An Músgraiġeaċ

Bulletín do Ċáiɼde Ṁúſgɼaiġe

ɼoghnaigh cló

An Músgraiġeaċ Uiṁir 5

Cláɼ

  • 1 Ábán Naoṁṫa
  • 3 An Sguɼuiġeaċt [2 a tugaḋ ſa ḃuntéacſ]
  • 6 Aodh de Róiſte
  • 8 Caɼɼaig an Stuacáin [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 9 Filíoċt Ṁúſgɼaiġe
  • 11 Fuaimeana
  • 13 Seanċaiḋeaḋt
  • 16 Leitɼeaċa
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 5
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 5
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 5
Leaṫanaiġ 04–05
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 5
Leaṫanaiġ 06–07
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 5
Leaṫanaiġ 08–09
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 5
Leaṫanaiġ 10–11

Leaṫanaċ 13

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 5
Leaṫanaiġ 12–13

Seanċaiḋeaċt

Do ḃí bean ann aon uaiɼ aṁáin go ɼaiḃ beiɼt ṗáiſtí aice aguſ cúpla ab eaḋ iad. Ní ɼaiḃ aon toiɼt ionta, ná aon ḃɼeiſ ag teaċt oɼṫa. Ḃídíſ ag gol i ló aguſ iſtoiḋċe, aguſ ag blaḋɼaiġ aguſ ag béiciġ. Ḃí ſí maɼḃ acu.

Do ḃí muinntiɼ a' tiġe imṫiġṫe aɼ a' bpoɼt lá a' baint ṁóna, aguſ do ḃí uiɼṫi an dínnéaɼ a ḃɼeiṫ a' tɼiall oɼṫa. Ní ḟéadfaḋ ſí imṫeaċt ón dtiġ ageſ na gáɼlaiġ muɼa mbeaḋ go ɼaiḃ táilliúiɼ ag obaiɼ aɼ an mbóɼd a' déanaṁ culaiṫ édaiġ d'ḟeaɼ a' tiġe. Do ṫug ſí bɼaon bainne ḋóiḃ, aguſ ċuiɼ ſí iſteaċ ſa ċliaḃán iad. Do ċuiſ ſí an cliaḃán ſíoſ anſa ṗáɼlúſ, aguſ duḃaiɼt ſí leiz a' dtáilliúiſ ſúil a ḃeiṫ aſ fuaid a' tiġe aige an ḟaid a ḃeaḋ ſí amuiġ. Duḃaiɼt ſé go mbeaḋ.

Amaċ léi. Min ċoiɼce aguſ bainne ɼeaṁaɼ a ḃí aice i gcóiɼ a ndínnéiɼ. Ní ɼaiḃ ſí imṫiġṫe aċ cúpla neomat nuaiɼ a ſtop an gol go léiɼ a ḃí ageſ na geaɼɼcaiġ, aguſ d'aiɼiġ an táilliúiɼ na tɼiṫí gáiɼiḋe ag an mbeiɼt. D'ḟiafɼuiġ duine acu den duine eile:  a ḃfeacaíſ‑ſe ɼiaṁ biaḋ bɼaimilleoige á ḃɼeiṫ aɼ poɼt ?   Ní ḟeaca,  aɼ ſeiſean.

Leaṫanaċ 14

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 5
Leaṫanaiġ 14–15

Ḃí an táilliúiɼ ag éſiteaċt leo, aguſ ḃí iongnaḋ a ċɼoiḋe aiɼ. D'éaluiġ ſé ſíoſ go dtí doɼuſ a' ɼúma ċun go mbeaḋ ḟioſ aige cɼuinn aɼ ḃ'iad a ḃí a' cainnt. Do ṗɼeab duine acu amaċ aɼ an úɼláɼ aſ an gcliaḃán aguſ le na linn ſin ṫaiɼɼic a' duine eile ḃeiḋlín ċuige aguſ do ḋíɼiġ ſé aɼ é ẛeinnt.

 Seinnfiḋ mé Poɼt Cumaiġɼe ḋuit,  aɼ ſeiſean. Ḃí duine acu a' ſeinnt aguſ an duine eile a' ɼínnce aɼ a ċɼoiḋe-ḋíċeall, nuaiɼ aiɼġeadaɼ foṫɼam ċúṫa. Ḃí an ṁáṫaiɼ ag teaċt.

