An Músraiġeaċ

Bulletín do Ċáiɼde Ṁúſgɼaiġe

An Músgraigheach Uimhir 7

Clár

  • 1 Doras Feasa Fiafraighe
  • 4 Sgeilmis
  • 6 Pádraig Ó Loingsigh
  • 8 An Ghaeluinn Atá Beo
  • 11 Cnuasacht ón gCumar
  • 13 A Chara Ghlic
  • 14 Más Pearsa Thu
  • 15 Leitreacha
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 04–05

Leathanach 6

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 06–07

Pádruig Ó Loingsigh
Pead Buidhe

Samhluigheann a lán daoine gur Chiarraigheach gurbh eadh Pead Buidhe, ach níorbh eadh. Is fíor gur thug sé furmhór a shaoghail i gCiarraighe, ach is ar Cúil (i mbarra Ghort na Tiobradan i mBaile Mhúirne) a rugadh é. Pádruig Beag a thugthí ar a athair, agus de mhuinntir Chruadhlaoich ab eadh a mháthair.

Ní raibh puinn de ghréithre an tsaoghail acu, agus bhí muirghean mhór [sic; ? recte mór] ortha. D'aistrigheadar siar go parróiste Chill Gharbháin sara raibh an chlann tógtha i n‑aon chor. D'fhanadar thiar. Is deacair a rádh le cruinneas cathin a thuit an méid sin amach, ach deallruigheann an sgéal go rabhadar gabhtha siar roinnt bhlianta sara dtáinig an Gorta Mór.

Leathanach 7

Is áirithe gur folcadh Pead i dtobar na naoi mbéithe, mar thosnuigh sé ar fhilidheacht a dhéanamh sara raibh sé in' fhear i n‑aon chor, geall leis. 'Na theannta san, ana-cheoltóir ab eadh é: sheinneadh sé an fheadóg agus an phíob mhór ar fheabhas an domhain. Bhí driotháir aige ar n‑a dtugthí Domhnaillín an Éadain, agus file ab eadh é, leis, i dtaobh is nár bhac sé puinn le filidheacht.

Mar bhárr ar an dá bhuadh a bhí ag Pead—más bárr is cóir a thabhairt air,—do bhí buadh leighis aige, le neart orthaidheacha. Bhí ana-ghlaodhach ar an gcéird sin sa tseana-shaoghal, mar ní raibh aon ádhbhar dochtúirí ann. I súil na hórdóige a bhí an leigheas ag Pead. Leighiseadh sé teinneas fiacal, agus seó gearánta nách é, leis an órdóig. Deiridís nár ghádh dho ach clabhtóg baise a bhualadh ar sheana-staigín capaill a bheadh ar na pící leis an mbás nuair a dhéanfadh gillín groidhe cumasach luaimneach de.

Fear mór óil ab eadh é, agus b'fhearr leis taosgán dighe ná ladhar airgid mar dhíolaidheacht as a shaothar. D'fhág san bocht dealbh é, ach 'na dhiaidh san, nuair ná raibh bólacht ar chnoc aige, bhí suaimhneas ar sop aige.

Thagadh sé isteach go Cúil Aodha, treasna na gcnoc ó Chiarraighe, agus le binneas an cheoil sin do leanadh na daoine é. Cheap sé féin roinnt cheoil a bhí ana-oireamhnach don phíb agus don fheadóig.

Mar leis an bhfilidheacht, Gaoluinn a bhíodh aige i gcomhnuidhe. Ní hamhlaidh ná go raibh an Béarla i bhfaision an uair sin, agus filí eile ag callaireacht ar a ndícheall i mBéarla.

Ba mhinic a sgaoil Pead faobhar a theangan ar dhaoinibh, agus níor ghearradh gan fuil go dtí é, mar dáltha furmhór na bhfilí, " de mhuinntir cháinte an bhaill seo " dob eadh é.

Cheap sé gearra-chuid amhrán, cuid acu i bhfuirm aortha. Ní bheadh slighe anso dá leath, dá mbeidís go léir againn, ach is oth liom a rá ná fuilid. Geobhfar liosta na n‑amhrán anso, agus d'iarfainn go bog agus go cruaidh ar léightheoirí An Mhúsgraighigh dóigh agus andóigh a chuardach féachaint an bhféadfaimís cur leis an liosta, nú an méid athá i n‑easnamh ar chuid des na hamhráin a sholáthar sara mbeidh sé ró-dhéanach.

