An Músgraiġeaċ Uiṁir 1
Cláɼ
- 1 Áɼ Sgéal Féin
- 3 Focal ón Eagaɼṫóiɼ [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
- 4 Múſgɼaí Uí Ḟloinn
- 6 An tAṫaiɼ Peadaiɼ
- 10 Foclóiɼeaċt
- 15 Filí aguſ Filíoċt Ṁúſgɼaiġe
- 21 Filíoċt na Gnáṫ-Ċainte
- 25 Áit-Ainmneaċa
- 29 Seaċain !
- 30 Aibġitiɼ i gcóiɼ Foġɼaiḋeaċta na Gaeluinne
- 31 Fɼeagɼaí ó Ċoḃaɼ [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
- 32 Cáiɼde Ṁúſgɼaiġe [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
Leaṫanaċ 1
.png)
Leaṫanaċ 01
Áɼ Sgéal Féin
Ní hí an Éiɼe ſeo an Éiɼe a ḃí anallód ann, aċt Éiɼe luċt Béaɼla,
aduḃaiɼt an file fadó, aguſ náċ cead doṁ‑ſa an ċainnt ſin do ċaſaḋ beagán aguſ a ɼáḋ le fíɼinne i dtaoḃ foɼṁóɼ na Gaeluinne atá anoiſ 'náɼ meaſc: Ní hí an Ġaeluinn ſeo an Ġaeluinn a ḃí anallód ann, aċt Gaeluinn luċt Béaɼla! I dtaoḃ amuiġ den Ġaeltaċt iſ é an Béaɼla atá maɼ ṫeangain dúċaiſ ag an muinntiɼ atá ag gaḃáil don Ġaeluinn, aguſ an ċuid againn go ɼaiḃ ſé de ẛeanſ oɼainn an Ġaeluinn d'ḟaġáil ó ḋúċaſ, tá meaſgán meaɼaiḋe oɼainn aguſ anál an Ḃéaɼla ag dul fúinn 'náɼ n‑aiṁḋeoin. Ní hiongna, maɼ ſin, gan againn aċ meaſgán canaṁain, aguſ blaſ an Ḃéaɼla aɼ áɼ gcainnt. Tá cɼuinneaſ aguſ gontaċt aguſ líoṁṫaċt na ſeana-Ġaelgeoiɼí i n‑eaſnaṁ oɼainn.
Leaṫanaċ 2
.png)
Leaṫanaiġ 02–03
An aoiɼ do ḋein an tAṫaiɼ Liam Ingliſ aɼ leaſtaɼ an Ḃɼáṫaɼ iſ bɼeá oiɼeaṁnuiġeann ſí Gaeluinn an lae indiu.
Do ṫɼiall leaſtaɼ don ḃaile ſeo i dtáimſe
Go hÁɼd an Ġeata, 'ſ iſ tapa do meáḋaḋ é;
Ní ɼaiḃ cine 'ſan ċɼuinne naċ táinig
Ag éileaṁ a ndaṫanna a' leaſtaɼ an ḃɼáṫaɼ.
Na ſíoga uaine do buaḋaḋ le Cláɼ Luiɼc
I dtaoḃ a haɼmaiſ maċaiɼe iſ cláiɼſeaċ,
Na ſíoga deaɼga Saſana ɼáinig,
Iſ ɼí na Fɼaíngce na ſíoga bána.
Na ſíoga buiḋe fuaiɼ ɼí na Spáinne,
Iſ ɼug ɼí Loċlann an goɼm go bɼeáġ leiſ,
An ɼoinn ḃí oḋaɼ fuaiɼ foġlaiġ Áifɼic
'S an ċuid do beaɼɼaḋ de ċum madɼa ṫáɼla.*
Níl Cúige na [sic; ɼecte ná] canaṁain ná féadfaḋ teaċt aguſ a ḋaṫ féin d'éileaṁ aſ an leaſtaɼ ſo na Gaeluinne, aguſ iſ baoġal liom guɼb í ſíog ḋeaɼg an Ḃéaɼla an tſíog iſ leiṫne ḋíoḃ go léiɼ. Níl aon loċt agam aɼ Ġaeluinn aon Ċúige, faid a ċoinniġteaɼ í go glan neaṁ-ṫɼuailliġṫe. Má tá ſé i ndán don teangain náiſiúnta maiɼeaċtaint aguſ leaṫanú amaċ aɼ fuaid na tíɼe, oiɼfiḋ cainnt gaċ Cúige ḋi, aguſ ɼaġaiḋ na canaṁainí i ḃfeiḋm aɼ a ċéile de ḃaɼɼ coidɼiṁ Ġaelgeoiɼí oilte aɼ a ċéile. Aċ ſgéal eile aɼ fad iſ eaḋ é nuaiɼ a ṁeaſgann gaċ aon dallaċán na canaṁainí tɼí‑na‑ċéile gan áiɼd aɼ ḋúċaſ ná aɼ léiġeann aċ aɼ nóſ an Ḃɼáṫaɼ do ḃailiġ an t‑im.
