An Músgraiġeaċ

Bulletín do Ċáiɼde Ṁúſgɼaiġe

ɼoghnaigh cló

An Músgraiġeaċ Uiṁir 4

Cláɼ

  • 1 Gaeluinn na Leaḃaɼ
  • 4 Ábán Naoṁṫa
  • 6 Coṁaiɼle an tSagaiɼt
  • 10 Aoḋ de Róiſte
  • 13 Tuaiɼim Olltaiġ
  • 14 Fuirm sgurtha an Bhréithir
  • 16 Nóɼa an tSleaſa
  • 18 Áit-ainmneaċa
  • 19 Dioſgán Eile ó Ċúil Aoḋa
  • 22 Cluiċí Leanḃ ſa Ġaeḋealtaċt
  • 22 Deaɼṁadtaí cló ſa Ṁúſgɼaiġeaċ, Uiṁ. 3 [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 23 Leitɼeaċa
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 04–05
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 06–07
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 08–09
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 10–11
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 12–13
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 14–15

Leaṫanaċ 16

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 16–17

Nóɼa an tSleaſa

Ċím go n‑áiɼṁiġeann Seán Ua Cɼóinín Nóɼa an tSleaſa Ní Ċɼíodáin aɼ ḟilíḃ Ḃaile Ṁúiɼne. Ṁolfainn féin áit di i meaſg filí na gnáṫ-ċainnte. Ní móɼ guɼ ċeap ſí aon aṁɼán ceaɼt ɼiaṁ. Aċ maɼaɼ ḋein, iſ filíoċt aɼ fad, geall leiſ, do ſteallaḋ ſí uaiṫe nuaiɼ a ḃíoḋ ſí ag allagaɼ lena coṁaɼſain aguſ lena daoine muinnteaɼḋa.

Ó Ḃéal Áṫa 'n Ġaoɼṫaiḋ dob eaḋ í—óſ na Coɼɼaiġṫe. Do ṗóſ ſí Aṁlaoiḃ Óg ón Slioſ, aguſ iſ uaiḋ do glaoḋtí Nóɼa an tSleaſa ḋi. Ní ḃfuaiɼ ſí aon lá dá ſláinte ó ṗóſ ſí Aṁlaoiḃ, maɼ ba ẛuaɼaċ léi é. " Neiɼḃiſ " a ḃíoḋ ag imiɼt uiɼṫi, do ɼéiɼ deallɼaiṁ. Uaiɼeannta déaɼfaḋ duine éigin léi:  Aiɼiú, níl pioc oɼt.   Fioſ mo ġalaiɼ ċút  adéaɼfaḋ ſí láiṫɼeaċ, maɼ ḟɼeagɼa.

Ḃí cúigeaɼ clainne ag Nóɼa. Ṫug ſí an ḟeiɼm dá hinġin ċɼíona, do Neilí. Do ṗóſ Neilí duine de ṁuinntiɼ Ṡeiṫeaċáin (Hyde) ó Ċaṫaiɼ na Cáṫa. Níoɼḃ ḟada do ɼéiḋtiġ Nóɼa aguſ Hyde le na ċéile. Ċuaiḋ ſí féin aguſ Aṁlaoiḃ i dtigín leo féin aɼ an ḃfeiɼm. Aſ ſan amaċ níoɼ ſtad ſí aċ ag tɼoid aguſ ag aiġneaſ le Hyde, aguſ ag cuɼ na dliġe aiɼ. Do ġaiḃ Hyde aɼ Aṁlaoiḃ Óg lá. Do ɼiṫ Aṁlaoiḃ uaiḋ, aguſ do ẛeiɼḃeáil ſé anſan é go dtí an Ċúiɼt. Ḃí ſé ag deaɼḃú aɼ Hyde guɼ ḃuail Hyde é aguſ guɼ ɼiṫ ſé féin uaiḋ.

 Conuſ a ɼiṫfá‑ſa?  aɼſan t‑atuɼnae a ḃí ag Hyde.

 Do ɼiṫeaſ ċoṁ maiṫ aguſ ḃí an ɼiṫ agam,  aɼſa Aṁlaoiḃ.

Ḃí coinncin [ſic; ɼecte coinncín] bata aɼ Hyde, aguſ ſeo maɼ do laḃaiɼ Nóɼa aiɼ:—

Go deiṁin, a Hyde, ní hiongnaḋ meiḋiɼ oɼt,
Ó fuaɼaiſ gɼeim aɼ an áit ſeo,
'S guɼb é deiɼ Ryan liom náċ aon deaġ-ſhaġaſ tu,
Ó bɼiſeaḋ do ḃɼeill inſ an Ḃláɼnain.

Ḃí féaɼ ḋá ḃó aice aɼ an dtalaṁ, aguſ duḃaiɼt Hyde ná ɼaiḃ aice aċ féaɼ aon ḃó aṁáin—guɼḃ é ſin a ḃí ſa deed. Do ċimeád Nóɼa an dá ḃó, aguſ do leogaḋ ſí amaċ ceann acu ſan oiḋċe aguſ an ceann eile ſa lá, aguſ ní ḃíoḋ aċ aon ḃó aṁáin aice aɼ an dtalaṁ coitianta.