Ċaiṫeadaɼ uaṫa an ſpóɼt, aguſ do ṗɼeabadaɼ iſteaċ ſa ċliaḃán aiɼíſ, aguſ do ċɼomadaɼ aɼ lógóiɼeaċt. Do ṗɼeab a' táilliúiɼ anáiɼde aɼ a' mbóɼd maɼ a ɼaiḃ ſé ɼoimiſ ſin, aguſ do ḃí iongnaḋ a ċɼoiḋe aiɼ.

 Ó, ṁuiſe,  aɼſ an ṁáṫaiɼ,  tá mo ċɼoiḋe bɼiſte agaiḃ ɼiaṁ ó ċonnac ſiḃ. 

Ḃí an táilliúiɼ ag teaċt ċuige féin. Ṗɼeab ſé anuaſ den ḃóɼd aguſ do ɼiug ſé aɼ ẛluaiſtín na luaiṫe aguſ do ẛáiḋ ſé iſteaċ ſa teine é, i ḃfad iſteaċ leiſ. Ḃí ſí ſin a' tindeáil aɼ na geaɼɼcaiġ t'ɼéiſ teaċt iſteaċ, aguſ anſan am go ɼaiḃ ſí ullaṁ leo do ḃí an tſluaſad cɼoiḋɼeac—náċ beag aɼ deaɼg-laſaḋ. Nuaiɼ a ṫáinig ſí aníoſ aiɼíſ ċuige:  Táim maɼḃ acu,  aɼ ſiſe,  tá mo ċɼoiḋe bɼiſte acu. 

 Mo ṫɼuaġ ṫu, a ḃean ḃoċt,  aɼ ſeiſean,  tánn tú maɼḃ acu, aċ tá an leiġeaſ ana-aṫċomaiɼ go léiɼ duit. . Do ḋein ſé anonn aɼ a' dteine aguſ do ɼiug ſé aɼ a' ſluaſaid, aguſ do ṫaiɼɼic ſé amaċ aſ an dteine í—do ḃí ſí 'na caoɼ le teaſ.

 Seo,  aɼ ſeiſean,  tá ḋá iaɼlaiſ agat aguſ iſ agam‑ſa atá a ḟioſ. An ḟaid a ḃí‑ſe [ſic; ɼecte ḃíſ‑ſe] amuiċ, ceol aguſ ɼínnce aguſ caiṫeaṁ-aimſiɼe aguſ gáiɼiḋe a ḃí ag an mbeiɼt. Ḃí duine acu ag ſeinnt aguſ duine acu ag ɼínnce aguſ ḃíoſ‑ſa a' faiɼe oɼṫa. B'ḟeaɼɼa ḋuit iad do ċuɼ ċun ſiuḃail i n‑am. Síoſ leat, aguſ tóg leat é ſeo —a' ſíneaḋ na ſluaiſte ċúiṫi— aguſ dein cɼuinn díɼeaċ anonn oɼṫa; buail anuaſ aɼ a dtóin í, aguſ cuiɼfe mé geall leat go ſcɼioſfa ſiad aguſ go dtiocfaiḋ do ċlann féin ċút. 

Do ɼug ſí aɼ an ſluaſaid aguſ do ɼiṫ ſí ſíoſ. Nuaiɼ a ċonnaiceadaɼ ċúṫa í do liúġadaɼ aguſ do ḃéiceadaɼ. Láiṫɼeaċ bonn do ṗɼeabadaɼ aſ an cliaḃán aguſ iad a' baint a' doɼaiſ dá ċéile, aguſ iſe 'na ndiaiḋ aɼ ſéideaḋ aguſ an ſluaiſtín na doɼn aici. Aċ do ḋeaɼṁaid ſí iad aguſ ní ḟeadaiɼ ſí gáɼ ġaḃadaɼ, nuaiɼ a ċonnaic ſí 'na coinniḃ iſteaċ ḋá ġaɼſún ḃɼeáṫa láidiɼe ġlana, aguſ iad ag gáiɼiḋe, aguſ duḃɼadaɼ:  táimíd tagaiṫe. 