Tá gaſɼa beag de Ġaelgeoiɼí ó Ṁúſgɼaiġe anſo i mBaile Áṫa Cliaṫ. Daoine óga an ċuid iſ mó acu, aguſ ana-ẛuim acu á ċuɼ i gcúɼſaí teangan. Tá uɼɼaim acu don Ġaeluinn aguſ meaſ acu uiɼṫe, an Ġaeluinn do ċleaċt a muinntiɼ aguſ a ſínnſiɼ óſ na cianta. Do ḃeaɼtuiġeadaɼ ſo 'na n‑aigne go ndéanfaidíſ díċeall aɼ a gcanaṁain féin do ẛaoṫɼú, aċ nuaiɼ a ḃɼeiṫniġeadaɼ an ſgéal go cɼuinn, do ṫuigeadaɼ ná ɼaiḃ acu aċ an ċaol-ċuid den ċɼuinneaſ ba ḋual dóiḃ. Do ṫuigeadaɼ guɼ beag an bɼí a ḃeaḋ lena gcuid oibɼe go dtí go mbeaḋ dlúṫ-ṫeangaḃáil acu lena ċéile, aguſ go móɼ móɼ lena muinntiɼ ſa ḃaile guɼ ḟan an teanga acu gan meaſgaḋ gan tɼuailliú. Do ḃɼaiṫeadaɼ go ɼaiḃ a lán Múſgɼaiġeaċ eile aɼ fuaid na tíɼe aguſ iad ſa ɼioċt ċéadna, aguſ go ɼaġaḋ teangaḃáil aguſ páiɼtíoċt eolaiſ ċun taiɼfe ḋóiḃ go léiɼ, amuiġ iſ i mbaile.
Ag cuiṁneaṁ dóiḃ aɼ ċúɼſaí an ḃaile, ba léiɼ dóiḃ, fóiɼíoɼ, go ɼaiḃ tobaɼ fíoɼ-ġlan na Gaeluinne ag dul i ndíſg i Múſgɼaiġe féin: na ſean-daoine á gcuɼ ſa ċill aguſ an líoṁṫaċt acu á ḃɼeiṫ leo; an deiſḃéalaċt ag imṫeaċt aguſ dɼaiḃliſ cainnte ag fáſ 'na h‑inead; na haoſóga dall aɼ ẛaiḋḃɼeaſ a n‑oiġɼeaċta aguſ dɼuim láṁa acu á ṫaḃaiɼt léi. Ba
* Coiſ na Bɼíde, leaṫ. 27.
Leaṫanaċ 3
léiɼ guɼ ṁiṫid an meaṫ do ċoſg aguſ aoſóga Ṁúſgɼaiġe do ṁeallaḋ ċun ſuime ċuɼ 'na gcanaṁain féin, aguſ naɼ ṁiſde a ċuɼ aɼ a ſúiliḃ dóíḃ cad é maɼ aiṫiſ a ḃeaḋ tuillte ag an nglúin ſeo dá leogaidíſ di báſ d'ḟaġáil. Iſ é mo ṫuaiɼim féin náɼ ṁiſde an ɼud céadna do ċuɼ aɼ a ſúiliḃ d'aoſóga gaċ Gaeltaċta i nÉiɼinn. Dá gcuiɼtí, níoɼ ḃaoġal don teangain.
Aɼ na ſmaointe ſin do ṫáinig an Cumann nua ſo aguſ An Múſgɼaiġeaċ maɼ ċeangal idiɼ na daoine atá páiɼteaċ ann. Do hiaɼɼaḋ oɼm‑ſa ḃeiṫ im ċeann aɼ an gCumann—im " ċeann ċɼíonna aɼ ġuailliḃ óga "—aguſ do ṫoiliġeaſ ċuige toiſc an dian-ġáḋ atá leiſ an obaiɼ atá beaɼtuiġṫe ag na Cáiɼde. Aċ aɼ éigin iſ ceaɼt Cumann a ṫaḃaiɼt aɼ an gcnóſaċ Gaeḋeal ſo, tɼá 'ſ ná beiḋ ɼiaġlaċa ná bun-ɼeaċt ná cɼuinniġṫe acu; páiɼtíoċt eolaiſ aguſ páiɼtíoċt oibɼe atá uaṫa, aguſ beiḋ An Múſgɼaiġeaċ acu maɼ láṫaiɼ aonaiġ maɼ a ḃféadfaid ſiad aiṫne ċuɼ aɼ a ċéile, aguſ a ſmaointe do noċtaḋ dá ċéile.
