An Músraiġeaċ

Bulletín do Ċáiɼde Ṁúſgɼaiġe

An Músgraigheach Uimhir 3

Clár

  • 1 Cad a Dhéanfaimíd Feasta
  • 3 Maoilsheachlainn Ua Dubhgáin
  • 6 Eolas Á Lorg
  • 7 Séadna
  • 8 Tá fé'n lic seo duine caoin gan ghruaim [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 9 Neil Ní Mhurchadha
  • 14 Diosgán ó Chúil Aodha
  • 15 Aodh de Róiste
  • 16 An bhfuil fhios agat? [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 17 Áit-ainmneacha
  • 20 Riabh Domhain Gort an Acra
  • 22 Leitreacha
  • 24 Cáirde Mhúsgraighe [in easnamh sa bhuntéacs]
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 04–05
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 06–07

Leathanach 9

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 08–09

Neil Ní Mhurchadha: Ban-Fhile.

Gheobhfar anso roinnt amhrán dár cheap Neil Ní Mhurchadha. Tá gach aon deallramh gur i mBaile Mhúirne do rugadh agus do tógadh an bhan-fhile seo. Is ann a thug sí furmhór a saoghail, i dtaobh is go raibh sí siúbhaltach go maith. Tuigfar ón bhfilíocht a chúm sí, agus go háirighthe ó Amhrán an Aoiligh, cadé an saghas saoghail a bhí ann le na linn.

Deirthear ná bíonn aon ádh ar fhile mná, agus ní fheadar an fíor é. Mar an gcéadna, tá sé ráidhte go gcaillthar féith na filíochta leis na mnáibh. Pé sgéal é, ba dheacair ban-fhile fhagháil aon uair, ach amháin go raibh na mná caointe ann. Ach níor bhacadar san puinn le filíocht don choitiantacht, ná le duine a mholadh an fhaid a bhí sé 'na bheathaidh.

Ní heolach dom go cruinn cathain a mhair Neil Ní Mhurchadha, ach measaim go raibh sí ann i n‑aimsir Mháire Bhuidhe Ní Laoghaire. Níl aon tuairisg ar a muinntir anois ar fuaid Bhaile Mhúirne. Ach pé háit 'n‑a bhfuair sí féith na filíochta do rug sí lé san uaigh í. Má thá éinne ann adéarfadh gur deimhniú é sin go gcaillthar an fhilíocht i dteannta na mban, níl le rádh agam ach go gcaillthar i dteannta na bhfear í chomhmaith [sic].

Ó Dhiarmuid Ó Duinnín, Múirneach atá chun comhnuig i Sráid an Mhuilinn, is eadh fuaras na hamhráin seo, tá roinnt bhlianta ó shin ann. Fear mór Gaeluinne agus seanchais is eadh Diarmuid. Amhránuidhe binn dob' eadh é i dtúis a shaoghail, ach tá se críonna anois.

Tá daoine i mBaile Mhúirne agus i gCúil Aodha go bhfuil líne anso 's ansúd ach d'Amhrán na gCearc agus d'Amhrán na nGabhar. Ach ní heolach dom go bhfuil " Amhrán an Aoiligh " ag éinne eile ach ag Diarmuid. Tá " Amhrán na gCearc " agus cuid d' " Amhrán na nGabhar " i gcló cheana ag Próinséas Ó Ceallaigh (Béaloideas, VII, 1), ach ní gá ach an dá innsint do chur i gcomparáid le n‑a chéile chun a fheiscint gur cruinne de mhór-chuid cuimhne Dhiarmuda ar na hamhráin ná cuimhne an té ón a bhfuair Próinséas iad.

AMHRÁN AN AOILIGH

Ar Béal an Ghearrtha a bhí Neil chun comhnuig nuair a dhein sí an t‑amhrán so. Fé mar is léir ón amhrán, bhí sí ag tarrac aoiligh le ciseán agus níor tháinig éinne dá muinntir chun cabhruighthe léi.

Céad glóire shíorruidhe leis an Athair aoibhinn atá go muar le rádh,
Is do Mháthair Íosa do réidheann gach ní dhúinn nuair is cruaidh é an cás,
Ó thá deire an aoiligh as an ndíg seo an t‑aon uair amháin,
Do bhris ár gcroidhe ionainn i gcoinnibh rí-chnuic is cruadh-chasán

[Leathanach 10]

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 10–11

Is ní hé do mhill me ná do ghread me im intinn is me duairc thar barr,
Ach mo leanbh dílis od bhí lem thaoibh‑se is í ag luadh gach lá [?]
Ní raibh raidhse an bhídh againn le na linn, is ba chruaidh mar chás,
Ach an leite bhuidhe is gan í fhagháil istoidhche ach dá uair sa lá.

Dá mbar bean aníos me ó Chonnacht íochtair nú ó Chonntae an Chláir,
Dá ndéanfainn gníomh is dá lasgfainn tíortha, ba thruagh me le rádh,
Nuair a iompuigh an síon orainn andeas go díreach is bhí an uain in ár,[?]
Is mise im mhnaoi bhoicht caithte chríona fé mhuar-chiseán.

Dá mairfinn míle do choingbheochainn cuimhne air dom dhlúth-charaid ghearr,
Ná táinig go dtí mé nú ar an gclaidhe amuigh, is " mo thruagh thu " a rádh.
Dá mbeiridís sínte gan aon bhrígh leo, gura fada uatha an cás,
Ní raghainn go dtí iad mura raghainn á gcaoineadh is iad fuar ar chlár.

AMHRÁN NA gCEARC

Ar Gort na Tiobratan a bhí Neil nuair a dhein sí an t‑amhrán so.

Deallruigheann an sgéal gurbh é an fiach dubh a rug leis na cearca.

Greadadh agus cás ort a fhiolair an áir,
Milleadh gach lá agus léir ort!
Nár thugair-se t'ál amach insa Mhárta,
Is ná raibh ort mar bhláth iad d'aodhaireacht.
Do sgiobais-se mo chearca dob fhearr ar an mbaile
Do choinnigheadh go seascair me i n‑éadach.
Bhí cead agam tarrac ar an mbiadh ab fhearr sa chathair,
Agus hucstaerí 'om mhealladh óna chéile.

Thug Siobhán Eoghain dom sobharn óir
Agus cuireadh chun óil dá dtéighinn léi,
Ceathramha chaoirfheola um Nodlaig mar nócht,
Agus gé chun í róstadh ar ghéar-bhior.
Thug Siobhan na Tuinne dhom císte breágh milis
Go raibh siúicre á fhuineadh agus tréacle;
Nuair a bhíodh té leis ar fiuchadh agu ím úr 'na phriontaibh,
Bhíodh dóithin an bhreiithimh de bhéile ann.

Do thug bean Thaidhg Uí Chuill ó Chorcaigh aníos
Seál do chuaidh trí agus réal dom,
Agus heancisiúr síoda i gcóir foithin mo chinn
Dá dtabharfainn na huibhe dhi féinig;

[Leathanach 11]

Píosa breágh leathair aníos as an saightheach,
Go gcuirfinn é ag sgreadaigh ar steak-pan
Nuair a airightí an baluithe ar bóthar tighe an tsagairt
Do chnósuigheadh na bacaigh go léir chugham.

