An Músgraigheach: Bulletín do Cháirde Mhúsgraighe
.png)
Uiṁiɼ 1
.png)
Uiṁiɼ 2
.png)
Uiṁiɼ 3
.png)
Uiṁiɼ 4
.png)
Uiṁiɼ 5
.png)
Uiṁiɼ 6
.png)
Uiṁiɼ 7
.png)
Uiṁiɼ 8.
Maɼ gheall aɼ an dtiúnscadal so
Tá sé corraíocht is cúig bhliana déag ó cuireadh treas-scríbhinní d'An Músgraigheach ar líne ar leathanaigh mhusgrai.com. Cé go bhfuil fáil orthu ar an láithreán soin i gcónaí, do cuireadh suas an ceann so chun na treas-scríbhinní a chur ar fáil ⁊ a fhorbairt ar ardán dá gcuid féinig.
Foɼbaiɼt
1d Mí 'n Mhárta 2018 data an nuashonrúcháin is déanaí.
- Mionbhotúin cló in Uimhreacha 1 ⁊ 2.
Nodaiɼeacht sa leagan leictɼeonach
[xxxxxx]: nótaí inlíne le heagarthóirí na dtreas-scríbhinní.
[sic; recte XXXXXX]: botúin chló sa bhuntéacs, i bhfochair ceartúchán le heagarthóirí na dtreas-scríbhinní.
XXXXXX: nóta bunleathanaigh sa bhuntéacs.
Faisnéis theangeolaíoch
Oɼtagɼafaíocht
An cló Gaelach
Ar an script Ghaelach a múnlaíodh an cló Gaelach (go nglaotar an seana-chló air, ar uairibh). Cé gur script bhundúchasach de chuid na hÉireann í seo — dáltha na scripte Ínsí, as ar forbraíodh í — is amhlaidh a fhás an feidhre acu as script mheánaoiseach Laidine agus is mar mhalairt chló uirthi seo a aithnítar an cló Gaelach i gcaighdeán Unicode.
Tá an script Ghaelach ann, i bhfoirmeacha éagsúla, le corraíocht is míle go leith bliain agus do bhí sí in úsáid go comónta i gcónaí le línn An Músgraigheach ' bheith á fhoíllsiú.
An tɼeas-scɼíbhinn
Ar an láithreán so, sa chló Rómhánach is ea a léirítar treas-scríbhinní leictreonacha an téacsa ar an gcéad amharc. Ach tá cóir i mbarra leathanaigh gach eagráin chun iad a chur i láthair sa chló ina roibh an téacs gléasta ar an mbunleathanach chlóbhuailthe. Ní hamhlaidh go bhfuil dhá fhoireann treas-scríbhinní ann ach go n‑athraíonn an chóir bogearra so cur i láthair an téacsa ar ala na huaire. Tugtar fé ndeara nách sa chló Ghaelach athá an téacs bunaidh ins gach cás. Sa chló so is ea a clóchuireadh formhór an abhair in An Músgraigheach ach do cuireadh roinnt alth sa chló Rómhanach ann. Táid na treas-scríbhinní dílis don chur i láthair bunaidh i gcónaí.
Litɼiú
Cáipéis stairiúil is ea An Músgraigheach. Dá réir sin, seochas fo-bhotún clóscríbhneoireachta, cloíonn na treas-scríbhinní go dílis le litriú an bhuntéacsa. Cúnsainí + h in inead cúnsainí buailthe an t‑aon athrú a deintar ar a gcur i láthair sa chló Rómhánach. Ní hionann léiriú sa chló so agus Caighdeánú gan dabht. Airiú, níl baint dá luíghead age cló le caighdeáin litrithe ⁊ gramadaí mar níl i gcló ach stíl fhísiúil chun carachtar téacsa a léiriú. Ach comharthaí idirdhealaitheacha áirithe ' sheachaint, is féidir Gaelainn a scɼíobh (nó a ſcɼíobh fiú!) sa chló Gaelach is gan ɼial aɼ bith litɼithe ná ɼial aɼ bith gɼamadaí de chuid an Chaighdeáin a sháɼú.
Mar sin féin, is cóir sroisiúint ar an abhar so ' bheith acu súd ná fuil taithí acu ar an lítriú réamh-Chaighdeánach agus, chuige sin, tá feidhm bhreise dá cur leis an gcóir bogearra thuasluaite, d'fhonn na treas-scríbhinní a ghléasadh i litriú nua-chóirithe. Litriú is ea é seo atá páirt-Chaighdeánaithe ach a thugann an ceart do Ghaelainn Mhúsgraí Uí Fhloínn i gcónaí. Bogearra béite is ea an ghné seo den gcóir: tá roinnt mhaith oibire fós le déanamh uirthi agus ní saor ó locht atá a cuid aschuir. Tá sí á forbairt do réir a chéile.
