An Músgraiġeaċ Uiṁir 8
Cláɼ
- 1 Ba Ṁeaſa Ḃeṫ in' Éamaiſ
- 3 A Ḋia 'ſ a Ġobnait coſuin an ġaoṫ náṁad ſo [ɼann]
- 4 An Ġaeluinn atá Beó
- 6 Tɼop [in eaſnaṁ sa ḃuntéacſ]
- 7 Filíocht Mhúsgraighe
- 10 Micí MacHugh aguſ an Feaɼ Siuḃail
- 11 Iſ cuma ḋúinn ce'cu 'cu ḃuaḋfiḋ [in eaſnaṁ sa ḃuntéacſ]
- 12 Béaloideaſ [XIX]
- 14 Paidɼeaċa ag dul iſteaċ ſa tſéipéal aguſ á ḟágaint [in eaſnaṁ sa ḃuntéacſ]
- 15 An Seana-Ṡaoġal
- 22 Eolas Á Lorg
- 23 " Gnáſ " na Gaeḋilge
- 24 Diaɼmuid aguſ Gɼáinne [in eaſnaṁ sa ḃuntéacſ]
.png)
Leaṫanaċ 01
.png)
Leaṫanaiġ 02–03
.png)
Leaṫanaiġ 04–05
.png)
Leaṫanaiġ 06–07
.png)
Leaṫanaiġ 08–09
Leaṫanaċ 10
.png)
Leaṫanaiġ 10–11
Micí MacHugh aguſ an Feaɼ Siuḃail
Ḃí feaɼ anſo uaiɼ éigin fadó guɼ ḃ'ainm do Micí MacHugh. Duine beag deaſ ſáſta a b'ea é, ná ɼaiḃ ɼó-ṁóɼ, aguſ do ḃí ana-ċolamóiɼ mná aige. Ní ɼaiḃ puinn meaſa aice aɼ Ṁicí—do ẛaṁla' ſí guɼ ḃɼeáṫa gaċ aon ḟeaɼ eile do ḃuaileaḋ uimímpe ná é.
Nuaiɼ imṫiġeaḋ Micí a baile do ḃíoḋ ana-ṫaḃaiɼt amaċ ag an mnaoi 'na ḋiaiḋ. Do ċuiɼeaḋ ſí amaċ gaiɼmſgoile á ɼáḋ go ɼaiḃ Micí a baile aguſ go mbeaḋ ceol a'ſ ɼinnce acu.
Do ḃí feaɼ ſiuḃail ag glaoḋaċ ann, aguſ do ḃí aiṫne ṫaɼ baɼɼ aige oɼṫa. Do ċodail ſé ann go minic ɼoimiſ ſin, aguſ d'ḟaġaḋ ſé ḃeiṫ iſtiġ i gcoṁnaiḋe ón mnaoi pé uaiɼ a ṫiocfaḋ ſé.
Maɼ ſeo tɼáṫnóna, ḃí ſé ag déanaṁ aɼ an dtig aɼ puiſ‑a'‑tſiuḃail, maɼ do ḃí ſé deiṁniṫeaċ go mbeaḋ ſuaineaſ cúpla lae aige ann, aguſ cé ḃuailfeaḋ 'na ċoinniḃ míle nú cúpla míle amaċ ón dtiġ aċ Micí, aguſ d'ḟiaḟɼa ſé:
Aiɼiú, a Ṁicí, cá ɼaġaiɼ?
maɼ ċonnaic ſé déanta ſuaſ é i gcóiɼ bóṫaiɼ.
Caiṫfe mé dul go Coɼcaiġ,
aduḃaiɼt Micí, aguſ ní ḟillfe mé go tɼáṫnóna amáiɼeaċ. Fan‑ſe im ḋiaiḋ go dtaga mé aḃaile, aguſ bíoḋ ſúil agat i ndiaiḋ na mbó aguſ gaċ éinní.
Do ḃí ana-ċion ag an mbacaċ aɼ Ṁicí, aguſ do ḃí ḟioſ aige go mbeaḋ ana-oiḋċe 'na ḋiaiḋ ſa ḃaile. Aguſ 'na ḋiaiḋ ſan ní ḟéadfaḋ ſé é ɼáḋ leiſ. Seo maɼ a ṫáinig ſé tímpal aiɼ.