Ná bídís á rádh gur le locht ar mo mháighistir
D'fhágas an áit seo i n‑aon chor,
Ná ar an mnaoi mhaith gan cháim nár thuill uaim i cháineadh,
Is a healta díoghbháil níor dhéin dom;
Na comharsain dob fhearra do bhí ar an mbaile,
Muinntir na Leacan1 le chéile iad.
Chun go ngannuigheadh an bainne ní bhíodh orm easnamh,
Mar chuiridís a dteachtairí féin leis.

Nuair a ghealfaidh an lá orm fágfad an áit seo,
Tá an tigh seo ró-árd ar phléisg dom;
Níl foithhin ná fál an do dhéanfadh dom sgáth,
Ach fiacha dubha ag gág2 is ag éigheamh ann.
Déanfar me bhriseadh agus tógfar me 'em bonnaibh,
Is imtheochaidh mé singil gan éadach.
Is anois ó tá an Inid ann, pósfad, más mithid é,
Maireadh mo dhuine nú éagadh.

1 Leaca Ghort na Tiobratan.

2 "Gár" adéarfadh daoine eile.

[I mbun leathanach 11 athá na nótaí seo sa bhuntéacs.]

AMHRÁN NA nGABHAR

Hugh ab ainm don chliamhain do bhí ag Neil. Ar na hUláin do bhíodar chun comhnuigh nuair a fuair na gabhair " fág an baile " ó Hugh.

 Mo chreach fhada chruaidh,  arsa Neainí go duairc,
 Nár fhanamair thuaidh, a mháthair,
Mar a bhfaighmís biolar is geamhar is fear tighe gan feall
Ná brisfeadh ár ndrom mar atháimíd.
Má chuamair i gcúinne de gháirdín gan dúnadh
Níor dheineamair ach siúbhal de dhomáiste ann.
An talamh go súghaidh an chuid eile dhe siúd,
Is nárr bhorraidh sé ar dhrúcht ná ar bhaistigh. 

Do labhair an gabhar críona go cneasta leis an mínsigh:
 Éist airiú, a bhuidhean, mo náire é!
Is gan aon luibh ag tigheacht tríd an dtalamh aníos
Dob fhearr lena mhnaoi ná an cabásite:
Cailín bog caoin gan chuise 'na slighe
Nár bhuail sinn i gclaidhe ná i mbeárnain.
Agus ní mhaithfidh mé choidhche d'fhear mhalluighthe an tighe,
Mar a maithfinn [sic; recte mhaithfinn] ar linn mo bháis do. 

[Leathanach 12]

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 12–13

 I dtosach na hoidhche 'seadh thosnuigh bruighean,
Ní raibh éinne 'na shuidhe ach é féinig
Agus ean aosta chríonna bhí ag rádh a paidrín,
Gur bheannuighthe a laoithe is a bréithre.
D'eirigh 'na suidhe chun cabhruighthe linn
Agus eagla croidhe uirthe féinig.
Sé dubhairt sé go fíochmhar:  A bhean, fág an tslighe,
Is sa leabaidh bí thíos de leim uaim. 
 

 M'easgaine dhlúth go dtuitidh ar Hugh
Do bhuail sinn gan chúis le tréine
Le tuille 'en tlúigh is den rámhainn fhada lúbaigh,
Gurbh arm í i dtiúin chun laochais.
Le ciceanna tiugha do ghortuigh me im úth
Is m'easnaidheach lúb ar a chéile,
Do phreab an bhean chúghainn, do chas sinn 'na clúid,
Is le hurraim di siúd do ghéill sé. 

 Nách mise bhí cúmhach go hatuirseach dubhach
Nuair a rugadh mo rún cé gur éisteas,
Agu mí dá ionú gur theastuigh de siúd,
Is ní raibh agam le tabhairt aon bhraon do.
Bhí bean chríona umhal a bhí ag iomchar an úird,
Gur dhein sí le clú agus le daonnacht
Chúig oidhche thabhairt gan tionnbhar ar a súil,
Is do choingibh sí le spiún an braon leis. 

MUC AN CHÚIL RUAIDH

Bhí Neil ag obair ag feirmeoir i bParróiste Shráid an Mhuilinn nuair a dhein sí an t‑amhrán so. Cuireadh 'na leith gurbh í a mhairbh an mhuc. Muca dubha ab eadh iad so, agus fuair ceann acu bás.

Nár dheinimíd námhada is ná raibh orainn gádhtar,
Má dheineamair aon bhárthan do mhuc an chúil ruaidh,
Má bhuaileamair le sámhthach de shluasaid na rámhainn' í,
Mura dtabharfaimís ár lámh léi do dhruidfeadh í uainn.
Mar is minic a chráidh sinn is an chuid eile dá háltaibh,
Ag gabháil de chosaibh i n‑agha' an lá orainn i n‑iomar gan truagh.
Bhí an donas i ndán dom agus bualadh uim an ál so,
Is mo bhathas gur bhánuigh le seachtmhain anuas.

[Leathanach 13]

Dar an ngaibhl is dar an bpíce is dar a dtógaid siad d'aoileach,
Is dara Pádruig Stíobhard bhíonn ag spórt linn gach uair,
Dara bó bhán an Mhoilinn agus Muisire an Fhíoghara,
Níor dheineamair aon díth do mhuc an chúil ruaidh.
Dar Claedeach na gCícheanna agus dara Clárach tá taoibh leis,
Dar gcáthtar de shíon is de shneachta adtuaidh,
Dara Caisleán Chill m'Íde is Mount Leader i dtaobh thíos de,
Níor dheineamair aon díth do mhuc an chúil ruaidh.

Mh'atuirse scíosmhar mar a cailleadh mo mhuinntir
Do chuirfeadh i gcrích mé is ná beinn ar bhur bhfuaid,
Ag eirghe gach deire oidhche i nYard sink sic agus aoiligh,
Ag beirbhiú phrátaí do mhucaibh 's do bhuaibh.
Le solas na coinnle do chuirid im shuidhe me,
Cé gur ghairid a bhím‑se ar an leabaidh chun suain.
Is go deimhin féin, a Bhríde, bheadh cion agam chroidhe ort
Dá raghfá‑sa síos liom go Corcaigh na gCuan.

Mo shlán beo fé dhíogras chun Baile Mhúirne na dtigheasach.
Is iad ná cuirfeadh puinn suim i sórd mhuc an chúil ruaidh.
Ba ró-bheag mar shnaidhm leo í mharbhú gach geimhreadh,
Agus feoil ba dhá aoirde do chrochfaidís suas.
Mar do chonnac‑sa mná tighe ann go raibh fairsinge an chroidhe acu,
Ná beidís ag díon an bhainne luim fhuair.
Is dá mbeadh an ráithe so dhíom‑sa do rásfainn thar fíoghara,
Is ní fhágfinn iad choidhche go gcuirfí mé i n‑uaigh.