Níl agam‑ſa le déanaṁ aċ mo ḃeannaċt do ṫaḃaiɼt don dɼeam atá ag dul i mbun na hoibɼe, ɼud a ḋeinim go fonnṁaɼ. Deiɼeaḋ an tAṫaiɼ Peadaiɼ go ɼaiḃ láṁ Dé i n‑obaiɼ na Gaeluinne. Go dtugaiḋ an Tɼéanláṁ ċéadna ſan neaɼt doſ na Cáiɼdiḃ, aguſ go ɼaiḃ " Baɼɼa naoṁṫa á gcaoinleaċt " aguſ " Gobnait ṁúinte Ḃaile Ṁúiɼne 'na gcúɼam. "
Taḋg Ó Scanaill
Focal ón Eagarṫóir
Rud leat‑ſa an Bulletín ſeo, a ċaɼa. Aɼ ṁaiṫe leat‑ſa atá ſé á ḟoillſiú. Má tá aon ċeiſt ag déanaṁ buaɼṫa ḋuit, cuiɼ ċúinn í, aguſ déanfam iaɼɼaċt aɼ í ɼéiḋteaċ. Má tá aon eolaſ agat a ɼaġaḋ ċun taiɼfe doſ na Cáiɼde, ſeol ċúinn é. Ba ṁaiṫ an ɼud é an gléaſ foġɼaiḋeaċta d'úſáid ċun fuaimeanna do ċuɼ i n‑úil.
Tá caṫú oɼm ná beiḋ againn i mbliana aċ tɼí Ḃulletín. Ḃí ſé mó 'ſ déanaċ nuaiɼ iaɼɼamaiɼ cead aɼ Roinn na Soláṫaiɼtí, aguſ ní ḃfuaɼamaiɼ i gcóiɼ na ċéad ɼáiṫe é.
Leaṫanaċ 4
.png)
Leaṫanaiġ 04–05
Múſgɼaiġe Uí Ḟloinn
Fé maɼ iſ eol do ċáċ, luiġeann Baɼúntaċt Ṁúſgɼaiġe idiɼ Ċaṫaiɼ Ċoɼcaiġe aguſ teoɼa Ċiaɼɼaiġe ṫiaɼ. B'iad na Noɼmannaiġ do ɼoinn an tíɼ 'na baɼúntaċtaiḃ, aċ iſ minic do lean a ɼoinnt-ſin an tſeana-ɼoinnt Ġaelaċ, ſé ſin, na tɼiúċa céad. B'ẛin maɼ a ṫáɼla inſ na cɼíoċa aɼ a dtugaimíd Conndae Ċoɼcaiġe anoiſ. Tɼí baɼúntaċta móɼa do ḃí innte, aguſ iad bunuiġṫe aɼ na ſeana-ṫɼiúċa: Caiɼbɼe, Dúṫ' Ealla aguſ Múſgɼaiġe. 311,300 d'acɼaíḃ atá ſa Ḃaɼúntaċt ſo.
Ó Ċaiɼbɼe Ṁuſc Ṁic Ḟinċaiḋ do hainmniġeaḋ an dúṫaiġ ſeo. Do lonnuiġ a ẛíolɼaċ ſan anſo 'ſ anſúd aɼ fuaid na Muṁan. Ċeiṫɼe tɼeaḃċaiſí ḋíoḃ do ḃí i gConndae Ċoɼcaiġe: (1) Múſgɼaiġe Luaċɼa ſan Iaɼṫaɼ—Tíɼ Uí Aoḋa; (2) Múſgɼaiġe Uí Ḋonnagáin ſa taoḃ ṫoiɼ; (3) Múſgɼaiġe Mitine, a ɼiṫ ċoṁ fada ſiaɼ le Baile Ṁúiɼne; (4) Múſgɼaiġe Uí Ḟloinn, ſa taoḃ ṫiaɼ-ṫuaiḋ, móɼ-dtimpeall na Laoi.
