An Músraiġeaċ

Bulletín do Ċáiɼde Ṁúſgɼaiġe

An Músgraigheach Uimhir 2

Clár

  • 1 Anois an tAm !
  • 3 Maoilsheachlainn Ua Dubhgáin
  • 7 Séadna
  • 9 An bhfuil fhios agat? [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 10 Fili agus Filíocht Mhúsgraighe, 2
  • 14 Fuaimeana agus Fuirmeacha na bhFocal
  • 15 Spídiú Cháit na Troda
  • 18 Áit-ainmneacha
  • 20 Eolas á lorg [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 21 Ceartúchán [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 22 Leitreacha

Leathanach 1

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaċ 01

Anois an t‑Am !

 Anois an t‑am, ca bhfuil an duine ?  Más fíor dos na Múirnigh é, siné glaodh a chuireann an Solán as, gach re tamall. Agus an té go bhfuil cluas le héisteacht air, ní deirim ná go gcloisfeadh sé do ghnáth an port céadna ar siubhal ag ár dteangain dúchais. Ach cad é mar dheifir atá idir an dá ghlór! Glór borb bagarthach ag an Solán: glór íseal maille-bhreathach ag an nGaeluinn. Toghailidheacht agus tollamhóire a bhíonn i nglór na habhann nuair a bhíonn an t‑ampla uirthe chun daoine do shlogadh. Ach meirtneachas agus maoithneachas is eadh d'aireofá i nglór na Gaeluinne, agus í ag éigheamh agus ag osnuigheal agus á ímpidhe ar dhaoine teacht i gcabhair uirthe agus í shaoradh ón mbás.

Is fada ar an dtrádán san an Ghaeluinn, agus is beag ná go bhfuil sí dulta chun mí-dhóchais ar fad. Leath-chéad bliadhan ó

Leathanach 2

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 02–03

shin, nuair a cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun, do héisteadh léi, tamall, agus tháinig dhá oiread croidhe agus uchtaigh di. D'árduigh sí a glór agus do labhair amach go dána láidir. Do shíl sí go raibh rith an ráis léi. Ach fóríor! an spionnadh beag do tháinig i gcradhthacha a clainne an uair sin, tá sé i n‑eireaball a nirt anois. Is baoghal ná fuil i ndán di feasta ach an bás, agus gurb é a bheidh le rádh ag lucht seanchais ar ball i dtaobh saothair an Chonnartha ná ná raibh ann ach bloscadh an bháis.

Más fíor an méid sin i dtaobh na Gaeluinne go coitianta, is fíre go mór é i dtaobh Ghaeluinne Mhúsgraighe. Níl amhras ná go bhfuil sí ag tuitim agus ag connlú i n‑aghaidh na bliana. Ní fada eile a bheidh sí ann i n‑aon chor mara leighistear go grod a galar báis.  Anois an t‑am,  adeir sí linn,  an fhaid atá scriothartach ionnam. Beidh sé ró-dhéidheannach amáireach nuair a bhead ag tabhairt an fhéir.  Agus ca bhfuil an duine? Ní duine ach triúr a bhíonn ón Solán nuiar a thagann airc air. Agus ní duine ná triúr oirfidh don Ghaeluinn chun í chur ar láimh shábhála, ach meitheal d'fharairí eolgaiseacha dúthrachtacha.

Ní mór 'om admháil go gcuireann sé díombáidh agus ceann‑fé orainn a righne atá an obair seo atá idir lámhaibh againn ag dul chun cinn. I n‑inead na sluaighte go raibh fáilte againn rómpa agus súil againn le hiad do teacht isteach 'nár gcumann, níor bhailigh chughainn ach meitheal bheag de Cháirdibh,—meitheal nár leor i n‑aon chor chun na h‑oibre choinneáilt ar siubhal. Agus rud is measa ná san, is deallruightheach nár chuir na Cáirde atá againn aon tsuim cheart sa Bhulletín. Ní bhfuaramair ach cúpla leitir á mholadh. Ní bhfuaramair aon cheann i n‑aon chor á cháineadh, agus is olc an comhartha é sin. Is é an t‑uaigneas i n‑inead an imris é. Agus is ró-bheag a tháinig de thoradh ar ár gcuid ceisteanna, bíodh nách foláir nú tá daoine éigin ann fhéadfadh iad do réidhteach. Is deocair a rádh cad fé ndear so—ce'cu leisge nú neamh-fhonn nú cúthaileacht.

Ach tusa, a chara, ní héidir gur ag gabháil uime t'fhocal ataoi. Ó cheangalais páirt linn san iarracht so, tá de dhualgas ort an Ghaeluinn do chleachtadh go coitianta, congnamh a thabhairt dos na Cáirde eile chun eolais bheacht do chur uirthe, agus daoine eile do spriocadh chun í fhoghluim agus a shaothrú. B'éidir gur cúthail ataoi. Máiseadh, tuig gurb é fear an mhisnigh amháin a dheineann gníomh. Agus gníomh is eadh oireann anois. Misneach maith ort, dá bhrí sin. Dírigh le flosg ar an obair atá ag feitheamh leat. Anois an t‑am agus is tusa an duine !

AN FEAR EAGAIR.

Leathanach 3

Maoilsheachlainn Ó Dubhgáin

" Cobhar " do sgríobh.

1.—" AN CLADHAIRE. "

I mbliadhain 1800 bhí sciollbhach d'fhear théathbhuidhe choirtighthe in a chomhnaidhe ar Carraig Tomáis, i ngiorracht cheithre mhíle do Mochromtha. Fear ann féin dob eadh an scriosamhnach doighriptheach droch-chroidheach san. Bhí faghairt agus fuinneamh agus dásacht ann. É i n‑a bhuanna ar a chomharsanaibh. D'aithneochadh éinne ar a ghnúis ghruamdha gurbh anchúinse gurbh eadh é. É sé troighthe ar aoirde, agus teann téagartha, cúmtha córach d'á réir. É pus-shúileach, agus coinneal i n‑a dhá shúil ar nós an bheithidhigh allta. Bachall de choinncín reamhar air, agus é pusach faid-leicneach. É in a lúdaidhe shlim shleamhain. An mhursantacht agus an tolamhóire go smior ann. Ba mhinic éileamh air i gcóir coisdí agus chun eadarghabhála, ach níorbh aon leas-ainm " glac na mbreab " a thabhairt air. An chainnt úd a chaith Aodhagán Ó Rathaille le Tadhg Dubh, ba chruinn a thiocfadh sí dho:  Is gein diablaidhe an Tadhg san. Is measa é ná a shínsear óir ní dhíbreann uisge coisreagtha é. Tá bram-uabhar Lucifer ann, inntleacht Shátan, cladhaireacht Roibín, feall ar iontaoibh, agus cleasaidheacht a dhá shean-mháthar.  Moilsheachlainn Ó Dubhgáin dob ainm agus sloinnne don chladhaire seo.

San am san bhí grathain ghallda de thighearnaíbh talmhan tar éis neaduighthe i gceanntar Mochromtha. Bhí Muinntir Iarfhlaithe díbeartha a Baile Bhúirne ag Colthurst, agus " a mbailte dá roinnt fé chíos go daor " aige. Humpy, Massey agus Hedges i Mochromtha agus airc agus ampla ortha chun cuid a gcomharsan Sean-threabhchaisí Uíbh Laoghaire á ruagairt ag Barter agus ag Masters. Minhear agus Baldwin i dTuaith na Droman, agus gan truagh ná taise acu don díleachtaidhe ná don bhaintreabhaigh. Cé thógfadh ar Mháire Bhuidhe a mallacht a thabhairt dóibh mar leanas:

Leagadh is leonadh 'gus sceimhleadh dóighte
Go dtigidh ar an gcóip seo 's a stór 'n‑a measc;
An chroch 's an córda á gcur fí n‑a scórnaigh,
Agus Dia nár fhóiridh go deo a gceas.

Leathanach 4

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 04–05

Seo mar a chaoineann Séamus Mór Ó Muimhneacháin ruagairt Mhuinntir Iarfhlaithe:

Sé chruinnigh an liach im chliabh, dá leamhaimís labhairt,
Gan duine den triabh i n‑a ndiaidh ag seasamh tighis teann
I n‑ionad na mbiadhtach bhfial ba fairseag bhí a bhfabhar,
Ach conairt dá riar is fiadhach ag gasraíbh Gall.

Ach i dtaobh Mhaoilsheachlainn bhí cíos na Bealtaine á éileamh ar roinnt dá chomharsanaibh. Toisc a shuaraighe a bhí an saoghal le n‑a linn sinn [sic]; ? recte sin ní raibh pingin a mbearrtha acu. B'eol dóibh ná sáiseóchadh aon ní ach " cíos nú seilbh " an tighearna talmhan. Chuadar ar lorg comhairle ar Mhaoilsheachlainn, agus b'é rud ar ar chinneadar ná dul go dtí tigh duine éigin des na sladaidhthibh Gallda agus oiread airgid fhuadach uaidh agus dhíolfadh a gcíos. " Goid ó ghadaidhe goid gan pheacaidhe, " dar leo. Ní raibh aon chuimhneamh acu ar bhasgadh ná ar mharbhú a dhéanamh.

2.—BOB HUTCHINSON

I mbliadhain 1782, i n‑aimsir na nÓglách, bhí Gall de mhuinntir Hutchinson in a oifigeach ar " na Gíománaigh Náisiúnta, " agus nuair a cuireadh as feidhm iad san, chuir sé féin agus a dheirbhshiúr fútha ar Comhad-drom láimh le Mochromtha. Giolla de Mhuinntir Rinn go raibh allaibhre air an t‑aon duine iasachta amháin a chodladh i n‑aon tigh leo. Bhí tigh gleoite ag an oifigeach so i lár faithche coillidhe, agus an radharc is deise sa tír i n‑a thimcheall. Caisleán Uí Fhlainn agus an fearann fairsing a ghabhann leis ar a aghaidh anonn. An Solán  fada fireann  ag snighe go coimhghtheach tré ghleann laistíos de. Seiche, Diubhchoill agus Damhas ag bagairt a gcinn tar druim a chéile siar ó dheas uaidh.

Bhí an-urraim ag " nua-uaisle " na comharsanachta do Bhob, ní nách iongnadh; agus ní raibh aon droch-theist ag muinntir an bhaill air. Bhí béas aige bheith ag áirneán go h‑ana-dhéidheannach. Ar a thigh seo is eadh thug Moilsheachlainn agus a bhuidhean a n‑aghaidh i n‑am mhairbh na h‑oidhche. Cheithre dhuine dhéag acu a bhí ann. Bhí saor cloiche ortha dárbh ainm agus sloinne Seán Ó Dubhgáin. Col ceathar do Mhaoilsheachlainn dob eadh eisean. Bhí a chasúr aige, agus ba ghearr an mhoill air blodhtracha a dhéanamh d'fhuinneoig Bhob leis. Nuair a chuala fear an tighe an fothram ag na fearaibh ag teacht isteach do pheab sé anuas an staighre. Bhí a aidhbhéardaidhe féin ar dhuine de'n bhuidhin, agus d'aithin sé láithreach é.  An annsan ataoi-se, a Chárthaigh?  ar seisean. Ba mhór an botún a dhein sé agus a chur i n‑úil gur aithin sé é. Dá mb'áil leis gan pioc a leogiant air ní bacfaí leis. Ach thuigeadar go léir ó n‑a chainnt go rabhadar i n‑angaid. Do labhair Maoilsheachlainn agus dubhairt:  A Chárthaigh, dein do ghnó.  Deirtear go rug an Cárthach ar ghunna Bhob a bhí i láimh leis, agus gur scaoil urchar tré 'n‑a chliabh agus go ndearna

Leathanach 5

steipineach de. Tháinig éarthacht ar an mbuidhin nuair a chonnacadar cad a thárla, agus chuireadar díobh láithreach.*

Ní misde a rádh ná go raibh rí‑rá agus ruaille buaille timcheall tighe Chomhad-Drom lar na mháireach. Iongnadh agus alltacht ar gach éinne. Soc agus gob agus faobhar ar lucht na dlighe, agus díoghaltas gan truagh gan taise gan trócaire ar aigne acu. Ag tabhairt fiadhnaise do dheirbhshír Bhob i láthair an choiste dubhairt sí gur baineadh beatha na n‑éag aisti nuair a chuala sí an gleo; go ndeaghaidh sí isteach i n‑almóir agus gur fhan ann go raibh an clisiam i leathtaoibh. Dubhairt Mac Uí Rinn, an giolla, go raibh sé féin in‑a shámh-chodladh feadh na h‑oidhche, agus nár airigh sé faic. Pe'cu bhí sé i n‑a chodladh nú n'a raibh, níor creideadh focal uaidh.

Cad a bhí ar aigne ag an té a mhairbh fear breá macánta mar Bhob ? B'in í an fhadhb. Níor bacadh le hairgead ná le hollmhaitheas, ná ní dheaghthas thar an seomra i n‑ar treascradh é. Cad ba bhun leis an marbhadh? Díoghaltas, arbh eadh? Ach níorbh eol d'éinne go ndearna Bob dochar ná díoghbháil dá chomharsain riamh.

3.—TÓIR.

Do bhí díoraim fíochmhar Gíománach i Mochromtha an uair sin. Chuarduigheadar dóigh agus andóigh ar lorg an té mhairbh Bob. Bhagradar smúrabhán a dhéanamh den tsráid dá dteipeadh ortha an cuirptheach a thabhairt chun lámha. Ach thánadar ar ath-smaoineamh, agus thairgeadar céad púnt don té scéithfeadh air. Níor mheall san éinne. I gcionn tamaill eile thairgeadar dhá chéád púnt, ach ní raibh ann dóíbh. Fé dheire thairgeadar trí chéad, agus i n‑a theannta san go maithfí don fhaisnéisidhe má bhí aon bhaint aige leis an ngníomh. Ní raibh ag éirghe leo. Níorbh fhada go dtáinig amhras dóibh ar Mhaoilsheachlainn, agus do gabhadh é i n‑a thigh féin. Is é bhí go neamh-chorrbhuaiseach, mar dh'eadh, i dtaobh a ghabhála. Nuair adubhradh leis gur cheart do órdú a thabhairt dá lucht oibre i dtaobh gnóthaí na feirme feasta níor dhein sé ach spíor spár den scéal. Preit, a dhuine, ní bhead‑sa dhá lá a baile, adubhairt sé. Ach nuair a cuireadh i n‑a luighe air cad a bhí i ndán do, do dhubhuigh agus do ghormuigh aige. B'éigean do gluaiseacht go Mochromtha le cois na nGíománach. Le linn dul san iallait do, do bhain sé slat sailighe ar ghruadh an bhóthair. Agus é ag cur na slighe dhe, bhí sé ag cur agus sg cúiteamh i n‑a aigne, agus é go suaithte greithileánach, gan suim aige á chur i n‑aon ní i n‑a thimcheall. An túisce gur chromadar ar ghluaiseacht chuir sé an tslat 'n‑a bhéal agus bhí á creimeadh le n‑a fhiaclaibh. Um an dtaca gur shroich sé Mochromtha ní raibh ach órlach di gan smiotadh aige.

* Sidé innsint atá ar an sgéal i " Séadna ":—
Cáit.—  Nách é Cormac Mac Cártha a lámhuigh Bob Hutchison, a Ghobnait? 
Gobnait.—  Isé, nuair a sheasaimh M'leachlainn ua Dubhagáin ar an dtaobh thiar de agus chuir sé beul a ghuna le n‑a dhrom, agus dúbhairt sé,  lámhuigh é, a Chormaic,  ar seisean,  nó lámhfad‑sa thusa ! —F.E.

2 sic

Leathanach 6

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 06–07

An gabhadán adhmaid atá anois ag Diarmaid Ó Laoghaire ag ceann Shráid an Chaisleáin, is é bhí i n‑a ghabhann* an uair úd ag an arm, agus is ann a cuireadh Maoilsheachlainn i gcóir na hoidhche. Nuair ba léir do ná raibh cead teichte ná tormais aige, agus nuair a chuala sé i dtaobh na breibe a bhí le fagháil ag an mbrathadóir, dubhairt sé leis fein gurbh é a choileach a gh laoidh, agus go raibh a chuid aráin beirbhthe. Níorbh fhada an mhoill air scéith ar na cáirdibh a stiúruigh sé chun an ghnímh. Dlighe an airm a bhí i bhfeidhm an tráth san. Rugadh láithreach ar sheisear den bhuidhin agus tugadh go cúirt an airm i gCorcaigh iad. Dhearbhuigh Maoilsheachlainn ortha go cruinn blasta gan tuitim focail. Ach do dhein a chol ceathar, Seán, a raibh ar a chumas chun an éithigh a chur i leith an fhaisnéisidhe. Dubhairt sé nárbh amhlaidh a lámhachadh Bob ach gur le n‑a chasúr féin a polladh a chliabh. Chuir an chainnt sin lucht na dlighe ag machtnamh. B'fhéidir nár chialmhar an bheart dóibh a mheas gurbh amhlaidh a lámhachadh é, agus shocruigheadar ar an gcorp d'infhiúchadh airís. Deineadh amhlaidh, agus dubhairt an dochtúir gur aimsigh se liathróidí luaidhe i n‑aice an chroidhe aige. Chuir san deire leis an sgéal. Daoradh na cimí chun a gcrochta. D'fhonn scannradh a chur i gcroidhe mhuinntir an cheanntair do hórduigheadh na cinn a bhaint díobh tar éis a gcrochta agus iad a chur anáirde ar sparaíbh ar an ngabhann. Bhí truagh agus tais ag gach éinne do Cheallachán agus do Thadhg Mac Cárthaigh a daoradh agus gan lámh ná ladhar acu sa ghnó. Ach bhí a chúis féin ag Maoilsheachlainn nuair a dhearbhuigh sé an t‑éitheach ortha. Seo mar adeir an tAthair Peadair i dtaobh an scéil i " Mo Sgéal Féin ":

Abhfad 'n‑a dhiaigh san iseadh do hinnseadh dom gur sparaí iarainn gurbh eadh na trí liathróidí beaga. B'shin iad trí cinn na bhfear a crochadh mar gheall ar Mh'leachlainn Ua Dubhgáin. Cárthaigh ab eadh iad, agus triúr drithár ab eadh iad, Cormac, Ceallachán agus Tadhg. Do chuir Malachi fheuchaint ar Chormac Bob Hutchinson do lámhach. Annsan do dhearbhuigh sé ar Chormac. Annsan bhí eagal air go ndéanfadh duine éigin den bheirt drithár díoghaltas air féin mar gheallar an ndearbhughadh, agus is é rud a dhein sé ná dearbhughadh ar an dtriúr i n‑aonfheacht.

(Ní Críoch.)

* .i. bridewell. Céim na breighdealach a bhí mar ainm ag na seandaoine ar Shráid an Chaisleáin.—F.E.

Leathanach 7

Séadna.

Foilsigheadh: An Chéad Chuid, sé sin, Caib. I go dtí lár Caib. a XVII, i nIrisleabhar na Gaedhilge, Samhain 1894—Abrán 1897. An Dara Cuid, sé sin, ó lár Caib. XVII go dtí lár Caib. XXIII i bhfuirm leabhair, Baile Átha Cliath, 1898. Gaelic League Publications. An Tríomhadh Cuid[,] sé sin, ó lár Caib. XXIII. go dtí deire an sgéil, sa Cork Weekly Examiner, Bealtaine 4—Meadhon Foghmhair 14, 1901. Séadna. É go léir i n‑aon leabhar amháin, Baile Átha Cliath, 1904: Muinntir na Leabhar Gaedhilge. Foclóir do Shéadna, Norma Borthwick do chuir le chéile, Baile Átha Ciath, 1909. Shiana, an sgéal sa litriú símplidhe, Baile Átha Cliath, 1916: Brún agus Ó Nualláin. Do chuir an mhuinntir chéadna an leabhar amach 'n‑a thrí coda. Níl aon dáta air. Séadna, cur-amach nua 'n‑a thrí coda, Baile Átha Cliath, 1936: Brún agus Ó Nualláin. Domhnall Ó Mathúna do chuir i n‑eagar. Deir sé sa réamh-rádh: Túrfar fé ndeara go bhfuil iaracht déanta san eagrán so de ' Shéadna ' ar thoil an Athar Peadar i dtaobh leitriú na Gaelge do chur i ngníomh.

Níl amhras ná gurb é Séadna an leabhar is mó-le-rá i nGaeluinn Mhúsgraighe, nu dá n‑abrainn é, i nGaeluinn na haimsire seo le chéile. I n‑a dhiaidh san, bheadh breall ar éinne a shamhlóchadh gur caighdeán fíor-bheacht ar fad é le cainnt na seandaoine i Músgraighe. Ní healadha dhúinn a dhearmhad ná raibh an tAthair Peadair ach 'n‑a gharsún óg nuair fhág sé an baile agus gur chaith sé an chuid is mó dá shaoghal i dtaobh amuigh dá dhúthaigh. Ar a chuimhne is mó a bhraitheadh sé nuair a bhíodh an Ghaeluinn aige á sgríobh, agus bíodh Gaeluinn na leabhar a bhí léighte aige agus Gaeluinn na ndúthaí do shiúbhluigh sé ag teacht i gcoinnibh na Cuimhne. Iongnadh shaoghail is eadh a fheabhas do chimeád sé greim ar a Ghaeluinn féin i n‑aimhdheoin na mbarraí sin. Rud eile: sgríobhaidhe neamh-chríochnamhail ab eadh é riamh. Ba chuma leis ach bheith ag sgríobh roimis, gan puinn suime chur sa litriú, agus is annamh i n‑aon chor do cheartuigheadh sé an méid a bhíodh sgríobhtha aige. Ná dubhairt sé féin i leitir do sgríobh sé chun an Athar Gearóid Ó Nualláin an chainnt seo im dhiaidh? B'fhéidir gur dearmhad cló é nó b'fhéidir gur scríobhas féin mar sin é. Is minic a dheinim dearmhad mar é. Mar gheall air sin, ní haon iontaoibh ró-mhór iad a lámh-sgríbhinní féin, na cinn atá againn. Agus i dtaobh Shéadna dhe, tá deacarachtaí eile ag baint leis an sgéal. Nuair a bhí an chéad chuid á foillsiú ní raibh puinneolais ag an saoghal mór ar chainnt na ndaoine, agus dá dheasgaibh sin, d'imir Fear Eagair an Irisleabhair a thoil féin ar Ghaeluinn an úghdair, á ceartú, dar leis féin. Deineadh iarracht 'n‑a dhiaidh san ar na " ceartuighthe " sin do ghlanadh as an leabhar, ach fanann roinnt acu i gcomhnuidhe. Agus fanann 'n‑a dteannta ábhar éigin des na dearmhadtaí do dhein clódóir an Cork Weekly Examiner nuair a bhí an tríomhadh [sic; recte dara] cuid aige á chur i gcló. Cá h‑iongna, mar sin, go bhfuil an leabhar lán de mhion-dearmhadtaí.