Leagan amach
Ní chloíonn na treas-scríbhinní leictreonacha le leagan amach fisiciúil na mbuntéacsanna. Tá méid agus crot an leathanaigh fhisiciúil socaraithe go buan agus is féidir an fhaisnéis atá air ' shíneadh amach dá réir. Ní bhaineann an tsímplíocht chéanna leis an scáileán toispeána áfaigh. Tá an-éagsúileacht méide ann, ón ngléas glaice is lú go HD go 4K go harrthachtaigh 8K. Ní foláir dul i ngleic le cóimheas treoíochta leis — 4:3, 16:9, 16:10 ⁊rl… — gan trácht ar an ath-shíneadh amach leathanach a tharlaíonn do réir mar a chasann tú do ghuthán póca nú do shlínn tímpeal id láimh. Dul amú is ea feallsúnacht "an chuma cheanann chéanna air ar an nGréasán is atá air ar an leathanach clóite". Déanta na fírinne, is amhlaidh ab ea riamh.
Dá réir sin, má thá na treas-scríbhinní docht-dílis do struchtúir loighciúla na mbuntéacsanna is don fhaisnéis athá ar iúmpar acu, níor chuireadh dua amú ag iarraidh Domhnall a fháisceadh isteach in éadaí Thaidhg, cé gur caomhnaíodh gnéithe áirithe de leagan amach na mbuntéacsanna, nuair a bhíodar comhoriúnach le cur i láthair ar scáileán.
Cé go bhféatfaí aon leathanach Gréasáin amháin a réiteach i gcomhair gach leathanaigh fhisiciúil, do socaraíodh ar théacs go léir gach eagráin a chur ar aon leathanach Gréasáin amháin. Dá thoradh so, do b'éigean ceann nú dhó dos na nótaí bun-leathanaigh a bhogadh, á lonnú ní ba ghaire don mhír den bpríomhthéacs a thagraíonn dóibh. Táid siad márcáltha go feiceálach áfaigh, ionas go dtuigfeadh an léitheoir iad a bheith ar leithligh ón bpríomhthéacs.
Faisnéis theiciniúil
An URL Éiɼeannach ⁊ an síneadh fada
Tá an síneadh fada ar fáil i seolthaí Gréasáin .ie ó lár bliain a 2016. Más mall is mithid agus www.músgraigheach.ie seoladh an láithreáin seo.
An cló Gaelach ⁊ an ɼé dhigiteach
Cloíonn an láithreán so le caighdeáin theicniúla reatha, agus seasaíonn na caighdeáin sin le léiriú an tseana-chló ar scáileán. Ach do ríomhaire, do ghuthán nú do shlínn ' bheith cuíosach nua agus chun dáta, ba chóir go léireodh sé na treas-scríbhinní sa chló so go sáisiúil. Do tástáladh an láithreán ar chórais éagsúla — Windows, MacOS, iOS is Linux, i lithéidí Internet Explorer, Firefox, Safari is Vivaldi, agus níor tugadh aon deocracht fé ndeara.
Mar sin féin, tá fo-chóras ríomhaire ann i gcónaí ná cuireann na caighdeáin i gcrích ina n‑iomláine. Má bhuaileann aon deocracht tu, bain triail à ríomhaire nú à dearcóir eile.
Máɼcáil shéimeantach
Do saibhraíodh na treas-scríbhinní leictreonacha le márcáil shéimeantach. Obair leanúnach í seo leis, agus táthar a' cur leis an márcáil do réir a chéile.
Bogeaɼɼa
Do baineadh úsáid à GIMP, as Imagemagick as Exiv2, à GNU sed agus à GNU Bash chun íomhánna leathanach An Músgraigheach a réiteach don gcnósach ar líne seo. Go bhfága Dia 'n tsláinte age lucht a gcúmtha. Ní beag an bhreáthacht a chuireann Bunchló Nua de chuid Vincent Morley le teacht i láthair an chnósaigh ach an oiread.
