chainte
  • 25 Áit-Ainmneacha
  • 29 Seachain !
  • 30 Aibghitir i gcóir Foghraidheachta na Gaeluinne
  • 31 Freagraí ó Chobhar [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 32 Cáirde Mhúsgraighe [in easnamh sa bhuntéacs]

Leathanach 1

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaċ 01

Ár Sgéal Féin

Ní hí an Éire seo an Éire a bhí anallód ann, acht Éire lucht Béarla, adubhairt an file fadó, agus nách cead domh‑sa an chainnt sin do chasadh beagán agus a rádh le fírinne i dtaobh formhór na Gaeluinne atá anois 'nár measc: Ní hí an Ghaeluinn seo an Ghaeluinn a bhí anallód ann, acht Gaeluinn lucht Béarla! I dtaobh amuigh den Ghaeltacht is é an Béarla atá mar theangain dúchais ag an muinntir atá ag gabháil don Ghaeluinn, agus an chuid againn go raibh sé de sheans orainn an Ghaeluinn d'fhagháil ó dhúchas, tá measgán mearaidhe orainn agus anál an Bhéarla ag dul fúinn 'nár n‑aimhdheoin. Ní hiongna, mar sin, gan againn ach measgán canamhain, agus blas an Bhéarla ar ár gcainnt. Tá cruinneas agus gontacht agus líomhthacht na seana-Ghaelgeoirí i n‑easnamh orainn.

Leathanach 2

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 02–03

An aoir do dhein an tAthair Liam Inglis ar leastar an Bhráthar is breá oireamhnuigheann sí Gaeluinn an lae indiu.

Do thriall leastar don bhaile seo i dtáimse
Go hÁrd an Gheata, 's is tapa do meádhadh é;
Ní raibh cine 'san chruinne nach táinig
Ag éileamh a ndathanna a' leastar an bhráthar.
Na síoga uaine do buadhadh le Clár Luirc
I dtaobh a harmais machaire is cláirseach,
Na síoga dearga Sasana ráinig,
Is rí na Fraíngce na síoga bána.
Na síoga buidhe fuair rí na Spáinne,
Is rug rí Lochlann an gorm go breágh leis,
An roinn bhí odhar fuair foghlaigh Áifric
'S an chuid do bearradh de chum madra thárla.*

Níl Cúige na [sic; recte ] canamhain ná féadfadh teacht agus a dhath féin d'éileamh as an leastar so na Gaeluinne, agus is baoghal liom gurb í síog dhearg an Bhéarla an tsíog is leithne dhíobh go léir. Níl aon locht agam ar Ghaeluinn aon Chúige, faid a choinnightear í go glan neamh-thruaillighthe. Má tá sé i ndán don teangain náisiúnta maireachtaint agus leathanú amach ar fuaid na tíre, oirfidh cainnt gach Cúige dhi, agus raghaidh na canamhainí i bhfeidhm ar a chéile de bharr coidrimh Ghaelgeoirí oilte ar a chéile. Ach sgéal eile ar fad is eadh é nuair a mheasgann gach aon dallachán na canamhainí trí‑na‑chéile gan áird ar dhúchas ná ar léigheann ach ar nós an Bhráthar do bhailigh an t‑im.

Tá gasra beag de Ghaelgeoirí ó Mhúsgraighe anso i mBaile Átha Cliath. Daoine óga an chuid is mó acu, agus ana-shuim acu á chur i gcúrsaí teangan. Tá urraim acu don Ghaeluinn agus meas acu uirthe, an Ghaeluinn do chleacht a muinntir agus a sínnsir ós na cianta. Do bheartuigheadar so 'na n‑aigne go ndéanfaidís dícheall ar a gcanamhain féin do shaothrú, ach nuair a bhreithnigheadar an sgéal go cruinn, do thuigeadar ná raibh acu ach an chaol-chuid den chruinneas ba dhual dóibh. Do thuigeadar gur beag an brí a bheadh lena gcuid oibre go dtí go mbeadh dlúth-theangabháil acu lena chéile, agus go mór mór lena muinntir sa bhaile gur fhan an teanga acu gan measgadh gan truailliú. Do bhraitheadar go raibh a lán Músgraigheach eile ar fuaid na tíre agus iad sa riocht chéadna, agus go raghadh teangabháil agus páirtíocht eolais chun tairfe dhóibh go léir, amuigh is i mbaile.

Ag cuimhneamh dóibh ar chúrsaí an bhaile, ba léir dóibh, fóiríor, go raibh tobar fíor-ghlan na Gaeluinne ag dul i ndísg i Músgraighe féin: na sean-daoine á gcur sa chill agus an líomhthacht acu á bhreith leo; an deisbhéalacht ag imtheacht agus draibhlis cainnte ag fás 'na h‑inead; na haosóga dall ar shaidhbhreas a n‑oighreachta agus druim lámha acu á thabhairt léi. Ba

* Cois na Bríde, leath. 27.

Leathanach 3

léir gur mhithid an meath do chosg agus aosóga Mhúsgraighe do mhealladh chun suime chur 'na gcanamhain féin, agus nar mhisde a chur ar a súilibh dóíbh cad é mar aithis a bheadh tuillte ag an nglúin seo dá leogaidís di bás d'fhagháil. Is é mo thuairim féin nár mhisde an rud céadna do chur ar a súilibh d'aosóga gach Gaeltachta i nÉirinn. Dá gcuirtí, níor bhaoghal don teangain.

Ar na smaointe sin do tháinig an Cumann nua so agus An Músgraigheach mar cheangal idir na daoine atá páirteach ann. Do hiarradh orm‑sa bheith im cheann ar an gCumann—im " cheann chríonna ar ghuaillibh óga "—agus do thoiligheas chuige toisc an dian-ghádh atá leis an obair atá beartuighthe ag na Cáirde. Ach ar éigin is ceart Cumann a thabhairt ar an gcnósach Gaedheal so, trá 's ná beidh riaghlacha ná bun-reacht ná cruinnighthe acu; páirtíocht eolais agus páirtíocht oibre atá uatha, agus beidh An Músgraigheach acu mar láthair aonaigh mar a bhféadfaid siad aithne chur ar a chéile, agus a smaointe do nochtadh dá chéile.

Níl agam‑sa le déanamh ach mo bheannacht do thabhairt don dream atá ag dul i mbun na hoibre, rud a dheinim go fonnmhar. Deireadh an tAthair Peadair go raibh lámh Dé i n‑obair na Gaeluinne. Go dtugaidh an Tréanlámh chéadna san neart dos na Cáirdibh, agus go raibh " Barra naomhtha á gcaoinleacht " agus " Gobnait múinte Bhaile Mhúirne 'na gcúram. "

TADHG Ó SCANAILL

FOCAL ÓN EAGARTHÓIR

Rud leat‑sa an Bulletín seo, a chara. Ar mhaithe leat‑sa atá sé á fhoillsiú. Má tá aon cheist ag déanamh buartha dhuit, cuir chúinn í, agus déanfam iarracht ar í réidhteach. Má tá aon eolas agat a raghadh chun tairfe dos na Cáirde, seol chúinn é. Ba mhaith an rud é an gléas foghraidheachta d'úsáid chun fuaimeanna do chur i n‑úil.

Tá cathú orm ná beidh againn i mbliana ach trí Bhulletín. Bhí sé mó 's déanach nuair iarramair cead ar Roinn na Soláthairtí, agus ní bhfuaramair i gcóir na chéad ráithe é.

Leathanach 4

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 04–05

Músgraighe Uí Fhloinn

Fé mar is eol do chách, luigheann Barúntacht Mhúsgraighe idir Chathair Chorcaighe agus teora Chiarraighe thiar. B'iad na Normannaigh do roinn an tír 'na barúntachtaibh, ach is minic do lean a roinnt-sin an tseana-roinnt Ghaelach, sé sin, na triúcha céad. B'shin mar a thárla ins na críocha ar a dtugaimíd Conndae Chorcaighe anois. Trí barúntachta móra do bhí innte, agus iad bunuighthe ar na sena-thriúcha: Cairbre, Dúth' Ealla agus Músgraighe. 311,300 d'acraíbh atá sa Bharúntacht so.

Ó Chairbre Mhusc Mhic Fhinchaidh do hainmnigheadh an dúthaigh seo. Do lonnuigh a shíolrach san anso 's ansúd ar fuaid na Mumhan. Cheithre treabhchaisí dhíobh do bhí i gConndae Chorcaighe: (1) Músgraighe Luachra san Iarthar—Tír Uí Aodha; (2) Músgraighe Uí Dhonnagáin sa taobh thoir; (3) Músgraighe Mitine, a rith chomh fada siar le Baile Mhúirne; (4) Músgraighe Uí Fhloinn, sa taobh thiar-thuaidh, mór-dtimpeall na Laoi.

Sa tsean-aimsir ba lugha go mór an dúthaigh seo Mhúsgraighe Uí Fhloinn ná Barúntacht an lae indiu. Do rith sí ó Maghchromtha ó thuaidh chun Sráid a' Mhuilinn, agus ó theorainn Chiarraighe soir fan na Laoi ar an dtaobh thuaidh, chun gur shrois sí Abha na Druipsighe. Is léir go raibh Muinntir Fhloinn i seilbh iarthair Mhúsgraighe luath go maith san aimsir. Is deallruightheach nár threibh ionta féin iad so i n‑ao'chor. Ó Fhlon, taoiseach ar Uíbh Eachach Mumhan, is eadh do shíolruigheadar. San ao'mhadh aois déag b'iad muinntir Dhonnchadha an treibh ba mhó le rádh sa dúthaigh. Ba leo an talamh go léir ó Inis Céin go Beanntraighe agus ó Bhaile Mhúirne go Maghchromtha. Ach i lár na haoise sin do tháinig na Cárrthaigh adtuaidh ó Chaiseal Mumhan 'na gcuireadh-gan-iarraidh, agus do chuireadar san, agus Muinntir Mhathúna ag cabhrú leo, an ruag ar Mhuinntir Dhonnchadha. Do thugadar so a n‑aghaidh siar ar Loch Léin ansan.

Bhí trí géaga des na Cárrthaigh ann: Na Cárrthaigh Mhóra, Na Cárrthaigh Riabhacha, agus Cárrthaigh Mhúsgraighe. Bhí Cárrthaigh Mhúsgraighe fé láimh na gCárrthach Mor. An socrú do dhein na Carrthaigh (?) Recte Cárrthaigh [toisc á in Cárrthaigh go dtí so] i Músgraighe b'é an t‑aon tsocrú amháin i measc Gaedheal é go raibh cosmhalacht aige leis an nós feódach do thug na Normannaigh leo anall ó Shasana. Murab ionann agus taoisigh Ghaelacha eile, bhí corraidheacht agus leath na dútha go léir in' fhearann-bhúird ag an gCárrthach, agus an chuid eile roinnte idir bhuinní den phríomh-stoc agus na seana-threabhchaisí eile do luigh fé smacht an Chárrthaigh. Mar gheall ar an socrú san, d'éirigh leis an gCárrthach greim a chimeád ar a shealbhachaisí d' aindeoin gach díchil dár dhein na Normannaigh nuair a leathadar ó Chorcaigh amach.

Leathanach 5

Um an sémhadh h‑aois déag ní raibh tásg ná tuairisg ar Mhuinntir Fhloinn i Músgraighe, agus um an taca go dtáinig Eilís i gcoróinn i Sasana ní raibh Muinntir Mhathúna féin chomh toghail agus do bhíodar roimis sin, cé go raibh seilbh fós acu ar chuid den dúthaigh ar an dtaobh theas den Laoi. Ach bhí Cárrthach Mhúsgraighe ar dhuine des na taoisigh ba mhó sa Mhumhain. Nuair éirigh na Gaedhil amach sa bhliain 1641 níor shos dos na Músgraighigh é. Ach is olc a chuaidh sé dhóibh. Do chailleadar go léir a gcuid tailimh ach amháin Iarla Chlainne Chárrthaigh—b'shin é thugtaí an uair sin ar an gCárrthach. Ní ró-fhada do rith leis sin ach oiread. Do ghaibh sé páirt le Séamus Rí, agus nuair do fuair Liam an lámh uachtair do cuireadh a' seilbh é. B' shin deire le taoisigheacht Gaedheal i Músgraighe.

Ón ochtmhadh h‑aois déag anuas, níl le h‑aithris i dtaobh Mhúsgraighe ach an seana-sgéal is eol do gach éinne go bhfuil aon dul-amach ar stair na hÉireann aige—tighearnaí tailimh, císeanna agus deachmhaithe, éagcóir a dhéanamh ní hamháin ar chorp na ndaoine ach ar a n‑aigne chomh maith, cosg ortha a gcreideamh a chleachtadh ná scolaidheacht a thabhairt dá gclainn. Ach i n‑aindeoin na héacóra go léir níor sgar na Músgraighigh lena ndúchas. Do choinnigheadar greim ar theangain a sinnsear, agus nuair a mheathluigh sí sa mhíntír féin, níor bogadh den ghreim sin ins na baill a bhí cúl‑le faobhar.

Leathchéad blian ó shin nuair a dhírigh muinntir na hÉireann ar an nGaeluinn do shábháil ón mbás, níor theip an deigh-bheart ar Mhúsgraighe. I Maghchromtha seadh tionóladh an chéad Fheis riamh. I mBéal-Átha-'n-Ghaorthaidh do cuireadh an chéad Choláiste Gaeluinne ar bun. Agus níorbh fhada go raibh Príomh-Chathair na hÉireann á thabhairt ar Bhaile Mhúirne. Músgraigheach ab' eadh an Sár-Úghdar do mhúin dúinn go léir conus prós na Gaeluinne do sgríobh.

Nuair do h‑áirmhigheadh líon na ndaoine i nÉirinn sa bhliain 1911 do bhí 9,356 Gaelgeoirí i dTuath-Cheanntar Maghchromtha. Do h‑áirmhigheadh líon na nGaelgeoirí airís sa bhliain 1924, nuair a bhí Coimisiún na Gaeltachta ar bun. 6,638 díobh do bhí sa cheanntar chéadna an uair sin. Tá mórán acu ar slighe na fírinne ó shin, ach in‑néaghmuis a bhfuil imthighthe tá an Ghaeluinn go beo buacach sa dúthaigh i gcomhnuidhe. Má fhaghann an birín beo bás, is ar an nglúin seo a bheidh an trom trom.

Leathanach 6

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 06–07

An tAthair Peadair.*

Ós é an tAthair Peadair is oide agus is sampla do gach Músgraigheach, dob olc an mhaise dhúinn gan cainnt fé leith a dhéanamh air. Is dóigh linn, ámhthaigh, nách fearr rud a dhéanfaimís an turus so ná athchló do chur ar leitir bhreá do sgríbh sé sa bhliain 1894, agus do foillsigheadh in " United Ireland " an bhliain chéadna. Ní dócha go bhfeacaidh puinn dá bhfuil suas anois í. I n‑éaghmuis na cainnte bheith ar fheabhas an tsaoghail, ní nách iongnadh, is éachtach mar oireamhnuigheann na smaointe a nochtathar sa leitir an obair atá idir lámhaibh ag na Cáirdibh. Níor dheineamair d'atharú ar an seana-chló ach dearmhadtaí tuathalacha do cheartú. Sidí anois an leitir.

Caisleán Ua Liatháin
Condae Chorcaighe
An ceathramhadh lá déag de Bhealltaine, '94.

A Dhiarmuid Uí Mhurchudha,

'Nuair chuaidh an sgeul amach go raibh sgoil Ghaedhilge le h‑osgailt i g‑Corcaig do sgríobh Micheál Cíosóg chugham ó Bhaile-Átha-Cliath agus dubhairt sé liom litir a chur chughadsa ag innsint duit méid mo dhúla 'sa ghnó atá idir lámhaibh agad. Tá os cionn deich m‑bliadhan bh‑fichead ó thosnaig an dúil sin agam. Is iomdha lá uaigneach atá tabhartha agam 'sa méid sin aimsire ag féachaint ar theangain ár sinsear ag imtheacht as an saoghal os comhair mo shúl, agus mé ag machtnamh ar mhéid a thruaighe, agus ar mhéid a náire, agus éinne do labhairfeadh 'na páirt gan de dhíoluigheacht aige le fagháil acht magadh agus tarcuisne, agus an cheist gan chiall úd, " cad é an mhaith í? "

Faoi dheireadh shiar thall do ráinig Muiris Ua h‑Éalluighthe agus chomhairligh sé déanamh na bh‑focal d'athrughadh, mar dh'eadh go n‑déanfadh soin saoráid ar fhoghluim na Gaedhilge .i. an focal " foghmhar, " cuirim i g‑cás, d'athrughadh chum " fóre. " Ní raibh fear go raibh eolus ar fhocal Gaedhilge aige, ó Dhonnchadh Dí go Tigh Mháire, nár phreab láithreach 'na shuidhe, agus nár sgread, dá n‑glacfaidhe an chomhairle sin go raibh an Ghaedhealg loitighthe glan. Do liughas féin mar aon leo agus dubhart go h‑árd agus go dána go m‑b'fheárr í mhúchadh láithreach agus í chur as an saoghal ar fad 'ná an cor soin do thabhairt dí.

As soin do ghluais an t‑aighneas agus bíodh gur bh'olc an chomhairle a thug Muiris uaidh is maith an aradh a tháinig as. Bhíodar

* " R " Caol atá sa bhfocal so. Do sgríobhadh an t‑úghdar féin " Peadair " uaireannta (c.i.g. " Is agus Tá, " 1895. Séadna, Cuid Dó 1898). Tá " Peattair " Ó Longáin le léighe againn i láimhsgríbhinní do sgríobhadh céad blian ó shin.

[Leathanach 7]

a lán daoineadh na g‑codladh agus do dhúisig sé iad, nó b'fhéidir gur cirte a rádh, do dhúisig an t‑aighneas iad. Tá deireadh leis an magadh agus leis an d‑tarcuisne. Ní cloistear anois an cheist, " Cad é an mhaith í? " Na daoine a bhí ag obair le fiche bliadhain faoi mhí-mheas, tá meas agus urraim ag dul dóibh anois, agus is mithid é.

Do bhidheas ag feis na Gaedhilge i m‑Baile-Átha-Cliath agus ó shoin a leith tá sé buailte isteach am aigneadh go n‑déanfaid fir óga na h‑Éireann an Ghaedhealg do choimeád beo, agus nach baoghal dúinn feasda, le congnamh Dé, an masla agus an míoclú a bheidheadh i n‑dán dúinn go deo dá n‑imthigheadh an Ghaedhealg as an saoghal le n‑ár linn.

Bhidheas oidhce ag Connradh na Gaedhilge i m‑Baile-Átha-Cliath, agus do taithn liom go mór cionnus rinneadar a n‑gnó. Acht 'nuair thánag a bhaile do buaileadh isteach am aigne go daingion gur mhór go léir an truagh gan sgoil Ghaedhilge i g‑Corcaig. Do tuigeadh dam an méid seo; nach bh‑fuil sé ar chumas Ultaigh ná Connachtaigh Gaedhealg Mumhan do ghabháil le n'ais chómh cneasda agus gheobhadh Muimhneach féin í. Tá sí i bh‑fad níos ceolmhaire agus níos blasda 'ná Gaedhealg aon chúige eile, agus dar liom, tá an chuid is mó di chomh ceart leo. Tá cuid di, agus ní cuid bheag, níos ceirte.

Is mór go léir an mhaith, dá bhrígh sin, sgoil fá leith do bheith i g‑Corcaig, óir is i g‑Corcaig is feárr a tuigfear agus coimeádfar beo i m‑beulaibh daoineadh, an blas Muimhneach úd atá riamh molta do'n Mhumhain. D'á éaghmuis sin is tuairim láidir dam nach bhfuil eolus na Gaedhilge chomh sgartha i n‑aon chor le muintir na Mumhan agus atá sé le muintir Bhaile-Átha-Cliath, agus dá bhrígh sin gur mó an obair a dhéanfaidh sgoil i g‑Corcaig 'ná i m‑Baile-Átha-Cliath. 'Na theannta soin arís, 'nuair beidh dá sgoil ag formad le chéile is mó agus is feárr an obair a dhéanfaidh gach sgoil díobh ná dhéanfadh sí na h‑aonar.

Deirim gan amhras go bh‑fuil árd-chreideamhaint ag dul d'fhearaibh óga Bhaile- Átha-Cliath. Do thosnuigheadar gan léas eoluis ar an d‑teangain. Bhidheas cúpla uair an chluig 'sa sgoil ag éisteacht leo, agus do thánag uatha lán d'iongnadh agus d'áthas. Cheapas nach raibh sé ar chumas éinne, gan taithighe ó'n g‑cliabhán uirthe, Gaedhealg do labhairt chomh cruinn agus chomh ceart agus do labhradar súd í am' láthair. Beartuighim, má rinneadar súd mar siúd, go ndéanfaid Muintir Chorcaighe i bh‑fad níos feárr, mar tá ag muintir Chorcaige eolus ó thosach nach raibh aco súd.

Is truagh nár thosnuig an obair seo fiche bliadhain ó shoin. Ní bhéidheadh deachmhadh na trioblóide le fághail agus bhéidheadh obair na h‑aimsire againn anois i n‑aisge. Ach is feárr déidhionaighe 'ná ró-dhéidhionaighe. B'fhéidir nár ghreánta dhúinn agus tionnsgnúghadh anois féin.

Ní féidir an gnó dhéanamh gan cosdus. Tá bille púnt agam

Leathanach 8

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 08–09

d'á chur chughadsa 'sa litir seo mar chongnamh beag. An chéad lá bheidh mé i g‑Corcaig ní mór dam bualadh isteach chughaibh agus eolus a chur oraibh i d‑treo go n‑aithneochaimís a chéile.

Cuirim annso síos duit, ó tá an t‑slighe agam, abhrán a rinn file darbh' ainm Uilliam Buingeán do'n Ridire Brianach .i. Sir Edward O'Brien

Hurrá, a Ridire chumasaig Bhrianaig!
Hurrá, a Ridire thrúpa na srianta!
Hurrá, a leinbh nár geineadh as fiadhaile,
Acht as ceart-lár rightheadh gníodh dlighthe as riaghalta!

Mo grádh‑sa an leanbh nár easgair i n‑éinfheacht,
Acht d'fhás seacht d‑troighthe chomh* tara le chéile,
Mac an mharcaig do ghreadadh na méirlig
Ó Léim an chapaill go Mala na méith-mhart.

Hurrá ⁊c.

Sin lacht luinge 'na thuile tré shliabh chughainn,
D'fhíon bhreagh bhorb, gan doicheall 'na dhiaig dúinn,
Líontar gloine agus fiche chum 'Liam de,
Sláinte an Ridire chumasaig Bhrianaig!

Hurrá, ⁊c.

Ní'l siorrach i g‑capall 'ná leanbh i mnaoi beo†
Ó Bhunraite go Mainistir Ínse
Nach bh‑fuil ag preabaig chum balaith an fhíona,
'Gus é d'á chaitheamh ag maithibh na tíre.

Hurrá, ⁊c.

D'fhíontaibh dearga, lachtna, a's cróna,
Píopaidhe beathuisge, meadracha beorach,
Bíom o á m‑blaiseadh go m‑blaisiom go tóin iad,
'S go d‑téidhidh an ghealach i bhfolach nár mbrógaibh.

Hurrá, ⁊c.

Is dóich liom gur beag na h‑abhráin a bhuail umat ba dheise 'ná é sin. Ní fheadar cad é an guth, nó an ceol is cóir a chur leis, munab é " Ó ariú, a sheanduine, leatsa ní gheobhadsa, " nó " The Campbells are Coming. " B'fhéidir go bh‑féadfá féin an púnc soin do réidhteach níos feárr ná fhéadfainnse.

Tá an litir shuas sgríobhtha le trí lá agus níor chuireas 'sa phost í mar ní raibh fios cruinn agam ar t'ionad comhnuighthe‑se. Ar maidin andiu do tháinig an foláramh chugham agus fuaras ann an t‑eolus a bhí uaim.

* Foillsigheadh an t‑amhrán so i n‑Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh, 1894. " Go tara " atá ansan.

† " Níl fiú leanbh ná seana-bhean chríonda " san Irisleabhar.

[Leathanach 9]

Tá an fhógairt sin go maith. Tá an chuideachta uasal. Tá súil agam go n‑oibreochaidh gach duine a pháirc féin go dian.

Mise le h‑áthas mór
Do chomhursa ionmhain
PEADAR UA LAOGHAIRE.

Do Dhiarmuid Ua Murchudha, Uasal,
Cisdeoir Chonnartha na Gaedhilge
i g‑Cathair Chorcaighe.

An bhfuil fhios agat?

I.—Cad tugtar ar an meas nú ar na caora fhásann ortha so: (1) an coll; (2) an droighean; (3) an driseog; (4) an sceach gheal; (5) an caorthann; (6) an fheile-dhris ?

II.—Cad tugtar ortha so: (1) bláth an lín; (2) síol an lín; (3) na trí húirlisí as a mbaintear feidhm chun an lín ullmhú i gcóir snímh ?

III.—Cad tugtar ortha so: (1) scian gabhann; (2) aprún leathair gabhann; (3) an bloc a bhíonn fé inneoin; (4) soc na hinneona; (5) teine ceardchan ?

(Freagraí ó Chobhar ar leath. 31)

" Ná cuir dúil ad ghaol mar is díth sleachta é agus díth séin agus díth saoghail le dí-chúis Dé. "—

Máire Choncubair Uí Loingsigh.

Leathanaigh 10–13

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 10–11
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 12–13

Foclóireacht.

Seo obair dos na Cáirde: an uile fhocal agus an uile ráiteachas de chainnt na ndaoine do bhailiú agus do cur ó bhaoghal báis. " Sdó, " adéarfar, " ná fuil san déanta fadó? " Gan amhras. Níl aon Ghaeluinn is déine ná is dícheallaighe do saothruigheadh ná Gaeluinn Mhúsgraighe. Bhí sí á sgrí' ag an Athair Peadair sar ar thosnuigh obair an Chonnartha i n‑aon chor, agus níor stad sé ar feadh dachad blian de bheith á saothrú. Níl aon ghné litríochta ón sgéilín grinn go dtí an Bíobla Naomhtha ná gur fhág é rian a phinn uirthi. Do lean sgríbneoirí eile sompla an mhórúghdair: Diarmuid Ó Laoghaire, Seán Ó Cuíll, Máighistrí Bhaile Mhúirne, Conchubar Ó Muimhneacháin agus tuille eile. A mhalairt de shaothar a bhíodh ar siubhal ag Mícheál Ó Briain. Ní móide gur sgríbh sé oiread agus aon líne amháin as a stuaim féin riamh, ach do chaith sé a saoghal agus a dhúthracht ag bailiú focal ain-aithnide ó chainnteoirí foghanta. Dá chomhartha san féin thug sé don Athair Pádraig Ó Duinnín i gcóir an fhoclóra liost a fada n‑a raibh breis agus trí mhíle focal ann mar aon le habairtí chun a mbrí agus a n‑úsáide do chur i n‑úil.