SEÁN Ua CRÓINÍN.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 14–15
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 16–17
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 18–19

Leathanach 20

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 20–21

Riabh Domhain Gort an Acra

Insa seachtmhadh aois déag ceann de dhroch-bhéasaibh na hÉireann dob eadh bheith ag fuadach ban go mbíodh airgead agus stór ar an dtaobh thiar díobh. San aimsir seo tháinig lucht leanamhna Chromaill agus a muinntir fé ghéin Chúige Mumhan. Bhíodar ag marbhú agus ag scrios rómpa gan truagh gan taise. Bhuaileadar cath i Maghchromtha i n‑áit 'nar marbhuigheadh trí mhíle Gaedheal. Chuir san eagla ar na daoinibh mór-thímpal: chuadar ag teicheadh i ngleanntaibh agus i gcoilltibh. Bhailigheadar leo a gcuid stóir, agus bhí an talamh lom lomanochta gan bó gan caoíra 'na ndiaidh ar feadh mórán aimsire.

Do thárla san don mhuinntir a chomhnuigh i dtuath-bhaile Gort an Acra i mBaile Mhúirne. Bhí san mar sin ar feadh abhfad, gur casadh ann duine iasachta bhí ar a theicheadh dho féin. Chonnaic sé an áit folamh gan duine gan daona, agus do bhunaigh sé ann.

Chuir sé gach aon treó air féin chun maireachtaint ann. Fuair sé stoc thall 's abhfus: ba agus capaill. Bhailigh sé chuige fir is mná mar sheirbhísigh. Bhí Brúsgar Ó Broin mar áilteoir aige. Bhí Breiceallach Ó Buachalla ag treabhadh agus ag fuirse aige. Bhí Breasal Ó Cathasa mar aodhaire ann, agus a chleith-ailpín aige. Bhí Bannda Ní Uidhir mar bhean-tighe, agus Maighréad Ní Ghealbháin agus Cáit Ní Chlúbháin mar chailíní ag cabhrú léi.

Duine greannmhar ab eadh é féin. Bhí sé óg lúthmhar láidir, ach bhí sé dorcha ciúin, gan puinn cainnte aige. Ní bhíodh aon úngáil air ach go hannamh. Tíoránach dob eadh é 'na mheon: nuair a thabharfadh sé órdú uaidh caithfí rud a dhéanamh air gan mhoill, bhí sé chomh tréan san in' intinn. Do rith a thásg ar fuaid na dúithche, agus leis sin deirtí mar ghnáth-fhocal: " Tá sé chomh tréan le Riabh Domhain Gort an Acra. " Deirtí é seo le fear nú le buachaill a bheadh ceann-tréan.

Do thuig muinntir an tighe an méid seo go maith, agus nuair a bhailighdís i dteannta chéile istoidhche bhídís ag cur is ag cúiteamh agus ag innsint sgéalta pléisiúrtha féachaint an mbainfidís fáth an gháire as.

Ní raibh aon aidhm pósta aige. Bhíodh fear siubhail ag glaodhach chúcha agus uatha. D'innseadh sé mórán sgéalta dhóibh, agus go mór mór ar thréithe cailín óig a chomhnuigh i nGleann Fleisge, inghean a bhí ag Ó Donnchadha an Ghleanna. D'innseadh sé dhóibh, dá mhéid

Leathanach 21

a réim agus a huaisleacht, conus a dheineadh sí gnó ag crúth bó ar maidin agus istoidhche le cois na gcailíní aimsire a bhí aice, agus gurabh é an ainm a bhí uirthe ná Lasairfhíona.

Nuair airigheadh Riabh Domhain an sgéal so, gháireadh sé go mion agus go minic, agus aon uair a ghlaodhadh an stróinséir, bhíodh fáilte agus fiche roimis chun fanamhaint i gcomhair na hoidhche. D'innseadh sé an sgéal airís don líntighe, agus d'aontuigheadh Maighréad Ní Ghealbháin leis go raibh aithne aice féin ar an gcailín, agus deireadh gur bhreá deagh-ghnóthach an bhean í d'fhear a gheobhadh le pósadh í. Mar sin dóibh. Do gháireadh Riabh Domhain ós árd, agus fé dheire do thuit sé i ngrádh léi gan í fheisgint i n‑aonchor.

Bhíodar mar seo tamall ag caitheamh aimsire dhóibh féin. Tháinig smaoineamh dá aigne tráthnóna breá samhraidh an bhean uasal so d'fhuadach agus í thabhairt leis abhaile mar bhain-chéile dho féin. Leis sin d'órduigh sé do Bhreasal Ó Cathasa agus do Bhrúsgar Ó Broin trí ghearrán capaill d'fhagháil ullamh i gcomhair bóthair agus dul fé ghéin an teaghlaigh. Bhí san déanta go tapaidh, agus le buidhe gréine d'eirigheadar suas slinneán Gort an Acra, síos le fánaidh an Mhúirne Bhig, anonn tré Pholl an Ghabhair, suas Doirín Áluinn, as san go teorainn an chonntae, agus níor stad cos dóibh chun gur shroiseadar Cill Átha, an áit go bhfeacadar Lasairfhíona ag crúth bó i measg a cuid cailíní. Mar bhí Riabh Domhain luath láidir do léim sé chúiche agus thóg sé í 'na bhaclainn ar bhéalaibh an ghearráin. Buailid an bóthar go luaimneach. Níor fhás puinn féir fé na gcosaibh chun gur shroiseadar Gort an Acra, an áit go raibh fáilte agus fiche rómpa ag an líntighe.

San aimsir seo bhí na dlighthe péineamhla i bhfeidhm, agus ba ghnáthach le sagart dárbh' ainm Diarmuid Ó Cróinín Aifreann do léighe ag Móinteán an Aifrinn, a bhí ar aghaidh an tighe amach ar an dtaobh thall Dubhghlais. Leis sin do thóg Riabh Domhain agus a líntighe an cailín óg ar maidin amáireach agus do pósadh an bheirt le deithneas. D'fhilleadar abhaile go sítheach grádhach, agus bhí an ainnir sásta leis an athrú saoghail do bhí aice. Bhí an baile go léir aice agus dathad bó bainne aice ag teacht go dtí an machaire ar maidin 's istoidhche.

Ní mar sin a bhí a hathair, ceann fine Uí Dhonnchadha. Bhí sé ag gol agus ag caoineadh i ndiaidh a inghine ar feadh bliana, chun gur bhuail fear sidhe leis adubhairt gurbh iad an sluagh sidhe d'árduigh leo í agus go raibh sí 'na comhnuidhe i lios Gort an Acra. Chuir so fonn agus faitchíos air sar ar dhein sé aon ní den sgéal.

