An Músraiġeaċ

Bulletín do Ċáiɼde Ṁúſgɼaiġe

An Músgraigheach Uimhir 4

Clár

  • 1 Gaeluinn na Leabhar
  • 4 Ábán Naomhtha
  • 6 Comhairle an tSagairt
  • 10 Aodh de Róiste
  • 13 Tuairim Olltaigh
  • 14 Fuirm sgurtha an Bhréithir
  • 16 Nóra an tSleasa
  • 18 Áit-ainmneacha
  • 19 Diosgán Eile ó Chúil Aodha
  • 22 Cluichí Leanbh sa Ghaedhealtacht
  • 22 Dearmhadtaí cló sa Mhúsgraigheach, Uimh. 3 [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 23 Leitreacha
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 04–05
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 06–07
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 08–09
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 10–11
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 12–13
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 14–15

Leathanach 16

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 16–17

Nóra an tSleasa

Chím go n‑áirmhigheann Seán Ua Cróinín Nóra an tSleasa Ní Chríodáin ar fhilíbh Bhaile Mhúirne. Mholfainn féin áit di i measg filí na gnáth-chainnte. Ní mór gur cheap sí aon amhrán ceart riamh. Ach marar dhein, is filíocht ar fad, geall leis, do stealladh sí uaithe nuair a bhíodh sí ag allagar lena comharsain agus lena daoine muinnteardha.

Ó Bhéal Átha 'n Ghaorthaidh dob eadh í—ós na Corraighthe. Do phós sí Amhlaoibh Óg ón Slios, agus is uaidh do glaodhtí Nóra an tSleasa dhi. Ní bhfuair sí aon lá dá sláinte ó phós sí Amhlaoibh, mar ba shuarach léi é. "Neirbhis" a bhíodh ag imirt uirthi, do réir deallraimh. Uaireannta déarfadh duine éigin léi:  Airiú, níl pioc ort.   Fios mo ghalair chút  adéarfadh sí láithreach, mar fhreagra.

Bhí cúigear clainne ag Nóra. Thug sí an fheirm dá hinghin chríona, do Neilí. Do phós Neilí duine de mhuinntir Sheitheacháin (Hyde) ó Chathair na Cátha. Níorbh fhada do réidhtigh Nóra agus Hyde le na chéile. Chuaidh sí féin agus Amhlaoibh i dtigín leo féin ar an bhfeirm. As san amach níor stad sí ach ag troid agus ag aighneas le Hyde, agus ag cur na dlighe air. Do ghaibh Hyde ar Amhlaoibh Óg lá. Do rith Amhlaoibh uaidh, agus do sheirbheáil sé ansan é go dtí an Chúirt. Bhí sé ag dearbhú ar Hyde gur bhuail Hyde é agus gur rith sé féin uaidh.

 Conus a rithfá‑sa?  arsan t‑aturnae a bhí ag Hyde.

 Do ritheas chomh maith agus bhí an rith agam,  arsa Amhlaoibh.

Bhí coinncin [sic; recte coinncín] bata ar Hyde, agus seo mar do labhair Nóra air:—

Go deimhin, a Hyde, ní hiongnadh meidhir ort,
Ó fuarais greim ar an áit seo,
'S gurb é deir Ryan liom nách aon deagh-shaghas tu,
Ó briseadh do bhreill ins an Bhlárnain.

Bhí féar dhá bhó aice ar an dtalamh, agus dubhairt Hyde ná raibh aice ach féar aon bhó amháin—gurbh é sin a bhí sa deed. Do chimeád Nóra an dá bhó, agus do leogadh sí amach ceann acu san oidhche agus an ceann eile sa lá, agus ní bhíodh ach aon bhó amháin aice ar an dtalamh coitianta.

Bhí sé sa mhargadh, leis, go gcaithfeadh Hyde deich cribeanna móna a tharrac chúithe gach bliadhain. Ach do dhein Hyde crib ná raghadh ann ach dhá chiseán. Seo mar do cháin Nóra é:

Tá móin agus easair i mullach an Fhíoghra,
Céad moladh le hÍosa a chuir ann iad ag fás:
Amhlaoibh 'na n‑easnamh agus a mhargadh sgríobhtha,
Agus is breallach a bhí sé ag Tadhg an Chúil Bháin.