Meiteashonɼaí
Agus an cnósach á chur i bhfail a chéile, do réitíodh tacar beag meiteashonraí caighdeánacha mar gheall ar An Músgraigheach. Sid é an leagan reatha des na meiteashonraí sin. Ar bhileoig XML atháid siad tabhartha anso, do réir ardáin XMP:
<?xpacket begin="" id="W5M0MpCehiHzreSzNTczkc9d"?>
<x:xmpmeta xmlns:x="adobe:ns:meta/">
<rdf:RDF xmlns:rdf="http://www.w3.org/1999/02/22-rdf-syntax-ns#">
<rdf:Description rdf:about="" xmlns:dc="http://purl.org/dc/elements/1.1/">
<dc:title>
<rdf:Alt>
<rdf:li xml:lang="x-default">An Músgraiġeaċ</rdf:li>
</rdf:Alt>
</dc:title>
<dc:description>
<rdf:Alt>
<rdf:li xml:lang="x-default">Tréimhseachán ab ea An Músgraigheach. Saothrú is buanú Gaelainne Mhúsgraí Uí Fhloínn, Cúndae Chorcaí, aidhm lucht a fhoíllsithe (Cairde Mhúsgraighe). Do foíllsíodh An Músgraigheach idir Mitheamh bliain a 1943 agus Samhradh bliain a 1945.</rdf:li>
</rdf:Alt>
</dc:description>
<dc:creator>
<rdf:Seq>
<rdf:li>Tadhg Ó Scanaill</rdf:li>
<rdf:li>Mícheál Ó Céilleachair</rdf:li>
<rdf:li>Síle Ní Éaluighthe</rdf:li>
</rdf:Seq>
</dc:creator>
<dc:date>
<rdf:Seq>
<rdf:li>1943</rdf:li>
</rdf:Seq>
</dc:date>
<dc:contributor>
<rdf:Bag>
<rdf:li>Tadhg Ó Scanaill</rdf:li>
<rdf:li>Mícheál Ó Céilleachair</rdf:li>
<rdf:li>Síle Ní Éaluighthe</rdf:li>
</rdf:Bag>
</dc:contributor>
<dc:language>
<rdf:Bag>
<rdf:li>ga-IE</rdf:li>
</rdf:Bag>
</dc:language>
<dc:publisher>
<rdf:Bag>
<rdf:li>Cairde Ṁúsgraiġe</rdf:li>
</rdf:Bag>
</dc:publisher>
<dc:subject>
<rdf:Bag>
<rdf:li>Gaelainn</rdf:li>
<rdf:li>Gaeluinn</rdf:li>
<rdf:li>Gaoluinn</rdf:li>
<rdf:li>Músgraí Uí Fhloínn</rdf:li>
<rdf:li>Baile Mhic Íre</rdf:li>
<rdf:li>Baile Mhúirne</rdf:li>
<rdf:li>Béal Átha an Ghaorthaidh</rdf:li>
<rdf:li>Carraig an Adhmaid</rdf:li>
<rdf:li>Cúil Aodha</rdf:li>
<rdf:li>Cíll na Martra</rdf:li>
<rdf:li>Guagán Barra</rdf:li>
<rdf:li>Réidh na nDoirí</rdf:li>
<rdf:li>An Sliabh Riabhach</rdf:li>
<rdf:li>Tuath na Dromann</rdf:li>
</rdf:Bag>
</dc:subject>
<dc:coverage>Iarthar Chorcaí agus Oirthear Chiarraí.</dc:coverage>
<dc:identifier>An Músgraiġeaċ</dc:identifier>
<dc:format>image/png</dc:format>
</rdf:Description>
<rdf:Description rdf:about="" xmlns:xmp="http://ns.adobe.com/xap/1.0/">
<xmp:CreateDate>2017-07-23</xmp:CreateDate>
<xmp:CreatorTool>ImageMagick Studio LLC ImageMagick 6.9.7-4 (Q16 x86_64 20170114)</xmp:CreatorTool>
<xmp:Label>An Músgraiġeach ar líne (2017)</xmp:Label>
<xmp:MetadataDate>2017-07-23</xmp:MetadataDate>
<xmp:ModifyDate>2017-07-23</xmp:ModifyDate>
</rdf:Description>
<rdf:Description rdf:about="" xmlns:xmpTPg="http://ns.adobe.com/xap/1.0/t/pg/"
xmlns:stDim="http://ns.adobe.com/xap/1.0/sType/Dimensions#">
<xmpTPg:MaxPageSize>
<rdf:Description>
<stDim:h>8.25</stDim:h>
<stDim:w>5.5</stDim:w>
<stDim:unit>inch</stDim:unit>
</rdf:Description>
</xmpTPg:MaxPageSize>
</rdf:Description>
</rdf:RDF>
</x:xmpmeta>
<?xpacket end="r"?>
Caighdeán aitheanta de chuid an ISO is ea XMP. Tugtar fé ndeara go bhfuil míreanna ann a chloíonn le caighdeán meiteashonraí Dublin Core ach, le bheith cruínn, ní cuid de shonrú Dublin Core é XMP. Is amhlaidh a dearadh XMP chun go mbeadh gnéithe dhe comhoiriúnach le gnéithe de Dublin Core ach dhá chaighdeán ar leithligh is ea iad i gcónaí. Is féidir tuilleadh faisnéise ar an abhar so d'fháil ach Sonrú XMP Cuid 1 agus Sonrú XMP Cuid 2 a cheadú.