An Liosta

  • Amhrán na Feadóige (aor)
  • Aor ar Chonchubhar na Muinge
  • " Níl mo shláinte ar fóghnamh "
  • " Is fada dhom féin am' amaid gan chéill "
  • Pead Buidhe ar Doirín na Gréine
  • "A Mhathúin Bhig an Ghargaire"
  • Amhrán an Chiseáin
  • Cruach Dhomhnaill Uí Ríordáin
  • Amhrán na cránach muice
  • Amhrán an mhada ruaidh
  • An Cailín Aerach
  • Turcail Pheig Bhreá

SEÁN UA CRÓINÍN.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 08–09
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 10–11
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 12–13
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 14–15
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaċ 16

Cláɼ

  • 1 Doɼaſ Feaſa Fiafɼaiġe
  • 4 Sgeilmiſ
  • 6 Pádɼaig Ó Loingſiġ
  • 8 An Ġaeluinn Atá Beo
  • 11 Cnuaſaċt ón gCumaɼ
  • 13 A Ċaɼa Ġlic
  • 14 Más Pearsa Thu
  • 15 Leitɼeaċa
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 04–05

Leathanach 6

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 06–07

Pádɼuig Ó Loingſiġ
Pead Buiḋe

Saṁluiġeann a lán daoine guɼ Ċiaɼɼaiġeaċ guɼḃ eaḋ Pead Buiḋe, aċ níoɼḃ eaḋ. Iſ fíoɼ guɼ ṫug ſé fuɼṁóɼ a ẛaoġail i gCiaɼɼaiġe, aċ iſ aɼ Cúil (i mbaɼɼa Ġoɼt na Tiobɼadan i mBaile Ṁúiɼne) a ɼugaḋ é. Pádɼuig Beag a ṫugṫí aɼ a aṫaiɼ, aguſ de ṁuinntiɼ Ċɼuaḋlaoiċ ab eaḋ a ṁáṫaiɼ.

Ní ɼaiḃ puinn de ġɼéiṫɼe an tſaoġail acu, aguſ ḃí muiɼġean ṁóɼ [ſic; ? ɼecte móɼ] oɼṫa. D'aiſtɼiġeadaɼ ſiaɼ go paɼɼóiſte Ċill Ġaɼḃáin ſaɼa ɼaiḃ an ċlann tógṫa i n‑aon ċoɼ. D'ḟanadaɼ ṫiaɼ. Iſ deacaiɼ a ɼáḋ le cɼuinneaſ caṫin a ṫuit an méid ſin amaċ, aċ deallɼuiġeann an ſgéal go ɼaḃadaɼ gaḃṫa ſiaɼ ɼoinnt ḃlianta ſaɼa dtáinig an Goɼta Móɼ.

Leaṫanaċ 7

Iſ áiɼiṫe guɼ folcaḋ Pead i dtobaɼ na naoi mbéiṫe, maɼ ṫoſnuiġ ſé aɼ ḟiliḋeaċt a ḋéanaṁ ſaɼa ɼaiḃ ſé in' ḟeaɼ i n‑aon ċoɼ, geall leiſ. 'Na ṫeannta ſan, ana-ċeoltóiɼ ab eaḋ é: ẛeinneaḋ ſé an ḟeadóg aguſ an ṗíob ṁóɼ aɼ ḟeaḃaſ an doṁain. Ḃí dɼioṫáiɼ aige aɼ n‑a dtugṫí Doṁnaillín an Éadain, aguſ file ab eaḋ é, leiſ, i dtaoḃ iſ náɼ ḃac ſé puinn le filiḋeaċt.

Maɼ ḃáɼɼ aɼ an dá ḃuaḋ a ḃí ag Pead—máſ báɼɼ iſ cóiɼ a ṫaḃaiɼt aiɼ,—do ḃí buaḋ leiġiſ aige, le neaɼt oɼṫaiḋeaċa. Ḃí ana-ġlaoḋaċ aɼ an gcéiɼd ſin ſa tſeana-ẛaoġal, maɼ ní ɼaiḃ aon áḋḃaɼ doċtúiɼí ann. I ſúil na hóɼdóige a ḃí an leiġeaſ ag Pead. Leiġiſeaḋ ſé teinneaſ fiacal, aguſ ſeó geaɼánta náċ é, leiſ an óɼdóig. Deiɼidíſ náɼ ġáḋ ḋo aċ claḃtóg baiſe a ḃualaḋ aɼ ẛeana-ſtaigín capaill a ḃeaḋ aɼ na pící leiſ an mbáſ nuaiɼ a ḋéanfaḋ gillín gɼoiḋe cumaſaċ luaimneaċ de.