Leathanach 8

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 08–09

Nuair a bhí an t‑eagrán nua á ollmhú ag an Mathúnach do ghaibh sé tríd an leabhar go mion-chúramach agus do chuir slacht mór air. Ach níor thaitn an t‑eagrán so i n‑aon chor leis an bpoiblidheacht de bhárr na h‑iarrachta a bhí déanta ag an eagarthóir " ar thoil an Athar Peadar i dtaobh leitriú na Gaelge do chur i ngníomh. " Is mór go léir an truagh é sin, tar éis a bhfuaradh de dhuadh an cheartúcháin.

Ach dá mhéid ceartúchán do dhein an Mathúnach ar an leabhar, níor dheacair cur leis. Do chuir Mícheál Máighistir Ó Briain an uile fhocal den sgéal i gcomhairle na gcainnteoirí ab fhearr a bhí i mBaile Mhúirne le na linn. Ní hannamh i n‑aon chor do dhiúltuigheadar san go glan don rud a bhí sa leabhar. Uaireannta eile do ghabhadar len ais é, siúd is nách mar sin adéarfaidís féin é. Cuirfead síos anso tuairimí na gcainnteoirí sin, le súil go gcuirfidh na Cáirde suim ionnta agus go ndéanfaidh mo shaothar cuimhneamh an Bhrianaigh do bhuanú i gcroidhthibh Gaedheal.

Is é eagrán an Mhathúnaigh a leanfad. Dá leanainn an seana-leabhar do líonfainn " An Músgraigheach " ar fad, bheadh oiread san ceartúcháin le déanamh. Don leacain is eadh thagraid na figiúirí troma; don líne a thagraid na figiúirí éadtroma.

Caithfear leor do ghabháil liom i dtaobh na breacarnaighe atá agam. Ní raibh leigheas agam air, ón uair 's ná fuil aon chló " iodálach " le haghaidh na Gaeluinne.

CUID A hAON

5,2, cuirtar, nú chuirtar; 8, nú, shúgán; 16, a lámh. 7,3, a bhí ad' iarraidh déarca; 10, coslomnochta; 18, a chuirfeadh ar chumas a ghnótha a dhéanamh é, nú é i gcumas a ghnótha a dhéanamh; 25, dheilbh. 9,4, dhein sé a mhachtnamh do féin; 19, nú crúb tairbh. 10,17, a dhá laghair. 12,18, i dtosach bára; 19, nú, giolúnach, 13,11, nú cad do bheir di bheith coslomnachta; 16, nú, cos; 17, nú dranntú; 19[,] driuch a' bháis; 26, nú, ar an dtalamh. 14,1, nú, dá dtagadh—agus mar sin tríd an leabhar go léir, an fó-shuidhteach i n‑inead an choingheallaigh i ndiaidh 'dá'; 7, mar atá ; 29 Do ghéaruigh sé ar a choisidheacht. Do ghéaraigh isean (nú san) chomh maith. 15,27, Ná bac leo. 20,7, cead tarraic; 12, bhí a n‑aghaidh tabhartha acu—an rud céadna airís agus airís eile: m'aghaidh, a h‑aghaidh, ár n‑aghaidh tabhartha; 29, nú, an bhríc. 24,7, ar a chromara. 25,3, do neartuigh uirthe; 6, do dhein bullabáisín den tigh. 27,3, sháiseochadh. 29,4, ná d'fhonn; 12, má chuir. 30,1, Dfhéach sé ar an gcathaoir agus suas ar an mealbhóig; 15, nú go dtí an t‑aonach; 23, mar a bheadh. 31,8, nú ag marcaigheacht; 13, fheadair; 16, nú, ag siotaraigh; 27, nú, lán-lúth; 31, nú go lom díreach, nú go cruinn díreach; ag aon chapall acu. 32,5, na go raibh—an rud céadna le ceartú tríd an leabhar síos: ' Níl éinne ná go bhfuil ' i n‑inead ' ná fuil[,] ' ' ná go raibh, ' ' ná go mbeadh, ' ' ná gur dhein, ' agus mar sin de. 33,10, sgoiltfeadh; 23, á rádh; 28, nú, shíolrach

Leathanach 9

34,5, Bhí san; 14, nú, ar mh'eolas; 32, nú go déanach. 35,21, luagh púint. 40,13, a bheiste. 41,17, tigh Dhiarmuda. 42,26, nú, ag gabhail an bhóthair do ag dul abhaile. 43,29, luagh dhá phúint. 44,4, cuirfar; 26, An Chlaedeach. 46,17, ar chuimhneamh cad ba cheart. 48,11, leath-phinge; 13, nú, sar ar aethigh air. 49,8, cuirtí; 23, ó mhaidean—mar sin i gcomhnuidhe sa tuiseal tabharthach. 50,15, nú athchasadh go bráth. 51,8, inghea Dhiarmuid Léith; 16, i ngiorracht. 52,23, nú, roinnt éigin chainnte; 29 don chóisire. 53,28, nú, fé'n mbeirt againn. 54,11, 'na driúraibh, 'na gceathraraibh, 'na ndeichniúraibh; tré a fheabhas (nú i dtaobh a fheabhas) a chuadar as. 55,14, nú, cúlfhiacal; 22, cleamhnaistí. 57,9, nú, gurbh; 23, do nocht luch chuige (nó dho) ann. 58,30, an oiread san dúile. 60,11, nú, gan bhuidheachas; 26, nú, leat‑sa. 61,16, dailtíníbh; 22, éilightheoir. 62,21, nú, an mhaitheasa; 26, ar an eadartha. 64.2, nú, luacht. 66,1, is maith a dheinis agus an cleamhnas do bhriseadh. 67,19, nú, a óinseach. 68,13, nú, tréimhse mhór; 19, a chuir sí í. 69,12, nú, siúd í a mháthair isteach 'na dhiaidh; 31, ar chaol droma. 70,22, nú, ar dath. 72,5,'na shuidhe sa chathaoir; 13, nú nío dheaghaidh, nú dheaghaidh. 73,22, nú deilbh chinn; 25, an dá fhiacail; 30, collacrifín. 74,23, nú níosa shine. 75,17, nú, do thalamh; 23, nú, " Níl samhail ná púca ná go bhfuil fios a chúise féin aige "; 32, nú, sa chois bhacaigh. 76,9, nú siúbhluigh; nú, thulcaig, nú, thulcaid. 77,12, fé thuairim nú fé ghéin a cheannaghtha. 81,31, nú, díoghbháil tairbhe. 85,2, ar feadh uaire 'n chluig. 86,27, nú, ar gach donas. 87,29, Ní dubhradh. 88,1, nú, i gcomhluadar; 5, ba chlos; 17, ní há mhaoidheamh. 89,13, nú, deire, nú, deireann tú; 22, nú, ag gabháil anuas. 91,8, nú, thar thigh; 14, fíora; nú a luigheadh tuirse a bheith air. 92,25, nú, ceardchan. 93,6, nú, ag baint radhairc na súl as; 29, nú, dá aigne. 94,16, nú do é phósadh; 23, nú mbailtidheacha. 95,5, nú, dá mbeidís ag imtheacht; 6, nú, portaighthe; 28, nú, lomanochta. 96,27, nú, i ngalar dóghach. 101,18, pósta le Dia na n‑uile chomhacht. 103,17, nú, féach anois duit. 104,1, at' iarraidh; 23, nú, bhí sé am mhairbh na h‑oidhche. 105,20, nú ghlóthaighe.

(Tuille le teacht.)

An bhfuil fhios agat?

Ⅰ. Cathin a déarfí na ráidhte seo?

  1. Buidheachas le Dia nách é saor an bháid a dhein an tigh.
  2. Seachain nú íosfaidh Cailleach na luaithe thu.
  3. Tá sé amach as an smoirt.
  4. A Thighearna, caith siar ar an lochta me.
  5. Nár thugair do shúile leat.
  6. Cion an tormais i mbéal an ocrais.

Ⅱ. Cad a chialluighid so?

  1. Diarmuid na feirme.
  2. Diairmín.
  3. Airgead adharc.
  4. Madra gaoithe.
  5. Sainnsiléar.
  6. Giorréín Lutharta Lathartha [sic; leg. Latharta] ag gabháil tré choill Uí Mhugada Mhagada.

Freagraí ar leacain 17.

Leathanach 10

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 10–11

Filí agus Filíocht Mhúsgraighe, 2

Seothíg tuille d'fhilíbh Mhúsgraighe. Ó Bhaile Mhúirne a bhfurmhór.

  1. Nóra an tSleasa Ní Chríodáin
  2. Mícheál Mac Chormaic Mac Cárthaigh
  3. Diarmuid a' Scrithin Ó Loingsigh
  4. Conchubhar Commandy Ó Liatháin
  5. Domhnall Commandy Ó Liatháin
  6. Domhnall Bacach Ó Luasaigh
  7. Séamas (?) Ó Muimhneacháin—" An Pauper "
  8. Donnchadh an Phuisín Ó Murchadha
  9. Liam an Mhaoláin Ó Murchadha
  10. Tadhg na Tuinne Ó hIarfhlaithe
  11. Seán an Reotha Ó Ríoghbhardáin
  12. Diarmuid Ruadh Ó Buachalla
  13. Pádraig Mac Sheáin Ó hIarfhlaithe
  14. Pádruig Ó Murchadha
  15. Mícheál Ringir Ó Suibhne
  16. Amhlaoibh an Choiripe Ó Loingsigh
  17. Stiabhna Chrobhdair Ó Buachalla

Mar leis an liosta d'fhilíbh Mhúsgraighe do foillsigheadh sa chéad " Músgraigheach, " níl aon eolas agam 'n‑a dtaobh so: Olibhéaras Ó hÉaluighthe, an tAthair Sean Ó Niadh, Seán Ó Súilleabháin, ná i dtaobh Dhonnchadh Uí Mhurchadha an Ghuail, marab é Donnchabh [sic; ? recte Dhonnchadh] an Phuisín é.

Tá mór-chuid d'fhilidheacht na bhfilí seo bailighthe, ach is eagal liom go bhfuil roinnt mhaith eile dhi imthighthe gan tuairisg. Filí maithe ab eadh a bhfurmhór—an chuid acu do mhair san ochtmhadh aois déag go háirithe. Ach do dtí seo, pé sgéal é, níor deineadh aon mhaoidheamh as a saothar san agus ní lugha ná mar a cuireadh riar ná eagar air. Is beag an iongnadh mar sin amhrán le Dáth 'ac Pádruig Ó hIarfhlaithe a fheisgint i gcnuasach d'fhilidheacht Thaidhg Ghaedhealaigh. Sé amhrán é sin ná: " Araoir is me am aonar cois taoibh Fleasga an Ghaorthaidh. " Is breá go léir an t‑amhrán é, agus ní misde a rádh nách aon bh reac-fhile do chúm é. Fairis sin, is neamh-choitianta an fonn a ghabhannn leis.

Ba shine abhfad Dáth 'ac Pádraig ná Conchubhar Máighistir Ó Ríoghbhardáin. Deir Conchubhar féin gurbh é Dath a " oide múinte. " Agus go deimhin féin do dhein an t‑oide a ghnó go slachtmhar, mar tá roinnt mhaith de shaothar Chonchubhair againn, agus is bríoghmhar thar na fionnaibh an cnuasach é. Máighistir sgoile ab eadh Conchubhar féin. Bhí sé ag múineadh sgoile i gCill Mhuire nuair fuair sé sgéala báis Dháth. Siar leis go Baile Mhúirne, ach bhí a sheana-mháighistir curtha roimis. Sheasaimh sé os cionn na huagha agus do chas sé an dá olagón déag. D'airigh an tAthair Liam—bé sin mac Dháth—d'airigh sé an gol, agus seo

Leathanach 11

isteach sa roilig é. Do chan Conchubhar caoine breá ar bhá Dháth ar an láthair sin, agus seo mar a thosnuigh sé:—

" Tá fé chiosa na lice seo curtha cúpla:
Dáth bog duineata agus Doirean níba dhuineatamhla. "

(Doirean Ní Dhonnchadha ó Ghleann Fleisge b'í a bhí pósta ag Dath.) Á, faire, a Chonchubhair! arsan tAthair Liam, ná cuir roime mh'athair í. Agus cad déarfad? arsa Conchubhar. Ná déarfá ' Dáth bog duineata agus Doirean chomh duineatamhail leis ' ? arsan tAthair Liam. Bíodh sé mar sin, máiseadh, arsa Conchubhar, agus do lean sé leis

" Mo mháighistir murainneach1 miochair agus mh'oide múinte,
Agus 'n‑a dheáidh ní chuirfead ar laoithibh2 a thuille cúraim. "

Sin a bhfuil agam den chaoine sin. Is mór an truagh é má thá sé caillte.

* * *

B'fhearr le Liam na Buile bheith ag cáineadh daoine aon lá ná bheith á moladh. uair a chúm Fínghín Ó Scanaill amhrán ag moladh mhuinntir Ghleanna Fleisge níor thaitn an moladh san le Liam i n‑aon chor: ba dhóigh leis nách é a bhí tuillte acu, ach a mhalairt ar fad. Sidí anois an chéad bhéarsa de fhreagra Liam, agus mara bhfuil sé nímhneach géar ní lá fós é.

" Díth ar an bhfear ba mhillte chun ban,
Is do mhaoidhimh as bhaile dúthchais,
An mhuinntir do shlad na tíortha le fada,
A' síor-ghoid na mart tar triúchaibh.
Na mílte acu tachtadh thíos ag an bhfaithche,
Go fínnitheach ceart don dúthaigh,
Is an tsuim acu mhaireann díbeartha ó shagart
Agus coinnle ortha i gceallaibh múchta. "

Is léir gur don cháineadh seo Liam a bhí Eoghan Ruadh ag tagairt san " Árrachtach Sean " nuair adubhairt sé go raibh cuisle na dáimhe tráighte i nGleann Fleisge:

" An tráth iomchraid gan cunntas gach cúil-ghearradh tarcuisneach
Thug trú Bhaile Mhúirne dá ndúthaigh go masluightheach.
Is mar phearsain den fhuirinn do chluichfeadh an búr
Gan chuireadh dob umhal mo liúgh‑sa 'n‑a measg. "

* * *

1 .i. múirneach.

2 Abair " luihiv ".

Leathanach 12

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 12–13

An Bhallet

San ochtmhadh aois déag do mhair file ar Ceann Droma i bParróiste Chill na Martra gurbh ainm do Mícheál MacChormaic MacCárrthaigh. Lá dá raibh sé i gCúil an Bhuacaigh do goideadh a bhallet uaidh, nú siné a shamhluigh sé féin, ar aon chuma. Is é rud a bheartuigh sé a dhéanamh ansan ná an sgéal a ghearán le na chomh-fhilí agus a chur de dhualgas ortha an bhallet fhagháil thar n⋆ais do. Seo mar do labhair sé le Domhnall Bacach Ó Luasaigh, file do bhí ar an Leicnín:—

 A ursa na féile, a chuspa na cléire,
A churadh na héigse suadha suilt,
A fhile gan béim do hoileadh 'dir naoi
De bhruinnealaibh séimhe suairce,
Tuigid le sealad go bhfuilim i gcreathaibh,
Ag tuitim gan taimice am thuairim,
Is mé i bhfuirm 'n fhaid mhairfead 'ná feicfead mo bhallet
Do goideadh ó bhailtibh an Bhuacaigh. 

Do labhair Domhnall ansan agus do chuir sé an sgéal anonn ar fhile eile, Conchubhar Máighistir Ó Ríoghbhardáin.

A fharaire shéimh de mhaithibh na héigse,
Is dearbh gur léir dom dualgas;
Anacra léighim go daingean i mbéal,
Is anba an sgéal mar chuala.
Go moch dom ar maidin i gcumaraibh gleanna
Bog duilleamhail crannamhail Buacach
'Seadh chonnac an ainnir ba ghile ar bith aghtha
Is ba dhiorg an lasadh 'n‑a gruadhnaibh. 

 Nuair fhairsingigh Phoébus lasair ón ngréin,
D'amharcas éadtrom ualaigh.
D'airceas cadé agus d'fheagair sí mé,
'Sé wallet an té úd adubhart leat.
Innis dom t'ainm, arsa mise, le n‑aithris
Don tsiollaire dhealbh so ar buaireamh.
An gcuirfir abhaile nú an bhficfidh an fhaid mhairfidh,
Nú an rithfidh a theachtaire ad' chuardach?
.

Níl an tríomhadh véarsa agam ach seo mar a ghabhann an chéad véarsa eile:—

 Ní gheallaim go ndéan, dá mb fhada é mo shaoghal.
Ní heagal liom éinne am chuardach
Ach an faraire séimh, is is aithnid duit é,
De mhaithibh na Réardons uasal, 

[Leathanach 13]

 Conchubhar1 ceannasach urramach taitneamhach,
Bile agus taca na suadh suilt,
Is file gan easba, le fuinneamh a theangan
Do chuirfeadh mé abhaile lem ualach. 

Ba ghearr go raibh Conchubhar sa chutrun agus seo mar a gheall sé dul i gcabhair ar Chormac:—

 Is tuirsithe tréith le sealad dom féin,
Ag tuitim i dtaomaibh duaircis,
Ó chluineas dá léighe mar iongna2 sgéil
Gur imthigh do ghléas gan tuairisg.
Cuirfead‑sa teachtaire tugtha chun taistil,
Ó Mhuisire antsneachtaidh lastuaidh soir.
Ó Shoininn na seabhac go hUladh na fairsinge
Ar buile 'n‑a reathaibh go Cruachain. 

 Cuirfead 'n‑a dhéidh sin duine eile is tréine,
I ndeithneas géar chun cuardaigh,
I n‑imreas éachtach, cia'cu acu is déine
Do rithfeadh de léim sa chuardach.
Tiocfaid, mar mheasaim, go fionna-bhrog Chaisil,
Go Biorra is go Callainn Ó gCuanach,
Rithfid de scathamh tré shliosaibh na Scealg,
Gach cumar is carraig go Ruachtaigh.

 Níl cuspa den chléir ná bile den éigs'
Ó Life go Béarra chualaidh
Gan tuirse 'n‑a thaobh, le friotalaibh béil
Ná go gcuirfid le chéile á chuardach.
Cuirfid le heascaine guilmne is creath uirthe,
Agus bainfid den teachtaire an t‑ualach.
Is tiocfaidh do bhallet‑se chugat abhaile,
Is gheobhair tuille dá thairbhe am thuairim. 

Cuireadh an díoghluim go léir siar ag triall ar an Athair Liam Ó hIarfhlaithe ansan. B'fhiúd sa tóir é, agus ba ghearr an mhoill air an wallet a thabhairt slán abhaile, mar innseann sé féin:—

 Do ritheas‑sa féin don Daingean go tréan,
Is go soininn na séad lastuaidh soir,
Mar a bhfeaca do ghléas ar faithche Bhinn Éadair
Á stracadh idir bhéithibh uaisle.
Do dhruideas 'n‑a n‑aice is do sgiobas an t‑arm,
Agus tuigid gur dheacair é fhuadach,
Agus thugas do bhallet‑se chugat abhaile,
Agus tuirse níor bhraitheas ó fuaras. 

* * *

Admhuighim bheith fé chomaoine mhór ag Gaedheal na nGaedheal, príomh-éigeas na hÉireann. Is uaidh a fuaras roinnt mhaith dá bhfuil anso agam, agus seó Éireann fairis sin. Go mbuanuighidh Dia fé mhaise é.

SEÁN Ua CRÓINÍN.

1 Abair Cro-huv-ur.

2 Abair ú-una.

Leathanach 14

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 14–15

Fuaimeana agus Fuirmeacha na bhFocal.

An té a labharan an Ghaoluinn ón gcliabhán, ní gnáth leis bheith ag cuimhneamh ar an mbuint atá idir préamh nú leitriú na bhfocal agus labhairt na bhfocal. Ach ní mar sin don té fhoghluimíon í; agus mar mhaithe leis an lucht foghluma ní miste dhúinn cur síos anois is arís ar phuíntí a bhainean leis an gcainnt. B'éidir nár bheag an chobhair d'aosóga na Gaoltachta féin a lithéid do chur síos mar nách annamh mearathal ortha i dtaobh na bhfuaimeana, do thoradh bheith ag lé na leabhar.

1. Do réir mar a labhartar an Ghaoluinn do ghnáth i Músgraí anois ní fhanan t tar éis l, ach dinean h de, e.g. fáilte > fáilhe, mílte > mílhe, caillte > caillhe, meilt > meilh, altú > alhú, moltachán > molhachán, alt > alh. Ach ní mar sin a bhíon i gcómhnaí. Sa chéad áit is minic fhanan an t i bhfoclaibh a thagan ón mBéarla, e.g. boulta ('bolt' sa Bhéarla), cuilt ('quilt' sa Bhéarla), i dtaobh is go ndinean h de uaireanta, e.g. bálha ('welt' sa Bhéarla). Mar an gcéana fanan an t sa bhfocal Ghaoluinne rialtas, focal a tháinigh isteach ón dtaobh amuigh. Ní mar sin don fhocal rialta, focal atá sa chainnt le fada; rialha a deirtear, e.g. bean rialha. Sa dara háit fanan an t go minic sa bhfilíocht, e.g. chloisfeá folt sa bhfilíocht i n‑inead folh na gnáth-chainnte.

Níorbh olc an rod é dá ndineadh na Cáirde liostaí dosna foclaibh iasachta san do réir mar a labhartar le lt nú le lh iad.

2. (A) Tá dhá fhuirm don bhriathar saor san aimsir láithreach -t(e)ear, agus -th(e)ar. Tugadh an riail seo 'na dtaobh i n‑Irisleabhar na Gaedhilge fadó: The -tar of the autonomous form, present, tense, is aspirated after b, bh, c, f, g, m, mh, p, r, and after verbs in -igh, but not after ch, d, dh, gh, l, n, s, t, th. Níl an riail seo cruinn chómh fada's a théan cainnt Mhúsgraí. Chloisfeá lúbtar, raobtar, fictear, leagtar, tugtar, lomtar, ceaptar, deirtear, etc., chómh maith le lúb(a)har, raob(a)har, fic(i)har, leag(a)har, tug(a)har, lom(a)har, ceap(a)har, deirhar, etc., agus ar an dtaobh eile dhe, chloisfeá caochtar, fuintear, fástar, etc., chómh maith le caochtar, fuintear, fástar, etc. Mar an gcéana deirtear stad(a)har, goid(i)har, loit(i)har.

Nuair fhanan an t bíon sé leathan, fiú amháin nuair a bhíon consain chaol roimis, e.g. múintar, dintar, fictar. Mar sin leis don aimsir fháisteanach, f leathan a bhíon ann i gcómhnaí, e.g. múinfar, buinfar, cloisfar.

Nuair a bhíon an t séimhithe cuirtear guta isteach uaireanta idir an h agus préamh an bhréithir, e.g. lúbahar, tugahar, etc. Ní cuirtear guta isteach idir r agus h, e.g. deirhar. I gcás na mbriathar 'na ndintar guta fada nú dé-oghair do ghuta a bhíon gairid do

Leathanach 15

réir nádúir, e.g. loumha (lomtha) ó lomaim, cayilhi (caillte) ó caillim, isí an fhuaim ghairid a bhíon againn nuair a bhíon an fhuirm -ahar againn, e.g. lomahar, cailihar.