Maidean shamhraidh tímpal na haimsire céadna do casadh fear siubhail chúcha isteach nuair a bhí Lasairfhíona ag cur críche ar a cuid stuic. D'fhéach sé mór-thimpal agus d'infhiúch sé an bhean go géar. D'aithin sé í, agus níor fhéad sé gan an rann so do rádh:

" Mo thruagh, mo chreach, mo bhrón,
Lasairfhíona ag crúth bó,
Agus Lasairfhíona ag gréasaidhe bróg ! "

Leathanach 22

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 22–23

Bhí Riabh Domhain ag éisteacht leis agus é ag deisiú bróg–mar do dheineadh gach éinne a bhróga féin an uair sin. Do tháinig eagla agus fearg air a rádh go raibh sé faghálta amach. Bhuail sé an duine bocht le buille den mháinléad anuas ar mhullach a chinn agus do shín sé ar an úrlár é. Thóg na cailíní é, agus thugadar aire agus friothálamh do ar feadh seachtaine. Chonnacthas dóibh go raibh sé ag dul chun deiridh agus go bhfaghadh sé bás. Leis sin, d'fhiafruigheadar de cérbh é féin nú cárbh as é. Dubhairt seisean an bhéarsa so mar fhreagra:—

" Mise Cathal Ó Dúbhda a bhí go súgach seach,
Nuair a chonnac‑sa mo rún ag crúth na mba. "

Fé dheire do fuair sé bás agus do dheineadar é thórramh. Dhein Brúsgar Ó Broin an chomhra dho, agus d'árduigheadar leo é i gcomhrac lae agus oidhche. Dheineadar uaigh o, láimh le Droichidín Chúil an Mhothair, agus tá Uaigh an Duine Mhairbh mar ainm ar an áit fos.

Faid a bhí an sgéal so ar siubhal bhí Ó Donnchadha an Ghleanna ag bailiú fear chun lios Gort an Acra a chuardach. Gluaisighid leo agus tagaid ann. Chuardaigheadar síos agus suas de ach ní bhfuaradar í. Chonnaic Riabh Domhain iad. Tháinig truagh dho dhóibh. Bhuail sé úmpa, agus d'innis sé an sgéal tríd síos, conus a bhí sí aige féin. D'fhanadar ann ar feadh seachtaine agus dheineadar síothcháin. Bhí clann ag an mbeirt, agus chuadar san isteach i n‑arm na Spáinne.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaċ 24

Cláɼ

  • 1 Cad a Ḋéanfaimíd Feaſta
  • 3 Maoilẛeaċlainn Ua Duḃgáin
  • 6 Eolaſ Á Loɼg
  • 7 Séadna
  • 8 Tá fé'n lic ſeo duine caoin gan ġɼuaim [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 9 Neil Ní Ṁuɼċaḋa
  • 14 Dioſgán ó Ċúil Aoḋa
  • 15 Aoḋ de Róiſte
  • 16 An ḃfuil ḟioſ agat? [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 17 Áit-ainmneaċa
  • 20 Riaḃ Doṁain Goɼt an Acɼa
  • 22 Leitɼeaċa
  • 24 Cáiɼde Ṁúſgɼaiġe [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 04–05
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 06–07

Leaṫanaċ 9

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 08–09

Neil Ní Ṁuɼċaḋa: Ban-Ḟile.

Ġeoḃfaɼ anſo ɼoinnt aṁɼán dáɼ ċeap Neil Ní Ṁuɼċaḋa. Tá gaċ aon deallɼaṁ guɼ i mBaile Ṁúiɼne do ɼugaḋ aguſ do tógaḋ an ḃan-ḟile ſeo. Iſ ann a ṫug ſí fuɼṁóɼ a ſaoġail, i dtaoḃ iſ go ɼaiḃ ſí ſiúḃaltaċ go maiṫ. Tuigfaɼ ón ḃfilíoċt a ċúm ſí, aguſ go háiɼiġṫe ó Aṁɼán an Aoiliġ, cadé an ſaġaſ ſaoġail a ḃí ann le na linn.

Deiɼṫeaɼ ná bíonn aon áḋ aɼ ḟile mná, aguſ ní ḟeadaɼ an fíoɼ é. Maɼ an gcéadna, tá ſé ɼáiḋte go gcaillṫaɼ féiṫ na filíoċta leiſ na mnáiḃ. Pé ſgéal é, ba ḋeacaiɼ ban-ḟile ḟaġáil aon uaiɼ, aċ aṁáin go ɼaiḃ na mná caointe ann. Aċ níoɼ ḃacadaɼ ſan puinn le filíoċt don ċoitiantaċt, ná le duine a ṁolaḋ an ḟaid a ḃí ſé 'na ḃeaṫaiḋ.

Ní heolaċ dom go cɼuinn caṫain a ṁaiɼ Neil Ní Ṁuɼċaḋa, aċ meaſaim go ɼaiḃ ſí ann i n‑aimſiɼ Ṁáiɼe Ḃuiḋe Ní Laoġaiɼe. Níl aon tuaiɼiſg aɼ a muinntiɼ anoiſ aɼ fuaid Ḃaile Ṁúiɼne. Aċ pé háit 'n‑a ḃfuaiɼ ſí féiṫ na filíoċta do ɼug ſí lé ſan uaiġ í. Má ṫá éinne ann adéaɼfaḋ guɼ deiṁniú é ſin go gcaillṫaɼ an ḟilíoċt i dteannta na mban, níl le ɼáḋ agam aċ go gcaillṫaɼ i dteannta na ḃfeaɼ í ċoṁmaiṫ [ſic].

Ó Ḋiaɼmuid Ó Duinnín, Múiɼneaċ atá ċun coṁnuig i Sɼáid an Ṁuilinn, iſ eaḋ fuaɼaſ na haṁɼáin ſeo, tá ɼoinnt ḃlianta ó ẛin ann. Feaɼ móɼ Gaeluinne aguſ ſeanċaiſ iſ eaḋ Diaɼmuid. Aṁɼánuiḋe binn dob' eaḋ é i dtúiſ a ẛaoġail, aċ tá ſe cɼíonna anoiſ.

Tá daoine i mBaile Ṁúiɼne aguſ i gCúil Aoḋa go ḃfuil líne anſo 'ſ anſúd aċ d'Aṁɼán na gCeaɼc aguſ d'Aṁɼán na nGaḃaɼ. Aċ ní heolaċ dom go ḃfuil " Aṁɼán an Aoiliġ " ag éinne eile aċ ag Diaɼmuid. Tá " Aṁɼán na gCeaɼc " aguſ cuid d' " Aṁɼán na nGaḃaɼ " i gcló ċeana ag Pɼóinſéaſ Ó Ceallaiġ (Béaloideaſ, VII, 1), aċ ní gá aċ an dá innſint do ċuɼ i gcompaɼáid le n‑a ċéile ċun a ḟeiſcint guɼ cɼuinne de ṁóɼ-ċuid cuiṁne Ḋiaɼmuda aɼ na haṁɼáin ná cuiṁne an té ón a ḃfuaiɼ Pɼóinſéaſ iad.

AṀRÁN AN AOILIĠ

Aɼ Béal an Ġeaɼɼṫa a ḃí Neil ċun coṁnuig nuaiɼ a ḋein ſí an t‑aṁɼán ſo. Fé maɼ iſ léiɼ ón aṁɼán, ḃí ſí ag taɼɼac aoiliġ le ciſeán aguſ níoɼ ṫáinig éinne dá muinntiɼ ċun caḃɼuiġṫe léi.