Sa tſean-aimſiɼ ba luġa go móɼ an dúṫaiġ ſeo Ṁúſgɼaiġe Uí Ḟloinn ná Baɼúntaċt an lae indiu. Do ɼiṫ ſí ó Maġċɼomṫa ó ṫuaiḋ ċun Sɼáid a' Ṁuilinn, aguſ ó ṫeoɼainn Ċiaɼɼaiġe ſoiɼ fan na Laoi aɼ an dtaoḃ ṫuaiḋ, ċun guɼ ẛɼoiſ ſí Aḃa na Dɼuipſiġe. Iſ léiɼ go ɼaiḃ Muinntiɼ Ḟloinn i ſeilḃ iaɼṫaiɼ Ṁúſgɼaiġe luaṫ go maiṫ ſan aimſiɼ. Iſ deallɼuiġṫeaċ náɼ ṫɼeiḃ ionta féin iad ſo i n‑ao'ċoɼ. Ó Ḟlon, taoiſeaċ aɼ Uíḃ Eaċaċ Muṁan, iſ eaḋ do ẛíolɼuiġeadaɼ. San ao'ṁaḋ aoiſ déag b'iad muinntiɼ Ḋonnċaḋa an tɼeiḃ ba ṁó le ɼáḋ ſa dúṫaiġ. Ba leo an talaṁ go léiɼ ó Iniſ Céin go Beanntɼaiġe aguſ ó Ḃaile Ṁúiɼne go Maġċɼomṫa. Aċ i láɼ na haoiſe ſin do ṫáinig na Cáɼɼṫaiġ adtuaiḋ ó Ċaiſeal Muṁan 'na gcuiɼeaḋ-gan-iaɼɼaiḋ ,aguſ do ċuiɼeadaɼ ſan, aguſ Muinntiɼ Ṁaṫúna ag caḃɼú leo, an ɼuag aɼ Ṁuinntiɼ Ḋonnċaḋa. Do ṫugadaɼ ſo a n‑aġaiḋ ſiaɼ aɼ Loċ Léin anſan.
Ḃí tɼí géaga deſ na Cáɼɼṫaiġ ann: Na Cáɼɼṫaiġ Ṁóɼa, Na Cáɼɼṫaiġ Riaḃaċa, aguſ Cáɼɼṫaiġ Ṁúſgɼaiġe. Ḃí Cáɼɼṫaiġ Ṁúſgɼaiġe fé láiṁ na gCáɼɼṫaċ Moɼ. An ſocɼú do ḋein na Caɼɼṫaiġ (?) Recte Cáɼɼṫaiġ [toiſc á in Cáɼɼṫaiġ go dtí ſo] i Múſgɼaiġe b'é an t‑aon tſocɼú aṁáin i meaſc Gaeḋeal é go ɼaiḃ coſṁalaċt aige leiſ an nóſ feódaċ do ṫug na Noɼmannaiġ leo anall ó Ṡaſana. Muɼab ionann aguſ taoiſiġ Ġaelaċa eile, ḃí coɼɼaiḋeaċt aguſ leaṫ na dúṫa go léiɼ in' ḟeaɼann-ḃúiɼd ag an gCáɼɼṫaċ, aguſ an ċuid eile ɼoinnte idiɼ ḃuinní den ṗɼíoṁ-ſtoc aguſ na ſeana-ṫɼeaḃċaiſí eile do luiġ fé ſmaċt an Ċáɼɼṫaiġ. Maɼ ġeall aɼ an ſocɼú ſan, d'éiɼiġ leiſ an gCáɼɼṫaċ gɼeim a ċimeád aɼ a ẛealḃaċaiſí d' aindeoin gaċ díċil dáɼ ḋein na Noɼmannaiġ nuaiɼ a leaṫadaɼ ó Ċoɼcaiġ amaċ.
Leaṫanaċ 5
Um an ſéṁaḋ h‑aoiſ déag ní ɼaiḃ táſg ná tuaiɼiſg aɼ Ṁuinntiɼ Ḟloinn i Múſgɼaiġe, aguſ um an taca go dtáinig Eilíſ i gcoɼóinn i Saſana ní ɼaiḃ Muinntiɼ Ṁaṫúna féin ċoṁ toġail aguſ do ḃíodaɼ ɼoimiſ ſin, cé go ɼaiḃ ſeilḃ fóſ acu aɼ ċuid den dúṫaiġ aɼ an dtaoḃ ṫeaſ den Laoi. Aċ ḃí Cáɼɼṫaċ Ṁúſgɼaiġe aɼ ḋuine deſ na taoiſiġ ba ṁó ſa Ṁuṁain. Nuaiɼ éiɼiġ na Gaeḋil amaċ ſa ḃliain 1641 níoɼ ẛoſ doſ na Múſgɼaiġiġ é. Aċ iſ olc a ċuaiḋ ſé ḋóiḃ. Do ċailleadaɼ go léiɼ a gcuid tailiṁ aċ aṁáin Iaɼla Ċlainne Ċáɼɼṫaiġ—b'ẛin é ṫugtaí an uaiɼ ſin aɼ an gCáɼɼṫaċ. Ní ɼó-ḟada do ɼiṫ leiſ ſin aċ oiɼead. Do ġaiḃ ſé páiɼt le Séamuſ Rí, aguſ nuaiɼ do fuaiɼ Liam an láṁ uaċtaiɼ do cuiɼeaḋ a' ſeilḃ é. B' ẛin deiɼe le taoiſiġeaċt Gaeḋeal i Múſgɼaiġe.