Ach " sceinneann gráinne on scillige, " agus is mó focal breá—agus focail choitianta cuid acu—nár cuireadh riamh fós ins na foclóirí. Siad na gráinní sin atá le bailiú anois, sara gcaillfí iad. Mar dheimhniú ar a leithéidí bheith ann, seo thíos roinnt focal agus canamhainí do bailigheadh ó am go ham ar fuaid Mhúsgraighe.

Neosfaidh na huimhreacha 'na ndiaithe cé uatha gur hairigheadh iad. Níor cuireadh aon mhíniú leo nuair a measadh ná raibh san riachtanach, ná aon uimhir leis na focalaibh atá go fóirleitheadamhail i mbéalaibh na poiblíochta.

Abhac
A. muice, muicín beag (4).
Aithint
D'eirigheas le haithint an lae (1).
Anagal
pus, corrupt matter (2).
Cad é mar ná fuil sa duine ar fad ach anagal agus fochal (An tAth. Peadair).
Aodhaireacht
aire thabhairt do dhuine. An leanbh nú an seanduine d'aodhaireacht.
Aonach
Dhein sí aonach Ghobnait a' Sgrithin de. D'fhan sí amuigh go ceann cúpla lae (8).
Anteasaidheacht
A. fola ann; bhí gríos amach trína chroiceann (8).
Baic
Bata baice. Maide siubhail n‑a mbeadh baic ann.
Baldar
Duine reamhar téagartha. B. de Mhuinntir Mhuimhneacháin (8).
Ball
B. sinnsearachta, a family heirloom (1).
Bigeil
Sin sgéal go raibh bigeil air, sgéal ab fhéidir a bhréagnú (1).
Bior
Ar bhior mo ghlún (2).
Bladar
Cainnt. Ní raibh aon bhladar agam leis (1).
Blonog
Bhí sé ag cur blonog a shúl amach ag rith (1).
Boghrach
Bothán caorach (1).
Bónaire
Fear a bhíodh i bhfeighil bóna (póna) (1).
Breillseach
A clownish fellow.(1).
Bris
Do bhris fé. He broke out; do luig sé amach ar bheith ag ól (1).
Broid
B. na brághad. Broid ana-mhór go léir (2, 3).
Caighdeán
Bhí an caighdeán go maith agat leis: you had good authority for it (a story) (1).
Calaféiniúil
Bleageáird calaféiniúil, bleageáird críochnuighthe (1, 6).
Caoch-neanntóg, neanntóg chaoch
Ní dhóghfadh sí i n‑aon chor tu (4).
Caol-chrácach
Thin-rumped. Ainmhidhe c. (1).
Ceartú
Bhíos féin ag ceartú chun dul abhaile—ag ullmhú (1).
Clampa, clampa coise
Clubfoot.
Clampán
Duine n‑a bhfuil clampa fé (4).
Cluipíd
  1. Cumhgarach (1, 2).
  2. Bothán caorach (1).
Coipinéarach
Duine díomhaoin (1).
Comanndracht
Cumas. Níl sé im chomanndracht (1). Níor mhaith liom bheith fé na chomanndracht san (3). MacCionnaith, comóndaracht (245b).
Comhnuig
Chun comhnuig, 'n-a chomhnuidhe.
Cos
Is mairg a bhíonn i gcois aon chaorach (1).
Crannabéan
Seanduine gan aon mhaith ann (1).
Cuic
Iarann chun na roc do chur i gcaidhp. A goffering tongs (1).
Deise
Bhíodar go maith ar a ndeise—well-off (1).
Diablóir
A 'twister' (4).
Dí-chúis
Díoghaltas. Iad ag imirt dí-chúise ar dhaoine (1, 7).
Dísleán
Deisealán (3, 7).
Donálach, ag donálaigh
Ar saothar. Tá sé imthighthe ag donálaigh (1). Tá sé ag rith i gcoinnibh an chnuic agus é ag donálaigh (2).
Do-réidh
Talamh do-réidh (1).
Droch-mhianach
Evil disposition. Le barr droch-mhianaigh (1).
Druim
Tá sí ar dhruim linbh. Do cailleadh de dhruim linbh í (4).
Dúlaighthe
Dian, cruaidh. Guidhe go dúlaighthe. Aimsir dhúlaighthe. Níl aon bhaoghal ná gur dúlaighthe an saoghal é fé láthair (6).
Éadach
Éadach slat—broadcloth; éadach bannlámh—homespun (9).
Easnamh
Gan aon cheann easnaimh ortha—gan aon cheann acu i n‑easnamh (1).
Éirim
Éirím a thógaint den ghréin, des na réilthiní. To take one's bearings from… (4).
Fráca
Bean mhí-náireach úghdarásach. Fráca buile (1).
Freagairt
Bhí f. mhaith ar na héisc—a " good bite " (1). MacCionnaith (110a).
Fuairmín
Stól. F. trí gcos (1).
Gabhaim
G. len ais—I accept, approve of. Ní gheobhainn len ais an focal san (2). Gabhaim uim—I fail to live up to. Do ghaibh an lá uime n‑a thaitneamh—The day did not turn out fine as it promised. Do ghaibh sé uime n‑a dheallramh. Do ghaibh sé uime n‑a fhocal.
Gatha
A gaff. Tugthar leis é ar an gcrúca usáidfeadh duine bheadh gan lámh (4, 9).
Gatháil
Iascach le gatha (2).
Géin
Fé na ngéin—fé na ndéin.
Gearra-gharsún(1).
Gilteanna
Cnaipí práis (4).
Gorm
Le gorm an lae (1). Talamh gorm, talamh inghír (4).
Greabhaisc
Bhí greabhaisc aige á dhéanamh leo so, mar bheadh ag leanbh ag ithe misleán nó ag banbh ag ithe cloch (1).
Inneallach
Duine i.—a fidgety person (4).
Lag
Bróga laga. Bróga déanta de leathar éadtrom (1).
Lag-mhisneamhlacht
Easba misnigh nú spride (1).
Leagadh, laigheadú
Leagadh cíosa (1).
Liní
A linney. Tigh trucaileach.
Lochtach
Tigh lochtach—tigh n‑a mbeadh an díon ró-leibhéalta air (1).
Lochtamhail
Máchaileach (1).
Lóirdín
A butter-spade (1).
Mála
Aprún mála—A. a dhéanfí de sheana-mhála (1).
Margadh
Dall an mhargaidh—the fool of the fair (4).
Meabhruighim
Téighim i dtaithighe air. Do mheabhruigheadar dul i stráicín guirt (1).
Misneach
Ní bhfuaras im mhisneach labhairt leis (1).
Moill
Do bhain na cnaipí moill as—do mhoilligheadar é (1).
Nuta
Nuair ná beadh aon lámh cheart ag duine ón ruig amach, nuta a tabharfí ar an stúmpa (4). Uta (1).
Ócáid
A makeshift. Níl ann ach ócáid (9).
Paca
P. cearc fraoigh (1). Paca olna ach peall éadaigh (2).
Paor
Thóg sé paor éigin díom féin—he singled me out for special (unfavourable ?) notice (1).
Percasaí
Rudaí breise.
Peatachán
Giriadh óg (2).
Píonuíoch
Cráin mhór thanaidhe (2).
Píosa nú písín
A wooden utensil for skimming (4).
Pléascadh
Ag pl. liom—ag greadadh liom (1).
Póicín
Tigh nú seomra cumhang (1, 4).
Pósaí
P. bán, na pósaithe bána, dog-daisies (1). Aon tsaghas bláthanna (2).
Prioc
Cuir sé prioc mhagaidh (nú priocaduigheal mhagaidh) ann. He poked fun at him (1).
Puirteán, bannc portaigh (1).
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Radalach
Tréad caorach (1).
Raibhín
Saghas glaise. Ravine ? (1).
Raingléir
Duine bheadh ag ól agus ag achrann. Wrangler ? (1).
Riobal
A dish-cloth.
(?) Recte ríobal, cf. Seanachas Amhlaoibh Í Luínse, 383, líne 16.
Roc
A ruck in cloth(1).
Rónadóir
Duine a bhíodh ag bearradh na ngéan. Ceannuigheadh sé an clúmh ar an ngé agus í 'na beathaidh (2).
Saoráid
Faeseamh (1).
Scaball
Díon ar cruaich.
Scabhat
S. beach, satha beach (5).
Scaifléar
A scapular(1).
Sciorta
Sciortaí na cathrach, the outskirts (5). Cóta sciortaí, a tail-coat (4).
Scothóg
The frayed end of a garment (4, 9).
Smachail
A flat nose(1).
Smúrálta
Aghaidh s.—aghaidh choirtithe nú ralach (1).
Smúr-riabhach
Duine s.—duine n‑a mbeadh aghaidh smúrálta air. Caoire smúr-riabhacha (1).
Stát
A statement in writing (5).
Strambó
Duine láidir (1).
Streambóilín
S. fir—fear caol árd (8).
Stuaim
Tóg stuaim chuige—steady yourself for it (1).
Tadhbhán
A web-foot(4).
Téabhuidhe
Pale yellow(4). MacCionnaith (1543b).
Teasbach seoil
Buile neamh-dhíobhálach a thagan ar mhnaoi tar éis clainne (1).
Toradh-bheart
Tiúsgal go mbeadh rath air. Duine toradh-bheartamhail—duine go mbeadh éirghe a choda leis (2).
Treamuill
Líon iascaig (1). MacCionnaith: traimil (877a).
Uall-sgéaltach
Ró-chainnteach (1).
Recte Umhalscéaltach, cf. 'ûl-scéalthach', Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse, 85, líne 32
Úr
Damp. Fallaí úra (1).
Úmhaireacht
Moisture, dampness—úrmhaireacht sa talamh. Bhí úrmhaireacht againn indiu (1).
Úireacht
Ú. na coille—coill óg ná beadh curtha le fada (1).

Leathanach 14

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 14–15

Sid iad na daoine gur h‑airigheadh na cainteanna uatha:

  1. Amhlaoibh Conchubhair Ó Loingsigh, Cúil Aodha, a dhriotháir Domhnall nú a dhriofúr Siobhán.
  2. Domhnall Bán Ó Céilleachair, Cúil Aodha.
  3. Bean Sheáin Uí Cróinín, Baile Mhic Íre.
  4. Bettí Ní Aragáin, Múirne Beag, Cúil Aodha.
  5. Domhnall Ó Mulláin, Screathan na nGamhan, Cúil Aodha.
  6. Pádraig Ó Liatháin, Sliabh Riabhach.
  7. Míchéal Ó Duinnín, Sliabh Riabhach.
  8. Conchubhar Ó hÉaluighthe, Sgreathan Mór, Béal-Átha-'n Ghaorthaidh.
  9. Eibhlín Ní Thuama, Túirín Dubh, Béal-Átha-'n-Ghaorthaidh, nú a máthair.

Eolas á Lorg

Ba mhaith le Donnchadh Ó Cróinín eolas fhagháil ar bheatha na bhfilí atá ainmnighthe aige 'na aiste, agus go mór mór innsintí ar a gcuid amhrán fhagháil.

Tá filíocht Dhomhnaill Uí Mh'riain á bailiú ag Máire Ní Bhuachalla ó Bhárd Ínse. Iarrann sí congnamh ar éinne go bhfuil na hamhráin aige.

Tá sgríbhinní an Athar Peadair á gclárú ag an Athair Seán Ó Caoimh. Ba mhaith leis eolas fhagháil ar aon rud dár foillsigheadh roim 1900, agus ar leitreacha príobháideacha ón Athair Peadair.

Tá Síle Ní Éaluighthe ag lorg eolais ar dhathanna agus ar dhathúchán.

Tá Michéal Ó Céilleachair ag bailiú eolais ar shaothar Dhiarmuid Uí Laoghaire.

Leathanach 15

Filí agus Filíocht Mhúsgraighe

An té chaithfeadh scathamh ag seanchaidheacht le seana-chainnteoir i nGaeltacht Mhúsgraighe, níor mhór do admháil go bhfuil an teanga sa dúthaigh seo go bog agus go binn agus go blasta thar meon. Ní tógtha air a shamhlú nách foláir nó go raibh sí thar barr amach mar shás filíochta an tráth do bhí na filí níoba líonmhaire sa bhall san ná mar atáid anois. Agus dob fhíor an samhlú dho é. Ní haon scaothaireacht againn é a rádh gurb í " teanga na bhfilí agus na n‑úghdar próis í, " ná ní haon mhaoidheamh gan cur leis againn é. Is beag má tá taobh tíre eile i nÉirinn a bhainfeadh barr filíochta ó Mhúsgraighe mar le líonmhaireacht filí agus mar le fiúntas agus le fuinneamh a gciúta.

Dá chomhartha san féin, níl éinne a chuireann suim i gceol ná i bhfilíocht na tíre nár airigh teacht thar Mháire Bhuidhe, nó thar Dhonnchadh Dall Ó Laoghaire nó thar Shéamus Mór Ó Muimhneacháin. Ná ní dócha go bhfuil aon chnósach de phríomh-fhilíocht againn atá i n‑uireasa déantúsaí ó Mhúsgraighe. Siné an leacht a thóg filí an tseana-shaoghail dóibh féin,—leacht is buaine agus is marthannaighe ná aon leacht dob fhéidir d'éinne eile a thógaint dóibh, mar go gcimeádfar a gcuid filíochta go daingean diongbhálta i gcroidhe agus i n‑aigne gach deagh-Ghaedhil go dtí go gcuirfear i gcill é.

Ós ag trácht ar leachtaibh dúinn é—beagán blianta ó shin go cuireadh i gcló i Scéala Éireann litir á chur 'na luighe ar mhuinntir Bhaile Mhúirne gur cóir dóibh leacht cuimhne a thógaint dá bhfilíbh féin ar nós na Spéir-mhná a bhí tógtha ag Gaedhealaibh Chiarraighe. Dhein fear na litreach úd do sgríobha braiseal d'fhilíbh na dútha do luadhadh. Máiseadh, níorbh fhada go raibh an tarna fear i lár an aonaigh agus " breis-liosta fada d'fhilíbh Mhúsgraighe le grafadh " aige, agus gabhaim‑se orm nár mhór toirt a bheith sa leacht ar a mbeadh an liosta so greanta.

Measaim nách saothar i n‑aistear dom a bhfuil i gcló de dhéantúsaí na bfilí sin do chur síos anso. As an gClár Litridheacht do chuir an Dochtúir de hAe le chéile do fuaras an chuid is mó den eolas. Áirmheochad, leis, roinnt bheag filí nár hainmnigheadh i n‑aon cheann den dá liosta. Cuirfead réiltín 'na mhéir-ar-eolas roime n‑a n‑ainmneacha san.

MÁIRE BHUIDHE NÍ LAOGHAIRE

  • Filíocht Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire. An tAthair Donncha Ó Donnchú, M.A., do chnuasuigh. Baile Átha Cliath, 1931.

* NELL NÍ MHURCHADHA

  • Amhrán na nGabhar.

Leathanaigh 16–19

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 16–17
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 18–19

DIARMUID MAC SEÁIN BHUIDHE MAC CARRTHAIGH.

  • Amhráin Dhiarmuid mac Seáin Bhuidhe. Tadhg Ó Donnchadha do chuir i n‑eagar. Baile Átha Cliath, 1916.

EOGHAN AN MHÉIRÍN MAC CÁRTHAIGH

  1. A chnú chailce chléibh 's a rún ghil na n‑ae.
  2. A chomplacht ghlan chaomh-chrothach chaoin.
  3. A ghéag de'n Charthach-fhuil cheannais ba chabharta i ngníomh.

DOMHNALL Ó CRÓINÍN

  1. Is ciach liom na hIarthair dhá gcáine agat.

SEÁN MÁISTIR Ó CONAILL

  1. Conntae Corcaighe mar aon le mór-chríochaibh Éireann go h‑uile. (Barántas Sheáin Tuíncéara.)
  2. Um Cháisc nuair thígheann chun tighe fear Eagailse.
  3. Ar bruach na Laoi ins an oidhche casadh me.
  4. Admhuim féin le déaraibh, dearbhaim. (Faoisdin Seáin Uí Chonaill.)
  5. Admhuim mo bhearta anois go déarach dubhach. (An tarna faoisdin.)
  6. Gleann Cam.
  7. An Goirtín Eornan.

MATHGHAMHAIN AERACH Ó CONAILL

  1. A bhráithrín gaoil le n‑a sgaoilfinn mh'aigne.

DIARMUID Ó CRUALAOICH

  1. A Crochúir mhóir a' chroidhe 'stigh, is díth agus is danaid liom. (Málaí Thaidhg Uí Suibhne.)
  2. A Phádruigh, a stóruig, ó tánn tú go brónach.
  3. An té chífeadh me an lá úd ag imtheacht is mo láir fúm. (An tEach Bacach Lúthmhar.)
  4. Is atuirseach cásmhar bog tamaillte cráite. (Cat Dhiarmuid na Beárnan.)
  5. Tá buachaill ar mh'eolas s is brón liom a shlighe. (An Poni Beag Buidhe.)

DIARMUlD MAC SÉAMUIS Ó CONCHUBHAIR

  1. Is dubhach me le sealad gan aiteas im bréithribh. (An Fearr Leogaint d'Ól ?)
  2. Cois Abann Ghleanna an Ghaorthaidh is Claedeach na gCígheanna.

PEADAR Ó CONCUBHAIR

  • Is dubhach atáim im aigne. (Na Trumpaí.)

CONCHUBHAR Ó DEASMHUMHNA.

  1. A óig-bhean mhúinte bhanamhail gheanamhail dheagh-eolgais. (Fear Siubhail ag Éileamh a Chíosa)
  2. Go mbeannuighthear duit, a bhruinneall. (Fear na mBataí Croise.)
  3. Máthair Phíneam Peánam.
  4. Is mór é mh'iongnadh, a Shíle bheag. (Síle Bheag.)
  5. Le gean Ríogh na Naomh do shliocht Éabha ba chuibhe leis. (Duan an Oireachtais, 1906.)
  6. Tá gaidhrín beag gearr agam. (An Gaidhrín Beag Tairbhtheach.)
  7. Táim‑se arís fút am shuidhe airiú a bhó bheag. (Duanaireacht Mná ag Crúth Bó.)
  8. A Rún ghil 's a stór, is brónach liom.
  9. Ar chualabhair fós an scéal.

TADHG Ó DUINNÍN

  • A bhile na dtreon de phór-shliocht Éibhir.

* DONNCHADH Ó hÉALUIGHTHE

  • Móradh dhuit, a dhuine. (Eachtra an Phacaire agus na Caillighe.)

DÁIBHÍ MAC PÁDRAIG Ó hIARFHLAITHE

  1. Araoir a's me im aonar, cois taoibh fleasca an Ghaorthaidh.
  2. A easbuig, a chiste, a chuisle chroidhe gan snas.
  3. Cúis mo leanna‑sa an cholann go drúiseamhail dian.

PÁDRAIG (MAC DÁITH) Ó hIARFHLAITHE

  1. Ceo draoidheachta sheol oidhche chun fáin me.
  2. Tá mo chosa ró-thinn is a leigheas ag an Aon-Mhac.

AN tATHAIR PÁDRAIG Ó hIARFHLAITHE.

  • A ghéag de'n Charthach-fhuil cheannais ba chabharta i ngníomh.

* TOMÁS ÓG Ó hIARLAITHE

  • M'uchlán, mo dhíombáidh, mo chiach, mo chnoc.

UILLIAM Ó hIARFHLAITHE

  1. Níl agam de ghréithre an tsaoghail co n‑a mheabhlaigh.
  2. Siné an Seoirse ceannuis bhí indé aca i stát.

* DIARMUID BUIDHE Ó LAOGHAIRE

  • A Dharmuid Uí Laoghaire, dubhairt ainnir na gcraobh liom.

* DIARMUID Ó LAOGHAIRE

  1. Éistigh liom, a cháirde 's a bhráithre 'n deagh-aigne.
  2. I mbláth na hóige tráth dom féin.
  3. San bhfoghmhar dom i mbliadhna gan tuirse ná diachair.
  4. Táimíd go dubhach le sealad.
  5. A Sheoirse 'n Churtánaigh, níor chloiseas amhrán uait.
  6. Céad fáilte romhat, a leanbh.
  7. A Ghaedhil na nGaedheal, a sháir-fhir, ní hiongnadh tu go cásmhar.
  8. A Dhámha léigheannta shéimhe gheala mhúinte.
  9. Mo chumha, mo chaoi, 's a cháirde gaoil.
  10. Is dealbh an sgéal é 's is déarach damanta.

DOMHNALL Ó LAOGHAIRE.

  1. Araoir is me ag machtnamh 'sa g caismirt trém smaointibh.
  2. Do thaisdileas lá go Béal-Átha-an-Ghaorthaidh.
  3. Ní ró mhaith an aithne tá agam go dtí so.
  4. Is mó ná seachtmhain ó léigheas ranna sa ghlór Ghaedhealach.

DONNCHADH DALL Ó LAOGHAIRE

  1. A Shiollaire shultmhar gur thugais do bharamhail fúm.
  2. Do bhíos im leabaidh, go hatuirseach tréith im luighe.

*AN tATHAIR PEADAIR Ó LAOGHAIRE

  1. Ó téanaig i n‑aonfheacht. (Adeste Fideles.)
  2. Molam go hárd le gáir i n‑aonfheacht. (Pange Lingua.)
  3. Móra dhuit ar maidin. (Ave Maris Stella.)
  4. A Thríonóid Naomhtha, a aon Dia amháin.
  5. Moladh go deo leat, a Phápa na Rómha.
  6. A Mháthair Aon-Mhic Dé na gcómhacht. (Gein gan Teimheal.)
  7. A Thighearna Íosa Críost, mo ghrádh do chroidhe.
  8. Bhí Fachtna Naomhtha, an Mongach Léigheanta. (Saint Fachtna's Temple.)
  9. Mo ghrádh tu, a mhaidion bhán. (Aíde Cheallaigh.)
  10. Clog Binn an Aingil. (Muire Mháthair i Lourdes.)
  11. Sláinte an Uasail Fhoghanta. (He's a jolly good fellow.)

TADHG BUIDHE Ó LAOGHAIRE

  • Sé mo bhróinchreach nách Domhnall is ainm dam fhéin.

DIARMUID Ó LONGA

  1. Mo ghreada, mo chrádh, mo chás, mo phéin am' púir. (Marbhna ar bhás Fhínghín Mhic Cárthaigh, Easpog Chorcaighe, 1810).

DONNCHADH BÁN Ó LOINGSIGH

  1. 'S a Mháire Ní Laoghaire ó thaobh an Chéama (Donncha Bán Ó Loingsigh agus Máire Bhuidhe Ní Laoghaire.)

" PAD " BUIDHE Ó LOINGSIGH

  • Tá ainnir ar an saoghal so, céim is fíor.

DIARMUID Ó MUIMHNEACHÁIN (" Dhá Chích Danann. ")

  • Tá a chuid filíochta so bailighthe ag Fiachra Éilgeach, agus beidh sí le fagháil i bhfuirm leabhair aon lá feasta.

SÉAMUS MÓR Ó MUIMHNEACHÁIN

  • A shaothar fileata, mar aon le gearr-sheanchas ar a bheatha. Conchubhar Ó Muimhneacháin do chnuasuigh. Baile Átha Cliath, 1940.

CONCHUBHAR MÁIGHISTIR Ó RÍOGHBHÁRDÁIN [sic; recte RÍOGHBHARDÁIN]

  1. A Bhainríoghan na mBainríoghan 's a mhaise na mbé.
  2. Féach, a pheacaigh, a phearsa na príomh-uaille.
  3. Admhuim féin go déarach díthreorach.
  4. A chúilfhionn tais, ba chlúmhail, cneasta, múinte, blasta, béasach.
  5. Aisling do chréacht-chéas me thar bárr amach.
  6. An réaltan tré'r milleadh.
  7. An tan do bhíodar Gaoidhil i nÉirinn beo.
  8. Tráth is tréimhse thaisdiolas.
  9. As tuirseach tréith lag faon gan fuinneamh.
  10. Innsíd is áirmhíd gurb ábalta an réic me.

*MÍCHEÁL Ó TUAMA (" George Curtin. ")

  1. An bhfeacabhair‑se Seán ó bharr an chnuic.
  2. Um thráthnóna 'ndé seadh chualas‑sa scéal.

AN tATHAIR DOMHNALL UA NIADH

  1. Do thriallas na cianta 's na háird anoir.

Sidé anois farrasbarr an dá liosta,-filí ná fuil tuairisg sa Chlár úd ar éinní dár chumadar:

  1. Liam Ó Suibhne.
  2. Peadair Ó Féichín, " Trúipéar na Blárnan. "
  3. Máire Ní Chruadhlaoich (Sappho na Mumhan).
  4. Ó hÉaluighthe Dhomhnaigh Mhóir (Oilibhérus Ó hÉ.)
  5. Tadhg na Súl mBeag Ó Ríoghbhardáin.
  6. Aedh Ó Briain ó Ghleann na Láinge.
  7. Tadhg Ó Síothcháin ón áit gcéadna.
  8. Liam Aerach Ó Conaill ó Achadh Bolg.
  9. An tAthair Seán Ó Niadh ó Mochromtha.
  10. Domhnall " aers " Ó Súilleabháin ó Thír na Speadóige.
  11. Donnchadh Ó Murchadha an Ghuail.
  12. Seán 'ac Domhnaill Uí Shúilleabháin ó Mochromtha.
  13. Seán Ó Luasaigh, " Poet " [sic; an cló Gaelach atá sa bhuntéacs] an Leasa Buidhe. 1
  14. Tadhg Ó Ríoghbhardáin ó Bhaile Mhúirne.
  15. Mícheál Ó Loingsigh ón áit gcéadna.
  16. Domhnall Ó M'riain ón áit gcéadna.
  17. Seán Ó Súilleabháin ó Thuath na Droman.