Céad glóiɼe ẛíoɼɼuiḋe leiſ an Aṫaiɼ aoiḃinn atá go muaɼ le ɼáḋ,
Iſ do Ṁáṫaiɼ Íoſa do ɼéiḋeann gaċ ní ḋúinn nuaiɼ iſ cɼuaiḋ é an cáſ,
Ó ṫá deiɼe an aoiliġ aſ an ndíg ſeo an t‑aon uaiɼ aṁáin,
Do ḃɼiſ áɼ gcɼoiḋe ionainn i gcoinniḃ ɼí-ċnuic iſ cɼuaḋ-ċaſán

[Leaṫanaċ 10]

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 10–11

Iſ ní hé do ṁill me ná do ġɼead me im intinn iſ me duaiɼc ṫaɼ baɼɼ,
Aċ mo leanḃ díliſ od ḃí lem ṫaoiḃ‑ſe iſ í ag luaḋ gaċ lá [?]
Ní ɼaiḃ ɼaiḋſe an ḃíḋ againn le na linn, iſ ba ċɼuaiḋ maɼ ċáſ,
Aċ an leite ḃuiḋe iſ gan í ḟaġáil iſtoiḋċe aċ dá uaiɼ ſa lá.

Dá mbaɼ bean aníoſ me ó Ċonnaċt íoċtaiɼ nú ó Ċonntae an Ċláiɼ,
Dá ndéanfainn gníoṁ iſ dá laſgfainn tíoɼṫa, ba ṫɼuaġ me le ɼáḋ,
Nuaiɼ a iompuiġ an ſíon oɼainn andeaſ go díɼeaċ iſ ḃí an uain in áɼ,[?]
Iſ miſe im ṁnaoi ḃoiċt caiṫte ċɼíona fé ṁuaɼ-ċiſeán.

Dá maiɼfinn míle do ċoingḃeoċainn cuiṁne aiɼ dom ḋlúṫ-ċaɼaid ġeaɼɼ,
Ná táinig go dtí mé nú aɼ an gclaiḋe amuiġ, iſ " mo ṫɼuaġ ṫu " a ɼáḋ.
Dá mbeiɼidíſ ſínte gan aon ḃɼíġ leo, guɼa fada uaṫa an cáſ,
Ní ɼaġainn go dtí iad muɼa ɼaġainn á gcaoineaḋ iſ iad fuaɼ aɼ ċláɼ.

AṀRÁN NA gCEARC

Aɼ Goɼt na Tiobɼatan a ḃí Neil nuaiɼ a ḋein ſí an t‑aṁɼán ſo.

Deallɼuiġeann an ſgéal guɼḃ é an fiaċ duḃ a ɼug leiſ na ceaɼca.

Gɼeadaḋ aguſ cáſ oɼt a ḟiolaiɼ an áiɼ,
Milleaḋ gaċ lá aguſ léiɼ oɼt!
Náɼ ṫugaiɼ-ſe t'ál amaċ inſa Ṁáɼta,
Iſ ná ɼaiḃ oɼt maɼ ḃláṫ iad d'aoḋaiɼeaċt.
Do ſgiobaiſ-ſe mo ċeaɼca dob ḟeaɼɼ aɼ an mbaile
Do ċoinniġeaḋ go ſeaſcaiɼ me i n‑éadaċ.
Ḃí cead agam taɼɼac aɼ an mbiaḋ ab ḟeaɼɼ ſa ċaṫaiɼ,
Aguſ hucſtaeɼí 'om ṁeallaḋ óna ċéile.

Ṫug Sioḃán Eoġain dom ſoḃaɼn óiɼ
Aguſ cuiɼeaḋ ċun óil dá dtéiġinn léi,
Ceaṫɼaṁa ċaoiɼḟeola um Nodlaig maɼ nóċt,
Aguſ gé ċun í ɼóſtaḋ aɼ ġéaɼ-ḃioɼ.
Ṫug Sioḃan na Tuinne ḋom cíſte bɼeáġ miliſ
Go ɼaiḃ ſiúicɼe á ḟuineaḋ aguſ tɼéacle;
Nuaiɼ a ḃíoḋ té leiſ aɼ fiuċaḋ agu ím úɼ 'na ṗɼiontaiḃ,
Ḃíoḋ dóiṫin an ḃɼeiiṫiṁ de ḃéile ann.

Do ṫug bean Ṫaiḋg Uí Ċuill ó Ċoɼcaiġ aníoſ
Seál do ċuaiḋ tɼí aguſ ɼéal dom,
Aguſ heanciſiúɼ ſíoda i gcóiɼ foiṫin mo ċinn
Dá dtaḃaɼfainn na huiḃe ḋi féinig;

[Leaṫanaċ 11]

Píoſa bɼeáġ leaṫaiɼ aníoſ aſ an ſaiġṫeaċ,
Go gcuiɼfinn é ag ſgɼeadaiġ aɼ steak-pan
Nuaiɼ a aiɼiġtí an baluiṫe aɼ bóṫaɼ tiġe an tſagaiɼt
Do ċnóſuiġeaḋ na bacaiġ go léiɼ ċuġam.

Ná bídíſ á ɼáḋ guɼ le loċt aɼ mo ṁáiġiſtiɼ
D'ḟágaſ an áit ſeo i n‑aon ċoɼ,
Ná aɼ an mnaoi ṁaiṫ gan ċáim náɼ ṫuill uaim i ċáineaḋ,
Iſ a healta díoġḃáil níoɼ ḋéin dom;
Na coṁaɼſain dob ḟeaɼɼa do ḃí aɼ an mbaile,
Muinntiɼ na Leacan1 le ċéile iad.
Ċun go ngannuiġeaḋ an bainne ní ḃíoḋ oɼm eaſnaṁ,
Maɼ ċuiɼidíſ a dteaċtaiɼí féin leiſ.

Nuaiɼ a ġealfaiḋ an lá oɼm fágfad an áit ſeo,
Tá an tiġ ſeo ɼó-áɼd aɼ ṗléiſg dom;
Níl foiṫin ná fál an do ḋéanfaḋ dom ſgáṫ,
Aċ fiaċa duḃa ag gág2 iſ ag éiġeaṁ ann.
Déanfaɼ me ḃɼiſeaḋ aguſ tógfaɼ me 'em bonnaiḃ,
Iſ imṫeoċaiḋ mé ſingil gan éadaċ.
Iſ anoiſ ó tá an Inid ann, póſfad, máſ miṫid é,
Maiɼeaḋ mo ḋuine nú éagaḋ.

1 Leaca Ġoɼt na Tiobɼatan.

2 "Gáɼ" adéaɼfaḋ daoine eile.

[I mbun leaṫanaċ 11 aṫá na nótaí ſeo ſa ḃuntéacſ.]

AṀRÁN NA nGAḂAR

Hugh ab ainm don ċliaṁain do ḃí ag Neil. Aɼ na hUláin do ḃíodaɼ ċun coṁnuiġ nuaiɼ a fuaiɼ na gaḃaiɼ " fág an baile " ó Hugh.