(B) Mar sin don aimsir ghnáth-chaite agus don mhodh fo-shuiteach leis, tá dhá fhuirm ann -t(a)í, agus -th(a)í, e.g. tugtaí, tugahí, deirtí, deirhí, etc. I gcás na fuirme -t(a)í bíon sí caol i gcómhnaí ag cainnteóirí áirithe, fiú amháin i ndiaidh consaine caoile, e.g. castaí > castí. Ag cainnteóiri [sic] eile bíon sí caol le caol agus leathan le leathan, e.g. castaí, buintí. Mar sin leis don fhuirm -f(a)í sa mhodh choingheallach, chloisfeá casfaí agus casfí, etc.

(C) Sa dara phearsain [sic] uathaidh don mhodh choingheallach -f(e)á, bíon an f leathan i gcómhnaí, fiú amháin i ndiaidh consaine caoile, e.g. dhéanfá, shínfá.

Seo obair eile don léhóir, féachaint cad déarfadh sé féin nú Músgraígh eile i gcás na bhfuirmeacha thuas.

------

Spídiú Cháit na Troda.

CONCHUBHAR Ó DEASMHUMHNA do chúm

 Airiú, a Thaidhg na bPreabán, a chrabhtéilín ghránna na ngiobal, conas is dóigh leat a tháinig sé chuige dot shéacla mic, an síománaidhe súghaidh, breith ar chéas cinn indiu ar mo pháiste, agus luighe ar bheith á léasadh fan bhéil agus fan na gcliathán le plannda cabáiste a thóg sé aníos fé na dhraoibeal a bóthar lathaighe? Airiú, a choinncínig shailigh bhúrdúnaigh, cuirfead‑sa i n‑úmhail duit go ngeobhaidh t'éan cuaiche an bóthar ar nós an uain, agus ná cuirfidh sé speic ná sméid ar leanbh a chomharsan, dá mhéad é a bhroiminéis. 

 Níor dhein do mhac‑sa coir gan chúis?—Deirim‑se go dtugais t'éitheach agus do mhíle éitheach. Ní raibh do chúis agad mhac‑sa ar mo mhac‑sa, nuair a luigh sé ar bheith á léasadh leis an seana-strupóig chabáiste, ach a háiteamh beag éirigh eatortha go ndubhairt mo mhac‑sa le mac Chaillichín na ngleam-shúl a chlab a dhúnadh. 

 Loitfead mo gharsún má bhím ag éirghe as a thóin.—Airiú, a lóma ghránna na gcorr-fhiacal, ní ag éirghe a tóin mo pháiste atáim‑se. Ní headh, ná a leithéid, a fhuairthnéil na liath-bhuidhe. Ach bíodh fhios agat ná tabharfainn mar shásamh duit‑se ná do Shaidhbhín Bhuidhe na Mealbhóg go leogfainn d'bhur séacla mic gabháil fan phuis ar mo leanbh caoin deagh-chúmtha go bhfuil a ghaol, i dtaobh athar a's máthar, le maithibh na parróiste agus le piaraí na dútha. 

Leathanach 16

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 16–17

 Dá mbeadh ciall agam, ní bheinn ag callaireacht i dtaobh gnóthaí leanbh?—Tá ciall agam, agus tá cáil agam,—ná fuil agat‑sa ná ag éinne bhain leat, a shíolraidh na caillighe cróine ná tugadh mar annlann leis an mbruthóig dá buachaill aimsire i mí croithte na mealbhóg, dá mhéad é a bólacht ach briodarnach bláithche agus sáile bainne ghéir. 

 Féach an draid seo air ag drannaireacht gháiridhe umam. Airiú, a mhic inghine Chaillichín na bPort-shúl, tá san ionnat bheith ag magadh 's ag cnéireacht. B'fhearra dhuit dul abhaile agus an lomra atá ar t'athair nár bearradh le seacht seana-bhlianaibh a chaitheamh anuas de le deimheas na gcaereach. Imthigh ort síos go dtí Biní na nGadhar. Faigh fiacla asail uaidh agus buail isteach i ndranndal mhanntach do mháthar iad, féachaint an bhféadfadh sí an tseana-phoidhl úd a mharabhair, mar dh'eadh, i gcóir na Nodlag, nuair a fuair sí bás leis an ocras, a stolladh as a chéile idir bhléan agus féithleóg. 

 Dúnaim mo chlab agus leogaim duit do bhóthar a chuir diot!—Airiú, doig id chlab agus tubaist id bhóthar, a spreallairín áir na mbúrdún. B'fhearra dhuit dul abhaile agus gabháil do shlait sceiche gile gan scothadh ar do shéacla mic ná bheith it sheasamh anso i mbóthar an ríogh ag tabhairt geach re seo domh‑sa. Ach dar ndóigh, ní gheobhair, mar is fearr leat é bheith, ar nós a ghaolta, 'na ruidín acharnach bhrugheantach aimideach, líonta sceachaireacht ó aois go scarfaidh leis choidhche a anam bocht. 

 Níl ionnam ach gaoth? Cad mar gheall ar Sheán na gCruiceog?—Airiú, fear a fearaibh ab ea mo dhearbhráthair‑se, agus má cuireadh é i gcarcair i dtaobh pléasc do bhuidéal a bhualadh fan phlatainn ar stráille tuíncéara istigh i dtigh tábhairne, sin a bhfuil le cuir 'na leith, a chliútaigh dhroch-ghnúisigh na gcor agus na mbothán. Tarraig chút do chomhdhaltaí féin, a phana. Ní baol ná gur b'álainn í a dteist ag lucht léighte a gcláiríní. Cad mar gheall ar an síondaire dearbhráthar san agat ná fágann bainis ná pósadh ar fuid na logán ná himthigheann 'na dtreo 'na 'chuireadh gan iarraidh' ? Nách gairid amach uait a shín Gáinnéir na nAsal agus Bacaichín na nDeóiseasaí? 

 Iompaigh an bhilleóg go bhfeicfir an fhuil uasal a ritheann it éan cuaiche ó chomhdhaltaíbh ceann-árda Shaidhbhín Bhuidhe na Mealbhóg. Nách pratainniúil í, 'na thosach, Máirín Smúchail, an chiaróg shúghaidh sin do dheirbhshiúr céile agat a shiúbhluigh an domhan 'na ' Maitias na Farraige ' ar lorg saidhbhris gur theip uirthi. Shiní anois í 'na gliobóig sa chúinne agat faoi bhláth bán an bháis, agus ná féadfadh sí glór a bhaint a cloich le pinginín airgid. Féach anonn ar chliathán an chnuic go bhfeicir Biní na nGadhar, an samhairle beag cráidhte sin do dhearbhráthair céile agat. Ochón! nách galánta í a cheárd ag rith i ndiaidh sálaibh gadhar don rudaire camánach, agus 'na theannta san ag faire na n‑oícheanta cois na gclathach ar philibíní míog agus ar naosgachaibh do. 

Leathanach 17

 Ná himthigh, a shocaire. Iompaigh i leith orm go bhfeicead an bhfuil lasadh id leacain le náire. Ach níl an náire ionnat, a bhodaichín na mbúrdún. An fada ná rabhais thall ag an rudaire camánach agus sgéilín beag gránna i mbarra do ghuib agat? 

 Ní mór leat dom bheith ag cainnt go dtuitfidh an sine-seáin asam ?—Airiú, a shodamáin na mbothán, níor tháinig sé chun baile dhuit go mbeinn‑se ag lot mo chainnte leat, ach do shéacla mic, nára dé 'na bheigheas, a thug indiu cúis chuige dhom. 

 Ní bheidh aon troc agead mhac a thuille lem mhac‑sa?—Bíodh fhios agat gur maith an bhail sin air, mar dá bhfaighinn‑se go sínfeadh mac inghine Bhearrbóirín na gCearc lámh ná ladhar arís chun mo linbh‑se, do chuirfinn‑se i n‑úmhail do nách siúicre an baitín. 

(A hIrisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh, 1906).

------

Níl deifir is mó idir an cainnteoir foghanta agus an tosnóir ná an chuma go gcuireann an bheirt síos ar dhuine nuair oireann dóibh cúntas a thabhairt duit ar a dhéanamh agus ar a chrot nú ar a mheon agus ar a fheadhna. Ainmfhocal is eadh bheadh ag an nGaedhilgeoir gonta san áit 'na mbeadh carn d'aidiachtaí ag an té ná beadh chomh líomhtha. Ní beag de sholuíd leis sin an " Spídiú " san thuas. Féach a bhfuil d'ainmneacha ag Conchubhar i n‑aon ghiota beag amháin: crabhtéilín, séacla, coinncíneach, lóma, fuairthnéal, spreallairín, stráille, cliútach, síondaire, ciaróg, Maitias na Faraige, gliobóg, samhairle, socaire, bodaichín, sodamán.

Ba mhór an áise, dar linn, liosta iomlán a bheith againn des na hainmneacha den tsórd so atá i bhfóc i Músgraighe, agus míniú ar gach ceann acu. Tá tosnuighthe againn cheana féin ar a leithéid de liosta do chur le chéile agus ní gádh dhom a rádh ná beidh aon doicheall againn roim chongnamh ós na Cáirde.—An Fear Eagair.

RÉITEACH NA GCEISTEANNA.

Ⅰ. (1) Nuair a bheadh an lá fliuch. (2) Nuair a bheadh duine ró-cheanamhail ar an dteine. (3) Mar mholadh ar chulaith éadaigh nua, nú ar a leithéid. (4) Nuair a cuirfí iongnadh ort. (5) Le duine a bheadh ag gol gan chúis. (6) Nuair a tabharfaí do leanbh cannta aráin ná tógfadh leanbh eile.

Ⅱ. (1) An t‑oighre, an té a gheobhaidh an fheirm. (2) Eascaine éadtrom. (3) An t‑airgead a dhíoladh an déirí le fear an tailimh-oiread áirithe as gach aon bhuin. (4) Bogha leaca ná beadh ach an chuid is giorra don talamh de le feiscint. (5) árthach beag an tsalainn. (6) An biadh, nuair a bhíonn sé á chogaint. Deirtear leis, " Níl aon chrann sa choill Uí Mhugada Mhagada ná go mbíonn ag gabháil sgiúrsáil ar ghiorréín Lutharta Latharta. "

Leathanach 18

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 18–19

ÁIT-AINMNEACHA.

2. Baile Mhúirne

Do réir seana-sgríbhinní " uisneach " is eadh tugtí ar Bhaile Mhúirne i n‑aimsir na Págántachta. Más fíor gur " lán d'osaibh " is ciall d'Uisneach, tá iarsmaí na hainme sin le fagháil sa pharróiste i gcomhnuidhe. Tá Mullach an Ois ann agus Cillín na bhFiadhann, an áit go raibh Gobnait Naomhtha nuair a chonnaic sí na naoi gcinn d'fhiadhnaibh bána.

Is beag ná go bhfuil a mhíniú féin ag gach éinne ar an ainm Baile Mhúirne, nú Bhúirne. Más fíor don Athair Liam Ó hIarfhlaithe is ó Mhúirneach áirithe do hainmnigheadh an áit. Seo mar adeir sé sa chaoine do chúm sé ar bhás a athar, Dáth 'ac Pádraig:—

 An tóir seo ó Éirthne tháinig aníos
Do lámhaigh tuath is fearann gan chíos,
An Múirneach úd 's a chúmplacht uile
'Na ráidhtear tearmann Bhaile Mhúirne. 

Ach tá tuairimí eile i dtaobh bunús na hainme. (1) " Ban-dia bhorb bhroiminéiseach dá ngoirtí Múirne na mór-gcomhacht, " gur uaithe do glaodhadh an áit; (2) gur ón bhfocall boireann, sé sin, carraig nú áit chlochach a thagann an ainm agus gur Baile Bhoirne an rud ceart (Foclóir an Duinnínigh, l. 107, ach 'n‑a choinnibh sin tá Baile Mhúirne ag an úghdar gcéadna, l. 1135); (3) Baile Bhúirne, nú Bhóirne, ón bhfocal búirneachbóirneach, áit lán de chlocha móra; (4) Baile Mhúirne, ón bhfocal múirne, cloch a chaithtí leis an gcrann-tabhaill sa tseana-shaoghal; (5) Baile Mhúirle, ón bhfocal múirle, .i. corrach. Sin é tuairim Chobhair, agus deir sé á mhíniú:  Is minic n i n‑inead l sa chainnt, m.sh., máinléad (máilléad), minmhear (milmhear). 

Tá tuairimí eile fós ann, ach is eagal liom nách feidir [sic; recte féidir] an sgéal a réidhteach anois. Ach i gcoinnibh na fuirme Bhúirne, ní misde Gort na Múirne, ainm ar pháirc sa pharróiste, agus an Múirneach Beag do luadh.*

Baile Mhic Íre. Níl aon chúntas agam ar an ainm sin, ach is deacair liom géilleadh do thuairim Chobhair gur Baile Mhic Uidhir an ainm cheart. Níor airigheas riamh go raibh an baile céadna i seilbh éinne de Mhuinntir Uidhir aon uair.*

* Ní hiongnadh go dtéigheann den Ghiolla Dubh an cheist do réidhteach ón uair is go raibh an mearathal céadna ann i dtaobh na hainme trí chéad blian ó shin. Baile Mhuirne atá ag na Cheithre Máighistrí agus i bhFéilire Dhún na nGall. Baile Bhóirne atá ag MacFirbhisigh. Baleburnia atá sa Laidean ag Ó Súilleabháin Bhéarra.—F.E.

* Deir Seán Ó Súilleabháin liom gur Baile Uí Mheic Thíre an rud ceart; gur thaisbeáin an tAimhirgíneach an fhuirm sin do i nAnnála Ríoghachta Éireann. Sloinne ab eadh Mac Tíre.—F.E.

I mbun leathanaigh 19 athá an tarna nóta so sa bhuntéacs.

Leathanach 19

Ar an mbaile seo atá sráid Charraig an Adhmaid. Thoir ar Béal an Ghearrtha do bhí an tsráid fadó. Is ann do bhí an séipéal agus is ann, leis, do bhí an tigh tábhairne ag Tadhg Bán Ó Tuama do thug trí bliana i bpríosún mar gheall ar an dTigh Dóighte. Níl aon rian de shráid ann anois. I dtaobh Charraig an Adhmaid, deirtear gurbh amhlaidh do baineadh an ceann adhmaid den tséipéal, aimsear na bpéin-dlighthe, agus gur cuireadh i bhfolach é i gcarraig aitinn i n‑aice na háite, agus gur uaidh-sin do hainmnigheadh Carraig an Adhmaid.

Deir an Duinníneach ar l. 1135 den Fhoclóir:  Carraig an Stuacáin (the pinnacle rock), a place-name, the original site of Baile Mhúirne.  Ach ní fheadar cad é an t‑úghdarás atá aige leis an méid sin.

Bárr d'Ínse
Bárr dá Ínse, b'éidir, nú Bárr Duibh-Ínse (Cobhar).
Cathair Ceárna
.i. Cathair an Bhuaidh. Buaileadh cath mór i n‑aice na Dubhghlaise anso fadó. Tá an chathair ann i gcomhnuidhe.
Ceapacha
Na. Ceapach na Mianaighe ainm eile air.
Cúil Aodha
Ní heol dom cérbh é Aodh.
Cúil na Cathrach
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Cúil Iarthach
An. .i. An Chúil Iartharach.
Cuil an Mhothair
Mothar, .i. mar a bheadh crainn agus scartacha.
Cnoc an Iubhair
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Cúm na Cloiche
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Cúm a' Ghadhair
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Cúm Lomnochta
Is lomnochta go maith an ball é, agus ní dóigh liom go bhfuil aon deallramh le " Cúm Lom Eoghanachta. "
Cúm Uí Chlúmháin
Níl aon tuairisg agam ar mhuinntir Chlúmháin. Clifford an Béarla a chuirtear ar an ainm.
Daingean na Saileach
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Doirí
Na.
Doire an Chuilinn
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Doire leathan
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Doire na Sagart

Deirtear go raibh athair agus mac chun comhnuig anso agus gur deineadh sagairt den bheirt. Tagairt é seo gan amhras don Athair Pádruig Ó hIarfhlaithe (Pádruig 'ac Dáth Bhacaigh) agus dá mhac. Sagairt ab eadh iad araon. Cailleadh bean Phádruig nuair a bhí an mac sa choláiste.

Pádruig 'ac Dáth Bhacaigh,
Tar éis a mhná a chailleamhaint
Agus a leinbh a theagasg
Guir deárnadh de féin sagart.

Leathanach 20

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 20–21

Is dócha go raibh Doire na Sagart fé chomonndracht mhuinntir Iarfhlaithe, mar bhí tearmann Bhaile Mhúirne fairseag go maith.

Foithre
Na. Fothar, .i. cumar go mbeadh crainn agus scartacha ann. Nú Foithirbhí, sé sin, iomairí.
Gort an Acra
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Gort na gCros
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Gort na Fuínsean
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Gort na Scairte
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Gort Uí Rathaile
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Gort na Tiobraid (Tiobratan)
Ó thobar beannuighthe Ghobnatan Naomhtha. Ar an mbaile seo atá Cill Ghobnatan.
Ínse Mhór
An.
Lománach
Nú Lom-fhánach (Cobhar)
Millíní
Na.
Múirneach Beag
An.
Seana-Chluain
An t‑.
Sliabh Riabhach
An.
Screathan na nGamhan
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Tóchar
[Níor tugadh aon fhaisnéis i dtaobh na míre seo.]
Túnláin
Ainm neamh-choitianta is eadh í seo. Dubhairt Conchubhar Ó Deasmhúmhna liom gur " Tuath na nUlán " an ainm cheart. Leacht is eadh ulán. Nú b'éidir gur Tonn Uláin an rud ceart. Tonn, .i. tuar. Nú Tuath an Láin (Cobhar): lán, .i. cré, ithir.
Uláin
Na h‑. Bhí dhá ulán, sé sin, dhá leacht, ar an mbaile seo, ach níl aon tuairisg ortha anois.

Ní beag a bhfuaras de chongnamh ó liosta ainmneacha do chur [sic; recte chuir] Cobhar le chéile, agus táim buidheach de dá réir.

AN GIOLLA DUBH.

EOLAS Á LORG

1. Ag Séamas Lankford. Cad é an rud é " Aistear na bhfíorbhocht " ? D'airigheas an méid seo fadó: " Dá dtagadh duine bocht isteach i dtigh trís na páirceanna go tigh ar lorg déirce, ba cheart déirc a thabhairt chuige, nuair a bhí aistear na bhfíorbhocht déanta aige. " Is deallruightheach gur briseadh nóis éigin an t‑aistear. Tá teacht thairis sa ghiota so im dhiaidh, leis:—

" Mo dhá sgeimhle, agus is é
Aistear na bhfíorbhocht
Agus briseadh na saoire,
Agus uisge na díge
Agus trosgadh na hAoine
D'fhág me ar an slighe seo
Ag siubhal na drúchta. "

Leathanach 21

2. Ag Diarmuid Ó Duinn.

" Is beag orm Domhnach gan dínnéar,
Is beag orm círéip ar chaille.
Is beag orm bean óg gan náire.
Is beag orm gaige gan éifeacht. "

Goidé an chíréip seo ar chaille?

3. Ag Stiabhna Ó hÉigeartaigh. An bhféadfadh éinne an rann so a mhíniú dhom. Ó Mháire Chonchubhair Uí Loingsigh d'airigheas é.

" Fuigheall cuide gan altú
Ar aon ghealbhan den tír seo.
Agus nár lugha ar Dhia duine gan altú
Ná ar aon ghealbhan an síol so. "

4. Ag an bhFear Eagair. Nuair a cuirtar ‑ín le focal, ní hannamh i n‑aon chor fhanann an focal leathan; m.sh., poll‑ín, bean‑ín. Uaireannta nuair is bain-innscne don bhun-fhocal fanann an focal nua baininnscneach; m.sh. páircín bheag—" mo pháircín fhéir gan gearradh, "—bóín mhaol. Agus uaireannta eile cloistear ‑íne sa tuiseal geineamhneach; m.sh., caillichíne. Ba mhaith liom somplaí eile des na nithe sin go léir a fhagháil.

Ceartúchán

1. Filíocht

Sa Chlár Filíochta do bhí againn cheana tá roinnt dearmhadtaí nách mór a cheartú.

(1) Bhí sé ceart againn a luadh go bhfuil filíocht Eoghain an Mhéirín Mac Cárrthaigh curtha i gcló i bhfuirm leabhair ag Fiachra Éilgeach.

(2) Ní fios cé chúm Eachtra an Phacaire agus na Caillighe. Níor dhein Donnchadh Ó hÉaluighthe ach é aithris.

(3) Níorbh é Tomás Óg Ó hIarfhlaithe do cheap M'uchlán, mo dhiombáidh, ach is amhlaidh do cumadh 'n‑a thaobh é le linn do bheith i bpríosún " i ngeall le Géanna Fiadhaine " (mar atá ag Fiachra Éilgeach).

B'fhuirist a lán lán do sgríobhadh i dtaobh Sheáin Uí Chonaill. B'é an " tEasbog " Seán Ó Conaill ó Chiarraighe do thug dúinn na " Faoisdiní, " dar leis an Athair P. Ó Duinnín, agus níorbh é Seán Máighistir. Siúd is gur chuireamair An Goirtín Eornan agus Gleann Cam i leith an Mháighistir, ní mór admháil ná fuil ansan ach ár dtuairim féin.

Leathanach 22

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 22–23

2. Foclóireacht

Tá gabhál mhaith eile bailighthe againn d'fhoclaibh agus de ráidhtibh, ach níl slighe again dóibh an turas so.

Bhí roinnt bhotún sa chéad liosta a bhí againn. Táimíd buidheach d'Amhlaoibh Ó Loingsigh, Cúil Aodha, de chionn iad a cheartú. Sid iad:—

Bigeil
Sgéal go bhfuil bigeil air—Sgéal a bheadh fíor ach nár mhaith le daoine bheith á ínnsint ná ag labhairt air.
Lóirdín
butter-spade an lóirdín ach an meascán bog comh-chruinn ime a deintear leis.
Uall-sgéaltach
' Umhal-sgéaltach ' an rud ceart: .i. umhal nú ullamh chun sgéalta innsint.
Boghrach
' Bannrach ' (78) an rud ceart. Seo mar adubhairt an tsean-bhean bhocht:
 Bailighidh suas bhur gcampaí is bhur mbanntracht gan locht.
Leagaidh anuas a dteampall is a mbannracha cloch. 
Deirtear mannrach leis.
Téabhuidhe
Tá ' téathbhuidhe ' ar l. 1195.

LEITREACHA.

" GORT LUACHRA. "

Clanna Caoilte,
Cairbre

A Chara,

Tá sé de dhánaidheacht ionnam aghaidh caoraidheacha sic " Cobhair " do tharraingt orm féin. Chím " Gort Luachra " aige agus gan de mhíniú aige ar ainm an bhaill ach an méid seo: Saghas seisce is eadh an luachair. Do samhlófaí do dhuine ón méid sin gur ó raidhse na luachra a bhí ag fás ann do fuair an ball a ainm, ach tá tuairim eile agam‑sa.

