An Músraiġeaċ

Bulletín do Ċáiɼde Ṁúſgɼaiġe

An Músgraigheach Uimhir 8

Clár

  • 1 Ba Mheasa Bheth in' Éamais
  • 3 A Dhia 's a Ghobnait cosuin an ghaoth námhad so [rann]
  • 4 An Ghaeluinn atá Beó
  • 6 Trop [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 7 Filíocht Mhúsgraighe
  • 10 Micí MacHugh agus an Fear Siubhail
  • 11 Is cuma dhúinn ce'cu 'cu bhuadhfidh [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 12 Béaloideas [XIX]
  • 14 Paidreacha ag dul isteach sa tséipéal agus á fhágaint [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 15 An Seana-Shaoghal
  • 22 Eolas Á Lorg
  • 23 " Gnás " na Gaedhilge
  • 24 Diarmuid agus Gráinne [in easnamh sa bhuntéacs]
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 04–05
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 06–07
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 08–09

Leathanach 10

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 10–11

Micí MacHugh agus an Fear Siubhail

Bhí fear anso uair éigin fadó gur bh'ainm do Micí MacHugh. Duine beag deas sásta a b'ea é, ná raibh ró-mhór, agus do bhí ana-cholamóir mná aige. Ní raibh puinn measa aice ar Mhicí—do shamhla' sí gur bhreátha gach aon fhear eile do bhuaileadh uimímpe ná é.

Nuair imthigheadh Micí a baile do bhíodh ana-thabhairt amach ag an mnaoi 'na dhiaidh. Do chuireadh sí amach gairmsgoile á rádh go raibh Micí a baile agus go mbeadh ceol a's rinnce acu.

Do bhí fear siubhail ag glaodhach ann, agus do bhí aithne thar barr aige ortha. Do chodail sé ann go minic roimis sin, agus d'fhaghadh sé bheith istigh i gcomhnaidhe ón mnaoi pé uair a thiocfadh sé.

Mar seo tráthnóna, bhí sé ag déanamh ar an dtig ar puis‑a'‑tsiubhail, mar do bhí sé deimhnitheach go mbeadh suaineas cúpla lae aige ann, agus cé bhuailfeadh 'na choinnibh míle nú cúpla míle amach ón dtigh ach Micí, agus d'fhiafhra sé:

Airiú, a Mhicí, cá raghair? mar chonnaic sé déanta suas é i gcóir bóthair.

Caithfe mé dul go Corcaigh, adubhairt Micí, agus ní fhillfe mé go tráthnóna amáireach. Fan‑se im dhiaidh go dtaga mé abhaile, agus bíodh súil agat i ndiaidh na mbó agus gach éinní.

Do bhí ana-chion ag an mbacach ar Mhicí, agus do bhí fhios aige go mbeadh ana-oidhche 'na dhiaidh sa bhaile. Agus 'na dhiaidh san ní fhéadfadh sé é rádh leis. Seo mar a tháinig sé tímpal air.

Ná himthigh i n‑ao'chor anocht, a Mhicí, adubhairt sé, ach tair liom‑sa, mar tá gnó agam díot.

Do dhein sé rud air: do chasadar araon i dtreo an bhaile airís. Bhí doircheacht na hoidhche ag teacht, agus nuair a thánadar comhgarach don tigh:

Bí anso istigh sa mhála chúm go tapaidh, adubhairt an bacach, agus ná labhair smiog.

Do dhein chomh maith. Do bhuail an bacach an mála ar a dhrom agus isteach leis. Ní raibh éinne istigh roimis—bhíodar ag crúdh na mbó;—agus bhuail sé an mála agus a raibh ann isteach fén staighre.

Ba gheairid gur bh'shiúd chuige isteach bean‑a'‑tighe, agus d'fháilthi' sí roimis, agus do dhíri' sí ar bheith ag stúáil agus ag sguabadh agus ag glanadh suas. Dhein sí cúpla císte milis, agus do buaileadh síos citeal agus teine bhreá fé, agus do bhí an hót-hótum go léir ar siubhal aice i gcóir na hoidhche.