Leathanach 17

Cléireach a bhí ag Ashe, an fear dlighe, dob' ea Tadhg.

B'sheo rud eile a bhí sa mhargadh, go gcaithfeadh Hyde bláthach a thabhairt di. Do chuaidh sí ad iarraidh na bláthaighe air lá, nuair a rugadh an chéad leanbh do‑san. Bhí Hyde istigh ag nighe meidre. Ní bhfuair sí an bhláthach. D'iompuigh sí an doras amach, agus d'iompuigh sí isteach airís air, agus dubhairt:—

Go deimhin, a Hyde,
Ba mhór an raidhse ar mhnáibh tu.
Do nighfá soighigh agus árthaighe adhmaid,
A's is olc do roinnfá an bhláthach.

Do mhairbh Hyde na cearca uirthe lá, nuair a bhí sí ag Faoisdin.

Seo mar do chuir sí síos ar an ngaisce a bhí déanta aige:—

Bliain agus ráithe ó bhíos‑sa ag an sagart,
Agus chuas ann an lá so ar láthair chun mo theagasg.
Ar filleadh dhom ar mh'árus, 's gan me láidir chun reatha,
'S é dubhairt an fear mánla gur básuigheadh mo chearca.
'S é Hyde an fear fóghanta, 's ní cóir domh‑sa é mholadh,
Mar do dhein sé me scóladh nuair do leoin sé mo chearca.
Dá mbeinn‑se 'na chomhgar ní leomhfainn do an branar,
Thabharfinn cic do sa tóin a dhéanfadh breoite é ar feadh tamaill.
Greadadh ort, a stócaigh, nár fhógair orm mo chearca,
Go gcuirinn ortha lópaí nó sórd éigin ceangail,
Sara mbeadh sé ag na comharsain go deo leat le casadh,
'S buachaillí na gcomhursan ag déanamh geoin díot is magaidh.

Do labhair sí le Neilí ansan:—

Nuair a bhís‑e á phósadh chuireas róbaí ort go talamh,
Culaith bhreá nua agus bróga breá greannta,
Dá mb'áil liom‑sa gan tu phósadh ach tu sheoladh thar caise,
Ní aireochadh na comhursain go deo aon trácht tharainn.

Ní leomhfadh Nóra d'éinne " cailleadh é " a rádh, ach " chuaidh sé abhaile. " Chuaidh sí féin abhaile nuair a bhí sí sé bliana agus trí fichid.

Do sgríobhas síos an méid sin go léir díreach mar do tháinig sé a [déanann à d'as roim cúnsainí] béal na sean-daoine ar an Ínse Móir agus iad ag sgoruíocht. Ní mise do cheap aon fhocal ná aon rádh dá bhfuil ann.

Nóra Ní Scanaill.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 18–19
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 20–21
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 22–23
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaċ 24

Cláɼ

  • 1 Gaeluinn na Leaḃaɼ
  • 4 Ábán Naoṁṫa
  • 6 Coṁaiɼle an tSagaiɼt
  • 10 Aoḋ de Róiſte
  • 13 Tuaiɼim Olltaiġ
  • 14 Fuirm sgurtha an Bhréithir
  • 16 Nóɼa an tSleaſa
  • 18 Áit-ainmneaċa
  • 19 Dioſgán Eile ó Ċúil Aoḋa
  • 22 Cluiċí Leanḃ ſa Ġaeḋealtaċt
  • 22 Deaɼṁadtaí cló ſa Ṁúſgɼaiġeaċ, Uiṁ. 3 [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 23 Leitɼeaċa
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 04–05
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 06–07
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 08–09
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 10–11
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 12–13
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 14–15

Leaṫanaċ 16

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 16–17

Nóɼa an tSleaſa

Ċím go n‑áiɼṁiġeann Seán Ua Cɼóinín Nóɼa an tSleaſa Ní Ċɼíodáin aɼ ḟilíḃ Ḃaile Ṁúiɼne. Ṁolfainn féin áit di i meaſg filí na gnáṫ-ċainnte. Ní móɼ guɼ ċeap ſí aon aṁɼán ceaɼt ɼiaṁ. Aċ maɼaɼ ḋein, iſ filíoċt aɼ fad, geall leiſ, do ſteallaḋ ſí uaiṫe nuaiɼ a ḃíoḋ ſí ag allagaɼ lena coṁaɼſain aguſ lena daoine muinnteaɼḋa.