Níl filí uile Mhúsgraidhe anso agam, ach tá a bhfurmhór. Tuigfear ná fuil i gcló dá gcuid saothair ach an beagán, i dtaobh a's gur blasta mar bheagán é. Tuigfear fós go bhfuil an duibhlíonach rócán agus leath-rann breacaithe ar sheana-nuachtánaibh agus nach fuirist iad san a chlárú. Tá fós seó shaoghail den fhilíocht le fagháil i láimhscríbhinníbh, agus mór-chuid eile curtha i dteannta na marbh " fé bhrat i n‑úir " agus gan fagháil againn anois ná go brách uirthi, mar nách dócha go mbeidh ar ár gcumas cleas na Tána a tharrac chúghainn.

1 Is dóig [sic; recte dóigh] liom féin gurbh é Seán do chúm " An Banbh "

Leathanach 20

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 20–21

Ba thuairim láidir don Athair Peadair ná fuil aon ghné d'obair na Gaeluinne is tábhachtaighe ná cnósach na filíochta agus na sean-amhrán. Ba mhinic é á dhearbhú go bhfachtar ionnta san canmhainí agus comhgair cainnte na [sic; recte ] fuil a leithéidí le fagháil i n‑ao'bhall eile. Dubhairt sé gur dhein sé féin gach dícheall ar na corra cainnte, oiread acu agus gur eirigh leis cuimhneamh ortha, a chur 'n-a chuid leabhar. Ach b'éigean do é thabhairt suas dos na hamhránaibh—ar neart, ar ghontacht, agus ar shnas na cainnte atá ionnta. Aon uair go mbíodh mearathal air, ní bhíodh le déanamh ach casadh chun na sean-fhilíochta, agus bhíodh annsúd aige, gan éislinn ná earráid, caise de Ghaeluinn ghléigeal. Má ba riachtanach agus má ba thairfeach mar obair do‑san an tsuim go léir a chur ins na sean-amhránaibh, nách riachtanaighe agus nách tairfighe go mór fada dhúinn-na a leithéid a dhéanamh.

Tá taobh eile fós den obair seo agus ba chaillte an bheart againn é dhá ndeinimís faillighe ann. Sé ní é sin ná an ceol.

Tá na sean-fhuinn go binn milis aerach
Is na hamhráin féin gan aon locht.

Dá bhinneacht agus dá bhlastacht agus dá cheolmhaire iad na duanta féin, is binne agus is blasta aus is ceolmhaire thar na beartaibh iad an uair a cuirtear guth leo, fé mar a dheinid na sean-daoine. De bhrí go bhfuil an chiall agus an ceol fighte fuaighte 'n-a chéile ba chóir ná déanfaimís neamh-shuim den fhonn. Ghluais an chainnt ón inchinn, ach ó bhéal an chroidhe laistigh a tháinig an ceol.

Deir ár ngairm-scoile linn gur " féidir an beo do chur ó bhaoghal báis. " Dírighmís ar an obair seo le dúthracht, mar obair thaithneamhach innte féin iseadh í, agus tugann sí cae dhúinn ar mheon na seana-mhuinntire a thuisgint agus a thabhairt linn. Páirtíocht oibre an rud atá beartuighthe ag na cáirde, agus iarraim agus achuiním ar gach éinne a chion féin den obair a dhéanamh chun na sean-fhilíochta do bhailiú agus do sholáthar dúinn.

Ní bheidh aon trácht anso ach amháin ar shaothar na ndaoine sin atá anois ar shluagh na marbh. Is fíor go bhfuil neam-meon filí ó Mhúsgraighe againn i gcomhnuidhe a chleachtann an rannaidheacht. Gura fada buan san obair iad. Ach an gad is giorra don scórnaigh i gcomhnuidhe. Brostuightear chun a bhfuil fágtha den tsean-fhilíocht do chur ó bhaoghal ha huagha. Cuirfear cló anso ar an gcuid is fearr di, agus fé mar a chnósuigheann triopall beart, i ndiaidh ar ndiaidh méadófar ar ár n‑eolus ar an mhuinntir seo do dhein véarsaidheacht shoilbhir ghrinn dár sinnsear nuair a bhí adhbhar an ghrinn acu, do dhein tuirimh thinn-bhrónacha dhóibh i dtaobh na nithe ba thrúig ghuil dóibh, agus do chomhairlig agus do ghríos iad chun a gcirt do sheasamh i gcoinnibh éirligh agus léir-sgriosa agus leath-bhfabhar.

DONNCHADH Ó CRÓINÍN

Leathanach 21

Filíocht na Gnáth-Chainte

Seán Ó Sé, do fuair bás le déanaí i n‑aice Bhaile 'n Sgelig i nÍbh Ráthach, fear ab ea é " go rithach cainteana chuige uaireanta ana-thiubh ". 1

Nách tu Seán Ó Se? arsa fear leis lá.

Mise Seán Ó Sé (duairt sisean)
Gan lúth gan léim
'Tá tnáit' ón saol gan mhath;
Agus go mb'fheárr liom féin
Ná úr mbás go léir
Go mbein i n‑aos a seacht!

Stróinséir do casag er lá eile—agus do labhair sé Béarla chúm, aduairt Seán, agus dob fheárr liom‑sa 'n Ghaoluin ná 'n Béarla, agus sid é 'n freagara thugas er:

Ní labhraim Béarla 'n-é' chor i gceart ná 'gcóir,
Agus níor múineach léun dom ach a' chaol-chuid go léir, mo bhrón!
Do bhí 'n gnó 'glaoch chún déanta, 'gus gan cobhair 'na chóir;
As d'fhág suin mi traochta go tréith-lag ó rómhar na bhfód.

Duine muínteartha dhom, adubhairt Seán liom tamall 'na dhia' san an lá céadna, sa bhliain 1932—Duine muínteartha dhom do bhí lé trí bliana 's dahad i nAmerice, do bhí filíocht aige; agus do thánguig sé 'nall, tá cúig bhlian' ó shin. Ní fada bhí sé 'bhfus i bhfochair na ndaoine muínteartha nuair d'imi sé 'rís. Ní raghach saé go deó an'—bhí sé chómh huaigineach san ag imeacht—mara mbeach an chlann a bheith 'na dhiaig an' i nAmerice. Thug sé trí phóg don pháirc san áit go roibh na báid a' teacht isteach ó bheith ag iasgach.

Ach do bhuaileas féin leis an lá shar ar imi sé. Ach sid é mar aduart leis:

Dob fhearra dhoit lonnú 'nsan áit seo
Ná bheith ag imeacht thar sáile 'rís,
Go bhfaghfá aithrí 'gus bás math,
As go gcuirfí do chnámha fén líog.
Do bheach píopaí 's tobac ar clár ort,
Pórtar le fáil agus fíon;
Agus do chaoinheach do cháirde go hárd tu
Sa mhainistir bhreá Mhihíl!

1 Do rithach cainteana chúm uaireantach' ana-thubh s' ea duairt Seán féin.

Leathanach 22

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 22–23

Ní déarhain aon fhocal mara mbeach gur cheapas go mbuinhin aighneas as, arsa Seán. Ach is amhla tháinig tocht guil er: níor fhéad sé aon fhreagara 'thúirt orm. Níorbh fhada mhair sé 'n-é chor tar éis dul anún.

'Sea; bhí filíocht ag Seán Chormaic (beannacht Dé len' anam), filíocht a rithach chuige le linn chómhráidh na gnáth-chainte. Ach nách mó san duine sa tsean-aimsir go mbíodh a bheag nú a mhór don fhilíocht, nú d'abhar na filíochta, le fáil 'na ghnáth-chómhrá a gan fhios do féin:

Tá cnuc i mBéara gurab ainim do Daod. Seán Ó Súilleabháin atá ag obair mar archivist do Choimisiún an Bhéaloideasa i mB'l'eá Cliath, is amhla bhí sé lá i ngiorracht don chnuc san agus é 'féachaint er. Chífá bléits Shasana uaidh, aduairt fear leis do tháinig an treó. Ionan san, ar ndóin, agus a rá go bhfuil Daod chomh hárd san go mbeach radharc ag duine er Shasana uaidh. Ach thuig fear ráite na habartha nár bheag an leath-fhocal d'fhear an léinn, agus thuig sé chómh math gur thainnheamhaí éagsúlacht agus beachtacht na " bléitse " úd do chífí go gléineach ná gnáthúlacht agus nea-shoiléireacht an fhocail eile úd " radharc, " siúd as gurab é an " radharc " ba thúisge chun béil an tosanóra. Mara roibh an fhilíocht er fad ag fear ráite na habartha san, bhí cuid di aige.

Uaireanta ní hiad éagsúlacht ná bríomhaireacht an smaoinimh is mó thúrfaí fé ndeara er chainteana don tsórd san, ach ceól nú luasga na filíochta 'bheith er fhocal ionta. Tá a lithéid sin do cheól agus do luasga le haireachtaint, cuirim i gcás, in aon fhocal amháin, ach go háirithe, dá nduairt an Gobha úd go bhfuil cúntas er i Sgéal Bheatha Dhómhnaill Bháin Í Chéileachair. Is amhla thug bean an Ghobha " trí chaochóg aonaigh " abhaile chuige. Sid é mar a mhol an Gobha iad (lch. 134):

Turcail bhriste (duairt sé)
Er dhá ghiní ghuile,
Coileach caoch, agus bróga beaga!

Má bhí cuid do cheól agus do rith (nú do luasga) na filíochta sa chaint sin an Ghobha, agus éagsúlacht agus fuinneamh na filíochta i gcaint fhir na bléitse, féach go bhfuilid siad go léir le chéile, idir cheól agus luasga, éagsúlacht agus bríomhaireacht, sa mhallacht so do chuir " Micil na Pinse " as lá nuair a bhí fearg er:

Crocha 'gus gad chúthi (duairt sé),
As buile Mháire Pheaidí chúthi!

Ní fuláir, más ea, nú " rithach na cainteana " chun an Ghobha agus chun Micil, i gcuíne na ndaoine er Cúil Ao, fé mar a rith-hidís chun file, nú geall leis do, siúd is nách gnáthach Micil ná an Gobha d'áireamh ar fhilíbh Bhaile Mhúrne.

Leathanach 23

Ach níorbh anamh filíocht do theacht dáríribh i rith na gnáthchainte a béalaibh na muíntire do bhí suas le línn Mhicil agus an Ghobha. Duine don mhuíntir sin dob ea an Léan so go dtáinig cómhursa do mhuíntir na Cúlach á féachaint lá dá raibh sí breóite.

Conus tán tú, 'Léan? aduairt an chómhursa.

B'eo mar a thug Léan freagar' erthi:

'Dhia Mhuise, 'lao,
Go lag agus go tréith
Mar a bheadh capal a bheach i bhféith
Ná féad-hach a chosa 'chur fé!1

Ní dócha gur a' brath er fhilíocht d'fháil ó Léan a bhí an chómhursa nuair a chuir sí an cheist úd, ach féach gur filíocht a thug Léan di, chómh réig saoráideach as a thúrhach bean eile freagra uaithi sa ghnáth-Ghaoluing.

An té ná beach an teanga chómh líomhtha san go léir chun filíochta aige féin, bheach er a chumus casa do bhuint a seana-véursa éigin do chúmfaí fad ó chun ócáide eile. Buachail do bhí chun cómhnuig i mBéal Áth' an Ghaorthaig, tá leath-chéad éigin bliain ó shin ann, bhuin sé casa don tsórd san a véursa úd an aitinn atá coitianta ar fuaid na Múmhan. Is amhla bhí an buachail seo i n‑aimsir ag ferimeóir go roibh ana-shaint chun oibre er. Mar seo lá do bhí an ferimeóir á bhrostú chun dul i mbun starters do chur. Níor thainnh an dithineas go léir leis an mbuachail. Chuínigh sé er a nduairt duine bocht an aitinn do bhuint leis an bhferimeóir 'nar leis an t‑aitean; ach " starters " a chuir an buachail i n‑áit " aitinn " an chéad duine:

Imeóidh a dtiucaidh 's a dtáinig (aduairt sé).
Agus ní imeóidh na grást' ó Dhia
Imeód‑sa 'gus tusa ón áit seo,
Agus beig starters a' fás 'nár ndiaig!2

B'fheárr-de agus ba dheise-de gnáth-chaint na seana-Ghaelgeóirí iarracht don fhilíocht a bheith sgaipithe tríthe ar an gcuma san. Agus ó ghort na gnáth-chainte fileamhla san 'sa d'fhás amhráin agus aislingí agus caoiníocha an bhfilí muara.

Tobar lachta na n‑anbhann tréith-lag
Bó na mbocht 's a ndorus aonair,

a thug Aogán Ó Rathile3 er dhuine uasal a bhí á chaoine aige. Mara

1I gcló cheana i mBéaloideas, III, 227.

2I dtig Mhihíl Í Luasaigh i mBéal Átha 'n Ghaorthaidh, tá breis as deich mbliana ó shin ann, d'airíos sgéal an bhuachala. Ach níor sgríos éinní síos san am san. B'fhéidir, dá bhrí sin, ná fuil gah éinní ansa díreach mar a bhí ag an té d'innis dom é. Geófar ínsint (ó Chúil Ao) er sgéal an aitinn i mBéaloideas III, 225, agus an véursa leis féin (ó Chléire) i mBéaloideas, XI, 58.

3An 2a córú, lch. 62.

Leathanach 24

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 24–25

mbeach taithí ag Aogán ar lithéidí Léan, do dhin í féin do shamhlú go leath-mhagúil le " capal a bheadh i bhféith " b'fhéidir na rithhach na samhluithe breátha san " Bó na mbocht 's a ndoras aonair " chomh héusga san chuige féin. Ach, er a' dtaobh eile dhe, ní deirim ná gur ón dtaithí bhí acu ar na haislingí, ar na hamhráin, agus ar na caoiníocha, a tháinig cuid mhór do líomhthacht Ghaoluinge na seana-ghaelgeoirí. Mar más le cobhair a chéile mhairean na daoine, ní sos don chaint agus don fhilíocht é.

Níorbh fhiú riamh le sgrínneóiríbh na sean-aimsire cainteana gunta nú véursaí beaga reatha don tsórd san do sgrí síos; mar thuigeadar go math, dá bhreáthacht an focal nú an véursa adéarfaí thuir er Caraig an Adhmuid iniuv, ná beach puínn sa bhreis aige er an bhfocal adéarfaí thiar er Cúil Ao amáireach, nú theas amanathar i " mBéal an Chéuma. " Ní mar sin dúinn-na, ámhthach, agus b'fhiú go math do sgrínneóirí an lae iniuv gah aon fhocal gunta do sgrí síos dá n‑aireóidís sa chómhrá i measg Gaelgeóirí, nú i measg na cuda san dár mBéarlóirí féin go bhfuil rian cheólmhaireachta agus bríomhaireachta na Gaoluinge le fáil fós er a gcuid Béarla.

GEARÓID Ó MURCHADHA

[Rann: A chailín áluinn bhláthmhar shocair]

A chailín áluinn bhláthmhar shocair,
Tá lúb ar lár i sáil do stoca.
Téir‑se láithreach 's dein é stopadh,
Nú gheobhaidh tú náire i lár an phobail.

(Stiana Ó hÉigeartaigh do sholáthruigh.)

Leathanaigh 25–28

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 26–27
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 28–29

Áit-ainmneacha

Rud ana-thábhachtmhar is eadh na háit-ainmneacha. Níor fhág ár sinnsir oiread agus páirc gan ainm do bhaisteadh uirthi; agus ní beag an méid eolais ar sheanchas na dútha atá le fagháil as na hainmneacha san. Is breá linn, dá bhrí sin, an cnuasach so ó " Chobhar, " sé sin, Conchubhar Ó Muimhneacháin, do bheith againn le foillsiú. Tá ar aigne againn na hainmneacha ó Bhaile Mhúirne, ó Thuath na Droman agus ó Chluan Drochad do sholáthar leis. Beimíd buidheach d'éinne a chuirfidh liostaí chúinn.

1. Uíbh Laoghaire

Is folláin fear i measc a ghaolta
's is ró-bhreá an áit bheith i lár Uíbh Laoghaire.

Corraidheacht agus 45,000 acra talmhan atá sa pharróiste seo agus ainmneacha go bhfuil baint aca le coilltibh agus le crannaibh ar a cheathramha cuid.

Com dubh eachrois
An baile fearainn ba thábhachtaighe i n‑Uíbh Laoghaire anallód. Tá sean-theampall ann adeirtear a bhain leis na págánaigh, agus gallán fé n‑a bhfuil Dubhán mac Cais ríghfhéinnidhe Uladh adhlactha, mar is léir ón rann so leanas:

A chloch Eachrusa in fheoir truim
ro sháith mac calma Cumaill
fud atá laoch ba garbh grain
Dubhán mac Cais meic Cannáin.

Annso is eadh chuir Ó Súilleabháin Bhéarra fé an chéad oidhche agus é ar a theicheadh go Bréifne. Lá ar na bhárach chuir sé dhe ar a láir ar a dtugtaí an Chearc Riabhach. Ag gabháil tar easach do, tuairim míle ón ngallán, do shleamhnuigh a láir fé, ar lic, agus thuit an t‑anam aisti. Easach circe atá ar an easach ó shoin.
Is flúirseach iad iarsmaí na féinne sa chomharsanacht, mar atá, cromleaca, dúnta, Rátha [sic; recte rátha], cathracha agus fulacht fiann.
Céim an fhiadha
Céim .i. mám. Annso is eadh buaileadh an cath idir na Buachaillí Bána agus na gíománaigh i mbliadhain 1822.
Muing na Bioraighe
Muing .i. eisc; biorach .i. cineál seisce. Annso is eadh a caitheadh an saighdiúir gallda úd, de mhuinntir Smith, a fágadh " ar a thárr anáirde ar árd-leacain fraoigh " tar éis an chatha.
An gabhagán
.i. gág beag nó scoiltín. Annso is eadh chomhnuigh Fionnbharr naomhtha agus a mhanaigh sar a ndeaghaidh sé go Corcaigh.
Easach Loinín
Duine de dheisceablaibh Fhionnbhairr dob eadh Loinín. Ag cur na slighe dhíobh feadh na Laoi, go Corcaigh, do shloig piast locha Loinín. Chrom Fionnbharr ar a ghuidhe do chur chun Dé leis. Nuair a shroiseadar easach atá tamall soir ó'n nGabhagán do dhein an phiast é aiseag, agus é chomh slán chomh folláin agus bhí riamh. Easach Loinín atá ar an easach san ó shoin.
Carraig an Aifrinn
Annso is eadh éisteadh muinntir na parróiste an t‑Aifreann le linn na bpéindlighthe.
Com a' tsagairt
Annso a bhíodh an sagart parróiste ar a theicheadh ó sna hamhasaibh gallda.
Eisc a' mhictíre
Is ann adeirtear a léirigheadh an faolchú deiridh.
Cnocán na Croiche
Ann a thugadh graithin an fhill na Gaedhil chun iad ídiúghadh.
Eachros Beag
Each .i. capall; ros .i. coill nó sean-reilig (" Is maith an baile easrach Eachros Beag "—ní ró-fhurus é sin a rádh go mear gan tuitim focail).
An Bán Garbh
Bán .i. faithche.
Cúil móinteáin
Cúil .i. Clúid; móinteán .i. bogach. Tugtaí Ceathramha na cúile air roime seo.
Cathair na cáithe
Cathair .i. saghas dúna; cáith .i. lóchán.
Ceapach na mine
Ceapach .i. geadán talmhan.
Ceapach an chláir
Clár .i. talamh comhthrom.
An charraig
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
An charraig bhán
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
An charraig liath
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Carraig na coradh
Cora .i. aire.
Carraig na muc
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Carraig na nGeimhleach
Geimhleach .i. cime. Annso a chomhnuigh an Barrach Mór .i. an Bum-Báille úd a bhí i mbun na ngíománach i gcath Chéime an fhiadha.
An Claonráth
Claon .i. fána, ráth .i. dún.
An chloch-bhuaile
Buaile .i. páircín in a gcrúidhthí ba.
An cúilín
.i. clúid bheag.
Cúil na cruithneachta
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
An Chúil ruadh
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
An com dorcha
Com .i. cuar.
Com a' leadhbáin
Leadhbán .i. fearbán.
An com ruadh
Sidé Valley of Desmond an Challanánaigh.
Cuar dhubhlocha
Cuar .i. com; Dubhloch .i. loch dubh.
An Corraichín
.i. corcach bheag.
Na Corraighthe
.i. Corcacha.
Doirín (a' chnuic ruaidh)
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Doire na Buairce
Buarach .i. téad ruainnighe.
Doire an chladaigh
Cladach .i. talamh clochach.
An Doirín Donaidhe
Donaidhe .i. suarach.
Doirín na gclas
Clas (clais) .i. eitre.
Doire an Longaigh
Sloinne atá annso, dar liom.
Doirín na coise
Cos .i. féar chúig mbó. Seo mar a ghabhadh na sean-thomhais:

4 cosa gníomh.

2 ghníomh seisidheach.

3 seisidheach baile bó.

2 bhaile bó seisreach.

4 seisreach baile biadhtaigh.

30 baile biadhtaigh triocha céad

Doire an aonaigh
Ní haonach bó ach cóimhthionól a bhíodh annso.
Doire gort na cloiche
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Doire na groighe
Groigh .i. capaill síolraidh.
Doire Uí Ríoghbhardáin
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Doire mheadhoin
Meadhon a tugtar ar fhearbán a bhíonn idir chnoc agus míntír.
Na dúiníní
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Drom an ail(th)igh
Aileach .i. carraig. Cf. Aileach na Ríogh. Ar* an mbaile fearainn seo atá Béal átha an ghaorthaidh.
Drom na gcapall
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Gaorthadh an tórnóra
Gaorthadh .i. gleann coillteach uisceamhail; tórnóir .i. fear déanta roth agus rl.
Gaorthadh na péice
Péac .i. beann nó uille.
An glaisín
.i. Sruth beag.
Gort a' phludaigh
Pludach .i. láib.
Gort an éadain
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Gort an tseanbhaile
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Gort a' mhaoir
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Goirtín a' dreoláin
Dreolán .i. dreoilín.
Goirtín na coille
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Gort na carraige
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Gort na hochtaighe
Cineál giumhaise is eadh an ochtach.
Gort luachra
Saghas seisce is eadh an luachair.
Gort na Lobhar
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Gort na móna
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Gort na réidhe
Réidh .i. móinteán.
An Gráig
[sic] .i. Baile beag.
An goirtín fliuch
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Goirtín Eoghain
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
An t‑oileán Eidhneach
Eidhneach .i. lán d'eidhean (eidhneán).
An Ínse Bheag
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
An Ínse Mhór
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Ínse Geimhleach
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Ínse idir dhá fhaill
(inseadrará-aill).
Ínse na naomh
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Ínse Uí Néill
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Ínse an Fhosaidh
Fosadh .i. Longphort.
An caol-mhagh
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Céim corr-bhuaile
Céim .i. mám, corr .i. cruinn, buaile [.i.] páircín in a gcrúidhthí na ba.
An leaca bhán
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
An leath-ghníomh
Gníomh .i. ceithre cosa talmhan.
Ladhar na gaoithe
Ladhar .i. leirg idir dhá abhainn nó dhá chnoc.
An meall mór
Meall .i. tulach.
Millín (a' Bháróidigh)
Millín .i. meall beag.
Muine an mhadraidh
Muine .i. mothar.
Muine laogh
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Ráth ghaiscidhigh
Gaiscidheach .i. laoch.
Ros a' locha
Ros .i. coill.
An Ros mór
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
An Screathan mór
Screathan .i. leaca chlochach.
Tír an easaigh
Easach .i. sceardán.
Tír na speadóige
Speadóg .i. seanbhó.
An tulach
.i. meall.
Tuairín na lobhar
Tuairín .i. fearann caorach agus rl.
An tuairín dubh
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
An tuairín leathárd
.i. tuairín agus fána ann.
Tuairín na n‑éan
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]

Seo mar adeirtear na hainmneacha so leanas, ach ní t[h]uigim i gceart a mbrígh: Doire Mholing is dóigh le daoine gur ó Mholing,[,] naomhtha a hainmnigheadh é. Mil' Morain, Doire Bhoth Cóirnín[,] Cluain sidhe-fhear (Cluain Séafra)[,] Tírgcaoth. Córnaire, b'fhéidir gur Cróndoire atá ann. Seana-chuirreáin. Seithe. Cúil na haichle. Ní fheadar ná gur ainm duine an t‑airgead san atá in Doire Airid, (argaid), cf. O [sic; recte Ó] hArgadáin. Gort smúráin. Drom cara. Carraig na Damhgaire. Ínse geimhleach. (Beifear buidheach d'aoinne a thabharfaidh eolas in a dtaobh so).

" COBHAR. "

* " Ar " [gan séimhiú 'na dhiaidh] adeirtear le baile fearainn. " Ar Drom an Ailthigh. "

Leathanach 29

Seachain!

An té n‑ar mian leis Gaeluinn cheart Mhúsgraighe do ghnáthú, seachnadh sé na cainnteanna so thíos. B'éidir go n‑aireofaí iad i ndúthaíbh eile, ach ní Músgraigheachas iad.