Ón oċtṁaḋ h‑aoiſ déag anuaſ, níl le h‑aiṫɼiſ i dtaoḃ Ṁúſgɼaiġe aċ an ſeana-ſgéal iſ eol do gaċ éinne go ḃfuil aon dul-amaċ aɼ ſtaiɼ na hÉiɼeann aige—tiġeaɼnaí tailiṁ, cíſeanna aguſ deaċṁaiṫe, éagcóiɼ a ḋéanaṁ ní haṁáin aɼ ċoɼp na ndaoine aċ aɼ a n‑aigne ċoṁ maiṫ, coſg oɼṫa a gcɼeideaṁ a ċleaċtaḋ ná ſcolaiḋeaċt a ṫaḃaiɼt dá gclainn. Aċ i n‑aindeoin na héacóɼa go léiɼ níoɼ ſgaɼ na Múſgɼaiġiġ lena ndúċaſ. Do ċoinniġeadaɼ gɼeim aɼ ṫeangain a ſinnſeaɼ, aguſ nuaiɼ a ṁeaṫluiġ ſí ſa ṁíntíɼ féin, níoɼ bogaḋ den ġɼeim ſin inſ na baill a ḃí cúl‑le faoḃaɼ.
Leaṫċéad blian ó ẛin nuaiɼ a ḋíɼiġ muinntiɼ na hÉiɼeann aɼ an nGaeluinn do ẛáḃáil ón mbáſ, níoɼ ṫeip an deiġ-ḃeaɼt aɼ Ṁúſgɼaiġe. I Maġċɼomṫa ſeaḋ tionólaḋ an ċéad Ḟeiſ ɼiaṁ. I mBéal-Áṫa-'n-Ġaoɼṫaiḋ do cuiɼeaḋ an ċéad Ċoláiſte Gaeluinne aɼ bun. Aguſ níoɼḃ ḟada go ɼaiḃ Pɼíoṁ-Ċaṫaiɼ na hÉiɼeann
á ṫaḃaiɼt aɼ Ḃaile Ṁúiɼne. Múſgɼaiġeaċ ab' eaḋ an Sáɼ-Úġdaɼ do ṁúin dúinn go léiɼ conuſ pɼóſ na Gaeluinne do ſgɼíoḃ.
Nuaiɼ do h‑áiɼṁiġeaḋ líon na ndaoine i nÉiɼinn ſa ḃliain 1911 do ḃí 9,356 Gaelgeoiɼí i dTuaṫ-Ċeanntaɼ Maġċɼomṫa. Do h‑áiɼṁiġeaḋ líon na nGaelgeoiɼí aiɼíſ ſa ḃliain 1924, nuaiɼ a ḃí Coimiſiún na Gaeltaċta aɼ bun. 6,638 díoḃ do ḃí ſa ċeanntaɼ ċéadna an uaiɼ ſin. Tá móɼán acu aɼ ſliġe na fíɼinne ó ẛin, aċ in‑néaġmuiſ a ḃfuil imṫiġṫe tá an Ġaeluinn go beo buacaċ ſa dúṫaiġ i gcoṁnuiḋe. Má ḟaġann an biɼín beo báſ, iſ aɼ an nglúin ſeo a ḃeiḋ an tɼom tɼom.
Leaṫanaċ 6
.png)
Leaṫanaiġ 06–07
An tAṫaiɼ Peadaiɼ.*
Óſ é an tAṫaiɼ Peadaiɼ iſ oide aguſ iſ ſampla do gaċ Múſgɼaiġeaċ, dob olc an ṁaiſe ḋúinn gan cainnt fé leiṫ a ḋéanaṁ aiɼ. Iſ dóiġ linn, áṁṫaiġ, náċ feaɼɼ ɼud a ḋéanfaimíſ an tuɼuſ ſo ná aṫċló do ċuɼ aɼ leitiɼ ḃɼeá do ſgɼíḃ ſé ſa ḃliain 1894, aguſ do foillſiġeaḋ in " United Ireland " an ḃliain ċéadna. Ní dóċa go ḃfeacaiḋ puinn dá ḃfuil ſuaſ anoiſ í. I n‑éaġmuiſ na cainnte ḃeiṫ aɼ ḟeaḃaſ an tſaoġail, ní náċ iongnaḋ, iſ éaċtaċ maɼ oiɼeaṁnuiġeann na ſmaointe a noċtaṫaɼ ſa leitiɼ an obaiɼ atá idiɼ láṁaiḃ ag na Cáiɼdiḃ. Níoɼ ḋeineamaiɼ d'aṫaɼú aɼ an ſeana-ċló aċ deaɼṁadtaí tuaṫalaċa do ċeaɼtú. Sidí anoiſ an leitiɼ.
Caiſleán Ua Liaṫáin
Condae Ċoɼcaiġe
An ceaṫɼaṁaḋ lá déag de Ḃealltaine, '94.