 Mo ċɼeaċ ḟada ċɼuaiḋ,  aɼſa Neainí go duaiɼc,
 Náɼ ḟanamaiɼ ṫuaiḋ, a ṁáṫaiɼ,
Maɼ a ḃfaiġmíſ biolaɼ iſ geaṁaɼ iſ feaɼ tiġe gan feall
Ná bɼiſfeaḋ áɼ ndɼom maɼ aṫáimíd.
Má ċuamaiɼ i gcúinne de ġáiɼdín gan dúnaḋ
Níoɼ ḋeineamaiɼ aċ ſiúḃal de ḋomáiſte ann.
An talaṁ go ſúġaiḋ an ċuid eile ḋe ſiúd,
Iſ náɼ ḃoɼɼaiḋ ſé aɼ ḋɼúċt ná aɼ ḃaiſtiġ. 

Do laḃaiɼ an gaḃaɼ cɼíona go cneaſta leiſ an mínſiġ:
 Éiſt aiɼiú, a ḃuiḋean, mo náiɼe é!
Iſ gan aon luiḃ ag tiġeaċt tɼíd an dtalaṁ aníoſ
Dob ḟeaɼɼ lena ṁnaoi ná an cabáſite:
Cailín bog caoin gan ċuiſe 'na ſliġe
Náɼ ḃuail ſinn i gclaiḋe ná i mbeáɼnain.
Aguſ ní ṁaiṫfiḋ mé ċoiḋċe d'ḟeaɼ ṁalluiġṫe an tiġe,
Maɼ a maiṫfinn [ſic; ɼecte ṁaiṫfinn] aɼ linn mo ḃáiſ do. 

[Leaṫanaċ 12]

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 12–13

 I dtoſaċ na hoiḋċe 'ſeaḋ ṫoſnuiġ bɼuiġean,
Ní ɼaiḃ éinne 'na ẛuiḋe aċ é féinig
Aguſ ean aoſta ċɼíonna ḃí ag ɼáḋ a paidɼín,
Guɼ ḃeannuiġṫe a laoiṫe iſ a bɼéiṫɼe.
D'eiɼiġ 'na ſuiḋe ċun caḃɼuiġṫe linn
Aguſ eagla cɼoiḋe uiɼṫe féinig.
Sé duḃaiɼt ſé go fíoċṁaɼ:  A ḃean, fág an tſliġe,
Iſ ſa leabaiḋ bí ṫíoſ de leim uaim. 
 

 M'eaſgaine ḋlúṫ go dtuitiḋ aɼ Hugh
Do ḃuail ſinn gan ċúiſ le tɼéine
Le tuille 'en tlúiġ iſ den ɼáṁainn ḟada lúbaiġ,
Guɼḃ aɼm í i dtiúin ċun laoċaiſ.
Le ciceanna tiuġa do ġoɼtuiġ me im úṫ
Iſ m'eaſnaiḋeaċ lúb aɼ a ċéile,
Do ṗɼeab an ḃean ċúġainn, do ċaſ ſinn 'na clúid,
Iſ le huɼɼaim di ſiúd do ġéill ſé. 

 Náċ miſe ḃí cúṁaċ go hatuiɼſeaċ duḃaċ
Nuaiɼ a ɼugaḋ mo ɼún cé guɼ éiſteaſ,
Agu mí dá ionú guɼ ṫeaſtuiġ de ſiúd,
Iſ ní ɼaiḃ agam le taḃaiɼt aon ḃɼaon do.
Ḃí bean ċɼíona uṁal a ḃí ag iomċaɼ an úiɼd,
Guɼ ḋein ſí le clú aguſ le daonnaċt
Ċúig oiḋċe ṫaḃaiɼt gan tionnḃaɼ aɼ a ſúil,
Iſ do ċoingiḃ ſí le ſpiún an bɼaon leiſ. 

MUC AN ĊÚIL RUAIḊ

Ḃí Neil ag obaiɼ ag feiɼmeoiɼ i bPaɼɼóiſte Ṡɼáid an Ṁuilinn nuaiɼ a ḋein ſí an t‑aṁɼán ſo. Cuiɼeaḋ 'na leiṫ guɼḃ í a ṁaiɼḃ an ṁuc. Muca duḃa ab eaḋ iad ſo, aguſ fuaiɼ ceann acu báſ.

Náɼ ḋeinimíd náṁada iſ ná ɼaiḃ oɼainn gáḋtaɼ,
Má ḋeineamaiɼ aon ḃáɼṫan do ṁuc an ċúil ɼuaiḋ,
Má ḃuaileamaiɼ le ſáṁṫaċ de ẛluaſaid na ɼáṁainn' í,
Muɼa dtaḃaɼfaimíſ áɼ láṁ léi do ḋɼuidfeaḋ í uainn.
Maɼ iſ minic a ċɼáiḋ ſinn iſ an ċuid eile dá háltaiḃ,
Ag gaḃáil de ċoſaiḃ i n‑aġa' an lá oɼainn i n‑iomaɼ gan tɼuaġ.
Ḃí an donaſ i ndán dom aguſ bualaḋ uim an ál ſo,
Iſ mo ḃaṫaſ guɼ ḃánuiġ le ſeaċtṁain anuaſ.

[Leaṫanaċ 13]

Daɼ an ngaiḃl iſ daɼ an bpíce iſ daɼ a dtógaid ſiad d'aoileaċ,
Iſ daɼa Pádɼuig Stíoḃaɼd ḃíonn ag ſpóɼt linn gaċ uaiɼ,
Daɼa bó ḃán an Ṁoilinn aguſ Muiſiɼe an Ḟíoġaɼa,
Níoɼ ḋeineamaiɼ aon díṫ do ṁuc an ċúil ɼuaiḋ.
Daɼ Claedeaċ na gCíċeanna aguſ daɼa Cláɼaċ tá taoiḃ leiſ,
Daɼ gcáṫtaɼ de ẛíon iſ de ẛneaċta adtuaiḋ,
Daɼa Caiſleán Ċill m'Íde iſ Mount Leadeɼ i dtaoḃ ṫíoſ de,
Níoɼ ḋeineamaiɼ aon díṫ do ṁuc an ċúil ɼuaiḋ.

Ṁ'atuiɼſe ſcíoſṁaɼ maɼ a cailleaḋ mo ṁuinntiɼ
Do ċuiɼfeaḋ i gcɼíċ mé iſ ná beinn aɼ ḃuɼ ḃfuaid,
Ag eiɼġe gaċ deiɼe oiḋċe i nYaɼd ſink ſic aguſ aoiliġ,
Ag beiɼḃiú ṗɼátaí do ṁucaiḃ 'ſ do ḃuaiḃ.
Le ſolaſ na coinnle do ċuiɼid im ẛuiḋe me,
Cé guɼ ġaiɼid a ḃím‑ſe aɼ an leabaiḋ ċun ſuain.
Iſ go deiṁin féin, a Ḃɼíde, ḃeaḋ cion agam ċɼoiḋe oɼt
Dá ɼaġfá‑ſa ſíoſ liom go Coɼcaiġ na gCuan.