Feaɼ móɼ óil ab eaḋ é, aguſ b'ḟeaɼɼ leiſ taoſgán diġe ná laḋaɼ aiɼgid maɼ ḋíolaiḋeaċt aſ a ẛaoṫaɼ. D'ḟág ſan boċt dealḃ é, aċ 'na ḋiaiḋ ſan, nuaiɼ ná ɼaiḃ bólaċt aɼ ċnoc aige, ḃí ſuaiṁneaſ aɼ ſop aige.

Ṫagaḋ ſé iſteaċ go Cúil Aoḋa, tɼeaſna na gcnoc ó Ċiaɼɼaiġe, aguſ le binneaſ an ċeoil ſin do leanaḋ na daoine é. Ċeap ſé féin ɼoinnt ċeoil a ḃí ana-oiɼeaṁnaċ don ṗíb aguſ don ḟeadóig.

Maɼ leiſ an ḃfiliḋeaċt, Gaoluinn a ḃíoḋ aige i gcoṁnuiḋe. Ní haṁlaiḋ ná go ɼaiḃ an Béaɼla i ḃfaiſion an uaiɼ ſin, aguſ filí eile ag callaiɼeaċt aɼ a ndíċeall i mBéaɼla.

Ba ṁinic a ſgaoil Pead faoḃaɼ a ṫeangan aɼ ḋaoiniḃ, aguſ níoɼ ġeaɼɼaḋ gan fuil go dtí é, maɼ dálṫa fuɼṁóɼ na ḃfilí, " de ṁuinntiɼ ċáinte an ḃaill ſeo " dob eaḋ é.

Ċeap ſé geaɼɼa-ċuid aṁɼán, cuid acu i ḃfuiɼm aoɼṫa. Ní ḃeaḋ ſliġe anſo dá leaṫ, dá mbeidíſ go léiɼ againn, aċ iſ oṫ liom a ɼá ná fuilid. Geoḃfaɼ lioſta na n‑aṁɼán anſo, aguſ d'iaɼfainn go bog aguſ go cɼuaiḋ aɼ léiġṫeoiɼí An Ṁúſgɼaiġiġ dóiġ aguſ andóiġ a ċuaɼdaċ féaċaint an ḃféadfaimíſ cuɼ leiſ an lioſta, nú an méid aṫá i n‑eaſnaṁ aɼ ċuid deſ na haṁɼáin a ẛoláṫaɼ ſaɼa mbeiḋ ſé ɼó-ḋéanaċ.

An Lioſta

  • Aṁɼán na Feadóige (aoɼ)
  • Aoɼ aɼ Ċonċuḃaɼ na Muinge
  • " Níl mo ẛláinte aɼ fóġnaṁ "
  • " Iſ fada ḋom féin am' amaid gan ċéill "
  • Pead Buiḋe aɼ Doiɼín na Gɼéine
  • "A Ṁaṫúin Ḃig an Ġaɼgaiɼe"
  • Aṁɼán an Ċiſeáin
  • Cɼuaċ Ḋoṁnaill Uí Ríoɼdáin
  • Aṁɼán na cɼánaċ muice
  • Aṁɼán an ṁada ɼuaiḋ
  • An Cailín Aeɼaċ
  • Tuɼcail Ṗeig Ḃɼeá

SEÁN UA CRÓINÍN.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 08–09
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 10–11
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 12–13
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 14–15
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaċ 16

Clár

  • 1 Doras Feasa Fiafraí
  • 4 Sgeilmis
  • 6 Pádraig Ó Loingsigh
  • 8 An Ghaeluinn Atá Beo
  • 11 Cnósacht ón gCumar
  • 13 A Chara Ghlic
  • 14 Más Pearsa Thu
  • 15 Litreacha
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 04–05

Leathanach 6

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 06–07

Pádruig Ó Loingsigh
Pead Buí

Samhlaíonn a lán daoine gur Chiarraíoch gurbh ea Pead Buí, ach níorbh ea. Is fíor gur thug sé formhór a shaeil i gCiarraí, ach is ar Cúil (i mbarra Ghort na Tiobratan i mBaile Mhúirne) a riugadh é. Pádruig Beag a thugthí ar a athair, agus de mhuíntir Chruadhlaoich ab ea a mháthair.