Ar an gcéad dul síos, is mór idir seisc a's luachair, agus ón mbeagán eolais atá agam‑sa ar an nGort Luachra san níl ach fíor-bheagán den luachair ag fás ann, cé go bhfuil seisc a's biorach go habhainn ar a chomhgar. Cad a chaoch ár sinnsir, mar sin, agus gan Gort na Seisce nú Gort na Bioraighe do bhaisteadh ar an áit.

Cúpla míle laistiar de Chéim‑an‑Fhiaidh tá áit eile ar a dtugtar " Gort Luachra " nú " An Gort Luachra, " agus do múineadh dom a's me ag dul ar scoil gurb " An Gort Luachrach " ainm na háite. An Máighistir, ar dheis De go raibh sé, an t‑aon duine amháin go raibh an fhoghraidheacht san aige, agus dob iongnadh liom an cam a bheith ag sean-Ghaedhilgeoirí an bhaill, agus ceart agus cruinneas na teangan acu ins gach slighe eile. Cad 'n‑a thaobh, a deirinn

Leathanach 23

liom féin, ná tugaidh siad " Gort na Luachrach " nú " An Gort Luachrach " féinidh ar an áit? Agus mar bharr ar an ndonas, tá sean-mhuing san áit agus gan d'ainm riamh acu uirthi ach " Féith na Luachrach. "

Trí bliana ó shin, agus dríodar béaloideasa an Chumair agam dá bhailiú, do tugadh dom an rann so a ceapadh mar fhreagra ar dhuine éigin a thug moladh árd ar an nGort Luachra.—

" Breasta a's ciach air, nú'r éinne eile beo
A thug Gort Luath-churtha riamh air
Ballín bocht suarach buartha briadtha,
A's gurb í an ghaoth adtuaidh a dhein an diabhal air. "

Mar sin, agus dá bhríogh sin, an Gort Luath-churtha a baisteadh ar an áit sin laistiar den Chéim. D'fhéadfadh a bheith gur le corp searbhais a deineadh san mar go bhfuil cúl na háite le gréin a's a haghaidh le scéird—ní hionann a's Gort Luachra úd Mhúsgraighe, admhuighim. Ach má tá ciall ná bríogh san analógacht, is é an ainm chéadna a bhaisteadh ar an nGort san " Chobhair " leis.

Go maithtear mo leadrán dom.

Is mise,
Conchubhar Ó Ruairc.

" ÍNSE GEIMHLEACH. "

A Fhir Eagair,

Is iongnadh liom " Chobhair " a bheith ar lorg eolais i dtaobh " Ínse Geimhleach " agus é mínighthe aige i " gCarraig na nGeimhleach. "

" Airteach. "

Tá fios a chúise féin ag " Chobhair, " dálta gach púca. Seo mar a deir sé.  Aidiacht ias eadh an Geimhleach atá i nÍnse Geimhleach, marab ionann agus an Geimhleach eile. Ach is ait an rud é ná bíonn an t‑alt roimis, ná séimhiú air i n‑aon tuiseal; m.sh., Aonach Ínse Geimhligh. Fágann san mo cheist gan réidhteach. 

AN GHNÍOMH-INGNEACH

A Chara na n‑ae istigh,

I dtaobh an ranna úd Amhlaoibh Uí Loingsigh: Ní foláir nú bhí aithne mhaith ar an nGníomhinginigh i Músgraighe fadó. Tá tagairt di ag Diarmuid Ua Laoghaire sa " Bhruinneal Bhán " (L. 109), ach ní mhínigheann sé cé hí féin. Sidé atá aige:  Is baoghlach liom gurb í an Ghníomh Ingineach agus a hál atá tar éis seilbh a thógaint ins na leapthacha. 

Tá innsint eile le fagháil ar an rann sa pháipéar úd An...

Leathanach 24

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaċ 24

...Gaedheal, Samhain 2, 1934. Bhí " Eachtra an Phacaire agus na Caillighe " i gcló ansan ag Conchubhar Ó Muimhneacháin. Nuair ná fuair an Pacaire pioc ón gCailligh do dhírigh sé uirthe mar seo :

Is measa tú ná an ghríobh-ingneach a bhí i bhfuirm nathrach nimhe,
Is í cusba comraighe in Ifreann—árd-chuirbtheach na n‑ainmhidhthe—
Do cuireadh ina diabhal a hIfreann, Cicero dá coínleacht,
Ag iomara, ag iolcha ag ursanaibh istoidhche.

D'admhaigh Conchubhar nár thuig sé féin na focail go léir. Ach an tseachtmhain a bhí chughainn do thug Seán Ó Cuill a innsint féin ar an rann :

Is measa thu ná an ghríobh-ingineach a bhí i bhfuirm nathrach nímhe againn,
Árd-choirbtheach na n-ainmhidhthe, b'í ba chuspa comraighe dhi.
Cuireadh í ina diabhal ash Ifreann a's Cicero dá coínleacht,
Ag iomaradh a's ag giollachadh chuig ursanaibh asd' oidhche.

Dar le Seán, " iomrámh " ba chiall don " iomaradh " agus " giollacht " don " ghiollachadh, " ach do chuir sé iongnadh air an sean-Rómhánach san, Cicero, bheith ag tionnlacan daoine ón saoghal eile.

Anois, dom thuairim‑se, níl dabht ar domhan ná gur " gríbh-ingneach " an focal bunaidh, bíodh gur " gníomh-ingineach " adeirtear anois. Aon ní amháin is eadh " gríobh " agus " gríbh-ingneach, " ainimhthealach do creidtí fadó a bheith ann. Cabhail an leomhain a bhí uirthe, más fior [sic], agus ceann agus gob, sciatháin agus ingní an fhiolair. Ach ca bhfios dom go raibh aon dul amach ag Éireannaigh ar an ngríbh? Mar go bhfuil a tuairisg le fagháil san aistriúchán do dhein an Corcaigheach, Fínghín Ó Mathghamhna, sa bhliain 1475, ar " Eachtra John de Maundeville. " Deir an " Eachtra " go bhfuil i mBactria gríobha a bhéarfadh leo 'na gcrobhnaibh marcach agus each fé, nú cuinnir dhamh mar aon leis an gcuing; go mbíonn ingní fada géara ortha, agus gur mó ná adharc dhaimh gach ionga acu. Agus i dtaobh í bheith i n‑Ifreann, tá fianaise an Chéitinnig againn leis gur " iomdha ann ... gríobh ghreannach ghob-lom ghearánach " (T.B.B. 6623).

Da bhrí sin, is í an ghríbh-ingneach do cuireadh " i n‑a diabhal a hIfreann, " agus is olc í mo thuairim nú bhí an ceart ag Amhlaoibh nuair a thug sé Liosavar ar an té a bhí á caoinleacht. Is é Lucifer féin é sin, agus ní gádh an Rómhánach mór-chlú do tharrac isteach sa sgéal i n‑aon chor. Ní fhéadfainn aon bhuille thabhairt fé bhrí an cheathrú líne, ach déarfainn ná fuil baint ar bith aige le hiomrámh ná le giollacht. Is deallruithighe le geámaí nú le geátsaí éigin na focail sin.

Buadh agus biseach leat, a chara Mhúsgraighigh.

Mise,
Domhnall Ó Niadh.

Cláɼ

  • 1 Anoiſ an tAm !
  • 3 Maoilẛeaċlainn Ua Duḃgáin
  • 7 Séadna
  • 9 An ḃfuil ḟioſ agat? [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 10 Fili aguſ Filíoċt Ṁúſgɼaiġe, 2
  • 14 Fuaimeana agus Fuirmeacha na bhFocal
  • 15 Spídiú Ċáit na Tɼoda
  • 18 Áit-ainmneaċa
  • 20 Eolaſ á loɼg [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 21 Ceaɼtúċán [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 22 Leitɼeaċa

Leaṫanaċ 1

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaċ 01

Anoiſ an t‑Am !

 Anoiſ an t‑am, ca ḃfuil an duine ?  Máſ fíoɼ doſ na Múiɼniġ é, ſiné glaoḋ a ċuiɼeann an Solán aſ, gaċ ɼe tamall. Aguſ an té go ḃfuil cluaſ le héiſteaċt aiɼ, ní deiɼim ná go gcloiſfeaḋ ſé do ġnáṫ an poɼt céadna aɼ ſiuḃal ag áɼ dteangain dúċaiſ. Aċ cad é maɼ ḋeifiɼ atá idiɼ an dá ġlóɼ! Glóɼ boɼb bagaɼṫaċ ag an Solán: glóɼ íſeal maille-ḃɼeaṫaċ ag an nGaeluinn. Toġailiḋeaċt aguſ tollaṁóiɼe a ḃíonn i nglóɼ na haḃann nuaiɼ a ḃíonn an t‑ampla uiɼṫe ċun daoine do ẛlogaḋ. Aċ meiɼtneaċaſ aguſ maoiṫneaċaſ iſ eaḋ d'aiɼeofá i nglóɼ na Gaeluinne, aguſ í ag éiġeaṁ aguſ ag oſnuiġeal aguſ á ímpiḋe aɼ ḋaoine teaċt i gcaḃaiɼ uiɼṫe aguſ í ẛaoɼaḋ ón mbáſ.

Iſ fada aɼ an dtɼádán ſan an Ġaeluinn, aguſ iſ beag ná go ḃfuil ſí dulta ċun mí-ḋóċaiſ aɼ fad. Leaṫ-ċéad bliaḋan ó

Leaṫanaċ 2

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 02–03

ẛin, nuaiɼ a cuiɼeaḋ Connɼaḋ na Gaeḋilge aɼ bun, do héiſteaḋ léi, tamall, aguſ ṫáinig ḋá oiɼead cɼoiḋe aguſ uċtaiġ di. D'áɼduiġ ſí a glóɼ aguſ do laḃaiɼ amaċ go dána láidiɼ. Do ẛíl ſí go ɼaiḃ ɼiṫ an ɼáiſ léi. Aċ fóɼíoɼ! an ſpionnaḋ beag do ṫáinig i gcɼaḋṫaċa a clainne an uaiɼ ſin, tá ſé i n‑eiɼeaball a niɼt anoiſ. Iſ baoġal ná fuil i ndán di feaſta aċ an báſ, aguſ guɼb é a ḃeiḋ le ɼáḋ ag luċt ſeanċaiſ aɼ ball i dtaoḃ ſaoṫaiɼ an Ċonnaɼṫa ná ná ɼaiḃ ann aċ bloſcaḋ an ḃáiſ.

Máſ fíoɼ an méid ſin i dtaoḃ na Gaeluinne go coitianta, iſ fíɼe go móɼ é i dtaoḃ Ġaeluinne Ṁúſgɼaiġe. Níl aṁɼaſ ná go ḃfuil ſí ag tuitim aguſ ag connlú i n‑aġaiḋ na bliana. Ní fada eile a ḃeiḋ ſí ann i n‑aon ċoɼ maɼa leiġiſteaɼ go gɼod a galaɼ báiſ.  Anoiſ an t‑am,  adeiɼ ſí linn,  an ḟaid atá ſcɼioṫaɼtaċ ionnam. Beiḋ ſé ɼó-ḋéiḋeannaċ amáiɼeaċ nuaiɼ a ḃead ag taḃaiɼt an ḟéiɼ.  Aguſ ca ḃfuil an duine? Ní duine aċ tɼiúɼ a ḃíonn ón Solán nuiaɼ a ṫagann aiɼc aiɼ. Aguſ ní duine ná tɼiúɼ oiɼfiḋ don Ġaeluinn ċun í ċuɼ aɼ láiṁ ẛáḃála, aċ meiṫeal d'ḟaɼaiɼí eolgaiſeaċa dúṫɼaċtaċa.

Ní móɼ 'om adṁáil go gcuiɼeann ſé díombáiḋ aguſ ceann‑fé oɼainn a ɼiġne atá an obaiɼ ſeo atá idiɼ láṁaiḃ againn ag dul ċun cinn. I n‑inead na ſluaiġte go ɼaiḃ fáilte againn ɼómpa aguſ ſúil againn le hiad do teaċt iſteaċ 'náɼ gcumann, níoɼ ḃailiġ ċuġainn aċ meiṫeal ḃeag de Ċáiɼdiḃ,—meiṫeal náɼ leoɼ i n‑aon ċoɼ ċun na h‑oibɼe ċoinneáilt aɼ ſiuḃal. Aguſ ɼud iſ meaſa ná ſan, iſ deallɼuiġṫeaċ náɼ ċuiɼ na Cáiɼde atá againn aon tſuim ċeaɼt ſa Ḃulletín. Ní ḃfuaɼamaiɼ aċ cúpla leitiɼ á ṁolaḋ. Ní ḃfuaɼamaiɼ aon ċeann i n‑aon ċoɼ á ċáineaḋ, aguſ iſ olc an coṁaɼṫa é ſin. Iſ é an t‑uaigneaſ i n‑inead an imɼiſ é. Aguſ iſ ɼó-ḃeag a ṫáinig de ṫoɼaḋ aɼ áɼ gcuid ceiſteanna, bíoḋ náċ foláiɼ nú tá daoine éigin ann ḟéadfaḋ iad do ɼéiḋteaċ. Iſ deocaiɼ a ɼáḋ cad fé ndeaɼ ſo—ce'cu leiſge nú neaṁ-ḟonn nú cúṫaileaċt.

Aċ tuſa, a ċaɼa, ní héidiɼ guɼ ag gaḃáil uime t'ḟocal ataoi. Ó ċeangalaiſ páiɼt linn ſan iaɼɼaċt ſo, tá de ḋualgaſ oɼt an Ġaeluinn do ċleaċtaḋ go coitianta, congnaṁ a ṫaḃaiɼt doſ na Cáiɼde eile ċun eolaiſ ḃeaċt do ċuɼ uiɼṫe, aguſ daoine eile do ſpɼiocaḋ ċun í ḟoġluim aguſ a ẛaoṫɼú. B'éidiɼ guɼ cúṫail ataoi. Máiſeaḋ, tuig guɼb é feaɼ an ṁiſniġ aṁáin a ḋeineann gníoṁ. Aguſ gníoṁ iſ eaḋ oiɼeann anoiſ. Miſneaċ maiṫ oɼt, dá ḃɼí ſin. Díɼiġ le floſg aɼ an obaiɼ atá ag feiṫeaṁ leat. Anoiſ an t‑am aguſ iſ tuſa an duine !

AN FEAR EAGAIR.

Leaṫanaċ 3

Maoilẛeaċlainn Ó Duḃgáin

" Coḃaɼ " do ſgɼíoḃ.

1.—" AN CLAḊAIRE. "

I mbliaḋain 1800 ḃí ſciollḃaċ d'ḟeaɼ ṫéaṫḃuiḋe ċoiɼtiġṫe in a ċoṁnaiḋe aɼ Caɼɼaig Tomáiſ, i ngioɼɼaċt ċeiṫɼe ṁíle do Moċɼomṫa. Feaɼ ann féin dob eaḋ an ſcɼioſaṁnaċ doiġɼipṫeaċ dɼoċ-ċɼoiḋeaċ ſan. Ḃí faġaiɼt aguſ fuinneaṁ aguſ dáſaċt ann. É i n‑a ḃuanna aɼ a ċoṁaɼſanaiḃ. D'aiṫneoċaḋ éinne aɼ a ġnúiſ ġɼuamḋa guɼḃ anċúinſe guɼḃ eaḋ é. É ſé tɼoiġṫe aɼ aoiɼde, aguſ teann téagaɼṫa, cúmṫa cóɼaċ d'á ɼéiɼ. É puſ-ẛúileaċ, aguſ coinneal i n‑a ḋá ẛúil aɼ nóſ an ḃeiṫiḋiġ allta. Baċall de ċoinncín ɼeaṁaɼ aiɼ, aguſ é puſaċ faid-leicneaċ. É in a lúdaiḋe ẛlim ẛleaṁain. An ṁuɼſantaċt aguſ an tolaṁóiɼe go ſmioɼ ann. Ba ṁinic éileaṁ aiɼ i gcóiɼ coiſdí aguſ ċun eadaɼġaḃála, aċ níoɼḃ aon leaſ-ainm " glac na mbɼeab " a ṫaḃaiɼt aiɼ. An ċainnt úd a ċaiṫ Aoḋagán Ó Raṫaille le Taḋg Duḃ, ba ċɼuinn a ṫiocfaḋ ſí ḋo:  Iſ gein diablaiḋe an Taḋg ſan. Iſ meaſa é ná a ẛínſeaɼ óiɼ ní ḋíbɼeann uiſge coiſɼeagṫa é. Tá bɼam-uaḃaɼ Lucifeɼ ann, inntleaċt Ṡátan, claḋaiɼeaċt Roibín, feall aɼ iontaoiḃ, aguſ cleaſaiḋeaċt a ḋá ẛean-ṁáṫaɼ.  Moilẛeaċlainn Ó Duḃgáin dob ainm aguſ ſloinnne don ċlaḋaiɼe ſeo.

San am ſan ḃí gɼaṫain ġallda de ṫiġeaɼnaíḃ talṁan taɼ éiſ neaduiġṫe i gceanntaɼ Moċɼomṫa. Bhí Muinntiɼ Iaɼḟlaiṫe díbeaɼṫa a Baile Ḃúiɼne ag Colṫurst, aguſ " a mbailte dá ɼoinnt fé ċíoſ go daoɼ " aige. Humpy, Massey aguſ Hedges i Moċɼomṫa aguſ aiɼc aguſ ampla oɼṫa ċun cuid a gcoṁaɼſan Sean-ṫɼeaḃċaiſí Uíḃ Laoġaiɼe á ɼuagaiɼt ag Barter aguſ ag Masters. Minhear aguſ Baldwin i dTuaiṫ na Dɼoman, aguſ gan tɼuaġ ná taiſe acu don díleaċtaiḋe ná don ḃaintɼeaḃaiġ. Cé ṫógfaḋ aɼ Ṁáiɼe Ḃuiḋe a mallaċt a ṫaḃaiɼt dóiḃ maɼ leanaſ:

Leagaḋ iſ leonaḋ 'guſ ſceiṁleaḋ dóiġte
Go dtigiḋ aɼ an gcóip ſeo 'ſ a ſtóɼ 'n‑a meaſc;
An ċɼoċ 'ſ an cóɼda á gcuɼ fí n‑a ſcóɼnaiġ,
Aguſ Dia náɼ ḟóiɼiḋ go deo a gceaſ.

Leaṫanaċ 4

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 04–05

Seo maɼ a ċaoineann Séamuſ Móɼ Ó Muiṁneaċáin ɼuagaiɼt Ṁuinntiɼ Iaɼḟlaiṫe:

Sé ċɼuinniġ an liaċ im ċliaḃ, dá leaṁaimíſ laḃaiɼt,
Gan duine den tɼriaḃ i n‑a ndiaiḋ ag ſeaſaṁ tiġiſ teann
I n‑ionad na mbiaḋtaċ ḃfial ba faiɼſeag ḃí a ḃfaḃaɼ,
Aċ conaiɼt dá ɼiaɼ iſ fiaḋaċ ag gaſɼaíḃ Gall.

Aċ i dtaoḃ Ṁaoilẛeaċlainn ḃí cíoſ na Bealtaine á éileaṁ aɼ ɼoinnt dá ċoṁaɼſanaiḃ. Toiſc a ẛuaɼaiġe a ḃí an ſaoġal le n‑a linn ſinn [ſic]. ? ɼecte ſin ní ɼaiḃ pingin a mbeaɼɼṫa acu. B'eol dóiḃ ná ſáiſeóċaḋ aon ní aċ " cíoſ nú ſeilḃ " an tiġeaɼna talṁan. Ċuadaɼ aɼ loɼg coṁaiɼle aɼ Ṁaoilẛeaċlainn, aguſ b'é ɼud aɼ aɼ ċinneadaɼ ná dul go dtí tiġ duine éigin deſ na ſladaiḋṫiḃ Gallda aguſ oiɼead aiɼgid ḟuadaċ uaiḋ aguſ ḋíolfaḋ a gcíoſ. " Goid ó ġadaiḋe goid gan ṗeacaiḋe, " daɼ leo. Ní ɼaiḃ aon ċuiṁneaṁ acu aɼ ḃaſgaḋ ná aɼ ṁaɼḃú a ḋéanaṁ.

2.—BOB HUTCHINSON

I mbliaḋain 1782, i n‑aimſiɼ na nÓgláċ, ḃí Gall de ṁuinntiɼ Hutċinſon in a oifigeaċ aɼ " na Gíománaiġ Náiſiúnta, " aguſ nuaiɼ a cuiɼeaḋ aſ feiḋm iad ſan, ċuiɼ ſé féin aguſ a ḋeiɼḃẛiúɼ fúṫa aɼ Coṁad-dɼom láiṁ le Moċɼomṫa. Giolla de Ṁuinntiɼ Rinn go ɼaiḃ allaiḃɼe aiɼ an t‑aon duine iaſaċta aṁáin a ċodlaḋ i n‑aon tiġ leo. Ḃí tiġ gleoite ag an oifigeaċ ſo i láɼ faiṫċe coilliḋe, aguſ an ɼaḋaɼc iſ deiſe ſa tíɼ i n‑a ṫimċeall. Caiſleán Uí Ḟlainn aguſ an feaɼann faiɼſing a ġaḃann leiſ aɼ a aġaiḋ anonn. An Solán  fada fiɼeann  ag ſniġe go coiṁġṫeaċ tɼé ġleann laiſtíoſ de. Seiċe, Diuḃċoill aguſ Daṁaſ ag bagaiɼt a gcinn taɼ dɼuim a ċéile ſiaɼ ó ḋeaſ uaiḋ.