Ó Ḃéal Áṫa 'n Ġaoɼṫaiḋ dob eaḋ í—óſ na Coɼɼaiġṫe. Do ṗóſ ſí Aṁlaoiḃ Óg ón Slioſ, aguſ iſ uaiḋ do glaoḋtí Nóɼa an tSleaſa ḋi. Ní ḃfuaiɼ ſí aon lá dá ſláinte ó ṗóſ ſí Aṁlaoiḃ, maɼ ba ẛuaɼaċ léi é. " Neiɼḃiſ " a ḃíoḋ ag imiɼt uiɼṫi, do ɼéiɼ deallɼaiṁ. Uaiɼeannta déaɼfaḋ duine éigin léi:  Aiɼiú, níl pioc oɼt.   Fioſ mo ġalaiɼ ċút  adéaɼfaḋ ſí láiṫɼeaċ, maɼ ḟɼeagɼa.

Ḃí cúigeaɼ clainne ag Nóɼa. Ṫug ſí an ḟeiɼm dá hinġin ċɼíona, do Neilí. Do ṗóſ Neilí duine de ṁuinntiɼ Ṡeiṫeaċáin (Hyde) ó Ċaṫaiɼ na Cáṫa. Níoɼḃ ḟada do ɼéiḋtiġ Nóɼa aguſ Hyde le na ċéile. Ċuaiḋ ſí féin aguſ Aṁlaoiḃ i dtigín leo féin aɼ an ḃfeiɼm. Aſ ſan amaċ níoɼ ſtad ſí aċ ag tɼoid aguſ ag aiġneaſ le Hyde, aguſ ag cuɼ na dliġe aiɼ. Do ġaiḃ Hyde aɼ Aṁlaoiḃ Óg lá. Do ɼiṫ Aṁlaoiḃ uaiḋ, aguſ do ẛeiɼḃeáil ſé anſan é go dtí an Ċúiɼt. Ḃí ſé ag deaɼḃú aɼ Hyde guɼ ḃuail Hyde é aguſ guɼ ɼiṫ ſé féin uaiḋ.

 Conuſ a ɼiṫfá‑ſa?  aɼſan t‑atuɼnae a ḃí ag Hyde.

 Do ɼiṫeaſ ċoṁ maiṫ aguſ ḃí an ɼiṫ agam,  aɼſa Aṁlaoiḃ.

Ḃí coinncin [ſic; ɼecte coinncín] bata aɼ Hyde, aguſ ſeo maɼ do laḃaiɼ Nóɼa aiɼ:—

Go deiṁin, a Hyde, ní hiongnaḋ meiḋiɼ oɼt,
Ó fuaɼaiſ gɼeim aɼ an áit ſeo,
'S guɼb é deiɼ Ryan liom náċ aon deaġ-ſhaġaſ tu,
Ó bɼiſeaḋ do ḃɼeill inſ an Ḃláɼnain.

Ḃí féaɼ ḋá ḃó aice aɼ an dtalaṁ, aguſ duḃaiɼt Hyde ná ɼaiḃ aice aċ féaɼ aon ḃó aṁáin—guɼḃ é ſin a ḃí ſa deed. Do ċimeád Nóɼa an dá ḃó, aguſ do leogaḋ ſí amaċ ceann acu ſan oiḋċe aguſ an ceann eile ſa lá, aguſ ní ḃíoḋ aċ aon ḃó aṁáin aice aɼ an dtalaṁ coitianta.

Ḃí ſé ſa ṁaɼgaḋ, leiſ, go gcaiṫfeaḋ Hyde deiċ cɼibeanna móna a ṫaɼɼac ċúiṫe gaċ bliaḋain. Aċ do ḋein Hyde cɼib ná ɼaġaḋ ann aċ ḋá ċiſeán. Seo maɼ do ċáin Nóɼa é:

Tá móin aguſ eaſaiɼ i mullaċ an Fhíoġɼa,
Céad molaḋ le hÍoſa a ċuiɼ ann iad ag fáſ:
Aṁlaoiḃ 'na n‑eaſnaṁ aguſ a ṁaɼgaḋ ſgɼíoḃṫa,
Aguſ iſ bɼeallaċ a ḃí ſé ag Taḋg an Ċúil Ḃáin.