Fear amháin, ceann amháin ⁊rl.
" Aon fhear amháin ", " aon cheann amháin ", an rud ceart. " Amháin " = " only ". Féach an deifríocht atá idir: " Ag Dia amháin atá a fhios ", agus " Aon Dia amháin atá ann "; " Aon fhear amháin a dhein é, " agus " Ní fhéadfadh bean é sin a dhéanamh, ach fear amháin. "
Ag eirghe beag, fuar, críonna, breá ⁊rl.
" Ag dul i luighead ", " i bhfuaire ", " i gcríonnacht ", " i mbreáthacht ", an rud ceart. " Gach foghmhar dá dtigeann ag dul i bhfliche 's i ndéanaighe, is gach dream dá dtigeann ag dul i mine 's i mbréagaighe. " Nú d'fhéadfaí briathar fé leith d'úsáid uaireanta: " Coirfear thu " i n‑inead " eireochair tuirseach " ná " raghair i gcoirtheacht. "
Is éigean dom.
" Ní mór dom " adeirtear. " B'éigean dom " san aimsir chaithte. " Caithfead " san aimsir fháistineach. " Níor mhór dom " nú " chaithfinn " sa mhodh coinghiollach. Seachantar, leis: " Caithfidh sé go bhfuil sé anso, ⁊rl. " Abartar " Ní foláir nú … "
Sin adubhairt sé.
" Siné adubhairt sé, " .i. siné an rud adubhairt sé, nú " sin a ndubhairt sé, " .i. ní dubhairt sé ach an méid sin.
Ceist na Gaeluinne, ceist na hOllsgoile.
" Sgéal " nú " cúrsaí " an focal ceart. Canamhain eile atá ana-choitianta anois is eadh " i gceist ". " Ar siubhal " a déarfadh na seandaoine, pe'cu do rud nú do dhuine a bheidís ag tagairt. " Ní raibh fhiosa agam cé bhí a siubhal acu. "
Chuas ann ar a shon, léighfear Aifreann ar son anam Thaidhg, ⁊rl.
Is mar a chéile, nách beag, " ar son " agus " le grádh do. " Mar sin, " chuas ann thar a cheann, " nú " in' inead "; " léighfear Aifreann le hanam Thaidhg. " Féach a dheise atá sé ag an Athair Peadair: " Tabhair dhom déirc ar son an tSlánuightheora agus le hanaman do mharbh, agus thar cheann do shláinte. "
Beidh cruinniú ar an Luan so chúinn, ar an gcéad lá de Mhárta.
Ní cuirtear " ar " isteach ach i ráidhteachas den tsórd so: " Beidh trosgadh ar an Aoine seo chúinn. " Mar sin, abarthar: " Dé Luain seo cúinn, " " an chéad lá de Mhárta. " Dearmhad eile: " Beidh rinnce sa halla oidhche Dé Domhnaigh. " " Ist oidhche Dé Domhnaigh " an rud ceart.
Rugadh mac do Mháire.
Do rug Máire mac. Bheadh " do rugadh " go ceart dá mb'éinne eile do bhéarfadh an mac di!

Leathanach 30

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 30–31

Aibghitir i gcóir foghraidheachta na Gaeluinne

GUTAÍ

á
dá (dá)
ó
dó (dó)
ú
dubha (dú)
é
céim (cém)
í
bí (bí)
ă
an (ăn)
a
ba (ba)
o
gol (gol)
u
bun (bun)
e
beir (ber)
i
soir (sir)
ä
baoghal (bäl)
â
lámh (lâv)
ô
comhartha (côrha)
û
congnamh (cûnav)
ê
séimh (shêv)
î
geimhridh (gîri)
y
buidhe (by)

DÉ-FHOGHARACHA

ua
fuar (fuar)
ue
fuair (fuer)
ia
ciall (cial)
ie
sgiain (shgien)
ya
riamh (ryav)
ye
riaghail (ryel)
béal (biàl)
au
dall (daul)
ou
gabhar (gour)
âu
amhras (âuras)
ôu
domhan (dôun)
ay
raghad (rayd)
oy
doimhin (doying)
ây
aimhleas (ayileas)
ey
gheibhean (gheyn)
ei
feidhm (feim)

CONSAINÍ

b
bád (bád)
bia
biadh (bie)
p
póca (póca)
p
píce (píci)
v
bhád (vád)
v
bhíd (víd)
f
fál (fál)
f
fill (fíl)
m
má (má)
m
mín (mín)
mh
cromtha (croumha)
mh
léimfidh (lémhig)
d
dá (dá)
d
di (di)
t
tá (tá)
t
teine (tini)
n
ná (ná)
n
ní (ní)
nh
fanfad (fanhad)
nh
breithnigh (brenhig)
l
lá (lá)
l
léi (lé)
lh
shlat (hlat)
lh
shlighe (hlí)
s
sál (sál)
s
saoghail (sél)
sh
Seán (Shán)
sh
sín (shín)
g
gá (gá)
g
gé (gé)
c
cúl (cúl)
c
cíos (cís)
gh
dhá (ghá)
gh
ghé (ghé)
ch
loch (loch)
ch
chím (chím)
ng
ngabhadh (ngouch)
ng
ngé (ngé)
ngh
teangthacha (teaunghacha)
r
rádh (rá)
r
Éire (Éri)
rh
shrón (hrón)
rh
uirthe (erhi)
h
shál (hál)

Leathanach 31

SOMPLA

Tháinig Frog mór buidhe-bhreac aníos as an loch agus do shuidh sé ar an bport agus chuir sé fógra amach, á rádh gurbh árdliaigh é agus go raibh leigheas gach galair aige. Thánadar na hainmhidhthe go léir fé dhéin an leighis. Bhí an mada-ruadh ann. D'fhéach sé ar an bhfrog. Nuair a chonnaic sé an t‑ainmhidhe suarach so chuir sé drangháire as.

Háinig frog muar by-vreac anís as a loch agus do hig shé er a bort agus chuir shé fógra amach, á reá gur v'árd-liag é agus go roiv leis gach galuir igì. Hánadar na hainivihi go lér fé ghén a leish. Ví an mada rua aun. D'iàch shé er a vrog. Nuer a chnuic shé an t‑ainiví beog suarach do chuir shé dranagháiri às.

FREAGRAÍ Ó CHOBHAR

(Féach na ceisteanna ar leath. 9)

I.—(1) cnó; (2) áirne; (3) sméar; (4) sceachóir; (6) partaing, nú caora cárthainn; (7) mucóir.

II.—(1) bugh; (2) ros; (3) tuairgín lín, tlugh lín, siostal (taisteal).

III.—(1) botún; (2) bairbéal; (3) ceap gabhann; (4) corr cip; (5) teallach.

[Rann: An Gníovingineach]

An bhfuil míniú an ranna so, nú innsint eile air, ag éinne? Ó chainnt Amhlaoibh Í Loingsigh ar Cúil Aodha do sgríobhadh é. Fear a chonnaic duine i bhfuirm mná ag féachaint isteach tríd an bhfuinneoig ast' oidhche do chúm é, dar le hAmhlaoibh.

Chnuc‑sa an gníovingineach i vuirim na h‑ahuirniv'
Ba chosvuil í le liosavar, ceaun cruingihi na n‑ainivihi,
Nú curha ón nial i n‑ifirean as liosavar á cynleacht,
A folahirt a's i giumaluig cosh ursanuiv astuíhi

Leathanach 32

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaċ 32

Cáirde Mhúsgraighe

Uachtarán—Tadhg Ó Scanaill. Cléireach—Mícheál Ó Ceilleachair. Sparánaidhe—Síle Ní Éaluighthe.

Cumann chun Gaeluinne Mhúsgraighe do shaothrú agus do bhuanú is eadh na Cáirde. Níl Gaeluinn i nÉirinn is fearr ná Gaeluinn Mhúsgraighe. B'í teanga na bhfilí agus na n‑úghdar próis í tráth, ach le tamall anuas níl sí á saothrú mar ba dhual. Tá sí chomh fuinneamhail agus chomh flúirseach agus chomh ceolmhar i mbéalaibh na sean-daoine agus do bhí riamh. Ach ní hí a gcaint áluinn-sin atá á sgrí' i leabhraibh, fiú amháin nuair is Músgraighigh na húghdair. Sé donas an sgéil ar fad go meabhruighid aosóga Mhúsgraighe caint lochtamhail na leabhar d'úsáid, i gcás ná fanann acu aon mheas ceart ná aon eolas cruinn ar a nGaeluinn féin.

Tá beartaithe ag na Cáirde glan-Ghaeluinn na seana-mhuinntire do chleachtadh go coitianta, congnamh a thabhairt dá chéile chun eolais bheacht a chur uirthi, agus daoine eile do spriocadh chun í fhoghluim agus a shaothrú. Is chuige sin " An Músgraigheach, " bulletín ráitheamhail 'na mbeidh eolas agus cur-trí-chéile ar ghramadaigh, ar fhuaimeanna, ar litríocht agus ar sgríbhneóirí Mhúsgraighe.

Ní misde d'éinne bheith 'na dhuine des na Cáirde ach táille chúig sgilling do dhíol i n‑aghaidh na bliana. Gheobhaidh sé an bulletín i n‑aisge. Seoltar síntiúsaí chun An Sparánaidhe, Baile Mhúirne, Bóthar Ghort na Mara, Baile Átha Cliath.

Féadfar aistí, ceisteanna, freagraí ⁊rl i gcóir an bhulletín do chur chun an tighe chéadna, mar a mbeidh fáilte ag an Eagarthóir rómpa.

Cláɼ

  • 1 Áɼ Sgéal Féin
  • 3 Focal ón Eagaɼṫóiɼ [in easnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 4 Múſgɼaí Uí Ḟloinn
  • 6 An tAṫaiɼ Peadaiɼ
  • 10 Foclóiɼeaċt
  • 15 Filí aguſ Filíoċt Ṁúſgɼaiġe
  • 21 Filíoċt na Gnáṫ-Ċainte
  • 25 Áit-Ainmneaċa
  • 29 Seaċain !
  • 30 Aibġitiɼ i gcóiɼ Foġɼaiḋeaċta na Gaeluinne
  • 31 Fɼeagɼaí ó Ċoḃaɼ [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 32 Cáiɼde Ṁúſgɼaiġe [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]

Leaṫanaċ 1

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaċ 01

Áɼ Sgéal Féin

Ní hí an Éiɼe ſeo an Éiɼe a ḃí anallód ann, aċt Éiɼe luċt Béaɼla, aduḃaiɼt an file fadó, aguſ náċ cead doṁ‑ſa an ċainnt ſin do ċaſaḋ beagán aguſ a ɼáḋ le fíɼinne i dtaoḃ foɼṁóɼ na Gaeluinne atá anoiſ 'náɼ meaſc: Ní hí an Ġaeluinn ſeo an Ġaeluinn a ḃí anallód ann, aċt Gaeluinn luċt Béaɼla! I dtaoḃ amuiġ den Ġaeltaċt iſ é an Béaɼla atá maɼ ṫeangain dúċaiſ ag an muinntiɼ atá ag gaḃáil don Ġaeluinn, aguſ an ċuid againn go ɼaiḃ ſé de ẛeanſ oɼainn an Ġaeluinn d'ḟaġáil ó ḋúċaſ, tá meaſgán meaɼaiḋe oɼainn aguſ anál an Ḃéaɼla ag dul fúinn 'náɼ n‑aiṁḋeoin. Ní hiongna, maɼ ſin, gan againn aċ meaſgán canaṁain, aguſ blaſ an Ḃéaɼla aɼ áɼ gcainnt. Tá cɼuinneaſ aguſ gontaċt aguſ líoṁṫaċt na ſeana-Ġaelgeoiɼí i n‑eaſnaṁ oɼainn.

Leaṫanaċ 2

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 02–03

An aoiɼ do ḋein an tAṫaiɼ Liam Ingliſ aɼ leaſtaɼ an Ḃɼáṫaɼ iſ bɼeá oiɼeaṁnuiġeann ſí Gaeluinn an lae indiu.

Do ṫɼiall leaſtaɼ don ḃaile ſeo i dtáimſe
Go hÁɼd an Ġeata, 'ſ iſ tapa do meáḋaḋ é;
Ní ɼaiḃ cine 'ſan ċɼuinne naċ táinig
Ag éileaṁ a ndaṫanna a' leaſtaɼ an ḃɼáṫaɼ.
Na ſíoga uaine do buaḋaḋ le Cláɼ Luiɼc
I dtaoḃ a haɼmaiſ maċaiɼe iſ cláiɼſeaċ,
Na ſíoga deaɼga Saſana ɼáinig,
Iſ ɼí na Fɼaíngce na ſíoga bána.
Na ſíoga buiḋe fuaiɼ ɼí na Spáinne,
Iſ ɼug ɼí Loċlann an goɼm go bɼeáġ leiſ,
An ɼoinn ḃí oḋaɼ fuaiɼ foġlaiġ Áifɼic
'S an ċuid do beaɼɼaḋ de ċum madɼa ṫáɼla.*

Níl Cúige na [sic; ɼecte ] canaṁain ná féadfaḋ teaċt aguſ a ḋaṫ féin d'éileaṁ aſ an leaſtaɼ ſo na Gaeluinne, aguſ iſ baoġal liom guɼb í ſíog ḋeaɼg an Ḃéaɼla an tſíog iſ leiṫne ḋíoḃ go léiɼ. Níl aon loċt agam aɼ Ġaeluinn aon Ċúige, faid a ċoinniġteaɼ í go glan neaṁ-ṫɼuailliġṫe. Má tá ſé i ndán don teangain náiſiúnta maiɼeaċtaint aguſ leaṫanú amaċ aɼ fuaid na tíɼe, oiɼfiḋ cainnt gaċ Cúige ḋi, aguſ ɼaġaiḋ na canaṁainí i ḃfeiḋm aɼ a ċéile de ḃaɼɼ coidɼiṁ Ġaelgeoiɼí oilte aɼ a ċéile. Aċ ſgéal eile aɼ fad iſ eaḋ é nuaiɼ a ṁeaſgann gaċ aon dallaċán na canaṁainí tɼí‑na‑ċéile gan áiɼd aɼ ḋúċaſ ná aɼ léiġeann aċ aɼ nóſ an Ḃɼáṫaɼ do ḃailiġ an t‑im.

Tá gaſɼa beag de Ġaelgeoiɼí ó Ṁúſgɼaiġe anſo i mBaile Áṫa Cliaṫ. Daoine óga an ċuid iſ mó acu, aguſ ana-ẛuim acu á ċuɼ i gcúɼſaí teangan. Tá uɼɼaim acu don Ġaeluinn aguſ meaſ acu uiɼṫe, an Ġaeluinn do ċleaċt a muinntiɼ aguſ a ſínnſiɼ óſ na cianta. Do ḃeaɼtuiġeadaɼ ſo 'na n‑aigne go ndéanfaidíſ díċeall aɼ a gcanaṁain féin do ẛaoṫɼú, aċ nuaiɼ a ḃɼeiṫniġeadaɼ an ſgéal go cɼuinn, do ṫuigeadaɼ ná ɼaiḃ acu aċ an ċaol-ċuid den ċɼuinneaſ ba ḋual dóiḃ. Do ṫuigeadaɼ guɼ beag an bɼí a ḃeaḋ lena gcuid oibɼe go dtí go mbeaḋ dlúṫ-ṫeangaḃáil acu lena ċéile, aguſ go móɼ móɼ lena muinntiɼ ſa ḃaile guɼ ḟan an teanga acu gan meaſgaḋ gan tɼuailliú. Do ḃɼaiṫeadaɼ go ɼaiḃ a lán Múſgɼaiġeaċ eile aɼ fuaid na tíɼe aguſ iad ſa ɼioċt ċéadna, aguſ go ɼaġaḋ teangaḃáil aguſ páiɼtíoċt eolaiſ ċun taiɼfe ḋóiḃ go léiɼ, amuiġ iſ i mbaile.

Ag cuiṁneaṁ dóiḃ aɼ ċúɼſaí an ḃaile, ba léiɼ dóiḃ, fóiɼíoɼ, go ɼaiḃ tobaɼ fíoɼ-ġlan na Gaeluinne ag dul i ndíſg i Múſgɼaiġe féin: na ſean-daoine á gcuɼ ſa ċill aguſ an líoṁṫaċt acu á ḃɼeiṫ leo; an deiſḃéalaċt ag imṫeaċt aguſ dɼaiḃliſ cainnte ag fáſ 'na h‑inead; na haoſóga dall aɼ ẛaiḋḃɼeaſ a n‑oiġɼeaċta aguſ dɼuim láṁa acu á ṫaḃaiɼt léi. Ba

* Coiſ na Bɼíde, leaṫ. 27.

Leaṫanaċ 3

léiɼ guɼ ṁiṫid an meaṫ do ċoſg aguſ aoſóga Ṁúſgɼaiġe do ṁeallaḋ ċun ſuime ċuɼ 'na gcanaṁain féin, aguſ naɼ ṁiſde a ċuɼ aɼ a ſúiliḃ dóíḃ cad é maɼ aiṫiſ a ḃeaḋ tuillte ag an nglúin ſeo dá leogaidíſ di báſ d'ḟaġáil. Iſ é mo ṫuaiɼim féin náɼ ṁiſde an ɼud céadna do ċuɼ aɼ a ſúiliḃ d'aoſóga gaċ Gaeltaċta i nÉiɼinn. Dá gcuiɼtí, níoɼ ḃaoġal don teangain.

Aɼ na ſmaointe ſin do ṫáinig an Cumann nua ſo aguſ An Múſgɼaiġeaċ maɼ ċeangal idiɼ na daoine atá páiɼteaċ ann. Do hiaɼɼaḋ oɼm‑ſa ḃeiṫ im ċeann aɼ an gCumann—im " ċeann ċɼíonna aɼ ġuailliḃ óga "—aguſ do ṫoiliġeaſ ċuige toiſc an dian-ġáḋ atá leiſ an obaiɼ atá beaɼtuiġṫe ag na Cáiɼde. Aċ aɼ éigin iſ ceaɼt Cumann a ṫaḃaiɼt aɼ an gcnóſaċ Gaeḋeal ſo, tɼá 'ſ ná beiḋ ɼiaġlaċa ná bun-ɼeaċt ná cɼuinniġṫe acu; páiɼtíoċt eolaiſ aguſ páiɼtíoċt oibɼe atá uaṫa, aguſ beiḋ An Múſgɼaiġeaċ acu maɼ láṫaiɼ aonaiġ maɼ a ḃféadfaid ſiad aiṫne ċuɼ aɼ a ċéile, aguſ a ſmaointe do noċtaḋ dá ċéile.

Níl agam‑ſa le déanaṁ aċ mo ḃeannaċt do ṫaḃaiɼt don dɼeam atá ag dul i mbun na hoibɼe, ɼud a ḋeinim go fonnṁaɼ. Deiɼeaḋ an tAṫaiɼ Peadaiɼ go ɼaiḃ láṁ Dé i n‑obaiɼ na Gaeluinne. Go dtugaiḋ an Tɼéanláṁ ċéadna ſan neaɼt doſ na Cáiɼdiḃ, aguſ go ɼaiḃ " Baɼɼa naoṁṫa á gcaoinleaċt " aguſ " Gobnait múinte Ḃaile Ṁúiɼne 'na gcúɼam. "

TAḊG Ó SCANAILL

FOCAL ÓN EAGARṪÓIR

Rud leat‑ſa an Bulletín ſeo, a ċaɼa. Aɼ ṁaiṫe leat‑ſa atá ſé á ḟoillſiú. Má tá aon ċeiſt ag déanaṁ buaɼṫa ḋuit, cuiɼ ċúinn í, aguſ déanfam iaɼɼaċt aɼ í ɼéiḋteaċ. Má tá aon eolaſ agat a ɼaġaḋ ċun taiɼfe doſ na Cáiɼde, ſeol ċúinn é. Ba ṁaiṫ an ɼud é an gléaſ foġɼaiḋeaċta d'úſáid ċun fuaimeanna do ċuɼ i n‑úil.

Tá caṫú oɼm ná beiḋ againn i mbliana aċ tɼí Ḃulletín. Ḃí ſé mó 'ſ déanaċ nuaiɼ iaɼɼamaiɼ cead aɼ Roinn na Soláṫaiɼtí, aguſ ní ḃfuaɼamaiɼ i gcóiɼ na ċéad ɼáiṫe é.

Leaṫanaċ 4

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 04–05

Múſgɼaiġe Uí Ḟloinn

Fé maɼ iſ eol do ċáċ, luiġeann Baɼúntaċt Ṁúſgɼaiġe idiɼ Ċaṫaiɼ Ċoɼcaiġe aguſ teoɼa Ċiaɼɼaiġe ṫiaɼ. B'iad na Noɼmannaiġ do ɼoinn an tíɼ 'na baɼúntaċtaiḃ, aċ iſ minic do lean a ɼoinnt-ſin an tſeana-ɼoinnt Ġaelaċ, ſé ſin, na tɼiúċa céad. B'ẛin maɼ a ṫáɼla inſ na cɼíoċa aɼ a dtugaimíd Conndae Ċoɼcaiġe anoiſ. Tɼí baɼúntaċta móɼa do ḃí innte, aguſ iad bunuiġṫe aɼ na ſena-ṫɼiúċa: Caiɼbɼe, Dúṫ' Ealla aguſ Múſgɼaiġe. 311,300 d'acɼaíḃ atá ſa Ḃaɼúntaċt ſo.

Ó Ċaiɼbɼe Ṁuſc Ṁic Ḟinċaiḋ do hainmniġeaḋ an dúṫaiġ ſeo. Do lonnuiġ a ẛíolɼaċ ſan anſo 'ſ anſúd aɼ fuaid na Muṁan. Ċeiṫɼe tɼeaḃċaiſí ḋíoḃ do ḃí i gConndae Ċoɼcaiġe: (1) Múſgɼaiġe Luaċɼa ſan Iaɼṫaɼ—Tíɼ Uí Aoḋa; (2) Múſgɼaiġe Uí Ḋonnagáin ſa taoḃ ṫoiɼ; (3) Múſgɼaiġe Mitine, a ɼiṫ ċoṁ fada ſiaɼ le Baile Ṁúiɼne; (4) Múſgɼaiġe Uí Ḟloinn, ſa taoḃ ṫiaɼ-ṫuaiḋ, móɼ-dtimpeall na Laoi.

Sa tſean-aimſiɼ ba luġa go móɼ an dúṫaiġ ſeo Ṁúſgɼaiġe Uí Ḟloinn ná Baɼúntaċt an lae indiu. Do ɼiṫ ſí ó Maġċɼomṫa ó ṫuaiḋ ċun Sɼáid a' Ṁuilinn, aguſ ó ṫeoɼainn Ċiaɼɼaiġe ſoiɼ fan na Laoi aɼ an dtaoḃ ṫuaiḋ, ċun guɼ ẛɼoiſ ſí Aḃa na Dɼuipſiġe. Iſ léiɼ go ɼaiḃ Muinntiɼ Ḟloinn i ſeilḃ iaɼṫaiɼ Ṁúſgɼaiġe luaṫ go maiṫ ſan aimſiɼ. Iſ deallɼuiġṫeaċ náɼ ṫɼeiḃ ionta féin iad ſo i n‑ao'ċoɼ. Ó Ḟlon, taoiſeaċ aɼ Uíḃ Eaċaċ Muṁan, iſ eaḋ do ẛíolɼuiġeadaɼ. San ao'ṁaḋ aoiſ déag b'iad muinntiɼ Ḋonnċaḋa an tɼeiḃ ba ṁó le ɼáḋ ſa dúṫaiġ. Ba leo an talaṁ go léiɼ ó Iniſ Céin go Beanntɼaiġe aguſ ó Ḃaile Ṁúiɼne go Maġċɼomṫa. Aċ i láɼ na haoiſe ſin do ṫáinig na Cáɼɼṫaiġ adtuaiḋ ó Ċaiſeal Muṁan 'na gcuiɼeaḋ-gan-iaɼɼaiḋ ,aguſ do ċuiɼeadaɼ ſan, aguſ Muinntiɼ Ṁaṫúna ag caḃɼú leo, an ɼuag aɼ Ṁuinntiɼ Ḋonnċaḋa. Do ṫugadaɼ ſo a n‑aġaiḋ ſiaɼ aɼ Loċ Léin anſan.

Ḃí tɼí géaga deſ na Cáɼɼṫaiġ ann: Na Cáɼɼṫaiġ Ṁóɼa, Na Cáɼɼṫaiġ Riaḃaċa, aguſ Cáɼɼṫaiġ Ṁúſgɼaiġe. Ḃí Cáɼɼṫaiġ Ṁúſgɼaiġe fé láiṁ na gCáɼɼṫaċ Moɼ. An ſocɼú do ḋein na Caɼɼṫaiġ (?) Recte Cáɼɼṫaiġ [toiſc á in Cáɼɼṫaiġ go dtí ſo] i Múſgɼaiġe b'é an t‑aon tſocɼú aṁáin i meaſc Gaeḋeal é go ɼaiḃ coſṁalaċt aige leiſ an nóſ feódaċ do ṫug na Noɼmannaiġ leo anall ó Ṡaſana. Muɼab ionann aguſ taoiſiġ Ġaelaċa eile, ḃí coɼɼaiḋeaċt aguſ leaṫ na dúṫa go léiɼ in' ḟeaɼann-ḃúiɼd ag an gCáɼɼṫaċ, aguſ an ċuid eile ɼoinnte idiɼ ḃuinní den ṗɼíoṁ-ſtoc aguſ na ſeana-ṫɼeaḃċaiſí eile do luiġ fé ſmaċt an Ċáɼɼṫaiġ. Maɼ ġeall aɼ an ſocɼú ſan, d'éiɼiġ leiſ an gCáɼɼṫaċ gɼeim a ċimeád aɼ a ẛealḃaċaiſí d' aindeoin gaċ díċil dáɼ ḋein na Noɼmannaiġ nuaiɼ a leaṫadaɼ ó Ċoɼcaiġ amaċ.

Leaṫanaċ 5

Um an ſéṁaḋ h‑aoiſ déag ní ɼaiḃ táſg ná tuaiɼiſg aɼ Ṁuinntiɼ Ḟloinn i Múſgɼaiġe, aguſ um an taca go dtáinig Eilíſ i gcoɼóinn i Saſana ní ɼaiḃ Muinntiɼ Ṁaṫúna féin ċoṁ toġail aguſ do ḃíodaɼ ɼoimiſ ſin, cé go ɼaiḃ ſeilḃ fóſ acu aɼ ċuid den dúṫaiġ aɼ an dtaoḃ ṫeaſ den Laoi. Aċ ḃí Cáɼɼṫaċ Ṁúſgɼaiġe aɼ ḋuine deſ na taoiſiġ ba ṁó ſa Ṁuṁain. Nuaiɼ éiɼiġ na Gaeḋil amaċ ſa ḃliain 1641 níoɼ ẛoſ doſ na Múſgɼaiġiġ é. Aċ iſ olc a ċuaiḋ ſé ḋóiḃ. Do ċailleadaɼ go léiɼ a gcuid tailiṁ aċ aṁáin Iaɼla Ċlainne Ċáɼɼṫaiġ—b'ẛin é ṫugtaí an uaiɼ ſin aɼ an gCáɼɼṫaċ. Ní ɼó-ḟada do ɼiṫ leiſ ſin aċ oiɼead. Do ġaiḃ ſé páiɼt le Séamuſ Rí, aguſ nuaiɼ do fuaiɼ Liam an láṁ uaċtaiɼ do cuiɼeaḋ a' ſeilḃ é. B' ẛin deiɼe le taoiſiġeaċt Gaeḋeal i Múſgɼaiġe.