Ḃí an-uɼɼaim ag " nua-uaiſle " na coṁaɼſanaċta do Ḃob, ní náċ iongnaḋ; aguſ ní ɼaiḃ aon dɼoċ-ṫeiſt ag muinntiɼ an ḃaill aiɼ. Ḃí béaſ aige ḃeiṫ ag áiɼneán go h‑ana-ḋéiḋeannaċ. Aɼ a ṫiġ ſeo iſ eaḋ ṫug Moilẛeaċlainn aguſ a ḃuiḋean a n‑aġaiḋ i n‑am ṁaiɼḃ na h‑oiḋċe. Ċeiṫɼe ḋuine ḋéag acu a ḃí ann. Ḃí ſaoɼ cloiċe oɼṫa dáɼḃ ainm aguſ ſloinne Seán Ó Duḃgáin. Col ceaṫaɼ do Ṁaoilẛeaċlainn dob eaḋ eiſean. Ḃí a ċaſúɼ aige, aguſ ba ġeaɼɼ an ṁoill aiɼ bloḋtɼaċa a ḋéanaṁ d'ḟuinneoig Ḃob leiſ. Nuaiɼ a ċuala feaɼ an tiġe an foṫɼam ag na feaɼaiḃ ag teaċt iſteaċ do ṗeab ſé anuaſ an ſtaiġɼe. Ḃí a aiḋḃéaɼdaiḋe féin aɼ ḋuine de'n ḃuiḋin, aguſ d'aiṫin ſé láiṫɼeaċ é.  An annſan ataoi-ſe, a Ċáɼṫaiġ?  aɼ ſeiſean. Ba ṁóɼ an botún a ḋein ſé aguſ a ċuɼ i n‑úil guɼ aiṫin ſé é. Dá mb'áil leiſ gan pioc a leogiant aiɼ ní bacfaí leiſ. Aċ ṫuigeadaɼ go léiɼ ó n‑a ċainnt go ɼaḃadaɼ i n‑angaid. Do laḃaiɼ Maoilẛeaċlainn aguſ duḃaiɼt:  A Ċáɼṫaiġ, dein do ġnó.  Deiɼteaɼ go ɼug an Cáɼṫaċ aɼ ġunna Ḃob a ḃí i láiṁ leiſ, aguſ guɼ ſcaoil uɼċaɼ tɼé 'n‑a ċliaḃ aguſ go ndeaɼna

Leaṫanaċ 5

ſteipineaċ de. Ṫáinig éaɼṫaċt aɼ an mbuiḋin nuaiɼ a ċonnacadaɼ cad a ṫáɼla, aguſ ċuiɼeadaɼ díoḃ láiṫɼeaċ.*

Ní miſde a ɼáḋ ná go ɼaiḃ ɼí‑ɼá aguſ ɼuaille buaille timċeall tiġe Ċoṁad-Dɼom laɼ na ṁáiɼeaċ. Iongnaḋ aguſ alltaċt aɼ gaċ éinne. Soc aguṡ gob aguſ faoḃaɼ aɼ luċt na dliġe, aguſ díoġaltaſ gan tɼuaġ gan taiſe gan tɼócaiɼe aɼ aigne acu. Ag taḃaiɼt fiaḋnaiṡe do ḋeiɼḃẛíɼ Ḃob i láthaiɼ an ċoiſte duḃaiɼt ſí guɼ baineaḋ beaṫa na n‑éag aiſti nuaiɼ a ċuala ſí an gleo; go ndeaġaiḋ ſí iſteaċ i n‑almóiɼ aguſ guɼ ḟan ann go ſaiḃ an cliſiam i leaṫtaoiḃ. Duḃaiɼt Mac Uí Rinn, an giolla, go ɼaiḃ ſé féin in‑a ẛáṁ-ċodlaḋ feadh na h‑oiḋċe, aguſ náɼ aiɼiġ ſé faic. Pe'cu ḃí ſé i n‑a ċodlaḋ nú n'a ɼaiḃ, níoɼ cɼeideaḋ focal uaiḋ.

Cad a ḃí aɼ aigne ag an té a ṁaiɼḃ feaɼ bɼeá macánta maɼ Ḃob ? B'in í an ḟaḋb. Níoɼ bacaḋ le haiɼgead ná le hollṁaiṫeaſ, ná ní ḋeaġṫaſ ṫaɼ an ſeomɼa i n‑aɼ tɼeaſcɼaḋ é. Cad ba ḃun leiſ an maɼḃaḋ? Díoġaltaſ, aɼḃ eaḋ? Aċ níoɼḃ eol d'éinne go ndeaɼna Bob doċaɼ ná díoġḃáil dá ċoṁaɼſain ɼiaṁ.

3.—TÓIR.

Do ḃí díoɼaim fíoċṁaɼ Gíománaċ i Moċɼomṫa an uaiɼ ſin. Ċuaɼduiġeadaɼ dóiġ aguſ andóiġ aɼ loɼg an té ṁaiɼḃ Bob. Ḃagɼadaɼ ſmúɼaḃán a ḋéanaṁ den tſɼáid dá dteipeaḋ oɼṫa an cuiɼpṫeaċ a ṫaḃaiɼt ċun láṁa. Aċ ṫánadaɼ aɼ aṫ-ſmaoineaṁ, aguſ ṫaiɼgeadaɼ céad púnt don té ſcéiṫfeaḋ aiɼ. Níoɼ ṁeall ſan éinne. I gcionn tamaill eile ṫaiɼgeadaɼ ḋá ċéád púnt, aċ ní ɼaiḃ ann dóíḃ. Fé ḋeiɼe ṫaiɼgeadaɼ tɼí ċéad, aguſ i n‑a ṫeannta ſan go maiṫfí don ḟaiſnéiſiḋe má ḃí aon ḃaint aige leiſ an ngníoṁ. Ní ɼaiḃ ag éiɼġe leo. Níoɼḃ ḟada go dtáinig aṁɼaſ dóiḃ aɼ Ṁaoilẛeaċlainn, aguſ do gaḃaḋ é i n‑a ṫiġ féin. Iſ é ḃí go neaṁ-ċoɼɼḃuaiſeaċ, maɼ ḋ'eaḋ, i dtaoḃ a ġaḃála. Nuaiɼ aduḃɼaḋ leiſ guɼ ċeaɼt do óɼdú a ṫaḃaiɼt dá luċt oibɼe i dtaoḃ gnóṫaí na feiɼme feaſta níoɼ ḋein ſé aċ ſpíoɼ ſpáɼ den ſcéal. Pɼeit, a ḋuine, ní ḃead‑ſa ḋá lá a baile, aduḃaiɼt ſé. Aċ nuaiɼ a cuiɼeaḋ i n‑a luiġe aiɼ cad a ḃí i ndán do, do ḋuḃuiġ aguſ do ġoɼmuiġ aige. B'éigean do gluaiſeaċt go Moċɼomṫa le coiſ na nGíománaċ. Le linn dul ſan iallait do, do ḃain ſé ſlat ſailiġe aɼ ġɼuaḋ an ḃóṫaiɼ. Aguſ é ag cuɼ na ſliġe ḋe, ḃí ſé ag cuɼ aguſ ſg cúiteaṁ i n‑a aigne, aguſ é go ſuaiṫte gɼeiṫileánaċ, gan ſuim aige á ċuɼ i n‑aon ní i n‑a ṫimċeall. An túiſce guɼ ċɼomadaɼ aɼ ġluaiſeaċt ċuiɼ ſé an tſlat 'n‑a ḃéal aguſ ḃí á cɼeimeaḋ le n‑a ḟiaclaiḃ. Um an dtaca guɼ ẛɼoiċ ſé Moċɼomṫa ní ɼaiḃ aċ óɼlaċ di gan ſmiotaḋ aige.

* Sidé innſint atá aɼ an ſgéal i " Séadna ":—
Cáit.—  Nách é Coɼmac Mac Cáɼṫa a láṁuiġ Bob Hutchison, a Ġobnait? 
Gobnait.—  Iſé, nuaiɼ a ẛeaſaiṁ M'leaċlainn ua Duḃagáin aɼ an dtaoḃ ṫiaɼ de aguſ ċuiɼ ſé beul a ġuna le n‑a ḋɼom, aguſ dúḃaiɼt ſé,  láṁuiġ é, a Ċoɼmaic,  aɼ ſeiſean,  nó láṁfad‑ſa ṫuṡa ! —F.E.

2 ſic

Leaṫanaċ 6

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 06–07

An gaḃadán aḋmaid atá anoiſ ag Diaɼmaid Ó Laoġaiɼe ag ceann Ṡɼáid an Ċaiſleáin, iſ é ḃí i n‑a ġaḃann* an uaiɼ úd ag an aɼm, aguſ iſ ann a cuiɼeaḋ Maoilẛeaċlainn i gcóiɼ na hoiḋċe. Nuaiɼ ba léiɼ do ná ɼaiḃ cead teiċte ná toɼmaiſ aige, aguſ nuaiɼ a ċuala ſé i dtaoḃ na bɼeibe a ḃí le faġáil ag an mbɼaṫadóiɼ, duḃaiɼt ſé leiſ fein guɼḃ é a ċoileaċ a ġ laoiḋ, aguſ go ɼaiḃ a ċuid aɼáin beiɼḃṫe. Níoɼḃ ḟada an ṁoill aiɼ ſcéiṫ aɼ na cáiɼdiḃ a ſtiúɼuiġ ſé ċun an ġníṁ. Dliġe an aiɼm a ḃí i ḃfeiḋm an tɼáṫ ſan. Rugaḋ láiṫɼeaċ aɼ ẛeiſeaɼ den ḃuiḋin aguſ tugaḋ go cúiɼt an aiɼm i gCoɼcaiġ iad. Ḋeaɼḃuiġ Maoilẛeaċlainn oɼṫa go cɼuinn blaſta gan tuitim focail. Aċ do ḋein a ċol ceaṫaɼ, Seán, a ɼaiḃ aɼ a ċumaſ ċun an éiṫiġ a ċuɼ i leiṫ an ḟaiſnéiſiḋe. Duḃaiɼt ſé náɼḃ aṁlaiḋ a láṁaċaḋ Bob aċ guɼ le n‑a ċaſúɼ féin a pollaḋ a ċliaḃ. Ċuiɼ an ċainnt ſin luċt na dliġe ag maċtnaṁ. B'ḟéidiɼ náɼ ċialṁaɼ an ḃeaɼt dóiḃ a ṁeaſ guɼḃ aṁlaiḋ a láṁaċaḋ é, aguſ ẛocɼuiġeadaɼ aɼ an gcoɼp d'inḟiúċaḋ aiɼíſ. Deineaḋ aṁlaiḋ, aguſ duḃaiɼt an doċtúiɼ guɼ aimſiġ ſe liaṫɼóidí luaiḋe i n‑aice an ċɼoiḋe aige. Ċuiɼ ſan deiɼe leiſ an ſgéal. Daoɼaḋ na cimí ċun a gcɼoċta. D'ḟonn ſcannɼaḋ a ċuɼ i gcɼoiḋe ṁuinntiɼ an ċeanntaiɼ do hóɼduiġeaḋ na cinn a ḃaint díoḃ taɼ éiſ a gcɼoċta aguſ iad a ċuɼ anáiɼde aɼ ſpaɼaíḃ aɼ an ngaḃann. Ḃí tɼuaġ aguſ taiſ ag gaċ éinne do Ċeallaċán aguſ do Ṫaḋg Mac Cáɼṫaiġ a daoɼaḋ aguſ gan láṁ ná laḋaɼ acu ſa ġnó. Aċ ḃí a ċúiſ féin ag Maoilẛeaċlainn nuaiɼ a ḋeaɼḃuiġ ſé an t‑éiṫeaċ oɼṫa. Seo maɼ adeiɼ an tAṫaiɼ Peadaiɼ i dtaoḃ an ſcéil i " Mo Sgéal Féin ":

Aḃfad 'n‑a ḋiaiġ ſan iſeaḋ do hinnſeaḋ dom guɼ ſpaɼaí iaɼainn guɼḃ eaḋ na tɼí liaṫɼóidí beaga. B'ẛin iad tɼí cinn na ḃfeaɼ a cɼoċaḋ maɼ ġeall aɼ Ṁ'leaċlainn Ua Duḃgáin. Cáɼṫaiġ ab eaḋ iad, aguſ tɼiúɼ dɼiṫáɼ ab eaḋ iad, Coɼmac, Ceallaċán aguſ Taḋg. Do ċuiɼ Malaċi ḟeuċaint aɼ Ċoɼmac Bob Hutċinſon do láṁaċ. Annſan do ḋeaɼḃuiġ ſé aɼ Ċoɼmac. Annſan ḃí eagal aiɼ go ndéanfaḋ duine éigin den ḃeiɼt dɼiṫáɼ díoġaltaſ aiɼ féin maɼ ġeallaɼ an ndeaɼḃuġaḋ, aguſ iſ é ɼud a ḋein ſé ná deaɼḃuġaḋ aɼ an dtɼiúɼ i n‑aonḟeaċt.

(Ní Cɼíoċ.)

* .i. bridewell. Céim na bɼeiġdealaċ a ḃí maɼ ainm ag na ſeandaoine aɼ Ṡɼáid an Ċaiſleáin.—F.E.

Leaṫanaċ 7

Séadna.

Foilſiġeaḋ: An Ċéad Ċuid, ſé ſin, Caib. I go dtí láɼ Caib. a XVII, i nIɼiſleaḃaɼ na Gaeḋilge, Saṁain 1894—Abɼán 1897. An Daɼa Cuid, ſé ſin, ó láɼ Caib. XVII go dtí láɼ Caib. XXIII i ḃfuiɼm leaḃaiɼ, Baile Áṫa Cliaṫ, 1898. Gaelic League Publications. An Tɼíoṁaḋ Cuid[,] ſé ſin, ó láɼ Caib. XXIII. go dtí deiɼe an ſgéil, ſa Cork Weekly Examiner, Bealtaine 4—Meaḋon Foġṁaiɼ 14, 1901. Séadna. É go léiɼ i n‑aon leaḃaɼ aṁáin, Baile Áṫa Cliaṫ, 1904: Muinntiɼ na Leaḃaɼ Gaeḋilge. Foclóiɼ do Ṡéadna, Noɼma Boɼṫwick do ċuiɼ le ċéile, Baile Áṫa Ciaṫ, 1909. Shiana, an ſgéal ſa litɼiú ſímpliḋe, Baile Áṫa Cliaṫ, 1916: Bɼún aguſ Ó Nualláin. Do ċuiɼ an ṁuinntiɼ ċéadna an leaḃaɼ amaċ 'n‑a ṫɼí coda. Níl aon dáta aiɼ. Séadna, cuɼ-amaċ nua 'n‑a ṫɼí coda, Baile Áṫa Cliaṫ, 1936: Bɼún aguſ Ó Nualláin. Doṁnall Ó Maṫúna do ċuiɼ i n‑eagaɼ. Deiɼ ſé ſa ɼéaṁ-ɼáḋ: Túɼfaɼ fé ndeaɼa go ḃfuil iaɼaċt déanta ſan eagɼán ſo de ' Shéadna ' aɼ ṫoil an Aṫaɼ Peadaɼ i dtaoḃ leitɼiú na Gaelge do ċuɼ i ngníoṁ.

Níl aṁɼaſ ná guɼb é Séadna an leaḃaɼ iſ mó-le-ɼá i nGaeluinn Ṁúſgɼaiġe, nu dá n‑abɼainn é, i nGaeluinn na haimſiɼe ſeo le ċéile. I n‑a ḋiaiḋ ſan, ḃeaḋ bɼeall aɼ éinne a ẛaṁlóċaḋ guɼ caiġdeán fíoɼ-ḃeaċt aɼ fad é le cainnt na ſeandaoine i Múſgɼaiġe. Ní healaḋa ḋúinn a ḋeaɼṁad ná ɼaiḃ an tAṫaiɼ Peadaiɼ aċ 'n‑a ġaɼſún óg nuaiɼ ḟág ſé an baile aguſ guɼ ċaiṫ ſé an ċuid iſ mó dá ẛaoġal i dtaoḃ amuiġ dá ḋúṫaiġ. Aɼ a ċuiṁne iſ mó a ḃɼaiṫeaḋ ſé nuaiɼ a ḃíoḋ an Ġaeluinn aige á ſgɼíoḃ, aguſ bíoḋ Gaeluinn na leaḃaɼ a ḃí léiġte aige aguſ Gaeluinn na ndúṫaí do ẛiúḃluiġ ſé ag teaċt i gcoinniḃ na Cuiṁne. Iongnaḋ ẛaoġail iſ eaḋ a ḟeaḃaſ do ċimeád ſé gɼeim aɼ a Ġaeluinn féin i n‑aiṁḋeoin na mbaɼɼaí ſin. Rud eile: ſgɼíoḃaiḋe neaṁ-ċɼíoċnaṁail ab eaḋ é ɼiaṁ. Ba ċuma leiſ aċ ḃeiṫ ag ſgɼíoḃ ɼoimiſ, gan puinn ſuime ċuɼ ſa litɼiú, aguſ iſ annaṁ i n‑aon ċoɼ do ċeaɼtuiġeaḋ ſé an méid a ḃíoḋ ſgɼíoḃṫa aige. Ná duḃaiɼt ſé féin i leitiɼ do ſgɼíoḃ ſé ċun an Aṫaɼ Geaɼóid Ó Nualláin an ċainnt ſeo im ḋiaiḋ? B'ḟéidiɼ guɼ deaɼṁad cló é nó b'ḟéidiɼ guɼ ſcɼíoḃaſ féin maɼ ſin é. Iſ minic a ḋeinim deaɼṁad maɼ é. Maɼ ġeall aiɼ ſin, ní haon iontaoiḃ ɼó-ṁóɼ iad a láṁ-ſgɼíḃinní féin, na cinn atá againn. Aguſ i dtaoḃ Ṡéadna ḋe, tá deacaɼaċtaí eile ag baint leiſ an ſgéal. Nuaiɼ a ḃí an ċéad ċuid á foillſiú ní ɼaiḃ puinneolaiſ ag an ſaoġal móɼ aɼ ċainnt na ndaoine, aguſ dá ḋeaſgaiḃ ſin, d'imiɼ Feaɼ Eagaiɼ an Iɼiſleaḃaiɼ a ṫoil féin aɼ Ġaeluinn an úġdaiɼ, á ceaɼtú, daɼ leiſ féin. Deineaḋ iaɼɼaċt 'n‑a ḋiaiḋ ſan aɼ na " ceaɼtuiġṫe " ſin do ġlanaḋ aſ an leaḃaɼ, aċ fanann ɼoinnt acu i gcoṁnuiḋe. Aguſ fanann 'n‑a dteannta áḃaɼ éigin deſ na deaɼṁadtaí do ḋein clódóiɼ an Cork Weekly Examiner nuaiɼ a ḃí an tɼíoṁaḋ [ſic; ɼecte daɼa] cuid aige á ċuɼ i gcló. Cá h‑iongna, maɼ ſin, go ḃfuil an leaḃaɼ lán de ṁion-deaɼṁadtaí.

Leaṫanaċ 8

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 08–09

Nuaiɼ a ḃí an t‑eagɼán nua á ollṁú ag an Maṫúnaċ do ġaiḃ ſé tɼíd an leaḃaɼ go mion-ċúɼamaċ aguſ do ċuiɼ ſlaċt móɼ aiɼ. Aċ níoɼ ṫaitn an t‑eagɼán ſo i n‑aon ċoɼ leiſ an bpoibliḋeaċt de ḃáɼɼ na h‑iaɼɼaċta a ḃí déanta ag an eagaɼṫóiɼ " aɼ ṫoil an Aṫaɼ Peadaɼ i dtaoḃ leitɼiú na Gaelge do ċuɼ i ngníoṁ. " Iſ móɼ go léiɼ an tɼuaġ é ſin, taɼ éiſ a ḃfuaɼaḋ de ḋuaḋ an ċeaɼtúċáin.

Aċ dá ṁéid ceaɼtúċán do ḋein an Maṫúnaċ aɼ an leaḃaɼ, níoɼ ḋeacaiɼ cuɼ leiſ. Do ċuiɼ Míċeál Máiġiſtiɼ Ó Bɼiain an uile ḟocal den ſgéal i gcoṁaiɼle na gcainnteoiɼí ab ḟeaɼɼ a ḃí i mBaile Ṁúiɼne le na linn. Ní hannaṁ i n‑aon ċoɼ do ḋiúltuiġeadaɼ ſan go glan don ɼud a ḃí ſa leaḃaɼ. Uaiɼeannta eile do ġaḃadaɼ len aiſ é, ſiúd iſ náċ maɼ ſin adéaɼfaidíſ féin é. Cuiɼfead ſíoſ anſo tuaiɼimí na gcainnteoiɼí ſin, le ſúil go gcuiɼfiḋ na Cáiɼde ſuim ionnta aguſ go ndéanfaiḋ mo ẛaoṫaɼ cuiṁneaṁ an Ḃɼianaiġ do ḃuanú i gcɼoiḋṫiḃ Gaeḋeal.

Iſ é eagɼán an Ṁaṫúnaiġ a leanfad. Dá leanainn an ſeana-leaḃaɼ do líonfainn " An Múſgɼaiġeaċ " aɼ fad, ḃeaḋ oiɼead ſan ceaɼtúċáin le déanaṁ. Don leacain iſ eaḋ ṫagɼaid na figiúiɼí tɼoma; don líne a ṫagɼaid na figiúiɼí éadtɼoma.

Caiṫfeaɼ leoɼ do ġaḃáil liom i dtaoḃ na bɼeacaɼnaiġe atá agam. Ní ɼaiḃ leiġeaſ agam aiɼ, ón uaiɼ 'ſ ná fuil aon ċló " iodálaċ " le haġaiḋ na Gaeluinne.