Leaṫanaċ 17

Cléiɼeaċ a ḃí ag Ashe, an feaɼ dliġe, dob' ea Taḋg.

B'ẛeo ɼud eile a ḃí ſa ṁaɼgaḋ, go gcaiṫfeaḋ Hyde bláṫaċ a ṫaḃaiɼt di. Do ċuaiḋ ſí ad iaɼɼaiḋ na bláṫaiġe aiɼ lá, nuaiɼ a ɼugaḋ an ċéad leanḃ do‑ſan. Ḃí Hyde iſtiġ ag niġe meidɼe. Ní ḃfuaiɼ ſí an ḃláṫaċ. D'iompuiġ ſí an doɼaſ amaċ, aguſ d'iompuiġ ſí iſteaċ aiɼíſ aiɼ, aguſ duḃaiɼt:—

Go deiṁin, a Hyde,
Ba ṁóɼ an ɼaiḋſe aɼ ṁnáiḃ tu.
Do niġfá ſoiġiġ aguſ áɼṫaiġe aḋmaid,
A'ſ iſ olc do ɼoinnfá an ḃláṫaċ.

Do ṁaiɼḃ Hyde na ceaɼca uiɼṫe lá, nuaiɼ a ḃí ſí ag Faoiſdin.

Seo maɼ do ċuiɼ ſí ſíoſ aɼ an ngaiſce a ḃí déanta aige:—

Bliain aguſ ɼáiṫe ó ḃíoſ‑ſa ag an ſagaɼt,
Aguſ ċuaſ ann an lá ſo aɼ láṫaiɼ ċun mo ṫeagaſg.
Aɼ filleaḋ ḋom aɼ ṁ'áɼuſ, 'ſ gan me láidiɼ ċun ɼeaṫa,
'S é duḃaiɼt an feaɼ mánla guɼ báſuiġeaḋ mo ċeaɼca.
'S é Hyde an feaɼ fóġanta, 'ſ ní cóiɼ doṁ‑ſa é ṁolaḋ,
Maɼ do ḋein ſé me ſcólaḋ nuaiɼ do leoin ſé mo ċeaɼca.
Dá mbeinn‑ſe 'na ċoṁgaɼ ní leoṁfainn do an bɼanaɼ,
Ṫaḃaɼfinn cic do ſa tóin a ḋéanfaḋ bɼeoite é aɼ feaḋ tamaill.
Gɼeadaḋ oɼt, a ſtócaiġ, náɼ ḟógaiɼ oɼm mo ċeaɼca,
Go gcuiɼinn oɼṫa lópaí nó ſóɼd éigin ceangail,
Saɼa mbeaḋ ſé ag na coṁaɼſain go deo leat le caſaḋ,
'S buaċaillí na gcoṁuɼſan ag déanaṁ geoin díot iſ magaiḋ.

Do laḃaiɼ ſí le Neilí anſan:—

Nuaiɼ a ḃíſ‑e á ṗóſaḋ ċuiɼeaſ ɼóbaí oɼt go talaṁ,
Culaiṫ ḃɼeá nua aguſ bɼóga bɼeá gɼeannta,
Dá mb'áil liom‑ſa gan tu ṗóſaḋ aċ tu ẛeolaḋ ṫaɼ caiſe,
Ní aiɼeoċaḋ na coṁuɼſain go deo aon tɼáċt ṫaɼainn.

Ní leoṁfaḋ Nóɼa d'éinne " cailleaḋ é " a ɼáḋ, aċ " ċuaiḋ ſé aḃaile. " Ċuaiḋ ſí féin aḃaile nuaiɼ a ḃí ſí ſé bliana aguſ tɼí fiċid.

Do ſgɼíoḃaſ ſíoſ an méid ſin go léiɼ díɼeaċ maɼ do ṫáinig ſé a [déanann à d'aſ ɼoim cúnſainí] béal na ſean-daoine aɼ an Ínſe Móiɼ aguſ iad ag ſgoɼuíoċt. Ní miſe do ċeap aon ḟocal ná aon ɼáḋ dá ḃfuil ann.

Nóɼa Ní Scanaill.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 18–19
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 20–21
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 22–23
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaċ 24