Níor leog an bacach pioc air, ach bhí sé ag faire agus ag éisteacht.

Leathanach 11

Ba ghearr gur dhírig an tigh ar a bheith ag líonadh isteach. Tháinig an buachaill aimsire agus cúpla buidéal fuisgí aige, agus bhuail sé ar an mbórd iad, agus do dhírig an t‑ól agus an racsam ar fuaid an tighe. Bhíodar ag slogadh an fhuisgí. Do fuair bean‑a'‑tighe gloine le n‑ól. D'ól sí sláinte na cuileachtan, agus

A Mhicí MacHugh, adubhairt sí,
Tánn tú imthighthe chun siubhail;
Siní do shláinte,
Is go brách nár thigir chúinn.

Am basa, do labhair an bacach láithreach nuair airi' sé an méid sin. Cheap sé go raibh an sgéal dulta fada a dhóthin.

A Mhicí MacHugh, adubhairt sé,
Má airighis é siúd,
Amach as an mála,
Go bhfáisgfe tú chúinn.

Do phreab Micí amach as an mála láithreach. Thuiteadar i gceann a gcos le hanaithe, agus pé áit riamh go bhfeacaidh duine liúdaráil bhatarála, do fuair a raibh istig é ó Mhicí agus ón mbacach.

Geallaim‑se dhuit ná raibh aon fhéasta aice as san amach, peoca bhí Micí amuich nú i mbaile; agus nách lugha ná ghlaoidh an fear siubhail chúithe, mar is maith a bhí fhios aige ná beadh aon fháilte roimis.

Donnchadh Ó Cróinín do sgríg. A mháthair féin d'innis.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 12–13
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 14–15
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 16–17
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 18–19
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 20–21
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 22–23
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaċ 24

Cláɼ

  • 1 Ba Ṁeaſa Ḃeṫ in' Éamaiſ
  • 3 A Ḋia 'ſ a Ġobnait coſuin an ġaoṫ náṁad ſo [ɼann]
  • 4 An Ġaeluinn atá Beó
  • 6 Tɼop [in eaſnaṁ sa ḃuntéacſ]
  • 7 Filíocht Mhúsgraighe
  • 10 Micí MacHugh aguſ an Feaɼ Siuḃail
  • 11 Iſ cuma ḋúinn ce'cu 'cu ḃuaḋfiḋ [in eaſnaṁ sa ḃuntéacſ]
  • 12 Béaloideaſ [XIX]
  • 14 Paidɼeaċa ag dul iſteaċ ſa tſéipéal aguſ á ḟágaint [in eaſnaṁ sa ḃuntéacſ]
  • 15 An Seana-Ṡaoġal
  • 22 Eolas Á Lorg
  • 23 " Gnáſ " na Gaeḋilge
  • 24 Diaɼmuid aguſ Gɼáinne [in eaſnaṁ sa ḃuntéacſ]
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 04–05
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 06–07
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 08–09

Leaṫanaċ 10

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 10–11

Micí MacHugh aguſ an Feaɼ Siuḃail

Ḃí feaɼ anſo uaiɼ éigin fadó guɼ ḃ'ainm do Micí MacHugh. Duine beag deaſ ſáſta a b'ea é, ná ɼaiḃ ɼó-ṁóɼ, aguſ do ḃí ana-ċolamóiɼ mná aige. Ní ɼaiḃ puinn meaſa aice aɼ Ṁicí—do ẛaṁla' ſí guɼ ḃɼeáṫa gaċ aon ḟeaɼ eile do ḃuaileaḋ uimímpe ná é.

Nuaiɼ imṫiġeaḋ Micí a baile do ḃíoḋ ana-ṫaḃaiɼt amaċ ag an mnaoi 'na ḋiaiḋ. Do ċuiɼeaḋ ſí amaċ gaiɼmſgoile á ɼáḋ go ɼaiḃ Micí a baile aguſ go mbeaḋ ceol a'ſ ɼinnce acu.