Mo ẛlán beo fé ḋíogɼaſ ċun Baile Ṁúiɼne na dtiġeaſaċ.
Iſ iad ná cuiɼfeaḋ puinn ſuim i ſóɼd ṁuc an ċúil ɼuaiḋ.
Ba ɼó-ḃeag maɼ ẛnaiḋm leo í ṁaɼḃú gaċ geiṁɼeaḋ,
Aguſ feoil ba ḋá aoiɼde do ċɼoċfaidíſ ſuaſ.
Maɼ do ċonnac‑ſa mná tiġe ann go ɼaiḃ faiɼſinge an ċɼoiḋe acu,
Ná beidíſ ag díon an ḃainne luim ḟuaiɼ.
Iſ dá mbeaḋ an ɼáiṫe ſo ḋíomc‑ſa do ɼáſfainn ṫaɼ fíoġaɼa,
Iſ ní ḟágfinn iad ċoiḋċe go gcuiɼfí mé i n‑uaiġ.

SEÁN Ua CRÓINÍN.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 14–15
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 16–17
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 18–19

Leaṫanaċ 20

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 20–21

Riaḃ Doṁain Goɼt an Acɼa

Inſa ſeaċtṁaḋ aoiſ déag ceann de ḋɼoċ-ḃéaſaiḃ na hÉiɼeann dob eaḋ ḃeiṫ ag fuadaċ ban go mbíoḋ aiɼgead aguſ ſtóɼ aɼ an dtaoḃ ṫiaɼ díoḃ. San aimſiɼ ſeo ṫáinig luċt leanaṁna Ċɼomaill aguſ a muinntiɼ fé ġéin Ċúige Muṁan. Ḃíodaɼ ag maɼḃú aguſ ag ſcɼioſ ɼómpa gan tɼuaġ gan taiſe. Ḃuaileadaɼ caṫ i Maġċɼomṫa i n‑áit 'naɼ maɼḃuiġeaḋ tɼí ṁíle Gaeḋeal. Ċuiɼ ſan eagla aɼ na daoiniḃ móɼ-ṫímpal: ċuadaɼ ag teiċeaḋ i ngleanntaiḃ aguſ i gcoilltiḃ. Ḃailiġeadaɼ leo a gcuid ſtóiɼ, aguſ ḃí an talaṁ lom lomanoċta gan bó gan caoíɼa 'na ndiaiḋ aɼ feaḋ móɼán aimſiɼe.

Do ṫáɼla ſan don ṁuinntiɼ a ċoṁnuiġ i dtuaṫ-ḃaile Goɼt an Acɼa i mBaile Ṁúiɼne. Ḃí ſan maɼ ſin aɼ feaḋ aḃfad, guɼ caſaḋ ann duine iaſaċta ḃí aɼ a ṫeiċeaḋ ḋo féin. Ċonnaic ſé an áit folaṁ gan duine gan daona, aguſ do ḃunaiġ ſé ann.

Ċuiɼ ſé gaċ aon tɼeó aiɼ féin ċun maiɼeaċtaint ann. Fuaiɼ ſé ſtoc ṫall 'ſ aḃfuſ: ba aguſ capaill. Ḃailiġ ſé ċuige fiɼ iſ mná maɼ ẛeiɼḃíſiġ. Ḃí Bɼúſgaɼ Ó Bɼoin maɼ áilteoiɼ aige. Ḃí Bɼeiceallaċ Ó Buaċalla ag tɼeaḃaḋ aguſ ag fuiɼſe aige. Ḃí Bɼeaſal Ó Caṫaſa maɼ aoḋaiɼe ann, aguſ a ċleiṫ-ailpín aige. Ḃí Bannda Ní Uiḋiɼ maɼ ḃean-tiġe, aguſ Maiġɼéad Ní Ġealḃáin aguſ Cáit Ní Ċlúḃáin maɼ ċailíní ag caḃɼú léi.

Duine gɼeannṁaɼ ab eaḋ é féin. Ḃí ſé óg lúṫṁaɼ láidiɼ, aċ ḃí ſé doɼċa ciúin, gan puinn cainnte aige. Ní ḃíoḋ aon úngáil aiɼ aċ go hannaṁ. Tíoɼánaċ dob eaḋ é 'na ṁeon: nuaiɼ a ṫaḃaɼfaḋ ſé óɼdú uaiḋ caiṫfí ɼud a ḋéanaṁ aiɼ gan ṁoill, ḃí ſé ċoṁ tɼéan ſan in' intinn. Do ɼiṫ a ṫáſg aɼ fuaid na dúiṫċe, aguſ leiſ ſin deiɼtí maɼ ġnáṫ-ḟocal: " Tá ſé ċoṁ tɼéan le Riaḃ Doṁain Goɼt an Acɼa. " Deiɼtí é ſeo le feaɼ nú le buaċaill a ḃeaḋ ceann-tɼéan.

Do ṫuig muinntiɼ an tiġe an méid ſeo go maiṫ, aguſ nuaiɼ a ḃailiġdíſ i dteannta ċéile iſtoiḋċe ḃídíſ ag cuɼ iſ ag cúiteaṁ aguſ ag innſint ſgéalta pléiſiúɼṫa féaċaint an mbainfidíſ fáṫ an ġáiɼe aſ.

Ní ɼaiḃ aon aiḋm póſta aige. Ḃíoḋ feaɼ ſiuḃail ag glaoḋaċ ċúċa aguſ uaṫa. D'innſeaḋ ſé móɼán ſgéalta ḋóiḃ, aguſ go móɼ móɼ aɼ ṫɼéiṫe cailín óig a ċoṁnuiġ i nGleann Fleiſge, inġean a ḃí ag Ó Donnċaḋa an Ġleanna. D'innſeaḋ ſé ḋóiḃ, dá ṁéid

Leaṫanaċ 21

a ɼéim aguſ a huaiſleaċt, conuſ a ḋeineaḋ ſí gnó ag cɼúṫ bó aɼ maidin aguſ iſtoiḋċe le coiſ na gcailíní aimſiɼe a ḃí aice, aguſ guɼaḃ é an ainm a ḃí uiɼṫe ná Laſaiɼḟíona.

Nuaiɼ aiɼiġeaḋ Riaḃ Doṁain an ſgéal ſo, ġáiɼeaḋ ſé go mion aguſ go minic, aguſ aon uaiɼ a ġlaoḋaḋ an ſtɼóinſéiɼ, ḃíoḋ fáilte aguſ fiċe ɼoimiſ ċun fanaṁaint i gcoṁaiɼ na hoiḋċe. D'innſeaḋ ſé an ſgéal aiɼíſ don líntiġe, aguſ d'aontuiġeaḋ Maiġɼéad Ní Ġealḃáin leiſ go ɼaiḃ aiṫne aice féin aɼ an gcailín, aguſ deiɼeaḋ guɼ ḃɼeá deaġ-ġnóṫaċ an ḃean í d'ḟeaɼ a ġeoḃaḋ le póſaḋ í. Maɼ ſin dóiḃ. Do ġáiɼeaḋ Riaḃ Doṁain óſ áɼd, aguſ fé ḋeiɼe do ṫuit ſé i ngɼáḋ léi gan í ḟeiſgint i n‑aonċoɼ.