A Ḋiaɼmuid Uí Ṁuɼċuḋa,
'Nuaiɼ ċuaiḋ an ſgeul amaċ go ɼaiḃ ſgoil Ġaeḋilge le h‑oſgailt i g‑Coɼcaig do ſgɼíoḃ Miċeál Cíoſóg ċuġam ó Ḃaile-Áṫa-Cliaṫ aguſ duḃaiɼt ſé liom litiɼ a ċuɼ ċuġadſa ag innſint duit méid mo ḋúla 'ſa ġnó atá idiɼ láṁaiḃ agad. Tá oſ cionn deiċ m‑bliaḋan ḃ‑fiċead ó ṫoſnaig an dúil ſin agam. Iſ iomḋa lá uaigneaċ atá taḃaɼṫa agam 'ſa méid ſin aimſiɼe ag féaċaint aɼ ṫeangain áɼ ſinſeaɼ ag imṫeaċt aſ an ſaoġal oſ coṁaiɼ mo ẛúl, aguſ mé ag maċtnaṁ aɼ ṁéid a ṫɼuaiġe, aguſ aɼ ṁéid a náiɼe, aguſ éinne do laḃaiɼfeaḋ 'na páiɼt gan de ḋíoluiġeaċt aige le faġáil aċt magaḋ aguſ taɼcuiſne, aguſ an ċeiſt gan ċiall úd, " cad é an ṁaiṫ í? "
Faoi ḋeiɼeaḋ ẛiaɼ ṫall do ɼáinig Muiɼiſ Ua h‑Éalluiġṫe aguſ ċoṁaiɼliġ ſé déanaṁ na ḃ‑focal d'aṫɼuġaḋ, maɼ ḋ'eaḋ go n‑déanfaḋ ſoin ſaoɼáid aɼ ḟoġluim na Gaeḋilge .i. an focal " foġṁaɼ, " cuiɼim i g‑cáſ, d'aṫɼuġaḋ ċum " fóɼe. " Ní ɼaiḃ feaɼ go ɼaiḃ eoluſ aɼ ḟocal Gaeḋilge aige, ó Ḋonnċaḋ Dí go Tiġ Ṁáiɼe, náɼ ṗɼeab láiṫɼeaċ 'na ẛuiḋe, aguſ náɼ ſgɼead, dá n‑glacfaiḋe an ċoṁaiɼle ſin go ɼaiḃ an Ġaeḋealg loitiġṫe glan. Do liuġaſ féin maɼ aon leo aguſ duḃaɼt go h‑áɼd aguſ go dána go m‑b'ḟeáɼɼ í ṁúċaḋ láiṫɼeaċ aguſ í ċuɼ aſ an ſaoġal aɼ fad 'ná an coɼ ſoin do ṫaḃaiɼt dí.
Aſ ſoin do ġluaiſ an t‑aiġneaſ aguſ bíoḋ guɼ ḃ'olc an ċoṁaiɼle a ṫug Muiɼiſ uaiḋ iſ maiṫ an aɼaḋ a ṫáinig aſ. Ḃíodaɼ
* " R " Caol atá ſa ḃfocal ſo. Do ſgɼíoḃaḋ an t‑úġdaɼ féin " Peadaiɼ " uaiɼeannta (c.i.g. " Iſ aguſ Tá, " 1895. Séadna, Cuid Dó 1898). Tá " Peattaiɼ " Ó Longáin le léiġe againn i láiṁſgɼíḃinní do ſgɼíoḃaḋ céad blian ó ẛin.
[Leaṫanaċ 7]
a lán daoineaḋ na g‑codlaḋ aguſ do ḋúiſig ſé iad, nó b'ḟéidiɼ guɼ ciɼte a ɼáḋ, do ḋúiſig an t‑aiġneaſ iad. Tá deiɼeaḋ leiſ an magaḋ aguſ leiſ an d‑taɼcuiſne. Ní cloiſteaɼ anoiſ an ċeiſt, " Cad é an ṁaiṫ í? " Na daoine a ḃí ag obaiɼ le fiċe bliaḋain faoi ṁí-ṁeaſ, tá meaſ aguſ uɼɼaim ag dul dóiḃ anoiſ, aguſ iſ miṫid é.
Do ḃiḋeaſ ag feiſ na Gaeḋilge i m‑Baile-Áṫa-Cliaṫ aguſ ó ẛoin a leiṫ tá ſé buailte iſteaċ am aigneaḋ go n‑déanfaid fiɼ óga na h‑Éiɼeann an Ġaeḋealg do ċoimeád beo, aguſ naċ baoġal dúinn feaſda, le congnaṁ Dé, an maſla aguſ an míoclú a ḃeiḋeaḋ i n‑dán dúinn go deo dá n‑imṫiġeaḋ an Ġaeḋealg aſ an ſaoġal le n‑áɼ linn.