Ḃí ſé ſa ṁaɼgaḋ, leiſ, go gcaiṫfeaḋ Hyde deiċ cɼibeanna móna a ṫaɼɼac ċúiṫe gaċ bliaḋain. Aċ do ḋein Hyde cɼib ná ɼaġaḋ ann aċ ḋá ċiſeán. Seo maɼ do ċáin Nóɼa é:

Tá móin aguſ eaſaiɼ i mullaċ an Fhíoġɼa,
Céad molaḋ le hÍoſa a ċuiɼ ann iad ag fáſ:
Aṁlaoiḃ 'na n‑eaſnaṁ aguſ a ṁaɼgaḋ ſgɼíoḃṫa,
Aguſ iſ bɼeallaċ a ḃí ſé ag Taḋg an Ċúil Ḃáin.

Leaṫanaċ 17

Cléiɼeaċ a ḃí ag Ashe, an feaɼ dliġe, dob' ea Taḋg.

B'ẛeo ɼud eile a ḃí ſa ṁaɼgaḋ, go gcaiṫfeaḋ Hyde bláṫaċ a ṫaḃaiɼt di. Do ċuaiḋ ſí ad iaɼɼaiḋ na bláṫaiġe aiɼ lá, nuaiɼ a ɼugaḋ an ċéad leanḃ do‑ſan. Ḃí Hyde iſtiġ ag niġe meidɼe. Ní ḃfuaiɼ ſí an ḃláṫaċ. D'iompuiġ ſí an doɼaſ amaċ, aguſ d'iompuiġ ſí iſteaċ aiɼíſ aiɼ, aguſ duḃaiɼt:—

Go deiṁin, a Hyde,
Ba ṁóɼ an ɼaiḋſe aɼ ṁnáiḃ tu.
Do niġfá ſoiġiġ aguſ áɼṫaiġe aḋmaid,
A'ſ iſ olc do ɼoinnfá an ḃláṫaċ.

Do ṁaiɼḃ Hyde na ceaɼca uiɼṫe lá, nuaiɼ a ḃí ſí ag Faoiſdin.

Seo maɼ do ċuiɼ ſí ſíoſ aɼ an ngaiſce a ḃí déanta aige:—

Bliain aguſ ɼáiṫe ó ḃíoſ‑ſa ag an ſagaɼt,
Aguſ ċuaſ ann an lá ſo aɼ láṫaiɼ ċun mo ṫeagaſg.
Aɼ filleaḋ ḋom aɼ ṁ'áɼuſ, 'ſ gan me láidiɼ ċun ɼeaṫa,
'S é duḃaiɼt an feaɼ mánla guɼ báſuiġeaḋ mo ċeaɼca.
'S é Hyde an feaɼ fóġanta, 'ſ ní cóiɼ doṁ‑ſa é ṁolaḋ,
Maɼ do ḋein ſé me ſcólaḋ nuaiɼ do leoin ſé mo ċeaɼca.
Dá mbeinn‑ſe 'na ċoṁgaɼ ní leoṁfainn do an bɼanaɼ,
Ṫaḃaɼfinn cic do ſa tóin a ḋéanfaḋ bɼeoite é aɼ feaḋ tamaill.
Gɼeadaḋ oɼt, a ſtócaiġ, náɼ ḟógaiɼ oɼm mo ċeaɼca,
Go gcuiɼinn oɼṫa lópaí nó ſóɼd éigin ceangail,
Saɼa mbeaḋ ſé ag na coṁaɼſain go deo leat le caſaḋ,
'S buaċaillí na gcoṁuɼſan ag déanaṁ geoin díot iſ magaiḋ.

Do laḃaiɼ ſí le Neilí anſan:—

Nuaiɼ a ḃíſ‑e á ṗóſaḋ ċuiɼeaſ ɼóbaí oɼt go talaṁ,
Culaiṫ ḃɼeá nua aguſ bɼóga bɼeá gɼeannta,
Dá mb'áil liom‑ſa gan tu ṗóſaḋ aċ tu ẛeolaḋ ṫaɼ caiſe,
Ní aiɼeoċaḋ na coṁuɼſain go deo aon tɼáċt ṫaɼainn.

Ní leoṁfaḋ Nóɼa d'éinne " cailleaḋ é " a ɼáḋ, aċ " ċuaiḋ ſé aḃaile. " Ċuaiḋ ſí féin aḃaile nuaiɼ a ḃí ſí ſé bliana aguſ tɼí fiċid.

Do ſgɼíoḃaſ ſíoſ an méid ſin go léiɼ díɼeaċ maɼ do ṫáinig ſé a [déanann à d'aſ ɼoim cúnſainí] béal na ſean-daoine aɼ an Ínſe Móiɼ aguſ iad ag ſgoɼuíoċt. Ní miſe do ċeap aon ḟocal ná aon ɼáḋ dá ḃfuil ann.

Nóɼa Ní Scanaill.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 18–19
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 20–21
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaiġ 22–23
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 4
Leaṫanaċ 24