Ní raibh puinn de ghréithre an tsaeil acu, agus bhí muiríon mhór [sic; ? recte mór] orthu. D'aistríodar siar go p'róiste Chille Gharbháin sara raibh an chlann tógtha i n‑ao' chor. D'fhanadar thiar. Is deacair a rá le cruinneas cathain a thuit an méid sin amach, ach deallraíonn an scéal go rabhadar gafa siar roinnt bhlianta sara dtáinig an Gorta Mór.

Leathanach 7

Is áirithe gur folcadh Pead i dtobar na naoi mbéithe, mar thosnaigh sé ar fhilíocht a dhéanamh sara raibh sé in' fhear i n‑ao' chor, geall leis. 'Na theannta san, ana-cheolthóir ab ea é: sheinneadh sé an fheadóg agus an phíob mhór ar fheabhas an domhain. Bhí driotháir aige ar n‑a dtugthí Domhnaillín an Éadain, agus file ab ea é, leis, i dtaobh is nár bhac sé puínn le filíocht.

Mar bhárr ar an dá bhua a bhí ag Pead — más bárr is cóir a thabhairt air — do bhí bua leighis aige, le neart orthaíocha. Bhí ana-ghlaoch ar an gcéird sin sa tseana-shaol, mar ní raibh aon ábhar dochtúirí ann. I súil na hórdóige a bhí an leigheas ag Pead. Leighiseadh sé tinneas fiacal, agus seó gearánta nách é, leis an órdóig. Deiridís nár ghá dho ach clabhtóg baise a bhualadh ar sheana-staigín capaill a bheadh ar na pící leis an mbás nuair a dhéanfadh gillín groi cumasach luaimneach de.

Fear mór óil ab ea é, agus b'fhearr leis taoscán dí ná ladhar airgid mar dhíolaíocht as a shaothar. D'fhág san bocht dealbh é, ach 'na dhiaidh san, nuair ná raibh bólacht ar chnoc aige, bhí suaimhneas ar sop aige.

Thagadh sé isteach go Cúil Aodha, treasna na gcnoc ó Chiarraí, agus le binneas an cheoil sin do leanadh na daoine é. Cheap sé féin roinnt cheoil a bhí ana-oiriúnach don phíb agus don fheadóig.

Mar leis an bhfilíocht, Gaoluinn a bhíodh aige i gcónaí. Ní hamhlaidh ná go raibh an Béarla i bhfaisean an uair sin, agus filí eile ag callaireacht ar a ndícheall i mBéarla.

Ba mhinic a scaoil Pead faobhar a theangan ar dhaoinibh, agus níor ghearradh gan fuil go dtí é, mar dáltha formhór na bhfilí, "de mhuíntir cháinte an bhaill seo" dob ea é.

Cheap sé gearra-chuid amhrán, cuid acu i bhfoirm aortha. Ní bheadh slí anso dá leath, dá mbeidís go léir againn, ach is oth liom a rá ná fuilid. Geobhfar liosta na n‑amhrán anso, agus d'iarfainn go bog agus go cruaidh ar léitheoirí An Mhúsgraighigh dóigh agus andóigh a chuardach féachaint an bhféadfaimís cur leis an liosta, nú an méid athá i n‑easnamh ar chuid des na hamhráin a sholáthar sara mbeidh sé ró-dhéanach.

An Liosta

  • Amhrán na Feadóige (aor)
  • Aor ar Chonchubhar na Muinge
  • " Níl mo shláinte ar fónamh "
  • " Is fada dhom féin am' amaid gan chéill "
  • Pead Buí ar Doirín na Gréine
  • "A Mhathúin Bhig an Ghargaire"
  • Amhrán an Chiseáin
  • Cruach Dhomhnaill Uí Ríordáin
  • Amhrán na cránach muice
  • Amhrán an mhada ruaidh
  • An Cailín Aerach
  • Turcail Pheig Bhreá

SEÁN UA CRÓINÍN.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 08–09
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 10–11
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 12–13
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaiġ 14–15
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 7
Leaṫanaċ 16