Ḃiḋeaſ oiḋce ag Connɼaḋ na Gaeḋilge i m‑Baile-Áṫa-Cliaṫ, aguſ do taiṫn liom go móɼ cionnuſ ɼinneadaɼ a n‑gnó. Aċt 'nuaiɼ ṫánag a ḃaile do buaileaḋ iſteaċ am aigne go daingion guɼ ṁóɼ go léiɼ an tɼuaġ gan ſgoil Ġaeḋilge i g‑Coɼcaig. Do tuigeaḋ dam an méid ſeo; naċ ḃ‑fuil ſé aɼ ċumaſ Ultaiġ ná Connaċtaiġ Gaeḋealg Muṁan do ġaḃáil le n'aiſ ċóṁ cneaſda aguſ ġeoḃaḋ Muiṁneaċ féin í. Tá ſí i ḃ‑fad níoſ ceolṁaiɼe aguſ níoſ blaſda 'ná Gaeḋealg aon ċúige eile, aguſ daɼ liom, tá an ċuid iſ mó di ċoṁ ceaɼt leo. Tá cuid di, aguſ ní cuid ḃeag, níoſ ceiɼte.
Iſ móɼ go léiɼ an ṁaiṫ, dá ḃɼíġ ſin, ſgoil fá leiṫ do ḃeiṫ i g‑Coɼcaig, óiɼ iſ i g‑Coɼcaig iſ feáɼɼ a tuigfeaɼ aguſ coimeádfaɼ beo i m‑beulaiḃ daoineaḋ, an blaſ Muiṁneaċ úd atá ɼiaṁ molta do'n Ṁuṁain. D'á éaġmuiſ ſin iſ tuaiɼim láidiɼ dam naċ ḃfuil eoluſ na Gaeḋilge ċoṁ ſgaɼṫa i n‑aon ċoɼ le muintiɼ na Muṁan aguſ atá ſé le muintiɼ Ḃaile-Áṫa-Cliaṫ, aguſ dá ḃɼíġ ſin guɼ mó an obaiɼ a ḋéanfaiḋ ſgoil i g‑Coɼcaig 'ná i m‑Baile-Áṫa-Cliaṫ. 'Na ṫeannta ſoin aɼíſ, 'nuaiɼ beiḋ dá ſgoil ag foɼmad le ċéile iſ mó aguſ iſ feáɼɼ an obaiɼ a ḋéanfaiḋ gaċ ſgoil díoḃ ná ḋéanfaḋ ſí na h‑aonaɼ.
Deiɼim gan aṁɼaſ go ḃ‑fuil áɼd-ċɼeideaṁaint ag dul d'ḟeaɼaiḃ óga Ḃaile- Áṫa-Cliaṫ. Do ṫoſnuiġeadaɼ gan léaſ eoluiſ aɼ an d‑teangain. Ḃiḋeaſ cúpla uaiɼ an ċluig 'ſa ſgoil ag éiſteaċt leo, aguſ do ṫánag uaṫa lán d'iongnaḋ aguſ d'áṫaſ. Ċeapaſ naċ ɼaiḃ ſé aɼ ċumaſ éinne, gan taiṫiġe ó'n g‑cliaḃán uiɼṫe, Gaeḋealg do laḃaiɼt ċoṁ cɼuinn aguſ ċoṁ ceaɼt aguſ do laḃɼadaɼ ſúd í am' láṫaiɼ. Beaɼtuiġim, má ɼinneadaɼ ſúd maɼ ſiúd, go ndéanfaid Muintiɼ Ċoɼcaiġe i ḃ‑fad níoſ feáɼɼ, maɼ tá ag muintiɼ Ċoɼcaige eoluſ ó ṫoſaċ naċ ɼaiḃ aco ſúd.
Iſ tɼuaġ náɼ ṫoſnuig an obaiɼ ſeo fiċe bliaḋain ó ẛoin. Ní ḃéiḋeaḋ deaċṁaḋ na tɼioblóide le fáġail aguſ ḃéiḋeaḋ obaiɼ na h‑aimſiɼe againn anoiſ i n‑aiſge. Aċ iſ feáɼɼ déiḋionaiġe 'ná ɼó-ḋéiḋionaiġe. B'ḟéidiɼ náɼ ġɼeánta ḋúinn aguſ tionnſgnúġaḋ anoiſ féin.
Ní féidiɼ an gnó ḋéanaṁ gan coſduſ. Tá bille púnt agam
[Leaṫanaċ 8]
.png)
Leaṫanaiġ 08–09
d'á ċuɼ ċuġadſa 'ſa litiɼ ſeo maɼ ċongnaṁ beag. An ċéad lá ḃeiḋ mé i g‑Coɼcaig ní móɼ dam bualaḋ iſteaċ ċuġaiḃ aguſ eoluſ a ċuɼ oɼaiḃ i d‑tɼeo go n‑aiṫneoċaimíſ a ċéile.