Ón oċtṁaḋ h‑aoiſ déag anuaſ, níl le h‑aiṫɼiſ i dtaoḃ Ṁúſgɼaiġe aċ an ſeana-ſgéal iſ eol do gaċ éinne go ḃfuil aon dul-amaċ aɼ ſtaiɼ na hÉiɼeann aige—tiġeaɼnaí tailiṁ, cíſeanna aguſ deaċṁaiṫe, éagcóiɼ a ḋéanaṁ ní haṁáin aɼ ċoɼp na ndaoine aċ aɼ a n‑aigne ċoṁ maiṫ, coſg oɼṫa a gcɼeideaṁ a ċleaċtaḋ ná ſcolaiḋeaċt a ṫaḃaiɼt dá gclainn. Aċ i n‑aindeoin na héacóɼa go léiɼ níoɼ ſgaɼ na Múſgɼaiġiġ lena ndúċaſ. Do ċoinniġeadaɼ gɼeim aɼ ṫeangain a ſinnſeaɼ, aguſ nuaiɼ a ṁeaṫluiġ ſí ſa ṁíntíɼ féin, níoɼ bogaḋ den ġɼeim ſin inſ na baill a ḃí cúl‑le faoḃaɼ.

Leaṫċéad blian ó ẛin nuaiɼ a ḋíɼiġ muinntiɼ na hÉiɼeann aɼ an nGaeluinn do ẛáḃáil ón mbáſ, níoɼ ṫeip an deiġ-ḃeaɼt aɼ Ṁúſgɼaiġe. I Maġċɼomṫa ſeaḋ tionólaḋ an ċéad Ḟeiſ ɼiaṁ. I mBéal-Áṫa-'n-Ġaoɼṫaiḋ do cuiɼeaḋ an ċéad Ċoláiſte Gaeluinne aɼ bun. Aguſ níoɼḃ ḟada go ɼaiḃ Pɼíoṁ-Ċaṫaiɼ na hÉiɼeann á ṫaḃaiɼt aɼ Ḃaile Ṁúiɼne. Múſgɼaiġeaċ ab' eaḋ an Sáɼ-Úġdaɼ do ṁúin dúinn go léiɼ conuſ pɼóſ na Gaeluinne do ſgɼíoḃ.

Nuaiɼ do h‑áiɼṁiġeaḋ líon na ndaoine i nÉiɼinn ſa ḃliain 1911 do ḃí 9,356 Gaelgeoiɼí i dTuaṫ-Ċeanntaɼ Maġċɼomṫa. Do h‑áiɼṁiġeaḋ líon na nGaelgeoiɼí aiɼíſ ſa ḃliain 1924, nuaiɼ a ḃí Coimiſiún na Gaeltaċta aɼ bun. 6,638 díoḃ do ḃí ſa ċeanntaɼ ċéadna an uaiɼ ſin. Tá móɼán acu aɼ ſliġe na fíɼinne ó ẛin, aċ in‑néaġmuiſ a ḃfuil imṫiġṫe tá an Ġaeluinn go beo buacaċ ſa dúṫaiġ i gcoṁnuiḋe. Má ḟaġann an biɼín beo báſ, iſ aɼ an nglúin ſeo a ḃeiḋ an tɼom tɼom.

Leaṫanaċ 6

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 06–07

An tAṫaiɼ Peadaiɼ.*

Óſ é an tAṫaiɼ Peadaiɼ iſ oide aguſ iſ ſampla do gaċ Múſgɼaiġeaċ, dob olc an ṁaiſe ḋúinn gan cainnt fé leiṫ a ḋéanaṁ aiɼ. Iſ dóiġ linn, áṁṫaiġ, náċ feaɼɼ ɼud a ḋéanfaimíſ an tuɼuſ ſo ná aṫċló do ċuɼ aɼ leitiɼ ḃɼeá do ſgɼíḃ ſé ſa ḃliain 1894, aguſ do foillſiġeaḋ in " United Ireland " an ḃliain ċéadna. Ní dóċa go ḃfeacaiḋ puinn dá ḃfuil ſuaſ anoiſ í. I n‑éaġmuiſ na cainnte ḃeiṫ aɼ ḟeaḃaſ an tſaoġail, ní náċ iongnaḋ, iſ éaċtaċ maɼ oiɼeaṁnuiġeann na ſmaointe a noċtaṫaɼ ſa leitiɼ an obaiɼ atá idiɼ láṁaiḃ ag na Cáiɼdiḃ. Níoɼ ḋeineamaiɼ d'aṫaɼú aɼ an ſeana-ċló aċ deaɼṁadtaí tuaṫalaċa do ċeaɼtú. Sidí anoiſ an leitiɼ.

Caiſleán Ua Liaṫáin
Condae Ċoɼcaiġe
An ceaṫɼaṁaḋ lá déag de Ḃealltaine, '94.

A Ḋiaɼmuid Uí Ṁuɼċuḋa,

'Nuaiɼ ċuaiḋ an ſgeul amaċ go ɼaiḃ ſgoil Ġaeḋilge le h‑oſgailt i g‑Coɼcaig do ſgɼíoḃ Miċeál Cíoſóg ċuġam ó Ḃaile-Áṫa-Cliaṫ aguſ duḃaiɼt ſé liom litiɼ a ċuɼ ċuġadſa ag innſint duit méid mo ḋúla 'ſa ġnó atá idiɼ láṁaiḃ agad. Tá oſ cionn deiċ m‑bliaḋan ḃ‑fiċead ó ṫoſnaig an dúil ſin agam. Iſ iomḋa lá uaigneaċ atá taḃaɼṫa agam 'ſa méid ſin aimſiɼe ag féaċaint aɼ ṫeangain áɼ ſinſeaɼ ag imṫeaċt aſ an ſaoġal oſ coṁaiɼ mo ẛúl, aguſ mé ag maċtnaṁ aɼ ṁéid a ṫɼuaiġe, aguſ aɼ ṁéid a náiɼe, aguſ éinne do laḃaiɼfeaḋ 'na páiɼt gan de ḋíoluiġeaċt aige le faġáil aċt magaḋ aguſ taɼcuiſne, aguſ an ċeiſt gan ċiall úd, " cad é an ṁaiṫ í? "

Faoi ḋeiɼeaḋ ẛiaɼ ṫall do ɼáinig Muiɼiſ Ua h‑Éalluiġṫe aguſ ċoṁaiɼliġ ſé déanaṁ na ḃ‑focal d'aṫɼuġaḋ, maɼ ḋ'eaḋ go n‑déanfaḋ ſoin ſaoɼáid aɼ ḟoġluim na Gaeḋilge .i. an focal " foġṁaɼ, " cuiɼim i g‑cáſ, d'aṫɼuġaḋ ċum " fóɼe. " Ní ɼaiḃ feaɼ go ɼaiḃ eoluſ aɼ ḟocal Gaeḋilge aige, ó Ḋonnċaḋ Dí go Tiġ Ṁáiɼe, náɼ ṗɼeab láiṫɼeaċ 'na ẛuiḋe, aguſ náɼ ſgɼead, dá n‑glacfaiḋe an ċoṁaiɼle ſin go ɼaiḃ an Ġaeḋealg loitiġṫe glan. Do liuġaſ féin maɼ aon leo aguſ duḃaɼt go h‑áɼd aguſ go dána go m‑b'ḟeáɼɼ í ṁúċaḋ láiṫɼeaċ aguſ í ċuɼ aſ an ſaoġal aɼ fad 'ná an coɼ ſoin do ṫaḃaiɼt dí.

Aſ ſoin do ġluaiſ an t‑aiġneaſ aguſ bíoḋ guɼ ḃ'olc an ċoṁaiɼle a ṫug Muiɼiſ uaiḋ iſ maiṫ an aɼaḋ a ṫáinig aſ. Ḃíodaɼ

* " R " Caol atá ſa ḃfocal ſo. Do ſgɼíoḃaḋ an t‑úġdaɼ féin " Peadaiɼ " uaiɼeannta (c.i.g. " Iſ aguſ Tá, " 1895. Séadna, Cuid Dó 1898). Tá " Peattaiɼ " Ó Longáin le léiġe againn i láiṁſgɼíḃinní do ſgɼíoḃaḋ céad blian ó ẛin.

[Leaṫanaċ 7]

a lán daoineaḋ na g‑codlaḋ aguſ do ḋúiſig ſé iad, nó b'ḟéidiɼ guɼ ciɼte a ɼáḋ, do ḋúiſig an t‑aiġneaſ iad. Tá deiɼeaḋ leiſ an magaḋ aguſ leiſ an d‑taɼcuiſne. Ní cloiſteaɼ anoiſ an ċeiſt, " Cad é an ṁaiṫ í? " Na daoine a ḃí ag obaiɼ le fiċe bliaḋain faoi ṁí-ṁeaſ, tá meaſ aguſ uɼɼaim ag dul dóiḃ anoiſ, aguſ iſ miṫid é.

Do ḃiḋeaſ ag feiſ na Gaeḋilge i m‑Baile-Áṫa-Cliaṫ aguſ ó ẛoin a leiṫ tá ſé buailte iſteaċ am aigneaḋ go n‑déanfaid fiɼ óga na h‑Éiɼeann an Ġaeḋealg do ċoimeád beo, aguſ naċ baoġal dúinn feaſda, le congnaṁ Dé, an maſla aguſ an míoclú a ḃeiḋeaḋ i n‑dán dúinn go deo dá n‑imṫiġeaḋ an Ġaeḋealg aſ an ſaoġal le n‑áɼ linn.

Ḃiḋeaſ oiḋce ag Connɼaḋ na Gaeḋilge i m‑Baile-Áṫa-Cliaṫ, aguſ do taiṫn liom go móɼ cionnuſ ɼinneadaɼ a n‑gnó. Aċt 'nuaiɼ ṫánag a ḃaile do buaileaḋ iſteaċ am aigne go daingion guɼ ṁóɼ go léiɼ an tɼuaġ gan ſgoil Ġaeḋilge i g‑Coɼcaig. Do tuigeaḋ dam an méid ſeo; naċ ḃ‑fuil ſé aɼ ċumaſ Ultaiġ ná Connaċtaiġ Gaeḋealg Muṁan do ġaḃáil le n'aiſ ċóṁ cneaſda aguſ ġeoḃaḋ Muiṁneaċ féin í. Tá ſí i ḃ‑fad níoſ ceolṁaiɼe aguſ níoſ blaſda 'ná Gaeḋealg aon ċúige eile, aguſ daɼ liom, tá an ċuid iſ mó di ċoṁ ceaɼt leo. Tá cuid di, aguſ ní cuid ḃeag, níoſ ceiɼte.

Iſ móɼ go léiɼ an ṁaiṫ, dá ḃɼíġ ſin, ſgoil fá leiṫ do ḃeiṫ i g‑Coɼcaig, óiɼ iſ i g‑Coɼcaig iſ feáɼɼ a tuigfeaɼ aguſ coimeádfaɼ beo i m‑beulaiḃ daoineaḋ, an blaſ Muiṁneaċ úd atá ɼiaṁ molta do'n Ṁuṁain. D'á éaġmuiſ ſin iſ tuaiɼim láidiɼ dam naċ ḃfuil eoluſ na Gaeḋilge ċoṁ ſgaɼṫa i n‑aon ċoɼ le muintiɼ na Muṁan aguſ atá ſé le muintiɼ Ḃaile-Áṫa-Cliaṫ, aguſ dá ḃɼíġ ſin guɼ mó an obaiɼ a ḋéanfaiḋ ſgoil i g‑Coɼcaig 'ná i m‑Baile-Áṫa-Cliaṫ. 'Na ṫeannta ſoin aɼíſ, 'nuaiɼ beiḋ dá ſgoil ag foɼmad le ċéile iſ mó aguſ iſ feáɼɼ an obaiɼ a ḋéanfaiḋ gaċ ſgoil díoḃ ná ḋéanfaḋ ſí na h‑aonaɼ.

Deiɼim gan aṁɼaſ go ḃ‑fuil áɼd-ċɼeideaṁaint ag dul d'ḟeaɼaiḃ óga Ḃaile- Áṫa-Cliaṫ. Do ṫoſnuiġeadaɼ gan léaſ eoluiſ aɼ an d‑teangain. Ḃiḋeaſ cúpla uaiɼ an ċluig 'ſa ſgoil ag éiſteaċt leo, aguſ do ṫánag uaṫa lán d'iongnaḋ aguſ d'áṫaſ. Ċeapaſ naċ ɼaiḃ ſé aɼ ċumaſ éinne, gan taiṫiġe ó'n g‑cliaḃán uiɼṫe, Gaeḋealg do laḃaiɼt ċoṁ cɼuinn aguſ ċoṁ ceaɼt aguſ do laḃɼadaɼ ſúd í am' láṫaiɼ. Beaɼtuiġim, má ɼinneadaɼ ſúd maɼ ſiúd, go ndéanfaid Muintiɼ Ċoɼcaiġe i ḃ‑fad níoſ feáɼɼ, maɼ tá ag muintiɼ Ċoɼcaige eoluſ ó ṫoſaċ naċ ɼaiḃ aco ſúd.

Iſ tɼuaġ náɼ ṫoſnuig an obaiɼ ſeo fiċe bliaḋain ó ẛoin. Ní ḃéiḋeaḋ deaċṁaḋ na tɼioblóide le fáġail aguſ ḃéiḋeaḋ obaiɼ na h‑aimſiɼe againn anoiſ i n‑aiſge. Aċ iſ feáɼɼ déiḋionaiġe 'ná ɼó-ḋéiḋionaiġe. B'ḟéidiɼ náɼ ġɼeánta ḋúinn aguſ tionnſgnúġaḋ anoiſ féin.

Ní féidiɼ an gnó ḋéanaṁ gan coſduſ. Tá bille púnt agam

[Leaṫanaċ 8]

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 08–09

d'á ċuɼ ċuġadſa 'ſa litiɼ ſeo maɼ ċongnaṁ beag. An ċéad lá ḃeiḋ mé i g‑Coɼcaig ní móɼ dam bualaḋ iſteaċ ċuġaiḃ aguſ eoluſ a ċuɼ oɼaiḃ i d‑tɼeo go n‑aiṫneoċaimíſ a ċéile.

Cuiɼim annſo ſíoſ duit, ó tá an t‑ſliġe agam, aḃɼán a ɼinn file daɼḃ' ainm Uilliam Buingeán do'n Ridiɼe Bɼianaċ .i. Sir Edward O'Brien

Huɼɼá, a Ridiɼe ċumaſaig Ḃɼianaig!
Huɼɼá, a Ridiɼe ṫɼúpa na ſɼianta!
Huɼɼá, a leinḃ náɼ geineaḋ aſ fiaḋaile,
Aċt aſ ceaɼt-láɼ ɼiġṫeaḋ gníoḋ dliġṫe aſ ɼiaġalta!

Mo gɼáḋ‑ſa an leanḃ náɼ eaſgaiɼ i n‑éinḟeaċt,
Aċt d'ḟáſ ſeaċt d‑tɼoiġṫe ċoṁ* taɼa le ċéile,
Mac an ṁaɼcaig do ġɼeadaḋ na méiɼlig
Ó Léim an ċapaill go Mala na méiṫ-ṁaɼt.

Huɼɼá ⁊c.

Sin laċt luinge 'na ṫuile tɼé ẛliaḃ ċuġainn,
D'ḟíon ḃɼeaġ ḃoɼb, gan doiċeall 'na ḋiaig dúinn,
Líontaɼ gloine aguſ fiċe ċum 'Liam de,
Sláinte an Ridiɼe ċumaſaig Ḃɼianaig!

Huɼɼá, ⁊c.

Ní'l ſioɼɼaċ i g‑capall 'ná leanḃ i mnaoi beo†
Ó Ḃunɼaite go Mainiſtiɼ Ínſe
Naċ ḃ‑fuil ag pɼeabaig ċum balaiṫ an ḟíona,
'Guſ é d'á ċaiṫeaṁ ag maiṫiḃ na tíɼe.

Huɼɼá, ⁊c.

D'ḟíontaiḃ deaɼga, laċtna, a'ſ cɼóna,
Píopaiḋe beaṫuiſge, meadɼaċa beoɼaċ,
Bíom o á m‑blaiſeaḋ go m‑blaiſiom go tóin iad,
'S go d‑téiḋiḋ an ġealaċ i ḃfolaċ náɼ mbɼógaiḃ.

Huɼɼá, ⁊c.

Iſ dóiċ liom guɼ beag na h‑aḃɼáin a ḃuail umat ba ḋeiſe 'ná é ſin. Ní ḟeadaɼ cad é an guṫ, nó an ceol iſ cóiɼ a ċuɼ leiſ, munab é " Ó aɼiú, a ẛeanduine, leatſa ní ġeoḃadſa, " nó " The Campbells are Coming. " B'ḟéidiɼ go ḃ‑féadfá féin an púnc ſoin do ɼéiḋteaċ níoſ feáɼɼ ná ḟéadfainnſe.

Tá an litiɼ ẛuaſ ſgɼíoḃṫa le tɼí lá aguſ níoɼ ċuiɼeaſ 'ſa ṗoſt í maɼ ní ɼaiḃ fioſ cɼuinn agam aɼ t'ionad coṁnuiġṫe‑ſe. Aɼ maidin andiu do ṫáinig an foláɼaṁ ċuġam aguſ fuaɼaſ ann an t‑eoluſ a ḃí uaim.

* Foillſiġeaḋ an t‑aṁɼán ſo i n‑Iɼiſleaḃaɼ na Gaeḋilge, Meiṫeaṁ, 1894. " Go taɼa " atá anſan.

† " Níl fiú leanḃ ná ſeana-ḃean ċɼíonda " ſan Iɼiſleaḃaɼ.

[Leaṫanaċ 9]

Tá an ḟógaiɼt ſin go maiṫ. Tá an ċuideaċta uaſal. Tá ſúil agam go n‑oibɼeoċaiḋ gaċ duine a ṗáiɼc féin go dian.

Miſe le h‑áṫaſ móɼ
Do ċoṁuɼſa ionṁain
PEADAR UA LAOĠAIRE.

Do Ḋiaɼmuid Ua Muɼċuḋa, Uaſal,
Ciſdeoiɼ Ċonnaɼṫa na Gaeḋilge
i g‑Caṫaiɼ Ċoɼcaiġe.

An ḃfuil ḟioſ agat?

I.—Cad tugtaɼ aɼ an meaſ nú aɼ na caoɼa ḟáſann oɼṫa ſo: (1) an coll; (2) an dɼoiġean; (3) an dɼiſeog; (4) an ſceaċ ġeal; (5) an caoɼṫann; (6) an ḟeile-ḋɼiſ ?

II.—Cad tugtaɼ oɼṫa ſo: (1) bláṫ an lín; (2) ſíol an lín; (3) na tɼí húiɼliſí aſ a mbainteaɼ feiḋm ċun an lín ullṁú i gcóiɼ ſníṁ ?

III.—Cad tugtaɼ oɼṫa ſo: (1) ſcian gaḃann; (2) apɼún leaṫaiɼ gaḃann; (3) an bloc a ḃíonn fé inneoin; (4) ſoc na hinneona; (5) teine ceaɼdċan ?

(Fɼeagɼaí ó Ċoḃaɼ aɼ leaṫ. 31)

" Ná cuiɼ dúil ad ġaol maɼ iſ díṫ ſleaċta é aguſ díṫ ſéin aguſ díṫ ſaoġail le dí-ċúiſ Dé. "—

Máiɼe Ċoncubaiɼ Uí Loingſiġ.

Leaṫanaiġ 10–13

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 10–11
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 12–13

Foclóiɼeaċt.

Seo obaiɼ doſ na Cáiɼde: an uile ḟocal aguſ an uile ɼáiteaċaſ de ċainnt na ndaoine do ḃailiú aguſ do cuɼ ó ḃaoġal báiſ. " Sdó, " adéaɼfaɼ, " ná fuil ſan déanta fadó? " Gan aṁɼaſ. Níl aon Ġaeluinn iſ déine ná iſ díċeallaiġe do ſaoṫɼuiġeaḋ ná Gaeluinn Ṁúſgɼaiġe. Ḃí ſí á ſgɼí' ag an Aṫaiɼ Peadaiɼ ſaɼ aɼ ṫoſnuiġ obaiɼ an Ċonnaɼṫa i n‑aon ċoɼ, aguſ níoɼ ſtad ſé aɼ feaḋ daċad blian de ḃeiṫ á ſaoṫɼú. Níl aon ġné litɼíoċta ón ſgéilín gɼinn go dtí an Bíobla Naoṁṫa ná guɼ ḟág é ɼian a ṗinn uiɼṫi. Do lean ſgɼíbneoiɼí eile ſompla an ṁóɼúġdaiɼ: Diaɼmuid Ó Laoġaiɼe, Seán Ó Cuíll, Máiġiſtɼí Ḃaile Ṁúiɼne, Conċubaɼ Ó Muiṁneaċáin aguſ tuille eile. A ṁalaiɼt de ẛaoṫaɼ a ḃíoḋ aɼ ſiuḃal ag Míċeál Ó Bɼiain. Ní móide guɼ ſgɼíḃ ſé oiɼead aguſ aon líne aṁáin aſ a ſtuaim féin ɼiaṁ, aċ do ċaiṫ ſé a ſaoġal aguſ a ḋúṫɼaċt ag bailiú focal ain-aiṫnide ó ċainnteoiɼí foġanta. Dá ċoṁaɼṫa ſan féin ṫug ſé don Aṫaiɼ Pádɼaig Ó Duinnín i gcóiɼ an ḟoclóɼa lioſt a fada n‑a ɼaiḃ bɼeiſ aguſ tɼí ṁíle focal ann maɼ aon le habaiɼtí ċun a mbɼí aguſ a n‑úſáide do ċuɼ i n‑úil.

Aċ " ſceinneann gɼáinne on ſcillige, " aguſ iſ mó focal bɼeá—aguſ focail ċoitianta cuid acu—náɼ cuiɼeaḋ ɼiaṁ fóſ inſ na foclóiɼí. Siad na gɼáinní ſin atá le bailiú anoiſ, ſaɼa gcaillfí iad. Maɼ ḋeiṁniú aɼ a leiṫéidí ḃeiṫ ann, ſeo ṫíoſ ɼoinnt focal aguſ canaṁainí do bailiġeaḋ ó am go ham aɼ fuaid Ṁúſgɼaiġe.

Neoſfaiḋ na huiṁɼeaċa 'na ndiaiṫe cé uaṫa guɼ haiɼiġeaḋ iad. Níoɼ cuiɼeaḋ aon ṁíniú leo nuaiɼ a meaſaḋ ná ɼaiḃ ſan ɼiaċtanaċ, ná aon uiṁiɼ leiſ na focalaiḃ atá go fóiɼleiṫeadaṁail i mbéalaiḃ na poiblíoċta.