CUID A hAON

5,2, cuiɼtaɼ, nú ċuiɼtaɼ; 8, nú, ẛúgán; 16, a láṁ. 7,3, a ḃí ad' iaɼɼaiḋ déaɼca; 10, coſlomnoċta; 18, a ċuiɼfeaḋ aɼ ċumaſ a ġnóṫa a ḋéanaṁ é, nú é i gcumaſ a ġnóṫa a ḋéanaṁ; 25, ḋeilḃ. 9,4, ḋein ſé a ṁaċtnaṁ do féin; 19, nú cɼúb taiɼḃ. 10,17, a ḋá laġaiɼ. 12,18, i dtoſaċ báɼa; 19, nú, giolúnaċ, 13,11, nú cad do ḃeiɼ di ḃeiṫ coſlomnaċta; 16, nú, coſ; 17, nú dɼanntú; 19[,] dɼiuċ a' ḃáiſ; 26, nú, aɼ an dtalaṁ. 14,1, nú, dá dtagaḋ—aguſ maɼ ſin tɼíd an leaḃaɼ go léiɼ, an fó-ẛuiḋteaċ i n‑inead an ċoinġeallaiġ i ndiaiḋ 'dá'; 7, maɼ atá ſí; 29 Do ġéaɼuiġ ſé a ċoiſiḋeaċt. Do ġéaɼaiġ iſean (nú ſan) ċoṁ maiṫ. 15,27, Ná bac leo. 20,7, cead taɼɼaic; 12, ḃí a n‑aġaiḋ taḃaɼṫa acu—an ɼud céadna aiɼíſ aguſ aiɼíſ eile: m'aġaiḋ, a h‑aġaiḋ, áɼ n‑aġaiḋ taḃaɼṫa; 29, nú, an ɼíc. 24,7, aɼ a ċɼomaɼa. 25,3, do neaɼtuiġ uiɼṫe; 6, do ḋein bullabáiſín den tiġ. 27,3, ẛáiſeoċaḋ. 29,4, ná d'ḟonn; 12, má ċuiɼ. 30,1, Dḟéaċ ſé aɼ an gcaṫaoiɼ aguſ ſuaſ aɼ an mealḃóig; 15, nú go dtí an t‑aonaċ; 23, maɼ a ḃeaḋ. 31,8, nú ag maɼcaiġeaċt; 13, ḟeadaiɼ; 16, nú, ag ſiotaɼaiġ; 27, nú, lán-lúṫ; 31, nú go lom díɼeaċ, nú go cɼuinn díɼeaċ; ag aon ċapall acu. 32,5, na go ɼaiḃ—an ɼud céadna le ceaɼtú tɼíd an leaḃaɼ ſíoſ: ' Níl éinne ná go ḃfuil ' i n‑inead ' ná fuil[,] ' ' ná go ɼaiḃ, ' ' ná go mbeaḋ, ' ' ná guɼ ḋein, ' aguſ maɼ ſin de. 33,10, ſgoiltfeaḋ; 23, á ɼáḋ; 28, nú, ẛíolɼaċ

Leaṫanaċ 9

34,5, Ḃí ſan; 14, nú, aɼ ṁ'eolaſ; 32, nú go déanaċ. 35,21, luaġ púint. 40,13, a ḃeiſte. 41,17, tiġ Ḋiaɼmuda. 42,26, nú, ag gaḃail an ḃóṫaiɼ do ag dul aḃaile. 43,29, luaġ ḋá ṗúint. 44,4, cuiɼfaɼ; 26, An Ċlaedeaċ. 46,17, ċuiṁneaṁ cad ba ċeaɼt. 48,11, leaṫ-ṗinge; 13, nú, ſaɼ aɼ aeṫiġ aiɼ. 49,8, cuiɼtí; 23, ó ṁaidean—maɼ ſin i gcoṁnuiḋe ſa tuiſeal taḃaɼṫaċ. 50,15, nú aṫċaſaḋ go bɼáṫ. 51,8, inġea Ḋiaɼmuid Léiṫ; 16, i ngioɼɼaċt. 52,23, nú, ɼoinnt éigin ċainnte; 29 don ċóiſiɼe. 53,28, nú, fé'n mbeiɼt againn. 54,11, 'na dɼiúɼaiḃ, 'na gceaṫɼaɼaiḃ, 'na ndeiċniúɼaiḃ; tɼé a ḟeaḃaſ (nú i dtaoḃ a ḟeaḃaſ) a ċuadaɼ aſ. 55,14, nú, cúlḟiacal; 22, cleaṁnaiſtí. 57,9, nú, guɼ; 23, do noċt luċ ċuige (nó ḋo) ann. 58,30, an oiɼead ſan dúile. 60,11, nú, gan uiḋeaċaſ; 26, nú, leat‑ſa. 61,16, dailtíníḃ; 22, éilṫeoiɼ. 62,21, nú, an ṁaiṫeaſa; 26, aɼ an eadaɼṫa. 64.2, nú, luaċt. 66,1, iſ maiṫ a ḋeiniſ aguſ an cleaṁnaſ do ḃɼiſeaḋ. 67,19, nú, a óinſeaċ. 68,13, nú, tɼéiṁſe óɼ; 19, a ċuiɼ ſí í. 69,12, nú, ſiúd í a ṁáṫaiɼ iſteaċ 'na ḋiaiḋ; 31, aɼ ċaol dɼoma. 70,22, nú, aɼ daṫ. 72,5,'na ẛuiḋe ſa ċaṫaoiɼ; 13, nú nío ḋeaġaiḋ, nú ḋeaġaiḋ. 73,22, nú deilḃ ċinn; 25, an dá ḟiacail; 30, collacɼifín. 74,23, nú níoſa ẛine. 75,17, nú, do ṫalaṁ; 23, nú, " Níl ſaṁail ná púca ná go ḃfuil fioſ a ċúiſe féin aige "; 32, nú, ſa ċoiſ ḃaca. 76,9, nú ſiúḃluiġ; nú, ṫulcaig, nú, ṫulcaid. 77,12, fé ṫuaiɼim nú fé ġéin a ċeannaġṫa. 81,31, nú, díoġḃáil taiɼḃe. 85,2, aɼ feaḋ uaiɼe 'n ċluig. 86,27, nú, aɼ gaċ donaſ. 87,29, Ní duḃɼaḋ. 88,1, nú, i gcoṁluadaɼ; 5, ba ċloſ; 17, ní há ṁaoiḋeaṁ. 89,13, nú, deiɼe, nú, deiɼeann tú; 22, nú, ag gaḃáil anuaſ. 91,8, nú, ṫaɼ iġ; 14, fíoɼa; nú a luiġeaḋ tuiɼſe a ḃeiṫ aiɼ. 92,25, nú, ceaɼdċan. 93,6, nú, ag baint ɼaḋaiɼc na ſúl aſ; 29, nú, dá aigne. 94,16, nú do é ṗóſaḋ; 23, nú mbailtiḋeaċa. 95,5, nú, dá mbeidíſ ag imṫeaċt; 6, nú, poɼtaiġṫe; 28, nú, lomanoċta. 96,27, nú, i ngalaɼ dóġaċ. 101,18, póſta le Dia na n‑uile ċoṁaċt. 103,17, nú, féaċ anoiſ duit. 104,1, at' iaɼɼaiḋ; 23, nú, ḃí ſé am ṁaiɼḃ na h‑oiḋċe. 105,20, nú ġlóṫaiġe.

(Tuille le teaċt.)

An ḃfuil ḟioſ agat?

Ⅰ. Caṫin a déaɼfí na ɼáiḋte ſeo?

  1. Buiḋeaċaſ le Dia náċ é ſaoɼ an ḃáid a ḋein an tigh.
  2. Seaċain nú íoſfaiḋ Cailleaċ na luaiṫe ṫu.
  3. Tá ſé amaċ aſ an ſmoiɼt.
  4. A Ṫiġeaɼna, caiṫ ſiaɼ aɼ an loċta me.
  5. Náɼ ṫugaiɼ do ẛúile leat.
  6. Cion an toɼmaiſ i mbéal an ocɼaiſ.

Ⅱ. Cad a ċialluiġid ſo?

  1. Diaɼmuid na feiɼme.
  2. Diaiɼmín.
  3. Airgead aḋarc.
  4. Madɼa gaoiṫe.
  5. Sainnſiléaɼ.
  6. Gioɼɼéín Luṫaɼta Laṫaɼṫa [ſic; leg. Laṫaɼta] ag gaḃáil tɼé ċoill Uí Ṁugada Ṁagada.

Fɼeagɼaí aɼ leacain 17.

Leaṫanaċ 10

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 10–11

Filí aguſ Filíoċt Ṁúſgɼaiġe, 2

Seoṫíg tuille d'ḟilíḃ Ṁúſgɼaiġe. Ó Ḃaile Ṁúiɼne a ḃfuɼṁóɼ.

  1. Nóɼa an tSleaſa Ní Ċɼíodáin
  2. Míċeál Mac Ċoɼmaic Mac Cáɼṫaiġ
  3. Diaɼmuid a' Scɼiṫin Ó Loingſiġ
  4. Conċuḃaɼ Commandy Ó Liaṫáin
  5. Doṁnall Commandy Ó Liaṫáin
  6. Doṁnall Bacaċ Ó Luaſaiġ
  7. Séamaſ (?) Ó Muiṁneaċáin—" An Paupeɼ "
  8. Donnċaḋ an Ṗuiſín Ó Muɼċaḋa
  9. Liam an Ṁaoláin Ó Muɼċaḋa
  10. Taḋg na Tuinne Ó hIaɼḟlaiṫe
  11. Seán an Reoṫa Ó Ríoġḃaɼdáin
  12. Diaɼmuid Ruaḋ Ó Buaċalla
  13. Pádɼaig Mac Ṡeáin Ó hIaɼḟlaiṫe
  14. Pádɼuig Ó Muɼċaḋa
  15. Míċeál Ringiɼ Ó Suiḃne
  16. Aṁlaoiḃ an Ċoiɼipe Ó Loingſiġ
  17. Stiaḃna Ċɼoḃdaiɼ Ó Buaċalla

Maɼ leiſ an lioſta d'ḟilíḃ Ṁúſgɼaiġe do foillſiġeaḋ ſa ċéad " Múſgɼaiġeaċ, " níl aon eolaſ agam 'n‑a dtaoḃ ſo: Oliḃéaɼaſ Ó hÉaluiġṫe, an tAṫaiɼ Sean Ó Niaḋ, Seán Ó Súilleaḃáin, ná i dtaoḃ Ḋonnċaḋ Uí Ṁuɼċaḋa an Ġuail, maɼab é Donnċaḃ [ſic; ? ɼecte Ḋonnċaḋ] an Ṗuiſín é.

Tá móɼ-ċuid d'ḟiliḋeaċt na ḃfilí ſeo bailiġṫe, aċ iſ eagal liom go ḃfuil ɼoinnt ṁaiṫ eile ḋi imṫiġṫe gan tuaiɼiſg. Filí maiṫe ab eaḋ a ḃfuɼṁóɼ—an ċuid acu do ṁaiɼ ſan oċtṁaḋ aoiſ déag go háiɼiṫe. Aċ do dtí ſeo, pé ſgéal é, níoɼ deineaḋ aon ṁaoiḋeaṁ aſ a ſaoṫaɼ ſan aguſ ní luġa ná maɼ a cuiɼeaḋ ɼiaɼ ná eagaɼ aiɼ. Iſ beag an iongnaḋ maɼ ſin aṁɼán le Dáṫ 'ac Pádɼuig Ó hIaɼḟlaiṫe a ḟeiſgint i gcnuaſaċ d'ḟiliḋeaċt Ṫaiḋg Ġaeḋealaiġ. Sé aṁɼán é ſin ná: " Aɼaoiɼ iſ me am aonaɼ coiſ taoiḃ Fleaſga an Ġaoɼṫaiḋ. " Iſ bɼeá go léiɼ an t‑aṁɼán é, aguſ ní miſde a ɼáḋ náċ aon ḃ ɼeac-ḟile do ċúm é. Faiɼiſ ſin, iſ neaṁ-ċoitianta an fonn a ġaḃannn leiſ.

Ba ẛine aḃfad Dáṫ 'ac Pádɼaig ná Conċuḃaɼ Máiġiſtiɼ Ó Ríoġḃaɼdáin. Deiɼ Conċuḃaɼ féin guɼḃ é Daṫ a " oide múinte. " Aguſ go deiṁin féin do ḋein an t‑oide a ġnó go ſlaċtṁaɼ, maɼ tá ɼoinnt ṁaiṫ de ẛaoṫaɼ Ċonċuḃaiɼ againn, aguſ iſ bɼíoġṁaɼ ṫaɼ na fionnaiḃ an cnuaſaċ é. Máiġiſtiɼ ſgoile ab eaḋ Conċuḃaɼ féin. Ḃí ſé ag múineaḋ ſgoile i gCill Ṁuiɼe nuaiɼ fuaiɼ ſé ſgéala báiſ Ḋáṫ. Siaɼ leiſ go Baile Ṁúiɼne, aċ ḃí a ẛeana-ṁáiġiſtiɼ cuɼṫa ɼoimiſ. Ṡeaſaiṁ ſé oſ cionn na huaġa aguſ do ċaſ ſé an dá olagón déag. D'aiɼiġ an tAṫaiɼ Liam—bé ſin mac Ḋáṫ—d'aiɼiġ ſé an gol, aguſ ſeo

Leaṫanaċ 11

iſteaċ ſa ɼoilig é. Do ċan Conċuḃaɼ caoine bɼeá aɼ ḃá Ḋáṫ aɼ an láṫaiɼ ſin, aguſ ſeo maɼ a ṫoſnuiġ ſé:—

" Tá fé ċioſa na lice ſeo cuɼṫa cúpla:
Dáṫ bog duineata aguſ Doiɼean níba ḋuineataṁla. "

(Doiɼean Ní Ḋonnċaḋa ó Ġleann Fleiſge b'í a ḃí póſta ag Daṫ.)  Á, faiɼe, a Ċonċuḃaiɼ !  aɼſan tAṫaiɼ Liam,  ná cuiɼ ɼoime ṁ'aṫaiɼ í.   Aguſ cad déaɼfad?  aɼſa Conċuḃar.  Ná déaɼfá ' Dáṫ bog duineata aguſ Doiɼean ċoṁ duineataṁail leiſ ' ?  aɼſan tAṫaiɼ Liam.  Bíoḋ ſé maɼ ſin, máiſeaḋ,  aɼſa Conċuḃaɼ, aguſ do lean ſé leiſ

" Mo ṁáiġiſtiɼ muɼainneaċ1 mioċaiɼ aguſ ṁ'oide múinte,
Aguſ 'n‑a ḋeáiḋ ní ċuiɼfead aɼ laoiṫiḃ2 a ṫuille cúɼaim. "

Sin a ḃfuil agam den ċaoine ſin. Iſ móɼ an tɼuaġ é má ṫá ſé caillte.

* * *

B'ḟeaɼɼ le Liam na Buile ḃeiṫ ag cáineaḋ daoine aon lá ná ḃeiṫ á molaḋ. uaiɼ a ċúm Fínġín Ó Scanaill aṁɼán ag molaḋ ṁuinntiɼ Ghleanna Fleiſge níoɼ ṫaitn an molaḋ ſan le Liam i n‑aon ċoɼ: ba ḋóiġ leiſ náċ é a ḃí tuillte acu, aċ a ṁalaiɼt aɼ fad. Sidí anoiſ an ċéad ḃéaɼſa de ḟɼeagɼa Liam, aguſ maɼa ḃfuil ſé níṁneaċ géaɼ ní lá fóſ é.

" Díṫ aɼ an ḃfeaɼ ba ṁillte ċun ban,
Iſ do ṁaoiḋiṁ aſ ḃaile dúṫċaiſ,
An ṁuinntiɼ do ẛlad na tíoɼṫa le fada,
A' ſíoɼ-ġoid na maɼt taɼ tɼiúċaiḃ.
Na mílte acu taċtaḋ ṫíoſ ag an ḃfaiṫċe,
Go fínniṫeaċ ceaɼt don dúṫaiġ,
Iſ an tſuim acu ṁaiɼeann díbeaɼṫa ó ẛagaɼt
Aguſ coinnle oɼṫa i gceallaiḃ múċta. "

Iſ léiɼ guɼ don ċáineaḋ ſeo Liam a ḃí Eoġan Ruaḋ ag tagaiɼt ſan " Áɼɼaċtaċ Sean " nuaiɼ aduḃaiɼt ſé go ɼaiḃ cuiſle na dáiṁe tɼáiġte i nGleann Fleiſge:

" An tɼáṫ iomċɼaid gan cunntaſ gaċ cúil-ġeaɼɼaḋ taɼcuiſneaċ
Ṫug tɼú Ḃaile Ṁúiɼne dá ndúṫaiġ go maſluiġṫeaċ.
Iſ maɼ ṗeaɼſain den ḟuiɼinn do ċluiċfeaḋ an búɼ
Gan ċuiɼeaḋ dob uṁal mo liúġ‑ſa 'n‑a meaſg. "

* * *

1 .i. múiɼneaċ.

2 Abaiɼ " luihiv ".

Leaṫanaċ 12

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 12–13

An Ḃallet

San oċtṁaḋ aoiſ déag do ṁaiɼ file aɼ Ceann Dɼoma i bPaɼɼóiſte Ċill na Maɼtɼa guɼḃ ainm do Míċeál MacĊoɼmaic MacCáɼɼṫaiġ. Lá dá ɼaiḃ ſé i gCúil an Ḃuacaiġ do goideaḋ a ḃallet uaiḋ, nú ſiné a ẛaṁluiġ ſé féin, aɼ aon ċuma. Iſ é ɼud a ḃeaɼtuiġ ſé a ḋéanaṁ anſan ná an ſgéal a ġeaɼán le na ċoṁ-ḟilí aguſ a ċuɼ de ḋualgaſ oɼṫa an ḃallet ḟaġáil ṫaɼ n⋆aiſ do. Seo maɼ do laḃaiɼ ſé le Doṁnall Bacaċ Ó Luaſaiġ, file do ḃí aɼ an Leicnín:—

 A uɼſa na féile, a ċuſpa na cléiɼe,
A ċuɼaḋ na héigſe ſuaḋa ſuilt,
A ḟile gan béim do hoileaḋ 'diɼ naoi
De ḃɼuinnealaiḃ ſéiṁe ſuaiɼce,
Tuigid le ſealad go ḃfuilim i gcɼeaṫaiḃ,
Ag tuitim gan taimice am ṫuaiɼim,
Iſ mé i ḃfuiɼm 'n ḟaid ṁaiɼfead 'ná feicfead mo ḃallet
Do goideaḋ ó ḃailtiḃ an Ḃuacaiġ. 

Do laḃaiɼ Doṁnall anſan aguſ do ċuiɼ ſé an ſgéal anonn aɼ ḟile eile, Conċuḃaɼ Máiġiſtiɼ Ó Ríoġḃaɼdáin.

A ḟaɼaiɼe ẛéiṁ de ṁaiṫiḃ na héigſe,
Iſ deaɼḃ guɼ léiɼ dom dualgaſ;
Anacɼa léiġim go daingean i mbéal,
Iſ anba an ſgéal maɼ ċuala.
Go moċ dom aɼ maidin i gcumaɼaiḃ gleanna
Bog duilleaṁail cɼannaṁail Buacaċ
'Seaḋ ċonnac an ainniɼ ba ġile aɼ biṫ aġṫa
Iſ ba ḋioɼg an laſaḋ 'n‑a gɼuaḋnaiḃ. 

 Nuaiɼ ḟaiɼſingiġ Ṗoébuſ laſaiɼ ón ngɼéin,
D'aṁaɼcaſ éadtɼom ualaiġ.
D'aiɼceaſ cadé aguſ d'ḟeagaiɼ ſí mé,
'Sé wallet an té úd aduḃaɼt leat.
Inniſ dom t'ainm, aɼſa miſe, le n‑aiṫɼiſ
Don tſiollaiɼe ḋealḃ ſo aɼ buaiɼeaṁ.
An gcuiɼfiɼ aḃaile nú an ḃficfiḋ an ḟaid ṁaiɼfiḋ,
Nú an ɼiṫfiḋ a ṫeaċtaiɼe ad' ċuaɼdaċ?
.

Níl an tɼíoṁaḋ véaɼſa agam aċ ſeo maɼ a ġaḃann an ċéad véaɼſa eile:—

 Ní ġeallaim go ndéan, dá mb ḟada é mo ẛaoġal.
Ní heagal liom éinne am ċuaɼdaċ
Aċ an faɼaiɼe ſéiṁ, iſ iſ aiṫnid duit é,
De ṁaiṫiḃ na Réaɼdonſ uaſal, 

[Leaṫanaċ 13]

 Conċuḃaɼ1 ceannaſaċ uɼɼamaċ taitneaṁaċ,
Bile aguſ taca na ſuaḋ ſuilt,
Iſ file gan eaſba, le fuinneaṁ a ṫeangan
Do ċuiɼfeaḋ mé aḃaile lem ualaċ. 

Ba ġeaɼɼ go ɼaiḃ Conċuḃaɼ ſa ċutɼun aguſ ſeo maɼ a ġeall ſé dul i gcaḃaiɼ aɼ Ċoɼmac:—

 Iſ tuiɼſiṫe tɼéiṫ le ſealad dom féin,
Ag tuitim i dtaomaiḃ duaiɼciſ,
Ó ċluineaſ dá léiġe maɼ iongna2 ſgéil
Guɼ imṫiġ do ġléaſ gan tuaiɼiſg.
Cuiɼfead‑ſa teaċtaiɼe tugṫa ċun taiſtil,
Ó Ṁuiſiɼe antſneaċtaiḋ laſtuaiḋ ſoiɼ.
Ó Ṡoininn na ſeaḃac go hUlaḋ na faiɼſinge
Aɼ buile 'n‑a ɼeaṫaiḃ go Cɼuaċain. 

 Cuiɼfead 'n‑a ḋéiḋ ſin duine eile iſ tɼéine,
I ndeiṫneaſ géaɼ ċun cuaɼdaiġ,
I n‑imɼeaſ éaċtaċ, cia'cu acu iſ déine
Do ɼiṫfeaḋ de léim ſa ċuaɼdaċ.
Tiocfaid, maɼ ṁeaſaim, go fionna-ḃɼog Ċaiſil,
Go Bioɼɼa iſ go Callainn Ó gCuanaċ,
Riṫfid de ſcaṫaṁ tɼé ẛlioſaiḃ na Scealg,
Gaċ cumaɼ iſ caɼɼaig go Ruaċtaiġ.

 Níl cuſpa den ċléiɼ ná bile den éigſ'
Ó Life go Béaɼɼa ċualaiḋ
Gan tuiɼſe 'n‑a ṫaoḃ, le fɼiotalaiḃ béil
Ná go gcuiɼfid le ċéile á ċuaɼdaċ.
Cuiɼfid le heaſcaine guilmne iſ cɼeaṫ uiɼṫe,
Aguſ bainfid den teaċtaiɼe an t‑ualaċ.
Iſ tiocfaiḋ do ḃallet‑ſe ċugat aḃaile,
Iſ ġeoḃaiɼ tuille dá ṫaiɼḃe am ṫuaiɼim. 

Cuiɼeaḋ an díoġluim go léiɼ ſiaɼ ag tɼiall aɼ an Aṫaiɼ Liam Ó hIaɼḟlaiṫe anſan. B'ḟiúd ſa tóiɼ é, aguſ ba ġeaɼɼ an ṁoill aiɼ an wallet a ṫaḃaiɼt ſlán aḃaile, maɼ innſeann ſé féin:—

 Do ɼiṫeaſ‑ſa féin don Daingean go tɼéan,
Iſ go ſoininn na ſéad laſtuaiḋ ſoiɼ,
Maɼ a ḃfeaca do ġléaſ aɼ faiṫċe Ḃinn Éadaiɼ
Á ſtɼacaḋ idiɼ ḃéiṫiḃ uaiſle.
Do ḋɼuideaſ 'n‑a n‑aice iſ do ſgiobaſ an t‑aɼm,
Aguſ tuigid guɼ ḋeacaiɼ é ḟuadaċ,
Aguſ ṫugaſ do ḃallet‑ſe ċugat aḃaile,
Aguſ tuiɼſe níoɼ ḃɼaiṫeaſ ó fuaɼaſ. 

* * *

Adṁuiġim ḃeiṫ fé ċomaoine ṁóɼ ag Gaeḋeal na nGaeḋeal, pɼíoṁ-éigeaſ na hÉiɼeann. Iſ uaiḋ a fuaɼaſ ɼoinnt ṁaiṫ dá ḃfuil anſo agam, aguſ ſeó Éiɼeann faiɼiſ ſin. Go mbuanuiġiḋ Dia fé ṁaiſe é.

SEÁN Ua CRÓINÍN.

1 Abaiɼ Cro-huv-ur.

2 Abaiɼ ú-una.

Leaṫanaċ 14

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 14–15

Fuaimeana agus Fuirmeacha na bhFocal.

An té a labharan an Ghaoluinn ón gcliabhán, ní gnáth leis bheith ag cuimhneamh ar an mbuint atá idir préamh nú leitriú na bhfocal agus labhairt na bhfocal. Ach ní mar sin don té fhoghluimíon í; agus mar mhaithe leis an lucht foghluma ní miste dhúinn cur síos anois is arís ar phuíntí a bhainean leis an gcainnt. B'éidir nár bheag an chobhair d'aosóga na Gaoltachta féin a lithéid do chur síos mar nách annamh mearathal ortha i dtaobh na bhfuaimeana, do thoradh bheith ag lé na leabhar.