Ná himṫiġ i n‑ao'ċoɼ anoċt, a Ṁicí,
aduḃaiɼt ſé, aċ taiɼ liom-ſa, maɼ tá gnó agam díot.
Do ḋein ſé ɼud aiɼ: do ċaſadaɼ aɼaon i dtɼeo an ḃaile aiɼíſ. Ḃí doiɼċeaċt na hoiḋċe ag teaċt, aguſ nuaiɼ a ṫánadaɼ coṁgaɼaċ don tiġ:
Bí anſo iſtiġ ſa ṁála ċúm go tapaiḋ,
aduḃaiɼt an bacaċ, aguſ ná laḃaiɼ ſmiog.
Do ḋein ċoṁ maiṫ. Do ḃuail an bacaċ an mála aɼ a ḋɼom aguſ iſteaċ leiſ. Ní ɼaiḃ éinne iſtiġ ɼoimiſ—ḃíodaɼ ag cɼúḋ na mbó;—aguſ ḃuail ſé an mála aguſ a ɼaiḃ ann iſteaċ fén ſtaiġɼe.
Ba ġeaiɼid guɼ ḃ'ẛiúd ċuige iſteaċ bean‑a'‑tiġe, aguſ d'ḟáilṫi' ſí ɼoimiſ, aguſ do ḋíɼi' ſí aɼ ḃeiṫ ag ſtúáil aguſ ag ſguabaḋ aguſ ag glanaḋ ſuaſ. Ḋein ſí cúpla cíſte miliſ, aguſ do buaileaḋ ſíoſ citeal aguſ teine ḃɼeá fé, aguſ do ḃí an hót-hótum go léiɼ aɼ ſiuḃal aice i gcóiɼ na hoiḋċe.
Níoɼ leog an bacaċ pioc aiɼ, aċ ḃí ſé ag faiɼe aguſ ag éiſteaċt.
Leaṫanaċ 11
Ba ġeaɼɼ guɼ ḋíɼig an tiġ aɼ a ḃeiṫ ag líonaḋ iſteaċ. Ṫáinig an buaċaill aimſiɼe aguſ cúpla buidéal fuiſgí aige, aguſ ḃuail ſé aɼ an mbóɼd iad, aguſ do ḋíɼig an t‑ól aguſ an ɼacſam aɼ fuaid an tiġe. Ḃíodaɼ ag ſlogaḋ an ḟuiſgí. Do fuaiɼ bean‑a'‑tiġe gloine le n‑ól. D'ól ſí ſláinte na cuileaċtan, aguſ
A Ṁicí MacHugh, aduḃaiɼt ſí,
Tánn tú imṫiġṫe ċun ſiuḃail;
Siní do ẛláinte,
Iſ go bɼáċ náɼ ṫigiɼ ċúinn.
Am baſa, do laḃaiɼ an bacaċ láiṫɼeaċ nuaiɼ aiɼi' ſé an méid ſin. Ċeap ſé go ɼaiḃ an ſgéal dulta fada a ḋóṫin.
A Ṁicí MacHugh, aduḃaiɼt ſé,
Má aiɼiġiſ é ſiúd,
Amaċ aſ an mála,
Go ḃfáiſgfe tú ċúinn.
Do ṗɼeab Micí amaċ aſ an mála láiṫɼeaċ. Ṫuiteadaɼ i gceann a gcoſ le hanaiṫe, aguſ pé áit ɼiaṁ go ḃfeacaiḋ duine liúdaɼáil ḃataɼála, do fuaiɼ a ɼaiḃ iſtig é ó Ṁicí aguſ ón mbacaċ.
Geallaim-ſe ḋuit ná ɼaiḃ aon ḟéaſta aice aſ ſan amaċ, peoca ḃí Micí amuiċ nú i mbaile; aguſ náċ luġa ná ġlaoiḋ an feaɼ ſiuḃail ċúiṫe, maɼ iſ maiṫ a ḃí ḟioſ aige ná beaḋ aon ḟáilte ɼoimiſ.
Donnċaḋ Ó Cɼóinín do ſgɼíg. A ṁáṫaiɼ féin d'inniſ.
.png)
Leaṫanaiġ 12–13
.png)
Leaṫanaiġ 14–15
.png)
Leaṫanaiġ 16–17
.png)
Leaṫanaiġ 18–19
.png)
Leaṫanaiġ 20–21
.png)
Leaṫanaiġ 22–23
.png)
Leaṫanaċ 24