Do ḃí feaɼ ſiuḃail ag glaoḋaċ ann, aguſ do ḃí aiṫne ṫaɼ baɼɼ aige oɼṫa. Do ċodail ſé ann go minic ɼoimiſ ſin, aguſ d'ḟaġaḋ ſé ḃeiṫ iſtiġ i gcoṁnaiḋe ón mnaoi pé uaiɼ a ṫiocfaḋ ſé.

Maɼ ſeo tɼáṫnóna, ḃí ſé ag déanaṁ aɼ an dtig aɼ puiſ‑a'‑tſiuḃail, maɼ do ḃí ſé deiṁniṫeaċ go mbeaḋ ſuaineaſ cúpla lae aige ann, aguſ cé ḃuailfeaḋ 'na ċoinniḃ míle nú cúpla míle amaċ ón dtiġ aċ Micí, aguſ d'ḟiaḟɼa ſé:

Aiɼiú, a Ṁicí, cá ɼaġaiɼ? maɼ ċonnaic ſé déanta ſuaſ é i gcóiɼ bóṫaiɼ.

Caiṫfe mé dul go Coɼcaiġ, aduḃaiɼt Micí, aguſ ní ḟillfe mé go tɼáṫnóna amáiɼeaċ. Fan‑ſe im ḋiaiḋ go dtaga mé aḃaile, aguſ bíoḋ ſúil agat i ndiaiḋ na mbó aguſ gaċ éinní.

Do ḃí ana-ċion ag an mbacaċ aɼ Ṁicí, aguſ do ḃí ḟioſ aige go mbeaḋ ana-oiḋċe 'na ḋiaiḋ ſa ḃaile. Aguſ 'na ḋiaiḋ ſan ní ḟéadfaḋ ſé é ɼáḋ leiſ. Seo maɼ a ṫáinig ſé tímpal aiɼ.

Ná himṫiġ i n‑ao'ċoɼ anoċt, a Ṁicí, aduḃaiɼt ſé, aċ taiɼ liom-ſa, maɼ tá gnó agam díot.

Do ḋein ſé ɼud aiɼ: do ċaſadaɼ aɼaon i dtɼeo an ḃaile aiɼíſ. Ḃí doiɼċeaċt na hoiḋċe ag teaċt, aguſ nuaiɼ a ṫánadaɼ coṁgaɼaċ don tiġ:

Bí anſo iſtiġ ſa ṁála ċúm go tapaiḋ, aduḃaiɼt an bacaċ, aguſ ná laḃaiɼ ſmiog.

Do ḋein ċoṁ maiṫ. Do ḃuail an bacaċ an mála aɼ a ḋɼom aguſ iſteaċ leiſ. Ní ɼaiḃ éinne iſtiġ ɼoimiſ—ḃíodaɼ ag cɼúḋ na mbó;—aguſ ḃuail ſé an mála aguſ a ɼaiḃ ann iſteaċ fén ſtaiġɼe.

Ba ġeaiɼid guɼ ḃ'ẛiúd ċuige iſteaċ bean‑a'‑tiġe, aguſ d'ḟáilṫi' ſí ɼoimiſ, aguſ do ḋíɼi' ſí aɼ ḃeiṫ ag ſtúáil aguſ ag ſguabaḋ aguſ ag glanaḋ ſuaſ. Ḋein ſí cúpla cíſte miliſ, aguſ do buaileaḋ ſíoſ citeal aguſ teine ḃɼeá fé, aguſ do ḃí an hót-hótum go léiɼ aɼ ſiuḃal aice i gcóiɼ na hoiḋċe.

Níoɼ leog an bacaċ pioc aiɼ, aċ ḃí ſé ag faiɼe aguſ ag éiſteaċt.