Aḃac
A. muice, muicín beag (4).
Aiṫint
D'eiɼiġeaſ le haiṫint an lae (1).
Anagal
pus, corrupt matter (2).
Cad é maɼ ná fuil ſa duine aɼ fad aċ anagal aguſ foċal (An tAṫ. Peadaiɼ).
Aoḋaiɼeaċt
aiɼe ṫaḃaiɼt do ḋuine. An leanḃ nú an ſeanduine d'aoḋaiɼeaċt.
Aonaċ
Ḋein ſí aonaċ Ġobnait a' Sgɼiṫin de. D'ḟan ſí amuiġ go ceann cúpla lae (8).
Anteaſaiḋeaċt
A. fola ann; ḃí gɼíoſ amaċ tɼína ċɼoiceann (8).
Baic
Bata baice. Maide ſiuḃail n‑a mbeaḋ baic ann.
Baldaɼ
Duine ɼeaṁaɼ téagaɼṫa. B. de Ṁuinntiɼ Ṁuiṁneaċáin (8).
Ball
B. ſinnſeaɼaċta, a family heirloom (1).
Bigeil
Sin ſgéal go ɼaiḃ bigeil aiɼ, ſgéal ab ḟéidiɼ a ḃɼéagnú (1).
Bioɼ
Aɼ ḃioɼ mo ġlún (2).
Bladaɼ
Cainnt. Ní ɼaiḃ aon ḃladaɼ agam leiſ (1).
Blonog
Ḃí ſé ag cuɼ blonog a ẛúl amaċ ag ɼiṫ (1).
Boġɼaċ
Boṫán caoɼaċ (1).
Bónaiɼe
Feaɼ a ḃíoḋ i ḃfeiġil bóna (póna) (1).
Bɼeillſeaċ
A clownish fellow.(1).
Bɼiſ
Do ḃɼiſ fé. He broke out; do luig ſé amaċ aɼ ḃeiṫ ag ól (1).
Bɼoid
B. na bɼáġad. Bɼoid ana-ṁóɼ go léiɼ (2, 3).
Caiġdeán
Ḃí an caiġdeán go maiṫ agat leiſ: you had good authority for it (a story) (1).
Calaféiniúil
Bleageáiɼd calaféiniúil, bleageáiɼd cɼíoċnuiġṫe (1, 6).
Caoċ-neanntóg, neanntóg ċaoċ
Ní ḋóġfaḋ ſí i n‑aon ċoɼ tu (4).
Caol-ċɼácaċ
Thin-rumped. Ainṁiḋe c. (1).
Ceaɼtú
Ḃíoſ féin ag ceaɼtú ċun dul aḃaile—ag ullṁú (1).
Clampa, clampa coiſe
Clubfoot.
Clampán
Duine n‑a ḃfuil clampa fé (4).
Cluipíd
  1. Cuṁgaɼaċ (1, 2).
  2. Boṫán caoɼaċ (1).
Coipinéaɼaċ
Duine díoṁaoin (1).
Comanndɼaċt
Cumaſ. Níl ſé im ċomanndɼaċt (1). Níoɼ ṁaiṫ liom ḃeiṫ fé na ċomanndɼaċt ſan (3). MacCionnaiṫ, comóndaɼaċt (245b).
Coṁnuig
Ċun coṁnuig, 'n-a ċoṁnuiḋe.
Coſ
Iſ maiɼg a ḃíonn i gcoiſ aon ċaoɼaċ (1).
Cɼannabéan
Seanduine gan aon ṁaiṫ ann (1).
Cuic
Iaɼann ċun na ɼoc do ċuɼ i gcaiḋp. A goffering tongs (1).
Deiſe
Ḃíodaɼ go maiṫ aɼ a ndeiſe—well-off (1).
Diablóiɼ
A 'twister' (4).
Dí-ċúiſ
Díoġaltaſ. Iad ag imiɼt dí-ċúiſe aɼ ḋaoine (1, 7).
Díſleán
Deiſealán (3, 7).
Donálaċ, ag donálaiġ
Aɼ ſaoṫaɼ. Tá ſé imṫiġṫe ag donálaiġ (1). Tá ſé ag ɼiṫ i gcoinniḃ an ċnuic aguſ é ag donálaiġ (2).
Do-ɼéiḋ
Talaṁ do-ɼéiḋ (1).
Dɼoċ-ṁianaċ
Evil disposition. Le baɼɼ dɼoċ-ṁianaiġ (1).
Dɼuim
Tá ſí aɼ ḋɼuim linḃ. Do cailleaḋ de ḋɼuim linḃ í (4).
Dúlaiġṫe
Dian, cɼuaiḋ. Guiḋe go dúlaiġṫe. Aimſiɼ ḋúlaiġṫe. Níl aon ḃaoġal ná guɼ dúlaiġṫe an ſaoġal é fé láṫaiɼ (6).
Éadaċ
Éadaċ ſlat—bɼoadcloṫ; éadaċ bannláṁ—homespun (9).
Eaſnaṁ
Gan aon ċeann eaſnaiṁ oɼṫa—gan aon ċeann acu i n‑eaſnaṁ (1).
Éiɼim
Éiɼím a ṫógaint den ġɼéin, deſ na ɼéilṫiní. To take one's bearings fɼom… (4).
Fɼáca
Bean ṁí-náiɼeaċ úġdaɼáſaċ. Fɼáca buile (1).
Fɼeagaiɼt
Ḃí f. ṁaiṫ aɼ na héiſc—a " good bite " (1). MacCionnaiṫ (110a).
Fuaiɼmín
Stól. F. tɼí gcoſ (1).
Gaḃaim
G. len aiſ—I accept, approve of. Ní ġeoḃainn len aiſ an focal ſan (2). Gaḃaim uim—I fail to live up to. Do ġaiḃ an lá uime n‑a ṫaitneaṁ—The day did not turn out fine as it promised. Do ġaiḃ ſé uime n‑a ḋeallɼaṁ. Do ġaiḃ ſé uime n‑a ḟocal.
Gaṫa
A gaff. Tugṫaɼ leiſ é aɼ an gcɼúca uſáidfeaḋ duine ḃeaḋ gan láṁ (4, 9).
Gaṫáil
Iaſcaċ le gaṫa (2).
Géin
Fé na ngéin—fé na ndéin.
Geaɼɼa-ġaɼſún(1).
Gilteanna
Cnaipí pɼáiſ (4).
Goɼm
Le goɼm an lae (1). Talaṁ goɼm, talaṁ inġíɼ (4).
Gɼeaḃaiſc
Ḃí gɼeaḃaiſc aige á ḋéanaṁ leo ſo, maɼ ḃeaḋ ag leanḃ ag iṫe miſleán nó ag banḃ ag iṫe cloċ (1).
Inneallaċ
Duine i.—a fidgety person (4).
Lag
Bɼóga laga. Bɼóga déanta de leaṫaɼ éadtɼom (1).
Lag-ṁiſneaṁlaċt
Eaſba miſniġ nú ſpɼide (1).
Leagaḋ, laiġeadú
Leagaḋ cíoſa (1).
Liní
A linney. Tiġ tɼucaileaċ.
Loċtaċ
Tiġ loċtaċ—tiġ n‑a mbeaḋ an díon ɼó-leiḃéalta aiɼ (1).
Loċtaṁail
Máċaileaċ (1).
Lóiɼdín
A butter-spade (1).
Mála
Apɼún mála—A. a ḋéanfí de ẛeana-ṁála (1).
Maɼgaḋ
Dall an ṁaɼgaiḋ—the fool of the fair (4).
Meaḃɼuiġim
Téiġim i dtaiṫiġe aiɼ. Do ṁeaḃɼuiġeadaɼ dul i ſtɼáicín guiɼt (1).
Miſneaċ
Ní ḃfuaɼaſ im ṁiſneaċ laḃaiɼt leiſ (1).
Moill
Do ḃain na cnaipí moill aſ—do ṁoilliġeadaɼ é (1).
Nuta
Nuaiɼ ná beaḋ aon láṁ ċeaɼt ag duine ón ɼuig amaċ, nuta a taḃaɼfí aɼ an ſtúmpa (4). Uta (1).
Ócáid
A makeshift. Níl ann aċ ócáid (9).
Paca
P. ceaɼc fɼaoiġ (1). Paca olna aċ peall éadaiġ (2).
Paoɼ
Ṫóg ſé paoɼ éigin díom féin—he singled me out for special (unfavourable ?) notice (1).
Peɼcaſaí
Rudaí bɼeiſe.
Peataċán
Giɼiaḋ óg (2).
Píonuíoċ
Cɼáin ṁóɼ ṫanaiḋe (2).
Píoſa nú píſín
A wooden utensil for skimming (4).
Pléaſcaḋ
Ag pl. liom—ag gɼeadaḋ liom (1).
Póicín
Tiġ nú ſeomɼa cuṁang (1, 4).
Póſaí
P. bán, na póſaiṫe bána, dog-daisies (1). Aon tſaġaſ bláṫanna (2).
Pɼioc
Cuiɼ ſé pɼioc ṁagaiḋ (nú pɼiocaduiġeal ṁagaiḋ) ann. He poked fun at him (1).
Puiɼteán, bannc poɼtaiġ (1).
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Radalaċ
Tɼéad caoɼaċ (1).
Raiḃín
Saġaſ glaiſe. Ravine ? (1).
Raingléiɼ
Duine ḃeaḋ ag ól aguſ ag aċɼann. Wrangler ? (1).
Riobal
A dish-cloth.
(?) Recte ɼíobal, cf. Seanaċaſ Aṁlaoiḃ Í Luínſe, 383, líne 16.
Roc
A ruck in cloth(1).
Rónadóiɼ
Duine a ḃíoḋ ag beaɼɼaḋ na ngéan. Ceannuiġeaḋ ſé an clúṁ aɼ an ngé aguſ í 'na beaṫaiḋ (2).
Saoɼáid
Faeſeaṁ (1).
Scaball
Díon aɼ cɼuaiċ.
Scaḃat
S. beaċ, ſaṫa beaċ (5).
Scaifléaɼ
A ſcapulaɼ(1).
Scioɼta
Scioɼtaí na caṫɼaċ, ṫe outskirts (5). Cóta ſcioɼtaí, a tail-coat (4).
Scoṫóg
The frayed end of a garment (4, 9).
Smaċail
A flat nose(1).
Smúɼálta
Aġaiḋ ſ.—aġaiḋ ċoiɼtiṫe nú ɼalaċ (1).
Smúɼ-ɼiaḃaċ
Duine ſ.—duine n‑a mbeaḋ aġaiḋ ſmúɼálta aiɼ. Caoiɼe ſmúɼ-ɼiaḃaċa (1).
Stát
A statement in writing (5).
Stɼambó
Duine láidiɼ (1).
Stɼeambóilín
S. fiɼ—feaɼ caol áɼd (8).
Stuaim
Tóg ſtuaim ċuige—steady yourself for it (1).
Taḋḃán
A web-foot(4).
Téaḃuiḋe
Pale yellow(4). MacCionnaiṫ (1543b).
Teaſbaċ ſeoil
Buile neaṁ-ḋíoḃálaċ a ṫagan aɼ ṁnaoi taɼ éiſ clainne (1).
Toɼaḋ-ḃeaɼt
Tiúſgal go mbeaḋ ɼaṫ aiɼ. Duine toɼaḋ-ḃeaɼtaṁail—duine go mbeaḋ éiɼġe a ċoda leiſ (2).
Tɼeamuill
Líon iaſcaig (1). MacCionnaiṫ: tɼaimil (877a).
Uall-ſgéaltaċ
Ró-ċainnteaċ (1).
Recte Uṁalſcéaltaċ, cf. 'ûl-ſcéalṫaċ', Scéalaíoċt Aṁlaoiḃ Í Luínſe, 85, líne 32
Úɼ
Damp. Fallaí úɼa (1).
Úṁaiɼeaċt
Moisture, dampness—úɼṁaiɼeaċt ſa talaṁ. Ḃí úɼṁaiɼeaċt againn indiu (1).
Úiɼeaċt
Ú. na coille—coill óg ná beaḋ cuɼṫa le fada (1).

Leaṫanaċ 14

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 14–15

Sid iad na daoine guɼ h‑aiɼiġeaḋ na cainteanna uaṫa:

  1. Aṁlaoiḃ Conċuḃaiɼ Ó Loingſiġ, Cúil Aoḋa, a ḋɼioṫáiɼ Doṁnall nú a ḋɼiofúɼ Sioḃán.
  2. Doṁnall Bán Ó Céilleaċaiɼ, Cúil Aoḋa.
  3. Bean Ṡeáin Uí Cɼóinín, Baile Ṁic Íɼe.
  4. Bettí Ní Aɼagáin, Múiɼne Beag, Cúil Aoḋa.
  5. Doṁnall Ó Mulláin, Scɼeaṫan na nGaṁan, Cúil Aoḋa.
  6. Pádɼaig Ó Liaṫáin, Sliaḃ Riaḃaċ.
  7. Míċéal Ó Duinnín, Sliaḃ Riaḃaċ.
  8. Conċuḃaɼ Ó hÉaluiġṫe, Sgɼeaṫan Móɼ, Béal-Áṫa-'n Ġaoɼṫaiḋ.
  9. Eiḃlín Ní Ṫuama, Túiɼín Duḃ, Béal-Áṫa-'n-Ġaoɼṫaiḋ, nú a máṫaiɼ.

Eolaſ á Loɼg

Ba ṁaiṫ le Donnċaḋ Ó Cɼóinín eolaſ ḟaġáil aɼ ḃeaṫa na ḃfilí atá ainmniġṫe aige 'na aiſte, aguſ go móɼ móɼ innſintí aɼ a gcuid aṁɼán ḟaġáil.

Tá filíoċt Ḋoṁnaill Uí Ṁ'ɼiain á bailiú ag Máiɼe Ní Ḃuaċalla ó Ḃáɼd Ínſe. Iaɼɼann ſí congnaṁ aɼ éinne go ḃfuil na haṁɼáin aige.

Tá ſgɼíḃinní an Aṫaɼ Peadaiɼ á gcláɼú ag an Aṫaiɼ Seán Ó Caoiṁ. Ba ṁaiṫ leiſ eolaſ ḟaġáil aɼ aon ɼud dáɼ foillſiġeaḋ ɼoim 1900, aguſ aɼ leitɼeaċa pɼíoḃáideaċa ón Aṫaiɼ Peadaiɼ.

Tá Síle Ní Éaluiġṫe ag loɼg eolaiſ aɼ ḋaṫanna aguſ aɼ ḋaṫúċán.

Tá Miċéal Ó Céilleaċaiɼ ag bailiú eolaiſ aɼ ẛaoṫaɼ Ḋiaɼmuid Uí Laoġaiɼe.

Leaṫanaċ 15

Filí aguſ Filíoċt Ṁúſgɼaiġe

An té ċaiṫfeaḋ ſcaṫaṁ ag ſeanċaiḋeaċt le ſeana-ċainnteoiɼ i nGaeltaċt Ṁúſgɼaiġe, níoɼ ṁóɼ do adṁáil go ḃfuil an teanga ſa dúṫaiġ ſeo go bog aguſ go binn aguſ go blaſta ṫaɼ meon. Ní tógṫa aiɼ a ẛaṁlú náċ foláiɼ nó go ɼaiḃ ſí ṫaɼ baɼɼ amaċ maɼ ẛáſ filíoċta an tɼáṫ do ḃí na filí níoba líonṁaiɼe ſa ḃall ſan ná maɼ atáid anoiſ. Aguſ dob ḟíoɼ an ſaṁlú ḋo é. Ní haon ſcaoṫaiɼeaċt againn é a ɼáḋ guɼb í " teanga na ḃfilí aguſ na n‑úġdaɼ pɼóiſ í, " ná ní haon ṁaoiḋeaṁ gan cuɼ leiſ againn é. Iſ beag má tá taoḃ tíɼe eile i nÉiɼinn a ḃainfeaḋ baɼɼ filíoċta ó Ṁúſgɼaiġe maɼ le líonṁaiɼeaċt filí aguſ maɼ le fiúntaſ aguſ le fuinneaṁ a gciúta.

Dá ċoṁaɼṫa ſan féin, níl éinne a ċuiɼeann ſuim i gceol ná i ḃfilíoċt na tíɼe náɼ aiɼiġ teaċt ṫaɼ Ṁáiɼe Ḃuiḋe, nó ṫaɼ Ḋonnċaḋ Dall Ó Laoġaiɼe nó ṫaɼ Ṡéamuſ Móɼ Ó Muiṁneaċáin. Ná ní dóċa go ḃfuil aon ċnóſaċ de ṗɼíoṁ-ḟilíoċt againn atá i n‑uiɼeaſa déantúſaí ó Ṁúſgɼaiġe. Siné an leaċt a ṫóg filí an tſeana-ẛaoġail dóiḃ féin,—leaċt iſ buaine aguſ iſ maɼṫannaiġe ná aon leaċt dob ḟéidiɼ d'éinne eile a ṫógaint dóiḃ, maɼ go gcimeádfaɼ a gcuid filíoċta go daingean diongḃálta i gcɼoiḋe aguſ i n‑aigne gaċ deaġ-Ġaeḋil go dtí go gcuiɼfeaɼ i gcill é.

Óſ ag tɼáċt aɼ leaċtaiḃ dúinn é—beagán blianta ó ẛin go cuiɼeaḋ i gcló i Scéala Éiɼeann litiɼ á ċuɼ 'na luiġe aɼ ṁuinntiɼ Ḃaile Ṁúiɼne guɼ cóiɼ dóiḃ leaċt cuiṁne a ṫógaint dá ḃfilíḃ féin aɼ nóſ na Spéiɼ-ṁná a ḃí tógṫa ag Gaeḋealaiḃ Ċiaɼɼaiġe. Ḋein feaɼ na litɼeaċ úd do ſgɼíoḃa bɼaiſeal d'ḟilíḃ na dúṫa do luaḋaḋ. Máiſeaḋ, níoɼḃ ḟada go ɼaiḃ an taɼna feaɼ i láɼ an aonaiġ aguſ " bɼeiſ-lioſta fada d'ḟilíḃ Ṁúſgɼaiġe le gɼafaḋ " aige, aguſ gaḃaim‑ſe oɼm náɼ ṁóɼ toiɼt a ḃeiṫ ſa leaċt aɼ a mbeaḋ an lioſta ſo gɼeanta.

Meaſaim náċ ſaoṫaɼ i n‑aiſteaɼ dom a ḃfuil i gcló de ḋéantúſaí na bfilí ſin do ċuɼ ſíoſ anſo. Aſ an gCláɼ Litɼiḋeaċt do ċuiɼ an Doċtúiɼ de hAe le ċéile do fuaɼaſ an ċuid iſ mó den eolaſ. Áiɼṁeoċad, leiſ, ɼoinnt ḃeag filí náɼ hainmniġeaḋ i n‑aon ċeann den dá lioſta. Cuiɼfead ɼéiltín 'na ṁéiɼ-aɼ-eolaſ ɼoime n‑a n‑ainmneaċa ſan.

MÁIRE ḂUIḊE NÍ LAOĠAIRE

  • Filíoċt Ṁáiɼe Ḃuiḋe Ní Laoġaiɼe. An tAṫaiɼ Donnċa Ó Donnċú, M.A., do ċnuaſuiġ. Baile Áṫa Cliaṫ, 1931.

* NELL NÍ ṀURĊAḊA

  • Aṁɼán na nGaḃaɼ.

Leaṫanaiġ 16–19

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 16–17
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 18–19

DIARMUID MAC SEÁIN ḂUIḊE MAC CARRṪAIĠ.

  • Aṁɼáin Ḋiaɼmuid mac Seáin Ḃuiḋe. Taḋg Ó Donnċaḋa do ċuiɼ i n‑eagaɼ. Baile Áṫa Cliaṫ, 1916.

EOĠAN AN ṀÉIRÍN MAC CÁRṪAIĠ

  1. A ċnú ċailce ċléiḃ 'ſ a ɼún ġil na n‑ae.
  2. A ċomplaċt ġlan ċaoṁ-ċɼoṫaċ ċaoin.
  3. A ġéag de'n Ċaɼṫaċ-ḟuil ċeannaiſ ba ċaḃaɼta i ngníoṁ.

DOṀNALL Ó CRÓINÍN

  1. Iſ ciaċ liom na hIaɼṫaiɼ ḋá gcáine agat.

SEÁN MÁISTIR Ó CONAILL

  1. Conntae Coɼcaiġe maɼ aon le móɼ-ċɼíoċaiḃ Éiɼeann go h‑uile. (Baɼántaſ Ṡeáin Tuíncéaɼa.)
  2. Um Ċáiſc nuaiɼ ṫíġeann ċun tiġe feaɼ Eagailſe.
  3. Aɼ bɼuaċ na Laoi inſ an oiḋċe caſaḋ me.
  4. Adṁuim féin le déaɼaiḃ, deaɼḃaim. (Faoiſdin Seáin Uí Ċonaill.)
  5. Adṁuim mo ḃeaɼta anoiſ go déaɼaċ duḃaċ. (An taɼna faoiſdin.)
  6. Gleann Cam.
  7. An Goiɼtín Eoɼnan.

MAṪĠAṀAIN AERAĊ Ó CONAILL

  1. A ḃɼáiṫɼín gaoil le n‑a ſgaoilfinn ṁ'aigne.

DIARMUID Ó CRUALAOIĊ

  1. A Cɼoċúiɼ ṁóiɼ a' ċɼoiḋe 'ſtiġ, iſ díṫ aguſ iſ danaid liom. (Málaí Ṫaiḋg Uí Suiḃne.)
  2. A Ṗádɼuiġ, a ſtóɼuig, ó tánn tú go bɼónaċ.
  3. An té ċífeaḋ me an lá úd ag imṫeaċt iſ mo láiɼ fúm. (An tEaċ Bacaċ Lúṫṁaɼ.)
  4. Iſ atuiɼſeaċ cáſṁaɼ bog tamaillte cɼáite. (Cat Ḋiaɼmuid na Beáɼnan.)
  5. Tá buaċaill aɼ ṁ'eolaſ ſ iſ bɼón liom a ẛliġe. (An Poni Beag Buiḋe.)

DIARMUlD MAC SÉAMUIS Ó CONĊUḂAIR

  1. Iſ duḃaċ me le ſealad gan aiteaſ im bɼéiṫɼiḃ. (An Feaɼɼ Leogaint d'Ól ?)
  2. Coiſ Abann Ġleanna an Ġaoɼṫaiḋ iſ Claedeaċ na gCíġeanna.

PEADAR Ó CONCUḂAIR

  • Iſ duḃaċ atáim im aigne. (Na Tɼumpaí.)

CONĊUḂAR Ó DEASṀUṀNA.

  1. A óig-ḃean ṁúinte ḃanaṁail ġeanaṁail ḋeaġ-eolgaiſ. (Feaɼ Siuḃail ag Éileaṁ a Ċíoſa)
  2. Go mbeannuiġṫeaɼ duit, a ḃɼuinneall. (Feaɼ na mBataí Cɼoiſe.)
  3. Máṫaiɼ Ṗíneam Peánam.
  4. Iſ móɼ é ṁ'iongnaḋ, a Ṡíle ḃeag. (Síle Ḃeag.)
  5. Le gean Ríoġ na Naoṁ do ẛlioċt Éaḃa ba ċuiḃe leiſ. (Duan an Oiɼeaċtaiſ, 1906.)
  6. Tá gaiḋɼín beag geaɼɼ agam. (An Gaiḋɼín Beag Taiɼḃṫeaċ.)
  7. Táim‑ſe aɼíſ fút am ẛuiḋe aiɼiú a ḃó ḃeag. (Duanaiɼeaċt Mná ag Cɼúṫ Bó.)
  8. A Rún ġil 'ſ a ſtóɼ, iſ bɼónaċ liom.
  9. Aɼ ċualaḃaiɼ fóſ an ſcéal.

TAḊG Ó DUINNÍN

  • A ḃile na dtɼeon de ṗóɼ-ẛlioċt Éiḃiɼ.

* DONNĊAḊ Ó hÉALUIĠṪE

  • Móɼaḋ ḋuit, a ḋuine. (Eaċtɼa an Ṗacaiɼe aguſ na Cailliġe.)

DÁIḂÍ MAC PÁDRAIG Ó hIARḞLAIṪE

  1. Aɼaoiɼ a'ſ me im aonaɼ, coiſ taoiḃ fleaſca an Ġaoɼṫaiḋ.
  2. A eaſbuig, a ċiſte, a ċuiſle ċɼoiḋe gan ſnaſ.
  3. Cúiſ mo leanna‑ſa an ċolann go dɼúiſeaṁail dian.

PÁDRAIG (MAC DÁIṪ) Ó hIARḞLAIṪE

  1. Ceo dɼaoiḋeaċta ẛeol oiḋċe ċun fáin me.
  2. Tá mo ċoſa ɼó-ṫinn iſ a leiġeaſ ag an Aon-Ṁac.

AN tAṪAIR PÁDRAIG Ó hIARḞLAIṪE.

  • A ġéag de'n Ċaɼṫaċ-ḟuil ċeannaiſ ba ċaḃaɼta i ngníoṁ.

* TOMÁS ÓG Ó hIARḞLAIṪE

  • M'uċlán, mo ḋíombáiḋ, mo ċiaċ, mo ċnoc.

UILLIAM Ó hIARḞLAIṪE

  1. Níl agam de ġɼéiṫɼe an tſaoġail co n‑a ṁeaḃlaiġ.
  2. Siné an Seoiɼſe ceannuiſ ḃí indé aca i ſtát.

* DIARMUID BUIḊE Ó LAOĠAIRE

  • A Ḋaɼmuid Uí Laoġaiɼe, duḃaiɼt ainniɼ na gcɼaoḃ liom.

* DIARMUID Ó LAOĠAIRE

  1. Éiſtiġ liom, a ċáiɼde 'ſ a ḃɼáiṫɼe 'n deaġ-aigne.
  2. I mbláṫ na hóige tɼáṫ dom féin.
  3. San ḃfoġṁaɼ dom i mbliaḋna gan tuiɼſe ná diaċaiɼ.
  4. Táimíd go duḃaċ le ſealad.
  5. A Ṡeoiɼſe 'n Ċuɼtánaiġ, níoɼ ċloiſeaſ aṁɼán uait.
  6. Céad fáilte ɼoṁat, a leanḃ.
  7. A Ġaeḋil na nGaeḋeal, a ẛáiɼ-ḟiɼ, ní hiongnaḋ tu go cáſṁaɼ.
  8. A Ḋáṁa léiġeannta ẛéiṁe ġeala ṁúinte.
  9. Mo ċuṁa, mo ċaoi, 'ſ a ċáiɼde gaoil.
  10. Iſ dealḃ an ſgéal é 'ſ iſ déaɼaċ damanta.

DOṀNALL Ó LAOĠAIRE.

  1. Aɼaoiɼ iſ me ag maċtnaṁ 'ſa g caiſmiɼt tɼém ſmaointiḃ.
  2. Do ṫaiſdileaſ lá go Béal-Áṫa-an-Ġaoɼṫaiḋ.
  3. Ní ɼó ṁaiṫ an aiṫne tá agam go dtí ſo.
  4. Iſ mó ná ſeaċtṁain ó léiġeaſ ɼanna ſa ġlóɼ Ġaeḋealaċ.

DONNĊAḊ DALL Ó LAOĠAIRE

  1. A Ṡiollaiɼe ẛultṁaɼ guɼ ṫugaiſ do ḃaɼaṁail fúm.
  2. Do ḃíoſ im leabaiḋ, go hatuiɼſeaċ tɼéiṫ im luiġe.

*AN tAṪAIR PEADAIR Ó LAOĠAIRE

  1. Ó téanaig i n‑aonḟeaċt. (Adeste Fideles.)
  2. Molam go háɼd le gáiɼ i n‑aonḟeaċt. (Pange Lingua.)
  3. Móɼa ḋuit aɼ maidin. (Ave Maris Stella.)
  4. A Ṫɼíonóid Naoṁṫa, a aon Dia aṁáin.
  5. Molaḋ go deo leat, a Ṗápa na Róṁa.
  6. A Ṁáṫaiɼ Aon-Ṁic Dé na gcóṁaċt. (Gein gan Teiṁeal.)
  7. A Ṫiġeaɼna Íoſa Cɼíoſt, mo ġɼáḋ do ċɼoiḋe.
  8. Ḃí Faċtna Naoṁṫa, an Mongaċ Léiġeanta. (Saint Fachtna's Temple.)
  9. Mo ġɼáḋ tu, a ṁaidion ḃán. (Aíde Ċeallaiġ.)
  10. Clog Binn an Aingil. (Muiɼe Ṁáṫaiɼ i Louɼdeſ.)
  11. Sláinte an Uaſail Ḟoġanta. (He's a jolly good fellow.)

TAḊG BUIḊE Ó LAOĠAIRE

  • Sé mo ḃɼóinċɼeaċ náċ Doṁnall iſ ainm dam ḟéin.

DIARMUID Ó LONGA

  1. Mo ġɼeada, mo ċɼáḋ, mo ċáſ, mo ṗéin am' púiɼ. (Maɼḃna aɼ ḃáſ Ḟínġín Ṁic Cáɼṫaiġ, Eaſpog Ċoɼcaiġe, 1810).

DONNĊAḊ BÁN Ó LOINGSIĠ

  1. 'S a Ṁáiɼe Ní Laoġaiɼe ó ṫaoḃ an Ċéama (Donnċa Bán Ó Loingſiġ aguſ Máiɼe Ḃuiḋe Ní Laoġaiɼe.)