1. Do réir mar a labhartar an Ghaoluinn do ghnáth i Músgraí anois ní fhanan t tar éis l, ach dinean h de, e.g. fáilte > fáilhe, mílte > mílhe, caillte > caillhe, meilt > meilh, altú > alhú, moltachán > molhachán, alt > alh. Ach ní mar sin a bhíon i gcómhnaí. Sa chéad áit is minic fhanan an t i bhfoclaibh a thagan ón mBéarla, e.g. boulta ('bolt' sa Bhéarla), cuilt ('quilt' sa Bhéarla), i dtaobh is go ndinean h de uaireanta, e.g. bálha ('welt' sa Bhéarla). Mar an gcéana fanan an t sa bhfocal Ghaoluinne rialtas, focal a tháinigh isteach ón dtaobh amuigh. Ní mar sin don fhocal rialta, focal atá sa chainnt le fada; rialha a deirtear, e.g. bean rialha. Sa dara háit fanan an t go minic sa bhfilíocht, e.g. chloisfeá folt sa bhfilíocht i n‑inead folh na gnáth-chainnte.

Níorbh olc an rod é dá ndineadh na Cáirde liostaí dosna foclaibh iasachta san do réir mar a labhartar le lt nú le lh iad.

2. (A) Tá dhá fhuirm don bhriathar saor san aimsir láithreach -t(e)ear, agus -th(e)ar. Tugadh an riail seo 'na dtaobh i n‑Irisleabhar na Gaedhilge fadó: The -tar of the autonomous form, present, tense, is aspirated after b, bh, c, f, g, m, mh, p, r, and after verbs in -igh, but not after ch, d, dh, gh, l, n, s, t, th. Níl an riail seo cruinn chómh fada's a théan cainnt Mhúsgraí. Chloisfeá lúbtar, raobtar, fictear, leagtar, tugtar, lomtar, ceaptar, deirtear, etc., chómh maith le lúb(a)har, raob(a)har, fic(i)har, leag(a)har, tug(a)har, lom(a)har, ceap(a)har, deirhar, etc., agus ar an dtaobh eile dhe, chloisfeá caochtar, fuintear, fástar, etc., chómh maith le caochtar, fuintear, fástar, etc. Mar an gcéana deirtear stad(a)har, goid(i)har, loit(i)har.

Nuair fhanan an t bíon sé leathan, fiú amháin nuair a bhíon consain chaol roimis, e.g. múintar, dintar, fictar. Mar sin leis don aimsir fháisteanach, f leathan a bhíon ann i gcómhnaí, e.g. múinfar, buinfar, cloisfar.

Nuair a bhíon an t séimhithe cuirtear guta isteach uaireanta idir an h agus préamh an bhréithir, e.g. lúbahar, tugahar, etc. Ní cuirtear guta isteach idir r agus h, e.g. deirhar. I gcás na mbriathar 'na ndintar guta fada nú dé-oghair do ghuta a bhíon gairid do

Leaṫanaċ 15

réir nádúir, e.g. loumha (lomtha) ó lomaim, cayilhi (caillte) ó caillim, isí an fhuaim ghairid a bhíon againn nuair a bhíon an fhuirm -ahar againn, e.g. lomahar, cailihar.

(B) Mar sin don aimsir ghnáth-chaite agus don mhodh fo-shuiteach leis, tá dhá fhuirm ann -t(a)í, agus -th(a)í, e.g. tugtaí, tugahí, deirtí, deirhí, etc. I gcás na fuirme -t(a)í bíon sí caol i gcómhnaí ag cainnteóirí áirithe, fiú amháin i ndiaidh consaine caoile, e.g. castaí > castí. Ag cainnteóiri [sic] eile bíon sí caol le caol agus leathan le leathan, e.g. castaí, buintí. Mar sin leis don fhuirm -f(a)í sa mhodh choingheallach, chloisfeá casfaí agus casfí, etc.

(C) Sa dara phearsain [sic] uathaidh don mhodh choingheallach -f(e)á, bíon an f leathan i gcómhnaí, fiú amháin i ndiaidh consaine caoile, e.g. dhéanfá, shínfá.

Seo obair eile don léhóir, féachaint cad déarfadh sé féin nú Músgraígh eile i gcás na bhfuirmeacha thuas.

------

Spídiú Ċáit na Tɼoda.

CONĊUḂAR Ó DEASṀUṀNA do ċúm

 Aiɼiú, a Ṫaiḋg na bPɼeabán, a ċɼaḃtéilín ġɼánna na ngiobal, conaſ iſ dóiġ leat a ṫáinig ſé ċuige dot ẛéacla mic, an ſíománaiḋe ſúġaiḋ, bɼeiṫ aɼ ċéaſ cinn indiu aɼ mo ṗáiſte, aguſ luiġe aɼ ḃeiṫ á léaſaḋ fan ḃéil aguſ fan na gcliaṫán le plannda cabáiſte a ṫóg ſé aníoſ fé na ḋɼaoibeal a bóṫaɼ laṫaiġe? Aiɼiú, a ċoinncínig ẛailiġ ḃúɼdúnaiġ, cuiɼfead‑ſa i n‑úṁail duit go ngeoḃaiḋ t'éan cuaiċe an bóṫaɼ aɼ nóſ an uain, aguſ ná cuiɼfiḋ ſé ſpeic ná ſméid aɼ leanḃ a ċoṁaɼſan, dá ṁéad é a ḃɼoiminéiſ. 

 Níoɼ ḋein do ṁac‑ſa coiɼ gan ċúiſ?—Deiɼim‑ſe go dtugaiſ t'éiṫeaċ aguſ do ṁíle éiṫeaċ. Ní ɼaiḃ do ċúiſ agad ṁac‑ſa aɼ mo ṁac‑ſa, nuaiɼ a luiġ ſé aɼ ḃeiṫ á léaſaḋ leiſ an ſeana-ſtɼupóig ċabáiſte, aċ a háiteaṁ beag éiɼiġ eatoɼṫa go nduḃaiɼt mo ṁac‑ſa le mac Ċailliċín na ngleam-ẛúl a ċlab a ḋúnaḋ. 

 Loitfead mo ġaɼſún má ḃím ag éiɼġe aſ a ṫóin.—Aiɼiú, a lóma ġɼánna na gcoɼɼ-ḟiacal, ní ag éiɼġe a tóin mo ṗáiſte atáim‑ſe. Ní heaḋ, ná a leiṫéid, a ḟuaiɼṫnéil na liaṫ-ḃuiḋe. Aċ bíoḋ ḟioſ agat ná taḃaɼfainn maɼ ẛáſaṁ duit‑ſe ná do Ṡaiḋḃín Ḃuiḋe na Mealḃóg go leogfainn d'ḃuɼ ſéacla mic gaḃáil fan ṗuiſ aɼ mo leanḃ caoin deaġ-ċúmṫa go ḃfuil a ġaol, i dtaoḃ aṫaɼ a'ſ máṫaɼ, le maiṫiḃ na paɼɼóiſte aguſ le piaɼaí na dúṫa. 

Leaṫanaċ 16

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 16–17

 Dá mbeaḋ ciall agam, ní ḃeinn ag callaiɼeaċt i dtaoḃ gnóṫaí leanḃ?—Tá ciall agam, aguſ tá cáil agam,—ná fuil agat‑ſa ná ag éinne ḃain leat, a ẛíolɼaiḋ na cailliġe cɼóine ná tugaḋ maɼ annlann leiſ an mbɼuṫóig dá buaċaill aimſiɼe i mí cɼoiṫte na mealḃóg, dá ṁéad é a bólaċt aċ bɼiodaɼnaċ bláiṫċe aguſ ſáile bainne ġéiɼ. 

 Féaċ an dɼaid ſeo aiɼ ag dɼannaiɼeaċt ġáiɼiḋe umam. Aiɼiú, a ṁic inġine Ċailliċín na bPoɼt-ẛúl, tá ſan ionnat ḃeiṫ ag magaḋ 'ſ ag cnéiɼeaċt. B'ḟeaɼɼa ḋuit dul aḃaile aguſ an lomɼa atá aɼ t'aṫaiɼ náɼ beaɼɼaḋ le ſeaċt ſeana-ḃlianaiḃ a ċaiṫeaṁ anuaſ de le deiṁeaſ na gcaeɼeaċ. Imṫiġ oɼt ſíoſ go dtí Biní na nGaḋaɼ. Faiġ fiacla aſail uaiḋ aguſ buail iſteaċ i ndɼanndal ṁanntaċ do ṁáṫaɼ iad, féaċaint an ḃféadfaḋ ſí an tſeana-ṗoiḋl úd a ṁaɼaḃaiɼ, maɼ ḋ'eaḋ, i gcóiɼ na Nodlag, nuaiɼ a fuaiɼ ſí báſ leiſ an ocɼaſ, a ſtollaḋ aſ a ċéile idiɼ ḃléan aguſ féiṫleóg. 

 Dúnaim mo ċlab aguſ leogaim duit do ḃóṫaɼ a ċuiɼ diot!—Aiɼiú, doig id ċlab aguſ tubaiſt id ḃóṫaɼ, a ſpɼeallaiɼín áiɼ na mbúɼdún. B'ḟeaɼɼa ḋuit dul aḃaile aguſ gaḃáil do ẛlait ſceiċe gile gan ſcoṫaḋ aɼ do ẛéacla mic ná ḃeiṫ it ẛeaſaṁ anſo i mbóṫaɼ an ɼíoġ ag taḃaiɼt geaċ ɼe ſeo doṁ‑ſa. Aċ daɼ ndóiġ, ní ġeoḃaiɼ, maɼ iſ feaɼɼ leat é ḃeiṫ, aɼ nóſ a ġaolta, 'na ɼuidín aċaɼnaċ ḃɼuġeantaċ aimideaċ, líonta ſceaċaiɼeaċt ó aoiſ go ſcaɼfaiḋ leiſ ċoiḋċe a anam boċt. 

 Níl ionnam aċ gaoṫ? Cad maɼ ġeall aɼ Ṡeán na gCɼuiceog?—Aiɼiú, feaɼ a feaɼaiḃ ab ea mo ḋeaɼḃɼáṫaiɼ‑ſe, aguſ má cuiɼeaḋ é i gcaɼcaiɼ i dtaoḃ pléaſc do ḃuidéal a ḃualaḋ fan ṗlatainn aɼ ſtɼáille tuíncéaɼa iſtiġ i dtiġ táḃaiɼne, ſin a ḃfuil le cuiɼ 'na leiṫ, a ċliútaiġ ḋɼoċ-ġnúiſiġ na gcoɼ aguſ na mboṫán. Taɼɼaig ċút do ċoṁḋaltaí féin, a ṗana. Ní baol ná guɼ b'álainn í a dteiſt ag luċt léiġte a gcláiɼíní. Cad maɼ ġeall aɼ an ſíondaiɼe deaɼḃɼáṫaɼ ſan agat ná fágann bainiſ ná póſaḋ aɼ fuid na logán ná himṫiġeann 'na dtɼeo 'na 'ċuiɼeaḋ gan iaɼɼaiḋ' ? Náċ gaiɼid amaċ uait a ẛín Gáinnéiɼ na nAſal aguſ Bacaiċín na nDeóiſeaſaí? 

 Iompaiġ an ḃilleóg go ḃfeicfiɼ an ḟuil uaſal a ɼiṫeann it éan cuaiċe ó ċoṁḋaltaíḃ ceann-áɼda Ṡaiḋḃín Ḃuiḋe na Mealḃóg. Náċ pɼatainniúil í, 'na ṫoſaċ, Máiɼín Smúċail, an ċiaɼóg ẛúġaiḋ ſin do ḋeiɼḃẛiúɼ céile agat a ẛiúḃluiġ an doṁan 'na ' Maitiaſ na Faɼɼaige ' aɼ loɼg ſaiḋḃɼiſ guɼ ṫeip uiɼṫi. Ṡiní anoiſ í 'na gliobóig ſa ċúinne agat faoi ḃláṫ bán an ḃáiſ, aguſ ná féadfaḋ ſí glóɼ a ḃaint a cloiċ le pinginín aiɼgid. Féaċ anonn aɼ ċliaṫán an ċnuic go ḃfeiciɼ Biní na nGaḋaɼ, an ſaṁaiɼle beag cɼáiḋte ſin do ḋeaɼḃɼáṫaiɼ céile agat. Oċón! náċ galánta í a ċeáɼd ag ɼiṫ i ndiaiḋ ſálaiḃ gaḋaɼ don ɼudaiɼe camánaċ, aguſ 'na ṫeannta ſan ag faiɼe na n‑oíċeanta coiſ na gclaṫaċ aɼ ṗilibíní míog aguſ aɼ naoſgaċaiḃ do. 

Leaṫanaċ 17

 Ná himṫiġ, a ẛocaiɼe. Iompaiġ i leiṫ oɼm go ḃfeicead an ḃfuil laſaḋ id leacain le náiɼe. Aċ níl an náiɼe ionnat, a ḃodaiċín na mbúɼdún. An fada ná ɼaḃaiſ ṫall ag an ɼudaiɼe camánaċ aguſ ſgéilín beag gɼánna i mbaɼɼa do ġuib agat? 

 Ní móɼ leat dom ḃeiṫ ag cainnt go dtuitfiḋ an ſine-ſeáin aſam ?—Aiɼiú, a ẛodamáin na mboṫán, níoɼ ṫáinig ſé ċun baile ḋuit go mbeinn‑ſe ag lot mo ċainnte leat, aċ do ẛéacla mic, náɼa dé 'na ḃeiġeaſ, a ṫug indiu cúiſ ċuige ḋom. 

 Ní ḃeiḋ aon tɼoc agead ṁac a ṫuille lem ṁac‑ſa?—Bíoḋ ḟioſ agat guɼ maiṫ an ḃail ſin aiɼ, maɼ dá ḃfaiġinn‑ſe go ſínfeaḋ mac inġine Ḃeaɼɼbóiɼín na gCeaɼc láṁ ná laḋaɼ aɼíſ ċun mo linḃ‑ſe, do ċuiɼfinn‑ſe i n‑úṁail do náċ ſiúicɼe an baitín. 

(A hIɼiſleaḃaɼ na Gaeḋilge, Meiṫeaṁ, 1906).

------

Níl deifiɼ iſ mó idiɼ an cainnteoiɼ foġanta aguſ an toſnóiɼ ná an ċuma go gcuiɼeann an ḃeiɼt ſíoſ aɼ ḋuine nuaiɼ oiɼeann dóiḃ cúntaſ a ṫaḃaiɼt duit aɼ a ḋéanaṁ aguſ aɼ a ċɼot nú aɼ a ṁeon aguſ aɼ a ḟeaḋna. Ainmḟocal iſ eaḋ ḃeaḋ ag an nGaeḋilgeoiɼ gonta ſan áit 'na mbeaḋ caɼn d'aidiaċtaí ag an té ná beaḋ ċoṁ líoṁṫa. Ní beag de ẛoluíd leiſ ſin an " Spídiú " ſan ṫuaſ. Féaċ a ḃfuil d'ainmneaċa ag Conċuḃaɼ i n‑aon ġiota beag aṁáin: cɼaḃtéilín, ſéacla, coinncíneaċ, lóma, fuaiɼṫnéal, ſpɼeallaiɼín, ſtɼáille, cliútaċ, ſíondaiɼe, ciaɼóg, Maitiaſ na Faɼaige, gliobóg, ſaṁaiɼle, ſocaiɼe, bodaiċín, ſodamán.

Ba ṁóɼ an áiſe, daɼ linn, lioſta iomlán a ḃeiṫ againn deſ na hainmneaċa den tſóɼd ſo atá i ḃfóc i Múſgɼaiġe, aguſ míniú aɼ gaċ ceann acu. Tá toſnuiġṫe againn ċeana féin aɼ a leiṫéid de lioſta do ċuɼ le ċéile aguſ ní gáḋ ḋom a ɼáḋ ná beiḋ aon doiċeall againn ɼoim ċongnaṁ óſ na Cáiɼde.—An Feaɼ Eagaiɼ.

RÉITEAĊ NA GCEISTEANNA.

Ⅰ. (1) Nuaiɼ a ḃeaḋ an lá fliuċ. (2) Nuaiɼ a ḃeaḋ duine ɼó-ċeanaṁail aɼ an dteine. (3) Maɼ ṁolaḋ aɼ ċulaiṫ éadaiġ nua, nú aɼ a leiṫéid. (4) Nuaiɼ a cuiɼfí iongnaḋ oɼt. (5) Le duine a ḃeaḋ ag gol gan ċúiſ. (6) Nuaiɼ a taḃaɼfaí do leanḃ cannta aɼáin ná tógfaḋ leanḃ eile.

Ⅱ. (1) An t‑oiġɼe, an té a ġeoḃaiḋ an ḟeiɼm. (2) Eaſcaine éadtɼom. (3) An t‑aiɼgead a ḋíolaḋ an déiɼí le feaɼ an tailiṁ-oiɼead áiɼiṫe aſ gaċ aon ḃuin. (4) Boġa leaca ná beaḋ aċ an ċuid iſ gioɼɼa don talaṁ de le feiſcint. (5) áɼṫaċ beag an tſalainn. (6) An biaḋ, nuaiɼ a ḃíonn ſé á ċogaint. Deiɼteaɼ leiſ, " Níl aon ċɼann ſa ċoill Uí Ṁugada Ṁagada ná go mbíonn ag gaḃáil ſgiúɼſáil aɼ ġioɼɼéín Luṫaɼta Laṫaɼta. "

Leaṫanaċ 18

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 18–19

ÁIT-AINMNEAĊA.

2. Baile Ṁúiɼne

Do ɼéiɼ ſeana-ſgɼíḃinní " uiſneaċ " iſ eaḋ tugtí aɼ Ḃaile Ṁúiɼne i n‑aimſiɼ na Págántaċta. Máſ fíoɼ guɼ " lán d'oſaiḃ " iſ ciall d'Uiſneaċ, tá iaɼſmaí na hainme ſin le faġáil ſa ṗaɼɼóiſte i gcoṁnuiḋe. Tá Mullaċ an Oiſ ann aguſ Cillín na ḃFiaḋann, an áit go ɼaiḃ Gobnait Naoṁṫa nuaiɼ a ċonnaic ſí na naoi gcinn d'ḟiaḋnaiḃ bána.

Iſ beag ná go ḃfuil a ṁíniú féin ag gaċ éinne aɼ an ainm Baile Ṁúiɼne, nú Ḃúiɼne. Máſ fíoɼ don Aṫaiɼ Liam Ó hIaɼḟlaiṫe iſ ó Ṁúiɼneaċ áiɼiṫe do hainmniġeaḋ an áit. Seo maɼ adeiɼ ſé ſa ċaoine do ċúm ſé aɼ ḃáſ a aṫaɼ, Dáṫ 'ac Pádɼaig:—

 An tóiɼ ſeo ó Éiɼṫne ṫáinig aníoſ
Do láṁaiġ tuaṫ iſ feaɼann gan ċíoſ,
An Múiɼneaċ úd 'ſ a ċúmplaċt uile
'Na ɼáiḋteaɼ teaɼmann Ḃaile Ṁúiɼne. 

Aċ tá tuaiɼimí eile i dtaoḃ bunúſ na hainme. (1) " Ban-dia ḃoɼb ḃɼoiminéiſeaċ dá ngoiɼtí Múiɼne na móɼ-gcoṁaċt, " guɼ uaiṫe do glaoḋaḋ an áit; (2) guɼ ón ḃfocall boiɼeann, ſé ſin, caɼɼaig nú áit ċloċaċ a ṫagann an ainm aguſ guɼ Baile Ḃoiɼne an ɼud ceaɼt (Foclóiɼ an Duinníniġ, l. 107, aċ 'n‑a ċoinniḃ ſin tá Baile Ṁúiɼne ag an úġdaɼ gcéadna, l. 1135); (3) Baile Ḃúiɼne, nú Ḃóiɼne, ón ḃfocal búiɼneaċbóiɼneaċ, áit lán de ċloċa móɼa; (4) Baile Ṁúiɼne, ón ḃfocal múiɼne, cloċ a ċaiṫtí leiſ an gcɼann-taḃaill ſa tſeana-ẛaoġal; (5) Baile Ṁúiɼle, ón ḃfocal múiɼle, .i. coɼɼaċ. Sin é tuaiɼim Ċoḃaiɼ, aguſ deiɼ ſé á ṁíniú:  Iſ minic n i n‑inead l ſa ċainnt, m.ẛ., máinléad (máilléad), minṁeaɼ (milṁeaɼ). 

Tá tuaiɼimí eile fóſ ann, aċ iſ eagal liom náċ feidiɼ [ſic; ɼecte féidiɼ] an ſgéal a ɼéiḋteaċ anoiſ. Aċ i gcoinniḃ na fuiɼme úiɼne, ní miſde Goɼt na Múiɼne, ainm aɼ ṗáiɼc ſa ṗaɼɼóiſte, aguſ an Múiɼneaċ Beag do luaḋ.*

Baile Ṁic Íɼe. Níl aon ċúntaſ agam aɼ an ainm ſin, aċ iſ deacaiɼ liom géilleaḋ do ṫuaiɼim Ċoḃaiɼ guɼ Baile Ṁic Uiḋiɼ an ainm ċeaɼt. Níoɼ aiɼiġeaſ ɼiaṁ go ɼaiḃ an baile céadna i ſeilḃ éinne de Ṁuinntiɼ Uiḋiɼ aon uaiɼ.*

* Ní hiongnaḋ go dtéiġeann den Ġiolla Duḃ an ċeiſt do ɼéiḋteaċ ón uaiɼ iſ go ɼaiḃ an meaɼaṫal céadna ann i dtaoḃ na hainme tɼí ċéad blian ó ẛin. Baile Ṁuiɼne atá ag na Ċeiṫɼe Máiġiſtɼí aguſ i ḃFéiliɼe Ḋún na nGall. Baile Ḃóiɼne atá ag MacFiɼḃiſiġ. Balebuɼnia atá ſa Laidean ag Ó Súilleaḃáin Ḃéaɼɼa.—F.E.

* Deiɼ Seán Ó Súilleaḃáin liom guɼ Baile Uí Ṁeic Ṫíɼe an ɼud ceaɼt; guɼ ṫaiſbeáin an tAiṁiɼgíneaċ an ḟuiɼm ſin do i nAnnála Ríoġaċta Éiɼeann. Sloinne ab eaḋ Mac Tíɼe.—F.E.

I mbun leaṫanaiġ 19 aṫá an taɼna nóta ſo ſa ḃuntéacſ.