Leaṫanaċ 11

Ba ġeaɼɼ guɼ ḋíɼig an tiġ aɼ a ḃeiṫ ag líonaḋ iſteaċ. Ṫáinig an buaċaill aimſiɼe aguſ cúpla buidéal fuiſgí aige, aguſ ḃuail ſé aɼ an mbóɼd iad, aguſ do ḋíɼig an t‑ól aguſ an ɼacſam aɼ fuaid an tiġe. Ḃíodaɼ ag ſlogaḋ an ḟuiſgí. Do fuaiɼ bean‑a'‑tiġe gloine le n‑ól. D'ól ſí ſláinte na cuileaċtan, aguſ

A Ṁicí MacHugh, aduḃaiɼt ſí,
Tánn tú imṫiġṫe ċun ſiuḃail;
Siní do ẛláinte,
Iſ go bɼáċ náɼ ṫigiɼ ċúinn.

Am baſa, do laḃaiɼ an bacaċ láiṫɼeaċ nuaiɼ aiɼi' ſé an méid ſin. Ċeap ſé go ɼaiḃ an ſgéal dulta fada a ḋóṫin.

A Ṁicí MacHugh, aduḃaiɼt ſé,
Má aiɼiġiſ é ſiúd,
Amaċ aſ an mála,
Go ḃfáiſgfe tú ċúinn.

Do ṗɼeab Micí amaċ aſ an mála láiṫɼeaċ. Ṫuiteadaɼ i gceann a gcoſ le hanaiṫe, aguſ pé áit ɼiaṁ go ḃfeacaiḋ duine liúdaɼáil ḃataɼála, do fuaiɼ a ɼaiḃ iſtig é ó Ṁicí aguſ ón mbacaċ.

Geallaim-ſe ḋuit ná ɼaiḃ aon ḟéaſta aice aſ ſan amaċ, peoca ḃí Micí amuiċ nú i mbaile; aguſ náċ luġa ná ġlaoiḋ an feaɼ ſiuḃail ċúiṫe, maɼ iſ maiṫ a ḃí ḟioſ aige ná beaḋ aon ḟáilte ɼoimiſ.

Donnċaḋ Ó Cɼóinín do ſgɼíg. A ṁáṫaiɼ féin d'inniſ.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 12–13
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 14–15
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 16–17
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 18–19
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 20–21
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 22–23
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaċ 24

Clár

  • 1 Ba Mheasa ' Bheith in' Éamais
  • 3 A Dhia 's a Ghobnait cosain an ghaoth námhad so [rann]
  • 4 An Ghaeluinn atá Beó
  • 6 Trop [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 7 Filíocht Mhúsgraí
  • 10 Micí Mac Hugh agus an Fear Siúil
  • 11 Is cuma dhúinn ce'cu 'cu bhuafaidh [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 12 Béaloideas [XIX]
  • 14 Paidreacha ag dul isteach sa tséipéal agus á fhágaint [in easnamh sa bhuntéacs]
  • 15 An Seana-Shaol
  • 22 Eolas á Lorg
  • 23 " Gnás " na Gaelainne
  • 24 Diarmuid agus Gráinne [in easnamh sa bhuntéacs]
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 04–05
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 06–07
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 08–09

Leathanach 10

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 10–11

Micí Mac Hugh agus an Fear Siúil

Bhí fear anso uair éigin fadó gurbh ainm do Micí Mac Hugh. Duine beag deas sásta ab ea é, ná raibh ró-mhór, agus do bhí ana-cholamóir mná aige. Ní raibh puinn measa aici ar Mhicí — do shamhla' sí gur bhreátha gach aon fhear eile do bhuaileadh uimímpi ná é.

Nuair imíodh Micí à baile do bhíodh ana-thabhairt amach ag an mnaoi 'na dhiaidh. Do chuireadh sí amach gairmscoile á rá go raibh Micí à baile agus go mbeadh ceol a's rínnce acu.

Do bhí fear siúil ag glaoch ann, agus do bhí aithne thar barr aige orthu. Do chodail sé ann go minic roimis sin, agus d'fhaghadh sé bheith istigh i gcónaí ón mnaoi pé uair a thiocfadh sé.