" PAD " BUIḊE Ó LOINGSIĠ

  • Tá ainniɼ aɼ an ſaoġal ſo, céim iſ fíoɼ.

DIARMUID Ó MUIṀNEAĊÁIN (" Ḋá Ċíċ Danann. ")

  • Tá a ċuid filíoċta ſo bailiġṫe ag Fiaċɼa Éilgeaċ, aguſ beiḋ ſí le faġáil i ḃfuiɼm leaḃaiɼ aon lá feaſta.

SÉAMUS MÓR Ó MUIṀNEAĊÁIN

  • A ẛaoṫaɼ fileata, maɼ aon le geaɼɼ-ẛeanċaſ aɼ a ḃeaṫa. Conċuḃaɼ Ó Muiṁneaċáin do ċnuaſuiġ. Baile Áṫa Cliaṫ, 1940.

CONĊUḂAR MÁIĠISTIR Ó RÍOĠḂÁRDÁIN [sic; recte RÍOĠḂARDÁIN]

  1. A Ḃainɼíoġan na mBainɼíoġan 'ſ a ṁaiſe na mbé.
  2. Féaċ, a ṗeacaiġ, a ṗeaɼſa na pɼíoṁ-uaille.
  3. Adṁuim féin go déaɼaċ díṫɼeoɼaċ.
  4. A ċúilḟionn taiſ, ba ċlúṁail, cneaſta, múinte, blaſta, béaſaċ.
  5. Aiſling do ċɼéaċt-ċéaſ me ṫaɼ báɼɼ amaċ.
  6. An ɼéaltan tɼé'ɼ milleaḋ.
  7. An tan do ḃíodaɼ Gaoiḋil i nÉiɼinn beo.
  8. Tɼáṫ iſ tɼéiṁſe ṫaiſdiolaſ.
  9. Aſ tuiɼſeaċ tɼéiṫ lag faon gan fuinneaṁ.
  10. Innſíd iſ áiɼṁíd guɼb ábalta an ɼéic me.

*MÍĊEÁL Ó TUAMA (" George Curtin. ")

  1. An ḃfeacaḃaiɼ‑ſe Seán ó ḃaɼɼ an ċnuic.
  2. Um ṫɼáṫnóna 'ndé ſeaḋ ċualaſ‑ſa ſcéal.

AN tAṪAIR DOṀNALL UA NIAḊ

  1. Do ṫɼiallaſ na cianta 'ſ na háiɼd anoiɼ.

Sidé anoiſ faɼɼaſbaɼɼ an dá lioſta,-filí ná fuil tuaiɼiſg ſa Ċláɼ úd aɼ éinní dáɼ ċumadaɼ:

  1. Liam Ó Suiḃne.
  2. Peadaiɼ Ó Féiċín, " Tɼúipéaɼ na Bláɼnan. "
  3. Máiɼe Ní Ċɼuaḋlaoiċ (Sapṗo na Muṁan).
  4. Ó hÉaluiġṫe Ḋoṁnaiġ Ṁóiɼ (Oiliḃéɼuſ Ó hÉ.)
  5. Taḋg na Súl mBeag Ó Ríoġḃaɼdáin.
  6. Aeḋ Ó Bɼiain ó Ġleann na Láinge.
  7. Taḋg Ó Síoṫċáin ón áit gcéadna.
  8. Liam Aeɼaċ Ó Conaill ó Aċaḋ Bolg.
  9. An tAṫaiɼ Seán Ó Niaḋ ó Moċɼomṫa.
  10. Doṁnall " aeɼſ " Ó Súilleaḃáin ó Ṫíɼ na Speadóige.
  11. Donnċaḋ Ó Muɼċaḋa an Ġuail.
  12. Seán 'ac Doṁnaill Uí Ṡúilleaḃáin ó Moċɼomṫa.
  13. Seán Ó Luaſaiġ, " Poet " [sic; an cló Gaelaċ atá ſa ḃuntéacſ] an Leaſa Buiḋe. 1
  14. Taḋg Ó Ríoġḃaɼdáin ó Ḃaile Ṁúiɼne.
  15. Míċeál Ó Loingſiġ ón áit gcéadna.
  16. Doṁnall Ó M'ɼiain ón áit gcéadna.
  17. Seán Ó Súilleaḃáin ó Ṫuaṫ na Dɼoman.

Níl filí uile Ṁúſgɼaiḋe anſo agam, aċ tá a ḃfuɼṁóɼ. Tuigfeaɼ ná fuil i gcló dá gcuid ſaoṫaiɼ aċ an beagán, i dtaoḃ a'ſ guɼ blaſta maɼ ḃeagán é. Tuigfeaɼ fóſ go ḃfuil an duiḃlíonaċ ɼócán aguſ leaṫ-ɼann bɼeacaiṫe aɼ ẛeana-nuaċtánaiḃ aguſ naċ fuiɼiſt iad ſan a ċláɼú. Tá fóſ ſeó ẛaoġail den ḟilíoċt le faġáil i láiṁſcɼíḃinníḃ, aguſ móɼ-ċuid eile cuɼṫa i dteannta na maɼḃ " fé ḃɼat i n‑úiɼ " aguſ gan faġáil againn anoiſ ná go bɼáċ uiɼṫi, maɼ náċ dóċa go mbeiḋ aɼ áɼ gcumaſ cleaſ na Tána a ṫaɼɼac ċúġainn.

1 Iſ dóig [ſic; ɼecte dóiġ] liom féin guɼḃ é Seán do ċúm " An Banḃ "

Leaṫanaċ 20

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 20–21

Ba ṫuaiɼim láidiɼ don Aṫaiɼ Peadaiɼ ná fuil aon ġné d'obaiɼ na Gaeluinne iſ táḃaċtaiġe ná cnóſaċ na filíoċta aguſ na ſean-aṁɼán. Ba ṁinic é á ḋeaɼḃú go ḃfaċtaɼ ionnta ſan canṁainí aguſ coṁgaiɼ cainnte na [ſic; ɼecte ] fuil a leiṫéidí le faġáil i n‑ao'ḃall eile. Duḃaiɼt ſé guɼ ḋein ſé féin gaċ díċeall aɼ na coɼɼa cainnte, oiɼead acu aguſ guɼ eiɼiġ leiſ cuiṁneaṁ oɼṫa, a ċuɼ 'n-a ċuid leaḃaɼ. Aċ b'éigean do é ṫaḃaiɼt ſuaſ doſ na haṁɼánaiḃ—aɼ neaɼt, aɼ ġontaċt, aguſ aɼ ẛnaſ na cainnte atá ionnta. Aon uaiɼ go mbíoḋ meaɼaṫal aiɼ, ní ḃíoḋ le déanaṁ aċ caſaḋ ċun na ſean-ḟilíoċta, aguſ ḃíoḋ annſúd aige, gan éiſlinn ná eaɼɼáid, caiſe de Ġaeluinn ġléigeal. Má ba ɼiaċtanaċ aguſ má ba ṫaiɼfeaċ maɼ obaiɼ do‑ſan an tſuim go léiɼ a ċuɼ inſ na ſean-aṁɼánaiḃ, náċ ɼiaċtanaiġe aguſ náċ taiɼfiġe go móɼ fada ḋúinn-na a leiṫéid a ḋéanaṁ.

Tá taoḃ eile fóſ den obaiɼ ſeo aguſ ba ċaillte an ḃeaɼt againn é ḋá ndeinimíſ failliġe ann. Sé ní é ſin ná an ceol.

Tá na ſean-ḟuinn go binn miliſ aeɼaċ
Iſ na haṁɼáin féin gan aon loċt.

Dá ḃinneaċt aguſ dá ḃlaſtaċt aguſ dá ċeolṁaiɼe iad na duanta féin, iſ binne aguſ iſ blaſta auſ iſ ceolṁaiɼe ṫaɼ na beaɼtaiḃ iad an uaiɼ a cuiɼteaɼ guṫ leo, fé maɼ a ḋeinid na ſean-daoine. De ḃɼí go ḃfuil an ċiall aguſ an ceol fiġte fuaiġte 'n-a ċéile ba ċóiɼ ná déanfaimíſ neaṁ-ẛuim den ḟonn. Ġluaiſ an ċainnt ón inċinn, aċ ó ḃéal an ċɼoiḋe laiſtiġ a ṫáinig an ceol.

Deiɼ áɼ ngaiɼm-ſcoile linn guɼ " féidiɼ an beo do ċuɼ ó ḃaoġal báiſ. " Díɼiġmíſ aɼ an obaiɼ ſeo le dúṫɼaċt, maɼ obaiɼ ṫaiṫneaṁaċ innte féin iſeaḋ í, aguſ tugann ſí cae ḋúinn aɼ ṁeon na ſeana-ṁuinntiɼe a ṫuiſgint aguſ a ṫaḃaiɼt linn. Páiɼtíoċt oibɼe an ɼud atá beaɼtuiġṫe ag na cáiɼde, aguſ iaɼɼaim aguſ aċuiním aɼ gaċ éinne a ċion féin den obaiɼ a ḋéanaṁ ċun na ſean-ḟilíoċta do ḃailiú aguſ do ẛoláṫaɼ dúinn.

Ní ḃeiḋ aon tɼáċt anſo aċ aṁáin aɼ ẛaoṫaɼ na ndaoine ſin atá anoiſ aɼ ẛluaġ na maɼḃ. Iſ fíoɼ go ḃfuil neam-meon filí ó Ṁúſgɼaiġe againn i gcoṁnuiḋe a ċleaċtann an ɼannaiḋeaċt. Guɼa fada buan ſan obaiɼ iad. Aċ an gad iſ gioɼɼa don ſcóɼnaiġ i gcoṁnuiḋe. Bɼoſtuiġteaɼ ċun a ḃfuil fágṫa den tſean-ḟilíoċt do ċuɼ ó ḃaoġal ha huaġa. Cuiɼfeaɼ cló anſo aɼ an gcuid iſ feaɼɼ di, aguſ fé maɼ a ċnóſuiġeann tɼiopall beaɼt, i ndiaiḋ aɼ ndiaiḋ méadófaɼ aɼ áɼ n‑eoluſ aɼ an ṁuinntiɼ ſeo do ḋein véaɼſaiḋeaċt ẛoilḃiɼ ġɼinn dáɼ ſinnſeaɼ nuaiɼ a ḃí aḋḃaɼ an ġɼinn acu, do ḋein tuiɼiṁ ṫinn-ḃɼónaċa ḋóiḃ i dtaoḃ na niṫe ba ṫɼúig ġuil dóiḃ, aguſ do ċoṁaiɼlig aguſ do ġɼíoſ iad ċun a gciɼt do ẛeaſaṁ i gcoinniḃ éiɼliġ aguſ léiɼ-ſgɼioſa aguſ leaṫ-ḃfaḃaɼ.

DONNĊAḊ Ó CRÓINÍN

Leaṫanaċ 21

Filíoċt na Gnáṫ-Ċainte

Seán Ó Sé, do fuaiɼ báſ le déanaí i n‑aice Ḃaile 'n Sgelig i nÍḃ Ráṫaċ, feaɼ ab ea é " go ɼiṫaċ cainteana ċuige uaiɼeanta ana-ṫiuḃ ". 1

Náċ tu Seán Ó Se? aɼſa feaɼ leiſ lá.

Miſe Seán Ó Sé (duaiɼt ſiſean)
Gan lúṫ gan léim
'Tá tnáit' ón ſaol gan ṁaṫ;
Aguſ go mb'ḟeáɼɼ liom féin
Ná úɼ mbáſ go léiɼ
Go mbein i n‑aoſ a ſeaċt!

Stɼóinſéiɼ do caſag eɼ lá eile—aguſ do laḃaiɼ ſé Béaɼla ċúm, aduaiɼt Seán, aguſ dob ḟeáɼɼ liom‑ſa 'n Ġaoluin ná 'n Béaɼla, aguſ ſid é 'n fɼeagaɼa ṫugaſ eɼ:

Ní laḃɼaim Béaɼla 'n-é' ċoɼ i gceaɼt ná 'gcóiɼ,
Aguſ níoɼ múineaċ léun dom aċ a' ċaol-ċuid go léiɼ, mo ḃɼón!
Do ḃí 'n gnó 'glaoċ ċún déanta, 'guſ gan coḃaiɼ 'na ċóiɼ;
Aſ d'ḟág ſuin mi tɼaoċta go tɼéiṫ-lag ó ɼóṁaɼ na ḃfód.

Duine muínteaɼṫa ḋom, aduḃaiɼt Seán liom tamall 'na ḋia' ſan an lá céadna, ſa ḃliain 1932—Duine muínteaɼṫa ḋom do ḃí lé tɼí bliana 'ſ dahad i nAmeɼice, do ḃí filíoċt aige; aguſ do ṫánguig ſé 'nall, tá cúig ḃlian' ó ẛin. Ní fada ḃí ſé 'ḃfuſ i ḃfoċaiɼ na ndaoine muínteaɼṫa nuaiɼ d'imi ſé 'ɼíſ. Ní ɼaġaċ ſaé go deó an'—ḃí ſé ċóṁ huaigineaċ ſan ag imeaċt—maɼa mbeaċ an ċlann a ḃeiṫ 'na ḋiaig an' i nAmeɼice. Ṫug ſé tɼí ṗóg don ṗáiɼc ſan áit go ɼoiḃ na báid a' teaċt iſteaċ ó ḃeiṫ ag iaſgaċ.

Aċ do ḃuaileaſ féin leiſ an lá ẛaɼ aɼ imi ſé. Aċ ſid é maɼ aduaɼt leiſ:

Dob ḟeaɼɼa ḋoit lonnú 'nſan áit ſeo
Ná ḃeiṫ ag imeaċt ṫaɼ ſáile 'ɼíſ,
Go ḃfaġfá aiṫɼí 'guſ báſ maṫ,
Aſ go gcuiɼfí do ċnáṁa fén líog.
Do ḃeaċ píopaí 'ſ tobac aɼ cláɼ oɼt,
Póɼtaɼ le fáil aguſ fíon;
Aguſ do ċaoinheaċ do ċáiɼde go háɼd tu
Sa ṁainiſtiɼ ḃɼeá Ṁihíl!

1 Do ɼiṫaċ cainteana ċúm uaiɼeantaċ' ana-ṫuḃ ſ' ea duaiɼt Seán féin.

Leaṫanaċ 22

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 22–23

Ní déaɼhain aon ḟocal maɼa mbeaċ guɼ ċeapaſ go mbuinhin aiġneaſ aſ, aɼſa Seán. Aċ iſ aṁla ṫáinig toċt guil eɼ: níoɼ ḟéad ſé aon ḟɼeagaɼa 'ṫúiɼt oɼm. Níoɼḃ ḟada ṁaiɼ ſé 'n-é ċoɼ taɼ éiſ dul anún.

'Sea; ḃí filíoċt ag Seán Ċoɼmaic (beannaċt Dé len' anam), filíoċt a ɼiṫaċ ċuige le linn ċóṁɼáiḋ na gnáṫ-ċainte. Aċ náċ mó ſan duine ſa tſean-aimſiɼ go mbíoḋ a ḃeag nú a ṁóɼ don ḟilíoċt, nú d'aḃaɼ na filíoċta, le fáil 'na ġnáṫ-ċóṁɼá a gan ḟioſ do féin:

Tá cnuc i mBéaɼa guɼab ainim do Daod. Seán Ó Súilleaḃáin atá ag obaiɼ maɼ archivist do Ċoimiſiún an Ḃéaloideaſa i mB'l'eá Cliaṫ, iſ aṁla ḃí ſé lá i ngioɼɼaċt don ċnuc ſan aguſ é 'féaċaint eɼ. Ċífá bléitſ Ṡaſana uaiḋ, aduaiɼt feaɼ leiſ do ṫáinig an tɼeó. Ionan ſan, aɼ ndóin, aguſ a ɼá go ḃfuil Daod ċoṁ háɼd ſan go mbeaċ ɼaḋaɼc ag duine eɼ Ṡaſana uaiḋ. Aċ ṫuig feaɼ ɼáite na habaɼṫa náɼ ḃeag an leaṫ-ḟocal d'ḟeaɼ an léinn, aguſ ṫuig ſé ċóṁ maṫ guɼ ṫainnheaṁaí éagſúlaċt aguſ beaċtaċt na " bléitſe " úd do ċífí go gléineaċ ná gnáṫúlaċt aguſ nea-ẛoiléiɼeaċt an ḟocail eile úd " ɼaḋaɼc, " ſiúd aſ guɼab é an " ɼaḋaɼc " ba ṫúiſge ċun béil an toſanóɼa. Maɼa ɼoiḃ an ḟilíoċt eɼ fad ag feaɼ ɼáite na habaɼṫa ſan, ḃí cuid di aige.

Uaiɼeanta ní hiad éagſúlaċt ná bɼíoṁaiɼeaċt an ſmaoiniṁ iſ mó ṫúɼfaí fé ndeaɼa eɼ ċainteana don tſóɼd ſan, aċ ceól nú luaſga na filíoċta 'ḃeiṫ eɼ ḟocal ionta. Tá a liṫéid ſin do ċeól aguſ do luaſga le haiɼeaċtaint, cuiɼim i gcáſ, in aon ḟocal aṁáin, aċ go háiɼiṫe, dá nduaiɼt an Goḃa úd go ḃfuil cúntaſ eɼ i Sgéal Ḃeaṫa Ḋóṁnaill Ḃáin Í Ċéileaċaiɼ. Iſ aṁla ṫug bean an Ġoḃa " tɼí ċaoċóg aonaiġ " aḃaile ċuige. Sid é maɼ a ṁol an Goḃa iad (lċ. 134):

Tuɼcail ḃɼiſte (duaiɼt ſé)
Eɼ ḋá ġiní ġuile,
Coileaċ caoċ, aguſ bɼóga beaga!

Má ḃí cuid do ċeól aguſ do ɼiṫ (nú do luaſga) na filíoċta ſa ċaint ſin an Ġoḃa, aguſ éagſúlaċt aguſ fuinneaṁ na filíoċta i gcaint ḟiɼ na bléitſe, féaċ go ḃfuilid ſiad go léiɼ le ċéile, idiɼ ċeól aguſ luaſga, éagſúlaċt aguſ bɼíoṁaiɼeaċt, ſa ṁallaċt ſo do ċuiɼ " Micil na Pinſe " aſ lá nuaiɼ a ḃí feaɼg eɼ:

Cɼoċa 'guſ gad ċúṫi (duaiɼt ſé),
Aſ buile Ṁáiɼe Ṗeaidí ċúṫi!

Ní fuláiɼ, máſ ea, nú " ɼiṫaċ na cainteana " ċun an Ġoḃa aguſ ċun Micil, i gcuíne na ndaoine eɼ Cúil Ao, fé maɼ a ɼiṫ-hidíſ ċun file, nú geall leiſ do, ſiúd iſ náċ gnáṫaċ Micil ná an Goḃa d'áiɼeaṁ aɼ ḟilíḃ Ḃaile Ṁúɼne.

Leaṫanaċ 23

Aċ níoɼḃ anaṁ filíoċt do ṫeaċt dáɼíɼiḃ i ɼiṫ na gnáṫċainte a béalaiḃ na muíntiɼe do ḃí ſuaſ le línn Ṁicil aguſ an Ġoḃa. Duine don ṁuíntiɼ ſin dob ea an Léan ſo go dtáinig cóṁuɼſa do ṁuíntiɼ na Cúlaċ á féaċaint lá dá ɼaiḃ ſí bɼeóite.

Conuſ tán tú, 'Léan? aduaiɼt an ċóṁuɼſa.

B'eo maɼ a ṫug Léan fɼeagaɼ' eɼṫi:

'Ḋia Ṁuiſe, 'lao,
Go lag aguſ go tɼéiṫ
Maɼ a ḃeaḋ capal a ḃeaċ i ḃféiṫ
Ná féad-haċ a ċoſa 'ċuɼ fé!1

Ní dóċa guɼ a' bɼaṫ eɼ ḟilíoċt d'ḟáil ó Léan a ḃí an ċóṁuɼſa nuaiɼ a ċuiɼ ſí an ċeiſt úd, aċ féaċ guɼ filíoċt a ṫug Léan di, ċóṁ ɼéig ſaoɼáideaċ aſ a ṫúɼhaċ bean eile fɼeagɼa uaiṫi ſa ġnáṫ-Ġaoluing.

An té ná beaċ an teanga ċóṁ líoṁṫa ſan go léiɼ ċun filíoċta aige féin, ḃeaċ eɼ a ċumuſ caſa do ḃuint a ſeana-véuɼſa éigin do ċúmfaí fad ó ċun ócáide eile. Buaċail do ḃí ċun cóṁnuig i mBéal Áṫ' an Ġaoɼṫaig, tá leaṫ-ċéad éigin bliain ó ẛin ann, ḃuin ſé caſa don tſóɼd ſan a véuɼſa úd an aitinn atá coitianta aɼ fuaid na Múṁan. Iſ aṁla ḃí an buaċail ſeo i n‑aimſiɼ ag feɼimeóiɼ go ɼoiḃ ana-ẛaint ċun oibɼe eɼ. Maɼ ſeo lá do ḃí an feɼimeóiɼ á ḃɼoſtú ċun dul i mbun ſtaɼteɼſ do ċuɼ. Níoɼ ṫainnh an diṫineaſ go léiɼ leiſ an mbuaċail. Ċuíniġ ſé eɼ a nduaiɼt duine boċt an aitinn do ḃuint leiſ an ḃfeɼimeóiɼ 'naɼ leiſ an t‑aitean; aċ " starters " a ċuiɼ an buaċail i n‑áit " aitinn " an ċéad duine:

Imeóiḋ a dtiucaiḋ 'ſ a dtáinig (aduaiɼt ſé).
Aguſ ní imeóiḋ na gɼáſt' ó Ḋia
Imeód‑ſa 'guſ tuſa ón áit ſeo,
Aguſ beig starters a' fáſ 'náɼ ndiaig!2

B'ḟeáɼɼ-de aguſ ba ḋeiſe-de gnáṫ-ċaint na ſeana-Ġaelgeóiɼí iaɼɼaċt don ḟilíoċt a ḃeiṫ ſgaipiṫe tɼíṫe aɼ an gcuma ſan. Aguſ ó ġoɼt na gnáṫ-ċainte fileaṁla ſan 'ſa d'ḟáſ aṁɼáin aguſ aiſlingí aguſ caoiníoċa an ḃfilí muaɼa.

Tobaɼ laċta na n‑anḃann tɼéiṫ-lag
Bó na mboċt 'ſ a ndoɼuſ aonaiɼ,

a ṫug Aogán Ó Raṫile3 eɼ ḋuine uaſal a ḃí á ċaoine aige. Maɼa

1I gcló ċeana i mBéaloideaſ, III, 227.

2I dtig Ṁihíl Í Luaſaiġ i mBéal Áṫa 'n Ġaoɼṫaiḋ, tá bɼeiſ aſ deiċ mbliana ó ẛin ann, d'aiɼíoſ ſgéal an ḃuaċala. Aċ níoɼ ſgɼíoſ éinní ſíoſ ſan am ſan. B'ḟéidiɼ, dá ḃɼí ſin, ná fuil gah éinní anſa díɼeaċ maɼ a ḃí ag an té d'inniſ dom é. Geófaɼ ínſint (ó Ċúil Ao) eɼ ſgéal an aitinn i mBéaloideaſ III, 225, aguſ an véuɼſa leiſ féin (ó Ċléiɼe) i mBéaloideaſ, XI, 58.

3An 2a cóɼú, lċ. 62.

Leaṫanaċ 24

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 24–25

mbeaċ taiṫí ag Aogán aɼ liṫéidí Léan, do ḋin í féin do ẛaṁlú go leaṫ-ṁagúil le " capal a ḃeaḋ i ḃféiṫ " b'ḟéidiɼ na ɼiṫhaċ na ſaṁluiṫe bɼeáṫa ſan " Bó na mboċt 'ſ a ndoɼaſ aonaiɼ " ċoṁ héuſga ſan ċuige féin. Aċ, eɼ a' dtaoḃ eile ḋe, ní deiɼim ná guɼ ón dtaiṫí ḃí acu aɼ na haiſlingí, aɼ na haṁɼáin, aguſ aɼ na caoiníoċa, a ṫáinig cuid ṁóɼ do líoṁṫaċt Ġaoluinge na ſeana-ġaelgeoiɼí. Maɼ máſ le coḃaiɼ a ċéile ṁaiɼean na daoine, ní ſoſ don ċaint aguſ don ḟilíoċt é.

Níoɼḃ ḟiú ɼiaṁ le ſgɼínneóiɼíḃ na ſean-aimſiɼe cainteana gunta nú véuɼſaí beaga ɼeaṫa don tſóɼd ſan do ſgɼí ſíoſ; maɼ ṫuigeadaɼ go maṫ, dá ḃɼeáṫaċt an focal nú an véuɼſa adéaɼfaí ṫuiɼ eɼ Caɼaig an Aḋmuid iniuv, ná beaċ puínn ſa ḃɼeiſ aige eɼ an ḃfocal adéaɼfaí ṫiaɼ eɼ Cúil Ao amáiɼeaċ, nú ṫeaſ amanaṫaɼ i " mBéal an Ċéuma. " Ní maɼ ſin dúinn-na, áṁṫaċ, aguſ b'ḟiú go maṫ do ſgɼínneóiɼí an lae iniuv gah aon ḟocal gunta do ſgɼí ſíoſ dá n‑aiɼeóidíſ ſa ċóṁɼá i meaſg Gaelgeóiɼí, nú i meaſg na cuda ſan dáɼ mBéaɼlóiɼí féin go ḃfuil ɼian ċeólṁaiɼeaċta aguſ bɼíoṁaiɼeaċta na Gaoluinge le fáil fóſ eɼ a gcuid Béaɼla.

GEARÓID Ó MURĊAḊA

[Rann: A ċailín áluinn ḃláṫṁaɼ ẛocaiɼ]

A ċailín áluinn ḃláṫṁaɼ ẛocaiɼ,
Tá lúb aɼ láɼ i ſáil do ſtoca.
Téiɼ‑ſe láiṫɼeaċ 'ſ dein é ſtopaḋ,
Nú ġeoḃaiḋ tú náiɼe i láɼ an ṗobail.

(Stiana Ó hÉigeaɼtaiġ do ẛoláṫɼuiġ.)