Leaṫanaċ 19

Aɼ an mbaile ſeo atá ſɼáid Ċaɼɼaig an Aḋmaid. Ṫoiɼ aɼ Béal an Ġeaɼɼṫa do ḃí an tſɼáid fadó. Iſ ann do ḃí an ſéipéal aguſ iſ ann, leiſ, do ḃí an tiġ táḃaiɼne ag Taḋg Bán Ó Tuama do ṫug tɼí bliana i bpɼíoſún maɼ ġeall aɼ an dTiġ Dóiġte. Níl aon ɼian de ẛɼáid ann anoiſ. I dtaoḃ Ċaɼɼaig an Aḋmaid, deiɼteaɼ guɼḃ aṁlaiḋ do baineaḋ an ceann aḋmaid den tſéipéal, aimſeaɼ na bpéin-dliġṫe, aguſ guɼ cuiɼeaḋ i ḃfolaċ é i gcaɼɼaig aitinn i n‑aice na háite, aguſ guɼ uaiḋ-ſin do hainmniġeaḋ Caɼɼaig an Aḋmaid.

Deiɼ an Duinníneaċ aɼ l. 1135 den Ḟoclóiɼ:  Caɼɼaig an Stuacáin (the pinnacle rock), a place-name, the original site of Baile Ṁúiɼne.  Aċ ní ḟeadaɼ cad é an t‑úġdaɼáſ atá aige leiſ an méid ſin.

Báɼɼ d'Ínſe
Báɼɼ dá Ínſe, b'éidiɼ, nú Báɼɼ Duiḃ-Ínſe (Coḃaɼ).
Caṫaiɼ Ceáɼna
.i. Caṫaiɼ an Ḃuaiḋ. Buaileaḋ caṫ móɼ i n‑aice na Duḃġlaiſe anſo fadó. Tá an ċaṫaiɼ ann i gcoṁnuiḋe.
Ceapaċa
Na. Ceapaċ na Mianaiġe ainm eile aiɼ.
Cúil Aoḋa
Ní heol dom céɼḃ é Aoḋ.
Cúil na Caṫɼaċ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Cúil Iaɼṫaċ
An. .i. An Ċúil Iaɼṫaɼaċ.
Cuil an Ṁoṫaiɼ
Moṫaɼ, .i. maɼ a ḃeaḋ cɼainn aguſ ſcaɼtaċa.
Cnoc an Iuḃaiɼ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Cúm na Cloiċe
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Cúm a' Ġaḋaiɼ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Cúm Lomnoċta
Iſ lomnoċta go maiṫ an ball é, aguſ ní dóiġ liom go ḃfuil aon deallɼaṁ le " Cúm Lom Eoġanaċta. "
Cúm Uí Ċlúṁáin
Níl aon tuaiɼiſg agam aɼ ṁuinntiɼ Ċlúṁáin. Cliffoɼd an Béaɼla a ċuiɼteaɼ aɼ an ainm.
Daingean na Saileaċ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Doiɼí
Na.
Doiɼe an Ċuilinn
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Doiɼe leaṫan
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Doiɼe na Sagaɼt

Deiɼteaɼ go ɼaiḃ aṫaiɼ aguſ mac ċun coṁnuig anſo aguſ guɼ deineaḋ ſagaiɼt den ḃeiɼt. Tagaiɼt é ſeo gan aṁɼaſ don Aṫaiɼ Pádɼuig Ó hIaɼḟlaiṫe (Pádɼuig 'ac Dáṫ Ḃacaiġ) aguſ dá ṁac. Sagaiɼt ab eaḋ iad aɼaon. Cailleaḋ bean Ṗádɼuig nuaiɼ a ḃí an mac ſa ċoláiſte.

Pádɼuig 'ac Dáṫ Ḃacaiġ,
Taɼ éiſ a ṁná a ċailleaṁaint
Aguſ a leinḃ a ṫeagaſg
Guiɼ deáɼnaḋ de féin ſagaɼt.

Leaṫanaċ 20

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 20–21

Iſ dóċa go ɼaiḃ Doiɼe na Sagaɼt fé ċomonndɼaċt ṁuinntiɼ Iaɼḟlaiṫe, maɼ ḃí teaɼmann Ḃaile Ṁúiɼne faiɼſeag go maiṫ.

Foiṫɼe
Na. Foṫaɼ, .i. cumaɼ go mbeaḋ cɼainn aguſ ſcaɼtaċa ann. Nú Foiṫiɼḃí, ſé ſin, iomaiɼí.
Goɼt an Acɼa
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt na gCɼoſ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt na Fuínſean
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt na Scaiɼte
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt Uí Raṫaile
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt na Tiobɼaid (Tiobɼatan)
Ó ṫobaɼ beannuiġṫe Ġobnatan Naoṁṫa. Aɼ an mbaile ſeo atá Cill Ġobnatan.
Ínſe Ṁóɼ
An.
Lománaċ
Nú Lom-ḟánaċ (Coḃaɼ)
Millíní
Na.
Múiɼneaċ Beag
An.
Seana-Ċluain
An t‑.
Sliaḃ Riaḃaċ
An.
Scɼeaṫan na nGaṁan
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Tóċaɼ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Túnláin
Ainm neaṁ-ċoitianta iſ eaḋ í ſeo. Duḃaiɼt Conċuḃaɼ Ó Deaſṁúṁna liom guɼ " Tuaṫ na nUlán " an ainm ċeaɼt. Leaċt iſ eaḋ ulán. Nú b'éidiɼ guɼ Tonn Uláin an ɼud ceaɼt. Tonn, .i. tuaɼ. Nú Tuaṫ an Láin (Coḃaɼ): lán, .i. cɼé, iṫiɼ.
Uláin
Na h‑. Ḃí ḋá ulán, ſé ſin, ḋá leaċt, aɼ an mbaile ſeo, aċ níl aon tuaiɼiſg oɼṫa anoiſ.

Ní beag a ḃfuaɼaſ de ċongnaṁ ó lioſta ainmneaċa do ċuɼ [ſic; ɼecte ċuiɼ] Coḃaɼ le ċéile, aguſ táim buiḋeaċ de dá ɼéiɼ.

AN GIOLLA DUḂ.

EOLAS Á LORG

1. Ag Séamaſ Lankfoɼd. Cad é an ɼud é " Aiſteaɼ na ḃfíoɼḃoċt " ? D'aiɼiġeaſ an méid ſeo fadó: " Dá dtagaḋ duine boċt iſteaċ i dtiġ tɼíſ na páiɼceanna go tiġ aɼ loɼg déiɼce, ba ċeaɼt déiɼc a ṫaḃaiɼt ċuige, nuaiɼ a ḃí aiſteaɼ na ḃfíoɼḃoċt déanta aige. " Iſ deallɼuiġṫeaċ guɼ bɼiſeaḋ nóiſ éigin an t‑aiſteaɼ. Tá teaċt ṫaiɼiſ ſa ġiota ſo im ḋiaiḋ, leiſ:—

" Mo ḋá ſgeiṁle, aguſ iſ é
Aiſteaɼ na ḃfíoɼḃoċt
Aguſ bɼiſeaḋ na ſaoiɼe,
Aguſ uiſge na díge
Aguſ tɼoſgaḋ na hAoine
D'ḟág me aɼ an ſliġe ſeo
Ag ſiuḃal na dɼúċta. "

Leaṫanaċ 21

2. Ag Diaɼmuid Ó Duinn.

" Iſ beag oɼm Doṁnaċ gan dínnéaɼ,
Iſ beag oɼm cíɼéip aɼ ċaille.
Iſ beag oɼm bean óg gan náiɼe.
Iſ beag oɼm gaige gan éifeaċt. "

Goidé an ċíɼéip ſeo aɼ ċaille?

3. Ag Stiaḃna Ó hÉigeaɼtaiġ. An ḃféadfaḋ éinne an ɼann ſo a ṁíniú ḋom. Ó Ṁáiɼe Ċonċuḃaiɼ Uí Loingſiġ d'aiɼiġeaſ é.

" Fuiġeall cuide gan altú
Aɼ aon ġealḃan den tíɼ ſeo.
Aguſ náɼ luġa aɼ Ḋia duine gan altú
Ná aɼ aon ġealḃan an ſíol ſo. "

4. Ag an ḃFeaɼ Eagaiɼ. Nuaiɼ a cuiɼtaɼ ‑ín le focal, ní hannaṁ i n‑aon ċoɼ ḟanann an focal leaṫan; m.ẛ., poll‑ín, bean‑ín. Uaiɼeannta nuaiɼ iſ bain-innſcne don ḃun-ḟocal fanann an focal nua baininnſcneaċ; m.ẛ. páiɼcín ḃeag—" mo ṗáiɼcín éiɼ gan geaɼɼaḋ, "—bóín ṁaol. Aguſ uaiɼeannta eile cloiſteaɼ ‑íne ſa tuiſeal geineaṁneaċ; m.ẛ., cailliċíne. Ba ṁaiṫ liom ſomplaí eile deſ na niṫe ſin go léiɼ a ḟaġáil.

Ceaɼtúċán

1. Filíoċt

Sa Ċláɼ Filíoċta do ḃí againn ċeana tá ɼoinnt deaɼṁadtaí náċ móɼ a ċeaɼtú.

(1) Ḃí ſé ceaɼt againn a luaḋ go ḃfuil filíoċt Eoġain an Ṁéiɼín Mac Cáɼɼṫaiġ cuɼṫa i gcló i ḃfuiɼm leaḃaiɼ ag Fiaċɼa Éilgeaċ.

(2) Ní fioſ cé ċúm Eaċtɼa an Ṗacaiɼe aguſ na Cailliġe. Níoɼ ḋein Donnċaḋ Ó hÉaluiġṫe aċ é aiṫɼiſ.

(3) Níoɼḃ é Tomáſ Óg Ó hIaɼḟlaiṫe do ċeap M'uċlán, mo ḋiombáiḋ, aċ iſ aṁlaiḋ do cumaḋ 'n‑a ṫaoḃ é le linn do ḃeiṫ i bpɼíoſún " i ngeall le Géanna Fiaḋaine " (maɼ atá ag Fiaċɼa Éilgeaċ).

B'ḟuiɼiſt a lán lán do ſgɼíoḃaḋ i dtaoḃ Ṡeáin Uí Ċonaill. B'é an " tEaſbog " Seán Ó Conaill ó Ċiaɼɼaiġe do ṫug dúinn na " Faoiſdiní, " daɼ leiſ an Aṫaiɼ P. Ó Duinnín, aguſ níoɼḃ é Seán Máiġiſtiɼ. Siúd iſ guɼ ċuiɼeamaiɼ An Goiɼtín Eoɼnan aguſ Gleann Cam i leiṫ an Ṁáiġiſtiɼ, ní móɼ adṁáil ná fuil anſan aċ áɼ dtuaiɼim féin.

Leaṫanaċ 22

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 22–23

2. Foclóiɼeaċt

Tá gaḃál ṁaiṫ eile bailiġṫe againn d'ḟoclaiḃ aguſ de ɼáiḋtiḃ, aċ níl ſliġe again dóiḃ an tuɼaſ ſo.

Ḃí ɼoinnt ḃotún ſa ċéad lioſta a ḃí againn. Táimíd buiḋeaċ d'Aṁlaoiḃ Ó Loingſiġ, Cúil Aoḋa, de ċionn iad a ċeaɼtú. Sid iad:—

Bigeil
Sgéal go ḃfuil bigeil aiɼ—Sgéal a ḃeaḋ fíoɼ aċ náɼ ṁaiṫ le daoine ḃeiṫ á ínnſint ná ag laḃaiɼt aiɼ.
Lóiɼdín
butter-spade an lóiɼdín aċ an meaſcán bog coṁ-ċɼuinn ime a deinteaɼ leiſ.
Uall-ſgéaltaċ
' Uṁal-ſgéaltaċ ' an ɼud ceaɼt: .i. uṁal nú ullaṁ ċun ſgéalta innſint.
Boġɼaċ
' Bannɼaċ ' (78) an ɼud ceaɼt. Seo maɼ aduḃaiɼt an tſean-ḃean ḃoċt:
 Bailiġiḋ ſuaſ ḃuɼ gcampaí iſ ḃuɼ mbanntɼaċt gan loċt.
Leagaiḋ anuaſ a dteampall iſ a mbannɼaċa cloċ. 
Deiɼteaɼ mannɼaċ leiſ.
Téaḃuiḋe
Tá ' téaṫḃuiḋe ' aɼ l. 1195.

LEITREAĊA.

" GORT LUAĊRA. "

Clanna Caoilte,
Caiɼbɼe

A Ċaɼa,

Tá ſé de ḋánaiḋeaċt ionnam aġaiḋ caoɼaiḋeaċa ſic " Coḃaiɼ " do ṫaɼɼaingt oɼm féin. Ċím " Goɼt Luaċɼa " aige aguſ gan de ṁíniú aige aɼ ainm an ḃaill aċ an méid ſeo: Saġaſ ſeiſce iſ eaḋ an luaċaiɼ. Do ſaṁlófaí do ḋuine ón méid ſin guɼ ó ɼaiḋſe na luaċɼa a ḃí ag fáſ ann do fuaiɼ an ball a ainm, aċ tá tuaiɼim eile agam‑ſa.

Aɼ an gcéad dul ſíoſ, iſ móɼ idiɼ ſeiſc a'ſ luaċaiɼ, aguſ ón mbeagán eolaiſ atá agam‑ſa aɼ an nGoɼt Luaċɼa ſan níl aċ fíoɼ-ḃeagán den luaċaiɼ ag fáſ ann, cé go ḃfuil ſeiſc a'ſ bioɼaċ go haḃainn aɼ a ċoṁgaɼ. Cad a ċaoċ áɼ ſinnſiɼ, maɼ ſin, aguſ gan Goɼt na Seiſce nú Goɼt na Bioɼaiġe do ḃaiſteaḋ aɼ an áit.

Cúpla míle laiſtiaɼ de Ċéim‑an‑Ḟiaiḋ tá áit eile aɼ a dtugtaɼ " Goɼt Luaċɼa " nú " An Goɼt Luaċɼa, " aguſ do múineaḋ dom a'ſ me ag dul aɼ ſcoil guɼb " An Goɼt Luaċɼaċ " ainm na háite. An Máiġiſtiɼ, aɼ ḋeiſ De go ɼaiḃ ſé, an t‑aon duine aṁáin go ɼaiḃ an ḟoġɼaiḋeaċt ſan aige, aguſ dob iongnaḋ liom an cam a ḃeiṫ ag ſean-Ġaeḋilgeoiɼí an ḃaill, aguſ ceaɼt aguſ cɼuinneaſ na teangan acu inſ gaċ ſliġe eile. Cad 'n‑a ṫaoḃ, a deiɼinn

Leaṫanaċ 23

liom féin, ná tugaiḋ ſiad " Goɼt na Luaċɼaċ " nú " An Goɼt Luaċɼaċ " féiniḋ aɼ an áit? Aguſ maɼ ḃaɼɼ aɼ an ndonaſ, tá ſean-ṁuing ſan áit aguſ gan d'ainm ɼiaṁ acu uiɼṫi aċ " Féiṫ na Luaċɼaċ. "

Tɼí bliana ó ẛin, aguſ dɼíodaɼ béaloideaſa an Ċumaiɼ agam dá ḃailiú, do tugaḋ dom an ɼann ſo a ceapaḋ maɼ ḟɼeagɼa aɼ ḋuine éigin a ṫug molaḋ áɼd aɼ an nGoɼt Luaċɼa.—

" Bɼeaſta a'ſ ciaċ aiɼ, nú'ɼ éinne eile beo
A ṫug Goɼt Luaṫ-ċuɼṫa ɼiaṁ aiɼ
Ballín boċt ſuaɼaċ buaɼṫa bɼiadṫa,
A'ſ guɼb í an ġaoṫ adtuaiḋ a ḋein an diaḃal aiɼ. "

Maɼ ſin, aguſ dá ḃɼíoġ ſin, an Goɼt Luaṫ-ċuɼṫa a baiſteaḋ aɼ an áit ſin laiſtiaɼ den Ċéim. D'ḟéadfaḋ a ḃeiṫ guɼ le coɼp ſeaɼḃaiſ a deineaḋ ſan maɼ go ḃfuil cúl na háite le gɼéin a'ſ a haġaiḋ le ſcéiɼd—ní hionann a'ſ Goɼt Luaċɼa úd Ṁúſgɼaiġe, adṁuiġim. Aċ má tá ciall ná bɼíoġ ſan analógaċt, iſ é an ainm ċéadna a ḃaiſteaḋ aɼ an nGoɼt ſan " Ċoḃaiɼ " leiſ.

Go maiṫteaɼ mo leadɼán dom.

Iſ miſe,
Conċuḃaɼ Ó Ruaiɼc.

" ÍNSE GEIṀLEAĊ. "

A Ḟiɼ Eagaiɼ,

Iſ iongnaḋ liom " Ċoḃaiɼ " a ḃeiṫ aɼ loɼg eolaiſ i dtaoḃ " Ínſe Geiṁleaċ " aguſ é míniġṫe aige i " gCaɼɼaig na nGeiṁleaċ. "

" Aiɼteaċ. "

Tá fioſ a ċúiſe féin ag " Ċoḃaiɼ, " dálta gaċ púca. Seo maɼ a deiɼ ſé.  Aidiaċt iaſ eaḋ an Geiṁleaċ atá i nÍnſe Geiṁleaċ, maɼab ionann aguſ an Geiṁleaċ eile. Aċ iſ ait an ɼud é ná bíonn an t‑alt ɼoimiſ, ná ſéiṁiú aiɼ i n‑aon tuiſeal; m.ẛ., Aonaċ Ínſe Geiṁliġ. Fágann ſan mo ċeiſt gan ɼéiḋteaċ. 

AN ĠNÍOṀ-INGNEAĊ

A Ċaɼa na n‑ae iſtiġ,

I dtaoḃ an ɼanna úd Aṁlaoiḃ Uí Loingſiġ: Ní foláiɼ nú ḃí aiṫne ṁaiṫ aɼ an nGníoṁinginiġ i Múſgɼaiġe fadó. Tá tagaiɼt di ag Diaɼmuid Ua Laoɼaiɼe ſa " Ḃɼuinneal Ḃán " (L. 109), aċ ní ṁíniġeann ſé cé hí féin. Sidé atá aige:  Iſ baoġlaċ liom guɼb í an Ġníoṁ Ingineaċ aguſ a hál atá taɼ éiſ ſeilḃ a ṫógaint inſ na leapṫaċa. 

Tá innſint eile le faġáil aɼ an ɼann ſa ṗáipéaɼ úd An...

Leaṫanaċ 24

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaċ 24

...Gaeḋeal, Saṁain 2, 1934. Ḃí " Eaċtɼa an Ṗacaiɼe aguſ na Cailliġe " i gcló anſan ag Conċuḃaɼ Ó Muiṁneaċáin. Nuaiɼ ná fuaiɼ an Pacaiɼe pioc ón gCailliġ do ḋíɼiġ ſé uiɼṫe maɼ ſeo :

Iſ meaſa tú ná an ġɼíoḃ-ingneaċ a ḃí i ḃfuiɼm naṫɼaċ niṁe,
Iſ í cuſba comɼaiġe in Ifɼeann—áɼd-ċuiɼbṫeaċ na n‑ainṁiḋṫe—
Do cuiɼeaḋ ina diaḃal a hIfɼeann, Ciceɼo dá coínleaċt,
Ag iomaɼa, ag iolċa ag uɼſanaiḃ iſtoiḋċe.

D'adṁaiġ Conċuḃaɼ náɼ ṫuig ſé féin na focail go léiɼ. Aċ an tſeaċtṁain a ḃí ċuġainn do ṫug Seán Ó Cuill a innſint féin aɼ an ɼann :

Iſ meaſa ṫu ná an ġɼíoḃ-ingineaċ a ḃí i ḃfuiɼm naṫɼaċ níṁe againn,
Áɼd-ċoiɼbṫeaċ na n-ainṁiḋṫe, b'í ba ċuſpa comɼaiġe ḋi.
Cuiɼeaḋ í ina diaḃal aẛ Ifɼeann a'ſ Ciceɼo dá coínleaċt,
Ag iomaɼaḋ a'ſ ag giollaċaḋ ċuig uɼſanaiḃ aſd' oiḋċe.

Daɼ le Seán, " iomɼáṁ " ba ċiall don " iomaɼaḋ " aguſ " giollaċt " don " ġiollaċaḋ, " aċ do ċuiɼ ſé iongnaḋ aiɼ an ſean-Róṁánaċ ſan, Ciceɼo, ḃeiṫ ag tionnlacan daoine ón ſaoġal eile.

Anoiſ, dom ṫuaiɼim‑ſe, níl daḃt aɼ doṁan ná guɼ " gɼíḃ-ingneaċ " an focal bunaiḋ, bíoḋ guɼ " gníoṁ-ingineaċ " adeiɼteaɼ anoiſ. Aon ní aṁáin iſ eaḋ " gɼíoḃ " aguſ " gɼíḃ-ingneaċ, " ainiṁṫealaċ do cɼeidtí fadó a ḃeiṫ ann. Caḃail an leoṁain a ḃí uiɼṫe, máſ fioɼ [ſic], aguſ ceann aguſ gob, ſciaṫáin aguſ ingní an ḟiolaiɼ. Aċ ca ḃfioſ dom go ɼaiḃ aon dul amaċ ag Éiɼeannaiġ aɼ an ngɼíḃ? Maɼ go ḃfuil a tuaiɼiſg le faġáil ſan aiſtɼiúċán do ḋein an Coɼcaiġeaċ, Fínġín Ó Maṫġaṁna, ſa ḃliain 1475, aɼ " Eaċtɼa John de Maundeville. " Deiɼ an " Eaċtɼa " go ḃfuil i mBactɼia gɼíoḃa a ḃéaɼfaḋ leo 'na gcɼoḃnaiḃ maɼcaċ aguſ eaċ fé, nú cuinniɼ ḋaṁ maɼ aon leiſ an gcuing; go mbíonn ingní fada géaɼa oɼṫa, aguſ guɼ mó ná aḋaɼc ḋaiṁ gaċ ionga acu. Aguſ i dtaoḃ í ḃeiṫ i n‑Ifɼeann, tá fianaiſe an Ċéitinnig againn leiſ guɼ " iomḋa ann ... gɼíoḃ ġɼeannaċ ġob-lom ġeaɼánaċ " (T.B.B. 6623).

Da ḃɼí ſin, iſ í an ġɼíḃ-ingneaċ do cuiɼeaḋ " i n‑a diaḃal a hIfɼeann, " aguſ iſ olc í mo ṫuaiɼim nú ḃí an ceaɼt ag Aṁlaoiḃ nuaiɼ a ṫug ſé Liosavar aɼ an té a ḃí á caoinleaċt. Iſ é Lucifeɼ féin é ſin, aguſ ní gáḋ an Róṁánaċ móɼ-ċlú do ṫaɼɼac iſteaċ ſa ſgéal i n‑aon ċoɼ. Ní ḟéadfainn aon ḃuille ṫaḃaiɼt fé ḃɼí an ċeaṫɼú líne, aċ déaɼfainn ná fuil baint aɼ biṫ aige le hiomɼáṁ ná le giollaċt. Iſ deallɼuiṫiġe le geámaí nú le geátſaí éigin na focail ſin.

Buaḋ aguſ biſeaċ leat, a ċaɼa Ṁúſgɼaiġiġ.

Miſe,
Doṁnall Ó Niaḋ.