An Músraiġeaċ

Bulletín do Ċáiɼde Ṁúſgɼaiġe

An Músgraigheach Uimhir 6

Clár

  • 1 Páirtíocht Oibre
  • 3 Caoine Airt Uí Laoghaire
  • 6 Na hOlltaigh
  • 11 An Choróinn Mhuire
  • 16 Eachtraithe
  • 20 Leitreacha
  • 23 Béim an Ghotha
  • 24 An Chéad Rann dár Dheineas
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 04–05
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 06–07
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 08–09
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 10–11
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 12–13
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 14–15
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 16–17
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 18–19
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 20–21
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 22–23

Leathanach 24

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaċ 24

An Chéad Rann dár Dheineas

Bhíos féin agus m'athair ag obair i dtigh Dhiarmuid Ruaidh Uí Bhuachalla lá. Bhí buachaill aimsire ag an mBuachallach a bhí ag suirghe le cailín, agus do labhair an máistir leis an mbuachaill mar seo:

A Dhiarmuid Sheáin Ghruamdha, a bhuachaill bhoicht,
Taoi ar mearbhall muar 's is truagh do thoisc,
Ó gheallais an duais do Bhlack ach í fhuadach
Go raghfá do ruaig ó thuaidh go Poc.
Is ó 'bhean a' tighe ná bíodh buaireamh ort.

Úncail don cailín [sic; recte chailín] go dtugtaí Domhnall Dubh air ab eadh Black, agus dhein an file amach go raibh breab ag an mbuachaill á thabhairt do ach comhairle thabhairt di éalú leis féin.

D'fhreagair m'athair ansan:

Caithfidh an Gruamdhach stuama stop
Sa bhaile gan ghruaim mar ar dhual dá stoc.
Tháinig fearg ró-mhuar air nuair airigh sé an duain sin,
Mar b'fhada leis uaidh ó thuaidh an Poc.
Is ó 'bhean a' tighe ná bíodh buaireamh ort.

Bhí an fhilíocht ag rith im cheann le tamall roimis sin, ach ní raibh aon rann ceapaithe agam, go dtí gur labhras ag freagairt don bheirt, agus go ndubhart:

Do ghlacas-sa truagh don bhuachaill bhocht,
Dá ghreadadh go cruaidh ón gcluais go cois
Ag aicme na nduan gan taise dá dhuadh,
Mar asal dá ruagadh ó thuaidh go Poc,
Agus ó 'bhean a' tighe ná bíodh buaireamh ort.

Ní rabhas ach tímpal ceathair déag nú cúig déag de bhlianaibh an uair sin.

GAEDHEAL NA nGAEDHEAL.

Cláɼ

  • 1 Páiɼtíoċt Oibɼe
  • 3 Caoine Aiɼt Uí Laoġaiɼe
  • 6 Na hOlltaiġ
  • 11 An Ċoɼóinn Ṁuiɼe
  • 16 Eaċtɼaiṫe
  • 20 Leitɼeaċa
  • 23 Béim an Ghotha
  • 24 An Ċéad Rann dáɼ Ḋeineaſ
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 04–05
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 06–07
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 08–09
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 10–11
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 12–13
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 14–15
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 16–17
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 18–19
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 20–21
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaiġ 22–23

Leaṫanaċ 24

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 6
Leaṫanaċ 24

An Ċéad Rann dáɼ Ḋeineaſ

Ḃíoſ féin aguſ m'aṫaiɼ ag obaiɼ i dtiġ Ḋiaɼmuid Ruaiḋ Uí Ḃuaċalla lá. Ḃí buaċaill aimſiɼe ag an mBuaċallaċ a ḃí ag ſuiɼġe le cailín, aguſ do laḃaiɼ an máiſtiɼ leiſ an mbuaċaill maɼ ſeo:

A Ḋiaɼmuid Ṡeáin Ġɼuamḋa, a ḃuaċaill ḃoiċt,
Taoi aɼ meaɼḃall muaɼ 'ſ iſ tɼuaġ do ṫoiſc,
Ó ġeallaiſ an duaiſ do Ḃlack aċ í ḟuadaċ
Go ɼaġfá do ɼuaig ó ṫuaiḋ go Poc.
Iſ ó 'ḃean a' tiġe ná bíoḋ buaiɼeaṁ oɼt.

Úncail don cailín [ſic; ɼecte ċailín] go dtugtaí Doṁnall Duḃ aiɼ ab eaḋ Black, aguſ ḋein an file amaċ go ɼaiḃ bɼeab ag an mbuaċaill á ṫaḃaiɼt do aċ coṁaiɼle ṫaḃaiɼt di éalú leiſ féin.

D'ḟɼeagaiɼ m'aṫaiɼ anſan:

Caiṫfiḋ an Gɼuamḋaċ ſtuama ſtop
Sa ḃaile gan ġɼuaim maɼ aɼ ḋual dá ſtoc.
Ṫáinig feaɼg ɼó-ṁuaɼ aiɼ nuaiɼ aiɼiġ ſé an duain ſin,
Maɼ b'ḟada leiſ uaiḋ ó ṫuaiḋ an Poc.
Iſ ó 'ḃean a' tiġe ná bíoḋ buaiɼeaṁ oɼt.

Ḃí an ḟilíoċt ag ɼiṫ im ċeann le tamall ɼoimiſ ſin, aċ ní ſaiḃ aon ɼann ceapaiṫe agam, go dtí guɼ laḃɼaſ ag fɼeagaiɼt don ḃeiɼt, aguſ go nduḃaɼt:

Do ġlacaſ-ſa tɼuaġ don ḃuaċaill ḃoċt,
Dá ġɼeadaḋ go cɼuaiḋ ón gcluaiſ go coiſ
Ag aicme na nduan gan taiſe dá ḋuaḋ,
Maɼ aſal dá ɼuagaḋ ó ṫuaiḋ go Poc,
Aguſ ó 'ḃean a' tiġe ná bíoḋ buaiɼeaṁ oɼt.

Ní ɼaḃaſ aċ tímpal ceaṫaiɼ déag nú cúig déag de ḃlianaiḃ an uaiɼ ſin.

GAEḊEAL NA nGAEḊEAL.