Ḃí na fáiltí go léiɼ aici ɼúmpa, maɼ ḃí ḟioſ aice guɼ ḃ'iad a clann féin a ḃí tagaiṫe ċúiṫe, aguſ go ɼaiḃ na hiaɼlaiſí imṫiġṫe. Ní miſte a ɼáḋ ná go ɼaiḃ buiḋeaċaſ aice aɼ a' dtáilliúiɼ, maɼ iſ é ċuiɼ aɼ a' mbóṫaɼ í ċun iad a ɼuagaiɼt.

(Eiḃlíſ bean Ṡeáin Uí Ċɼóinín d'inniſ. Ní ɼaiḃ aon ṁíniú aice aɼ an " mbiaḋ bɼaimilleoige " ná aɼ an " bPoɼt Comaiġɼe ". Ní ḟeadaɼ an mbeaḋ an míniú ag caɼaid éigin).

Leaṫanaċ 15

Do ḃíoḋ ſpɼid á feiſcint i n‑áiteannaiḃ ɼoimiſ ſeo, aguſ iſ minic a ṁaiɼḃ ſí daoine. Aċ ḃí feaɼ ag ſiuḃal oiḋċe aɼ ócáid éigin aguſ do ḃuail ſí uime. Do ẛeaſaiṁ ſí oſ a ċoṁaiɼ amaċ aguſ duḃaiɼt ſí—

Coinneal iſ coinnleoiɼ ann,
Aguſ ca ḃfuil a leaṫ-ɼann ſan?

Dá ɼéiḋteoċaḋ éinne an ċeiſt di, ſin a ɼaiḃ uaiṫe. Aguſ dá mba'ſ guɼ ɼud é ná ɼéiḋteoċaḋ ſé an ċeiſt, ṁairḃeoċaḋ ſí é.

Ḃí ſé i bpúnc, aċ duḃaiɼt ſé:—

Cuileann a baineaḋ um Ṡaṁain
á ċuiɼ maɼ ċeann aɼ ṫiġ.

Duḃaiɼt ſí ná déanfaḋ ſan an gnó, aguſ go dtaḃaɼfaḋ ſí ſeanſ eile ḋo. Ċuiɼ ſí an ċeiſt aiɼíſ ċuige.

Muileann iſ uiſge 'gá ċeann,
'S é a' ſcillige ṫall 'ſ aḃfuſ,

aɼ ſeiſean.

Ċuiɼ ſí an ċeiſt aiɼíſ ċuige.

B'ḟeaɼɼa ḋuit dul go Flaiṫiſ Dé i n‑am
Ná ḃeiṫ it ẛaṁail annſan,

aduḃaiɼt ſeiſean an tuɼuſ ſo.

Aɼ iompáil na baiſe ḃí ſí imṫiġṫe, aguſ ní ḟeacaṫaſ a ṫuille í aſ ſan amaċ.

(An ḃean uaſal ċéadna d'inniſ.)

Do ċuaiḋ ſean-duine ón mBonán go dtí an Cóḃ len inġin. Ḃí ſí ag dul go Meiɼicea. Ḃí ana-ſtoiɼm ann an lá céadna aguſ do ḃɼiſ cábla na luinge le neaɼt na ſtoiɼme. Ḃí an ſean-duine ag féaċaint aiɼ, aguſ ſidé aduḃaiɼt ſé:—

Mo ẛlán ċút, a ẛúgáin an Ḃonáin an ḟionnáin na dtɼí gcoɼ.
Dá mbeiṫeá‑ſa ag ceangal na loinge ſeo iſ fada go mbɼiſfá.

(Pádɼaig Ó Cuíll d'aiṫɼiſ.)

Sé mo léiɼ-ċɼeaċ,
Iſ níoɼ ṫuit fóſ an ṁeaſ [ſic; ɼecte ?]
A ḟáſfaḋ an tṡlat
A ḋéanfaiḋ cliaḃán don ḟeaɼ
A ɼéiḋteoċaiḋ mo ḃeaɼt.

Iſ maɼ ſin do laḃaiɼ an feaɼ a ḃí ag déanaṁ a Ṗuɼgadóiɼeaċta coiſ claiḋe oiḋċe ġlaſ ſeaca.

(Máiɼe Ní Ḃuaċalla, Baɼɼ D'ínſe do ẛoláṫɼuiġ.)

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 5
Leaṫanaċ 16