Leaṫanaiġ 25–28

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 26–27
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 28–29

Áit-ainmneaċa

Rud ana-ṫáḃaċtṁaɼ iſ eaḋ na háit-ainmneaċa. Níoɼ ḟág áɼ ſinnſiɼ oiɼead aguſ páiɼc gan ainm do ḃaiſteaḋ uiɼṫi; aguſ ní beag an méid eolaiſ aɼ ẛeanċaſ na dúṫa atá le faġáil aſ na hainmneaċa ſan. Iſ bɼeá linn, dá ḃɼí ſin, an cnuaſaċ ſo ó " Ċoḃaɼ, " ſé ſin, Conċuḃaɼ Ó Muiṁneaċáin, do ḃeiṫ againn le foillſiú. Tá aɼ aigne againn na hainmneaċa ó Ḃaile Ṁúiɼne, ó Ṫuaṫ na Dɼoman aguſ ó Ċluan Dɼoċad do ẛoláṫaɼ leiſ. Beimíd buiḋeaċ d'éinne a ċuiɼfiḋ lioſtaí ċúinn.

1. Uíḃ Laoġaiɼe

Iſ folláin feaɼ i meaſc a ġaolta
'ſ iſ ɼó-ḃɼeá an áit ḃeiṫ i láɼ Uíḃ Laoġaiɼe.

Coɼɼaiḋeaċt aguſ 45,000 acɼa talṁan atá ſa ṗaɼɼóiſte ſeo aguſ ainmneaċa go ḃfuil baint aca le coilltiḃ aguſ le cɼannaiḃ aɼ a ċeaṫɼaṁa cuid.

Com duḃ eaċɼoiſ
An baile feaɼainn ba ṫáḃaċtaiġe i n‑Uíḃ Laoġaiɼe anallód. Tá ſean-ṫeampall ann adeiɼteaɼ a ḃain leiſ na págánaiġ, aguſ gallán fé n‑a ḃfuil Duḃán mac Caiſ ɼíġḟéinniḋe Ulaḋ aḋlacṫa, maɼ iſ léiɼ ón ɼann ſo leanaſ:

A ċloċ Eaċɼuſa in ḟeoiɼ tɼuim
ɼo ẛáiṫ mac calma Cumaill
fud atá laoċ ba gaɼḃ gɼain
Duḃán mac Caiſ meic Cannáin.

Annſo iſ eaḋ ċuiɼ Ó Súilleaḃáin Ḃéaɼɼa fé an ċéad oiḋċe aguſ é aɼ a ṫeiċeaḋ go Bɼéifne. Lá aɼ na ḃáɼaċ ċuiɼ ſé ḋe aɼ a láiɼ aɼ a dtugtaí an Ċeaɼc Riaḃaċ. Ag gaḃáil taɼ eaſaċ do, tuaiɼim míle ón ngallán, do ẛleaṁnuiġ a láiɼ fé, aɼ lic, aguſ ṫuit an t‑anam aiſti. Eaſaċ ciɼce atá aɼ an eaſaċ ó ẛoin.
Iſ flúiɼſeaċ iad iaɼſmaí na féinne ſa ċoṁaɼſanaċt, maɼ atá, cɼomleaca, dúnta, Ráṫa [ſic; ɼecte ɼáṫa], caṫɼaċa aguſ fulaċt fiann.
Céim an ḟiaḋa
Céim .i. mám. Annſo iſ eaḋ buaileaḋ an caṫ idiɼ na Buaċaillí Bána aguſ na gíománaiġ i mbliaḋain 1822.
Muing na Bioɼaiġe
Muing .i. eiſc; bioɼaċ .i. cineál ſeiſce. Annſo iſ eaḋ a caiṫeaḋ an ſaiġdiúiɼ gallda úd, de ṁuinntiɼ Smiṫ, a fágaḋ " aɼ a ṫáɼɼ anáiɼde aɼ áɼd-leacain fɼaoiġ " taɼ éiſ an ċaṫa.
An gaḃagán
.i. gág beag nó ſcoiltín. Annſo iſ eaḋ ċoṁnuiġ Fionnḃaɼɼ naoṁṫa aguſ a ṁanaiġ ſaɼ a ndeaġaiḋ ſé go Coɼcaiġ.
Eaſaċ Loinín
Duine de ḋeiſceablaiḃ Ḟionnḃaiɼɼ dob eaḋ Loinín. Ag cuɼ na ſliġe ḋíoḃ feaḋ na Laoi, go Coɼcaiġ, do ẛloig piaſt loċa Loinín. Ċɼom Fionnḃaɼɼ aɼ a ġuiḋe do ċuɼ ċun Dé leiſ. Nuaiɼ a ẛɼoiſeadaɼ eaſaċ atá tamall ſoiɼ ó'n nGaḃagán do ḋein an ṗiaſt é aiſeag, aguſ é ċoṁ ſlán ċoṁ folláin aguſ ḃí ɼiaṁ. Eaſaċ Loinín atá aɼ an eaſaċ ſan ó ẛoin.
Caɼɼaig an Aifɼinn
Annſo iſ eaḋ éiſteaḋ muinntiɼ na paɼɼóiſte an t‑Aifɼeann le linn na bpéindliġṫe.
Com a' tſagaiɼt
Annſo a ḃíoḋ an ſagaɼt paɼɼóiſte aɼ a ṫeiċeaḋ ó ſna haṁaſaiḃ gallda.
Eiſc a' ṁictíɼe
Iſ ann adeiɼteaɼ a léiɼiġeaḋ an faolċú deiɼiḋ.
Cnocán na Cɼoiċe
Ann a ṫugaḋ gɼaiṫin an ḟill na Gaeḋil ċun iad ídiúġaḋ.
Eaċɼoſ Beag
Eaċ .i. capall; ɼoſ .i. coill nó ſean-ɼeilig (" Iſ maiṫ an baile eaſɼaċ Eaċɼoſ Beag "—ní ɼó-ḟuɼuſ é ſin a ɼáḋ go meaɼ gan tuitim focail).
An Bán Gaɼḃ
Bán .i. faiṫċe.
Cúil móinteáin
Cúil .i. Clúid; móinteán .i. bogaċ. Tugtaí Ceaṫɼaṁa na cúile aiɼ ɼoime ſeo.
Caṫaiɼ na cáiṫe
Caṫaiɼ .i. ſaġaſ dúna; cáiṫ .i. lóċán.
Ceapaċ na mine
Ceapaċ .i. geadán talṁan.
Ceapaċ an ċláiɼ
Cláɼ .i. talaṁ coṁṫɼom.
An ċaɼɼaig
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
An ċaɼɼaig ḃán
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
An ċaɼɼaig liaṫ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Caɼɼaig na coɼaḋ
Coɼa .i. aiɼe.
Caɼɼaig na muc
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Caɼɼaig na Geiṁleaċ
Geiṁleaċ .i. cime. Annſo a ċoṁnuiġ an Baɼɼaċ Móɼ .i. an Bum-Báille úd a ḃí i mbun na ngíománaċ i gcaṫ Ċéime an ḟiaḋa.
An Claonɼáṫ
Claon .i. fána, ɼáṫ .i. dún.
An ċloċ-ḃuaile
Buaile .i. páiɼcín in a gcɼúiḋṫí ba.
An cúilín
.i. clúid ḃeag.
Cúil na cɼuiṫneaċta
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
An Ċúil ɼuaḋ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
An com doɼċa
Com .i. cuaɼ.
Com a' leaḋbáin
Leaḋbán .i. feaɼbán.
An com ɼuaḋ
Sidé Valley of Desmond an Ċallanánaiġ.
Cuaɼ ḋuḃloċa
Cuaɼ .i. com; Duḃloċ .i. loċ duḃ.
An Coɼɼaiċín
.i. coɼcaċ ḃeag.
Na Coɼɼaiġṫe
.i. Coɼcaċa.
Doiɼín (a' ċnuic ɼuaiḋ)
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Doiɼe na Buaiɼce
Buaɼaċ .i. téad ɼuainniġe.
Doiɼe an ċladaiġ
Cladaċ .i. talaṁ cloċaċ.
An Doiɼín Donaiḋe
Donaiḋe .i. ſuaɼaċ.
Doiɼín na gclaſ
Claſ (claiſ) .i. eitɼe.
Doiɼe an Longaiġ
Sloinne atá annſo, daɼ liom.
Doiɼín na coiſe
Coſ .i. féaɼ ċúig mbó. Seo maɼ a ġaḃaḋ na ſean-ṫoṁaiſ:

4 coſa gníoṁ.

2 ġníoṁ ſeiſiḋeaċ.

3 ſeiſiḋeaċ baile bó.

2 ḃaile bó ſeiſɼeaċ.

4 ſeiſɼeaċ baile biaḋtaiġ.

30 baile biaḋtaiġ tɼioċa céad

Doiɼe an aonaiġ
Ní haonaċ bó aċ cóiṁṫionól a ḃíoḋ annſo.
Doiɼe goɼt na cloiċe
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Doiɼe na gɼoiġe
Gɼoiġ .i. capaill ſíolɼaiḋ.
Doiɼe Uí Ríoġḃaɼdáin
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Doiɼe ṁeaḋoin
Meaḋon a tugtaɼ aɼ ḟeaɼbán a ḃíonn idiɼ ċnoc aguſ míntíɼ.
Na dúiníní
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Dɼom an ail(ṫ)iġ
Aileaċ .i. caɼɼaig. Cf. Aileaċ na Ríoġ. Aɼ* an mbaile feaɼainn ſeo atá Béal áṫa an ġaoɼṫaiḋ.
Dɼom na gcapall
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Gaoɼṫaḋ an tóɼnóɼa
Gaoɼṫaḋ .i. gleann coillteaċ uiſceaṁail; tóɼnóiɼ .i. feaɼ déanta ɼoṫ aguſ ɼl.
Gaoɼṫaḋ na péice
Péac .i. beann nó uille.
An glaiſín
.i. Sɼuṫ beag.
Goɼt a' ṗludaiġ
Pludaċ .i. láib.
Goɼt an éadain
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt an tſeanḃaile
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt a' ṁaoiɼ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goiɼtín a' dɼeoláin
Dɼeolán .i. dɼeoilín.
Goiɼtín na coille
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt na caɼɼaige
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt na hoċtaiġe
Cineál giuṁaiſe iſ eaḋ an oċtaċ.
Goɼt luaċɼa
Saġaſ ſeiſce iſ eaḋ an luaċaiɼ.
Goɼt na Loḃaɼ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt na móna
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt na ɼéiḋe
Réiḋ .i. móinteán.
An Gɼáig
[sic] .i. Baile beag.
An goiɼtín fliuċ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goiɼtín Eoġain
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
An t‑oileán Eiḋneaċ
Eiḋneaċ .i. lán d'eiḋean (eiḋneán).
An Ínſe Ḃeag
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
An Ínſe Ṁóɼ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Ínſe Geiṁleaċ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Ínſe idiɼ ḋá ḟaill
(inſeadɼaɼá-aill).
Ínſe na naoṁ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Ínſe Uí Néill
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Ínſe an Ḟoſaiḋ
Foſaḋ .i. Longṗoɼt.
An caol-ṁaġ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Céim coɼɼ-ḃuaile
Céim .i. mám, coɼɼ .i. cɼuinn, buaile [.i.] páiɼcín in a gcɼúiḋṫí na ba.
An leaca ḃán
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
An leaṫ-ġníoṁ
Gníoṁ .i. ceiṫɼe coſa talṁan.
Laḋaɼ na gaoiṫe
Laḋaɼ .i. leiɼg idiɼ ḋá aḃainn nó ḋá ċnoc.
An meall móɼ
Meall .i. tulaċ.
Millín (a' Ḃáɼóidiġ)
Millín .i. meall beag.
Muine an ṁadɼaiḋ
Muine .i. moṫaɼ.
Muine laoġ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Ráṫ ġaiſciḋiġ
Gaiſciḋeaċ .i. laoċ.
Roſ a' loċa
Roſ .i. coill.
An Roſ móɼ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
An Scɼeaṫan móɼ
Scɼeaṫan .i. leaca ċloċaċ.
Tíɼ an eaſaiġ
Eaſaċ .i. ſceaɼdán.
Tíɼ na ſpeadóige
Speadóg .i. ſeanḃó.
An tulaċ
.i. meall.
Tuaiɼín na loḃaɼ
Tuaiɼín .i. feaɼann caoɼaċ aguſ ɼl.
An tuaiɼín duḃ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
An tuaiɼín leaṫáɼd
.i. tuaiɼín aguſ fána ann.
Tuaiɼín na n‑éan
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]

Seo maɼ adeiɼteaɼ na hainmneaċa ſo leanaſ, aċ ní t[h]uigim i gceaɼt a mbɼíġ: Doiɼe Ṁoling iſ dóiġ le daoine guɼ ó Ṁoling,[,] naoṁṫa a hainmniġeaḋ é. Mil' Moɼain, Doiɼe Ḃoṫ Cóiɼnín[,] Cluain ſiḋe-ḟeaɼ (Cluain Séafɼa)[,] Tíɼgcaoṫ. Cóɼnaiɼe, b'ḟéidiɼ guɼ Cɼóndoiɼe atá ann. Seana-ċuiɼɼeáin. Seiṫe. Cúil na haiċle. Ní ḟeadaɼ ná guɼ ainm duine an t‑aiɼgead ſan atá in Doiɼe Aiɼid, (aɼgaid), cf. O [sic; ɼecte Ó] hAɼgadáin. Goɼt ſmúɼáin. Dɼom caɼa. Caɼɼaig na Daṁgaiɼe. Ínſe geiṁleaċ. (Beifeaɼ buiḋeaċ d'aoinne a ṫaḃaɼfaiḋ eolaſ in a dtaoḃ ſo).

" COḂAR. "

* " Aɼ " [gan ſéiṁiú 'na ḋiaiḋ] adeiɼteaɼ le baile feaɼainn. " Aɼ Dɼom an Ailṫiġ. "

Leaṫanaċ 29

Seaċain!

An té n‑aɼ mian leiſ Gaeluinn ċeaɼt Ṁúſgɼaiġe do ġnáṫú, ſeaċnaḋ ſé na cainnteanna ſo ṫíoſ. B'éidiɼ go n‑aiɼeofaí iad i ndúṫaíḃ eile, aċ ní Múſgɼaiġeaċaſ iad.

Feaɼ aṁáin, ceann aṁáin ⁊ɼl.
" Aon ḟeaɼ aṁáin ", " aon ċeann aṁáin ", an ɼud ceaɼt. " Aṁáin " = " only ". Féaċ an deifɼíoċt atá idiɼ: " Ag Dia aṁáin atá a ḟioſ ", aguſ " Aon Dia aṁáin atá ann "; " Aon ḟeaɼ aṁáin a ḋein é, " aguſ " Ní ḟéadfaḋ bean é ſin a ḋéanaṁ, aċ feaɼ aṁáin. "
Ag eiɼġe beag, fuaɼ, cɼíonna, bɼeá ⁊ɼl.
" Ag dul i luiġead ", " i ḃfuaiɼe ", " i gcɼíonnaċt ", " i mbɼeáṫaċt ", an ɼud ceaɼt. " Gaċ foġṁaɼ dá dtigeann ag dul i ḃfliċe 'ſ i ndéanaiġe, iſ gaċ dɼeam dá dtigeann ag dul i mine 'ſ i mbɼéagaiġe. " Nú d'ḟéadfaí bɼiaṫaɼ fé leiṫ d'úſáid uaiɼeanta: " Coiɼfeaɼ ṫu " i n‑inead " eiɼeoċaiɼ tuiɼſeaċ " ná " ɼaġaiɼ i gcoiɼṫeaċt. "
Iſ éigean dom.
" Ní móɼ dom " adeiɼteaɼ. " B'éigean dom " ſan aimſiɼ ċaiṫte. " Caiṫfead " ſan aimſiɼ ḟáiſtineaċ. " Níoɼ ṁóɼ dom " nú " ċaiṫfinn " ſa ṁoḋ coinġiollaċ. Seaċantaɼ, leiſ: " Caiṫfiḋ ſé go ḃfuil ſé anſo, ⁊ɼl. " Abaɼtaɼ " Ní foláiɼ nú … "
Sin aduḃaiɼt ſé.
" Siné aduḃaiɼt ſé, " .i. ſiné an ɼud aduḃaiɼt ſé, nú " ſin a nduḃaiɼt ſé, " .i. ní duḃaiɼt ſé aċ an méid ſin.
Ceiſt na Gaeluinne, ceiſt na hOllſgoile.
" Sgéal " nú " cúɼſaí " an focal ceaɼt. Canaṁain eile atá ana-ċoitianta anoiſ iſ eaḋ " i gceiſt ". " Aɼ ſiuḃal " a déaɼfaḋ na ſeandaoine, pe'cu do ɼud nú do ḋuine a ḃeidíſ ag tagaiɼt. " Ní ɼaiḃ ḟioſa agam cé ḃí a ſiuḃal acu. "
Ċuaſ ann aɼ a ẛon, léiġfeaɼ Aifɼeann aɼ ſon anam Ṫaiḋg, ⁊ɼl.
Iſ maɼ a ċéile, náċ beag, " aɼ ſon " aguſ " le gɼáḋ do. " Maɼ ſin, " ċuaſ ann ṫaɼ a ċeann, " nú " in' inead "; " léiġfeaɼ Aifɼeann le hanam Ṫaiḋg. " Féaċ a ḋeiſe atá ſé ag an Aṫaiɼ Peadaiɼ: " Taḃaiɼ ḋom déiɼc aɼ ſon an tSlánuiġṫeoɼa aguſ le hanaman do ṁaɼḃ, aguſ ṫaɼ ċeann do ẛláinte. "
Beiḋ cɼuinniú aɼ an Luan ſo ċúinn, aɼ an gcéad lá de Ṁáɼta.
Ní cuiɼteaɼ " aɼ " iſteaċ aċ i ɼáiḋteaċaſ den tſóɼd ſo: " Beiḋ tɼoſgaḋ aɼ an Aoine ſeo ċúinn. " Maɼ ſin, abaɼṫaɼ: " Dé Luain ſeo cúinn, " " an ċéad lá de Ṁáɼta. " Deaɼṁad eile: " Beiḋ ɼinnce ſa halla oiḋċe Dé Doṁnaiġ. " " Iſt oiḋċe Dé Doṁnaiġ " an ɼud ceaɼt.
Rugaḋ mac do Ṁáiɼe.
Do ɼug Máiɼe mac. Ḃeaḋ " do ɼugaḋ " go ceaɼt dá mb'éinne eile do ḃéaɼfaḋ an mac di!

Leaṫanaċ 30

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaiġ 30–31

Aibġitiɼ i gcóiɼ foġɼaiḋeaċta na Gaeluinne

GUTAÍ

á
dá (dá)
ó
dó (dó)
ú
dubha (dú)
é
céim (cém)
í
bí (bí)
ă
an (ăn)
a
ba (ba)
o
gol (gol)
u
bun (bun)
e
beir (ber)
i
soir (sir)
ä
baoghal (bäl)
â
lámh (lâv)
ô
comhartha (côrha)
û
congnamh (cûnav)
ê
séimh (shêv)
î
geimhridh (gîri)
y
buidhe (by)

DÉ-FHOGHARACHA

ua
fuar (fuar)
ue
fuair (fuer)
ia
ciall (cial)
ie
sgiain (shgien)
ya
riamh (ryav)
ye
riaghail (ryel)
béal (biàl)
au
dall (daul)
ou
gabhar (gour)
âu
amhras (âuras)
ôu
domhan (dôun)
ay
raghad (rayd)
oy
doimhin (doying)
ây
aimhleas (ayileas)
ey
gheibhean (gheyn)
ei
feidhm (feim)

CONSAINÍ

b
bád (bád)
bia
biadh (bie)
p
póca (póca)
p
píce (píci)
v
bhád (vád)
v
bhíd (víd)
f
fál (fál)
f
fill (fíl)
m
má (má)
m
mín (mín)
mh
cromtha (croumha)
mh
léimfidh (lémhig)
d
dá (dá)
d
di (di)
t
tá (tá)
t
teine (tini)
n
ná (ná)
n
ní (ní)
nh
fanfad (fanhad)
nh
breithnigh (brenhig)
l
lá (lá)
l
léi (lé)
lh
shlat (hlat)
lh
shlighe (hlí)
s
sál (sál)
s
saoghail (sél)
sh
Seán (Shán)
sh
sín (shín)
g
gá (gá)
g
gé (gé)
c
cúl (cúl)
c
cíos (cís)
gh
dhá (ghá)
gh
ghé (ghé)
ch
loch (loch)
ch
chím (chím)
ng
ngabhadh (ngouch)
ng
ngé (ngé)
ngh
teangthacha (teaunghacha)
r
rádh (rá)
r
Éire (Éri)
rh
shrón (hrón)
rh
uirthe (erhi)
h
shál (hál)

Leaṫanaċ 31

SOMPLA

Ṫáinig Fɼog móɼ buiḋe-ḃɼeac aníoſ aſ an loċ aguſ do ẛuiḋ ſé aɼ an bpoɼt aguſ ċuiɼ ſé fógɼa amaċ, á ɼáḋ guɼḃ áɼdliaiġ é aguſ go ɼaiḃ leiġeaſ gaċ galaiɼ aige. Ṫánadaɼ na hainṁiḋṫe go léiɼ fé ḋéin an leiġiſ. Ḃí an mada-ɼuaḋ ann. D'ḟéaċ ſé aɼ an ḃfɼog. Nuaiɼ a ċonnaic ſé an t‑ainṁiḋe ſuaɼaċ ſo ċuiɼ ſé dɼanġáiɼe aſ.

Háinig frog muar by-vreac anís as a loch agus do hig shé er a bort agus chuir shé fógra amach, á reá gur v'árd-liag é agus go roiv leis gach galuir igì. Hánadar na hainivihi go lér fé ghén a leish. Ví an mada rua aun. D'iàch shé er a vrog. Nuer a chnuic shé an t‑ainiví beog suarach do chuir shé dranagháiri às.

FREAGRAÍ Ó ĊOḂAR

(Féaċ na ceiſteanna aɼ leaṫ. 9)

I.—(1) cnó; (2) áiɼne; (3) ſméaɼ; (4) ſceaċóiɼ; (6) paɼtaing, nú caoɼa cáɼṫainn; (7) mucóiɼ.

II.—(1) buġ; (2) ɼoſ; (3) tuaiɼgín lín, tluġ lín, ſioſtal (taiſteal).

III.—(1) botún; (2) baiɼbéal; (3) ceap gaḃann; (4) coɼɼ cip; (5) teallaċ.

[Rann: An Gníovingineaċ]

An ḃfuil míniú an ɼanna ſo, nú innſint eile aiɼ, ag éinne? Ó ċainnt Aṁlaoiḃ Í Loingſiġ aɼ Cúil Aoḋa do ſgɼíoḃaḋ é. Feaɼ a ċonnaic duine i ḃfuiɼm mná ag féaċaint iſteaċ tɼíd an ḃfuinneoig aſt' oiḋċe do ċúm é, daɼ le hAṁlaoiḃ.

Chnuc‑sa an gníovingineach i vuirim na h‑ahuirniv'
Ba chosvuil í le liosavar, ceaun cruingihi na n‑ainivihi,
Nú curha ón nial i n‑ifirean as liosavar á cynleacht,
A folahirt a's i giumaluig cosh ursanuiv astuíhi

Leaṫanaċ 32

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 1
Leaṫanaċ 32

Cáiɼde Ṁúſgɼaiġe

Uaċtaɼán—Taḋg Ó Scanaill. Cléiɼeaċ—Míċeál Ó Ceilleaċaiɼ. Spaɼánaiḋe—Síle Ní Éaluiġṫe.

Cumann ċun Gaeluinne Ṁúſgɼaiġe do ẛaoṫɼú aguſ do ḃuanú iſ eaḋ na Cáiɼde. Níl Gaeluinn i nÉiɼinn iſ feaɼɼ ná Gaeluinn Ṁúſgɼaiġe. B'í teanga na ḃfilí aguſ na n‑úġdaɼ pɼóiſ í tɼáṫ, aċ le tamall anuaſ níl ſí á ſaoṫɼú maɼ ba ḋual. Tá ſí ċoṁ fuinneaṁail aguſ ċoṁ flúiɼſeaċ aguſ ċoṁ ceolṁaɼ i mbéalaiḃ na ſean-daoine aguſ do ḃí ɼiaṁ. Aċ ní hí a gcaint áluinn-ſin atá á ſgɼí' i leaḃɼaiḃ, fiú aṁáin nuaiɼ iſ Múſgɼaiġiġ na húġdaiɼ. Sé donaſ an ſgéil aɼ fad go meaḃɼuiġid aoſóga Ṁúſgɼaiġe caint loċtaṁail na leaḃaɼ d'úſáid, i gcáſ ná fanann acu aon ṁeaſ ceaɼt ná aon eolaſ cɼuinn aɼ a nGaeluinn féin.

Tá beaɼtaiṫe ag na Cáiɼde glan-Ġaeluinn na ſeana-ṁuinntiɼe do ċleaċtaḋ go coitianta, congnaṁ a ṫaḃaiɼt dá ċéile ċun eolaiſ ḃeaċt a ċuɼ uiɼṫi, aguſ daoine eile do ſpɼiocaḋ ċun í ḟoġluim aguſ a ẛaoṫɼú. Iſ ċuige ſin " An Múſgɼaiġeaċ, " bulletín ɼáiṫeaṁail 'na mbeiḋ eolaſ aguſ cuɼ-tɼí-ċéile aɼ ġɼamadaiġ, aɼ ḟuaimeanna, aɼ litɼíoċt aguſ aɼ ſgɼíḃneóiɼí Ṁúſgɼaiġe.

Ní miſde d'éinne ḃeiṫ 'na ḋuine deſ na Cáiɼde aċ táille ċúig ſgilling do ḋíol i n‑aġaiḋ na bliana. Ġeoḃaiḋ ſé an bulletín i n‑aiſge. Seoltaɼ ſíntiúſaí ċun An Spaɼánaiḋe, Baile Ṁúiɼne, Bóṫaɼ Ġoɼt na Maɼa, Baile Áṫa Cliaṫ.

Féadfaɼ aiſtí, ceiſteanna, fɼeagɼaí ⁊ɼl i gcóiɼ an ḃulletín do ċuɼ ċun an tiġe ċéadna, maɼ a mbeiḋ fáilte ag an Eagaɼṫóiɼ ɼómpa.