Mar seo tráthnóna, bhí sé ag déanamh ar an dtig ar puis‑a'‑tsiúil, mar do bhí sé deimhnitheach go mbeadh suaineas cúpla lae aige ann, agus cé ' bhuailfeadh 'na choinnibh míle nú cúpla míle amach ón dtigh ach Micí, agus d'fhiafra' sé:

Airiú, a Mhicí, cá raghair? mar chonaic sé déanta suas é i gcóir bóthair.

Caithfi' mé dul go Corcaigh, a duairt Micí, agus ní fhillfi' mé go tráthnóna amáireach. Fan‑se im dhiaidh go dtaga mé abhaile, agus bíodh súil agat i ndiaidh na mbó agus gach éinní.

Do bhí ana-chion ag an mbacach ar Mhicí, agus do bhí fhios aige go mbeadh ana-oíche 'na dhiaidh sa bhaile. Agus 'na dhiaidh san ní fhéadfadh sé é rá leis. Seo mar a tháinig sé tímpal air.

Ná himigh i n‑ao' chor anocht, a Mhicí, aduairt sé, ach tair liom‑sa, mar tá gnó agam díot.

Do dhein sé rud air: do chasadar araon i dtreo an bhaile airís. Bhí doircheacht na hoíche ag teacht, agus nuair a thánadar comhgarach don tigh:

Bí anso istigh sa mhála chúm go tapaidh, a duairt an bacach, agus ná labhair smiog.

Do dhein chomh maith. Do bhuail an bacach an mála ar a dhrom agus isteach leis. Ní raibh éinne istigh roimis—bhíodar ag crú na mbó;—agus bhuail sé an mála agus a raibh ann isteach fén staighre.

Ba gheairid gurbh shiúd chuige isteach bean‑a'‑tighe, agus d'fháilthi' sí roimis, agus do dhíri' sí ar bheith ag stúáil agus ag scuabadh agus ag glanadh suas. Dhein sí cúpla císte milis, agus do buaileadh síos citeal agus tine bhreá fé, agus do bhí an hót-hótum go léir ar siúl aici i gcóir na hoíche.

Níor leog an bacach pioc air, ach bhí sé ag faire agus ag éisteacht.

Leathanach 11

Ba ghearr gur dhírigh an tigh ar a bheith ag líonadh isteach. Tháinig an buachaill aimsire agus cúpla buidéal fuisgí aige, agus bhuail sé ar an mbórd iad, agus do dhírigh an t‑ól agus an racsam ar fuaid an tí. Bhíodar ag slogadh an fhuisgí. Do fuair bean‑a'‑tí gloine le n‑ól. D'ól sí sláinte na cuileachtan, agus

A Mhicí Mac Hugh, a duairt sí,
Tánn tú imithe chun siúil;
Sin í do shláinte,
Is go brách nár thigir chúinn.

Am basa, do labhair an bacach láithreach nuair airi' sé an méid sin. Cheap sé go raibh an scéal dultha fada a dhóthain.

A Mhicí Mac Hugh, a duairt sé,
Má airís é siúd,
Amach as an mála,
Go bhfáisce tú chúinn.

Do phreab Micí amach as an mála láithreach. Thuiteadar i gceann a gcos le hanaithe, agus pé áit riamh go bhfeacaidh duine liúdaráil bhatarála, do fuair a raibh istig é ó Mhicí agus ón mbacach.

Geallaim‑se dhuit ná raibh aon fhéasta aici as san amach, peocu bhí Micí amu nú i mbaile; agus nách lua ná ghlaoidh an fear siúil chúichi, mar is maith a bhí ' fhios aige ná beadh aon fháilthe roimis.

Donnchadh Ó Cróinín do sgrígh. A mháthair féin d'innis.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 12–13
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 14–15
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 16–17
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 18–19
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 20–21
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaiġ 22–23
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 8
Leaṫanaċ 24