Ḃíodaɼ maɼ ſeo tamall ag caiṫeaṁ aimſiɼe ḋóiḃ féin. Ṫáinig ſmaoineaṁ dá aigne tɼáṫnóna bɼeá ſaṁɼaiḋ an ḃean uaſal ſo d'ḟuadaċ aguſ í ṫaḃaiɼt leiſ aḃaile maɼ ḃain-ċéile ḋo féin. Leiſ ſin d'óɼduiġ ſé do Ḃɼeaſal Ó Caṫaſa aguſ do Ḃɼúſgaɼ Ó Bɼoin tɼí ġeaɼɼán capaill d'ḟaġáil ullaṁ i gcoṁaiɼ bóṫaiɼ aguſ dul fé ġéin an teaġlaiġ. Ḃí ſan déanta go tapaiḋ, aguſ le buiḋe gɼéine d'eiɼiġeadaɼ ſuaſ ſlinneán Goɼt an Acɼa, ſíoſ le fánaiḋ an Ṁúiɼne Ḃig, anonn tɼé Ṗoll an Ġaḃaiɼ, ſuaſ Doiɼín Áluinn, aſ ſan go teoɼainn an ċonntae, aguſ níoɼ ſtad coſ dóiḃ ċun guɼ ẛɼoiſeadaɼ Cill Áṫa, an áit go ḃfeacadaɼ Laſaiɼḟíona ag cɼúṫ bó i meaſg a cuid cailíní. Maɼ ḃí Riaḃ Doṁain luaṫ láidiɼ do léim ſé ċúiċe aguſ ṫóg ſé í 'na ḃaclainn aɼ ḃéalaiḃ an ġeaɼɼáin. Buailid an bóṫaɼ go luaimneaċ. Níoɼ ḟáſ puinn féiɼ fé na gcoſaiḃ ċun guɼ ẛɼoiſeadaɼ Goɼt an Acɼa, an áit go ɼaiḃ fáilte aguſ fiċe ɼómpa ag an líntiġe.

San aimſiɼ ſeo ḃí na dliġṫe péineaṁla i ḃfeiḋm, aguſ ba ġnáṫaċ le ſagaɼt dáɼḃ' ainm Diaɼmuid Ó Cɼóinín Aifɼeann do léiġe ag Móinteán an Aifɼinn, a ḃí aɼ aġaiḋ an tiġe amaċ aɼ an dtaoḃ ṫall Duḃġlaiſ. Leiſ ſin do ṫóg Riaḃ Doṁain aguſ a líntiġe an cailín óg aɼ maidin amáiɼeaċ aguſ do póſaḋ an ḃeiɼt le deiṫneaſ. D'ḟilleadaɼ aḃaile go ſíṫeaċ gɼáḋaċ, aguſ ḃí an ainniɼ ſáſta leiſ an aṫɼú ſaoġail do ḃí aice. Ḃí an baile go léiɼ aice aguſ daṫad bó bainne aice ag teaċt go dtí an maċaiɼe aɼ maidin 'ſ iſtoiḋċe.

Ní maɼ ſin a ḃí a haṫaiɼ, ceann fine Uí Ḋonnċaḋa. Ḃí ſé ag gol aguſ ag caoineaḋ i ndiaiḋ a inġine aɼ feaḋ bliana, ċun guɼ ḃuail feaɼ ſiḋe leiſ aduḃaiɼt guɼḃ iad an ſluaġ ſiḋe d'áɼduiġ leo í aguſ go ɼaiḃ ſí 'na coṁnuiḋe i lioſ Goɼt an Acɼa. Ċuiɼ ſo fonn aguſ faitċíoſ aiɼ ſaɼ aɼ ḋein ſé aon ní den ſgéal.

Maidean ẛaṁɼaiḋ tímpal na haimſiɼe céadna do caſaḋ feaɼ ſiuḃail ċúċa iſteaċ nuaiɼ a ḃí Laſaiɼḟíona ag cuɼ cɼíċe aɼ a cuid ſtuic. D'ḟéaċ ſé móɼ-ṫimpal aguſ d'inḟiúċ ſé an ḃean go géaɼ. D'aiṫin ſé í, aguſ níoɼ ḟéad ſé gan an ɼann ſo do ɼáḋ:

" Mo ṫɼuaġ, mo ċɼeaċ, mo ḃɼón,
Laſaiɼḟíona ag cɼúṫ bó,
Aguſ Laſaiɼḟíona ag gɼéaṡſaiḋe bɼóg ! "

Leaṫanaċ 22

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 22–23

Ḃí Riaḃ Doṁain ag éiſteaċt leiſ aguſ é ag deiſiú bɼóg–maɼ do ḋeineaḋ gaċ éinne a ḃɼóga féin an uaiɼ ſin. Do ṫáinig eagla aguſ feaɼg aiɼ a ɼáḋ go ɼaiḃ ſé faġálta amaċ. Ḃuail ſé an duine boċt le buille den ṁáinléad anuaſ aɼ ṁullaċ a ċinn aguſ do ẛín ſé aɼ an úɼláɼ é. Ṫóg na cailíní é, aguſ ṫugadaɼ aiɼe aguſ fɼioṫálaṁ do aɼ feaḋ ſeaċtaine. Ċonnacṫaſ dóiḃ go ɼaiḃ ſé ag dul ċun deiɼiḋ aguſ go ḃfaġaḋ ſé báſ. Leiſ ſin, d'ḟiafɼuiġeadaɼ de céɼḃ é féin nú cáɼḃ aſ é. Duḃaiɼt ſeiſean an ḃéaɼſa ſo maɼ ḟɼeagɼa:—

" Miſe Caṫal Ó Dúḃda a ḃí go ſúgaċ ſeaċ,
Nuaiɼ a ċonnac‑ſa mo ɼún ag cɼúṫ na mba. "

Fé ḋeiɼe do fuaiɼ ſé báſ aguſ do ḋeineadaɼ é ṫóɼɼaṁ. Ḋein Bɼúſgaɼ Ó Bɼoin an ċoṁɼa ḋo, aguſ d'áɼduiġeadaɼ leo é i gcoṁɼac lae aguſ oiḋċe. Ḋeineadaɼ uaiġ o, láiṁ le Dɼoiċidín Ċúil an Ṁoṫaiɼ, aguſ tá Uaiġ an Duine Ṁaiɼḃ maɼ ainm aɼ an áit foſ.

Faid a ḃí an ſgéal ſo aɼ ſiuḃal ḃí Ó Donnċaḋa an Ġleanna ag bailiú feaɼ ċun lioſ Goɼt an Acɼa a ċuaɼdaċ. Gluaiſiġid leo aguſ tagaid ann. Ċuaɼdaiġeadaɼ ſíoſ aguſ ſuaſ de aċ ní ḃfuaɼadaɼ í. Ċonnaic Riaḃ Doṁain iad. Ṫáinig tɼuaġ ḋo ḋóiḃ. Ḃuail ſé úmpa, aguſ d'inniſ ſé an ſgéal tɼíd ſíoſ, conuſ a ḃí ſí aige féin. D'ḟanadaɼ ann aɼ feaḋ ſeaċtaine aguſ ḋeineadaɼ ſíoṫċáin. Ḃí clann ag an mbeiɼt, aguſ ċuadaɼ ſan iſteaċ i n‑aɼm na Spáinne.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaċ 24