Cuiɼim annſo ſíoſ duit, ó tá an t‑ſliġe agam, aḃɼán a ɼinn file daɼḃ' ainm Uilliam Buingeán do'n Ridiɼe Bɼianaċ .i. Sir Edward O'Brien
Huɼɼá, a Ridiɼe ċumaſaig Ḃɼianaig!
Huɼɼá, a Ridiɼe ṫɼúpa na ſɼianta!
Huɼɼá, a leinḃ náɼ geineaḋ aſ fiaḋaile,
Aċt aſ ceaɼt-láɼ ɼiġṫeaḋ gníoḋ dliġṫe aſ ɼiaġalta!
Mo gɼáḋ‑ſa an leanḃ náɼ eaſgaiɼ i n‑éinḟeaċt,
Aċt d'ḟáſ ſeaċt d‑tɼoiġṫe ċoṁ* taɼa le ċéile,
Mac an ṁaɼcaig do ġɼeadaḋ na méiɼlig
Ó Léim an ċapaill go Mala na méiṫ-ṁaɼt.
Huɼɼá ⁊c.
Sin laċt luinge 'na ṫuile tɼé ẛliaḃ ċuġainn,
D'ḟíon ḃɼeaġ ḃoɼb, gan doiċeall 'na ḋiaig dúinn,
Líontaɼ gloine aguſ fiċe ċum 'Liam de,
Sláinte an Ridiɼe ċumaſaig Ḃɼianaig!
Huɼɼá, ⁊c.
Ní'l ſioɼɼaċ i g‑capall 'ná leanḃ i mnaoi beo†
Ó Ḃunɼaite go Mainiſtiɼ Ínſe
Naċ ḃ‑fuil ag pɼeabaig ċum balaiṫ an ḟíona,
'Guſ é d'á ċaiṫeaṁ ag maiṫiḃ na tíɼe.
Huɼɼá, ⁊c.
D'ḟíontaiḃ deaɼga, laċtna, a'ſ cɼóna,
Píopaiḋe beaṫuiſge, meadɼaċa beoɼaċ,
Bíom o á m‑blaiſeaḋ go m‑blaiſiom go tóin iad,
'S go d‑téiḋiḋ an ġealaċ i ḃfolaċ náɼ mbɼógaiḃ.
Huɼɼá, ⁊c.
Iſ dóiċ liom guɼ beag na h‑aḃɼáin a ḃuail umat ba ḋeiſe 'ná é ſin. Ní ḟeadaɼ cad é an guṫ, nó an ceol iſ cóiɼ a ċuɼ leiſ, munab é " Ó aɼiú, a ẛeanduine, leatſa ní ġeoḃadſa, " nó " The Campbells are Coming. " B'ḟéidiɼ go ḃ‑féadfá féin an púnc ſoin do ɼéiḋteaċ níoſ feáɼɼ ná ḟéadfainnſe.
Tá an litiɼ ẛuaſ ſgɼíoḃṫa le tɼí lá aguſ níoɼ ċuiɼeaſ 'ſa ṗoſt í maɼ ní ɼaiḃ fioſ cɼuinn agam aɼ t'ionad coṁnuiġṫe‑ſe. Aɼ maidin andiu do ṫáinig an foláɼaṁ ċuġam aguſ fuaɼaſ ann an t‑eoluſ a ḃí uaim.
* Foillſiġeaḋ an t‑aṁɼán ſo i n‑Iɼiſleaḃaɼ na Gaeḋilge, Meiṫeaṁ, 1894. " Go taɼa " atá anſan.
† " Níl fiú leanḃ ná ſeana-ḃean ċɼíonda " ſan Iɼiſleaḃaɼ.
[Leaṫanaċ 9]
Tá an ḟógaiɼt ſin go maiṫ. Tá an ċuideaċta uaſal. Tá ſúil agam go n‑oibɼeoċaiḋ gaċ duine a ṗáiɼc féin go dian.
Miſe le h‑áṫaſ móɼ
Do ċoṁuɼſa ionṁain
Peadar Ua Laoġaire.
Do Ḋiaɼmuid Ua Muɼċuḋa, Uaſal,
Ciſdeoiɼ Ċonnaɼṫa na Gaeḋilge
i g‑Caṫaiɼ Ċoɼcaiġe.
An ḃfuil ḟioſ agat?
I.—Cad tugtaɼ aɼ an meaſ nú aɼ na caoɼa ḟáſann oɼṫa ſo: (1) an coll; (2) an dɼoiġean; (3) an dɼiſeog; (4) an ſceaċ ġeal; (5) an caoɼṫann; (6) an ḟeile-ḋɼiſ ?
II.—Cad tugtaɼ oɼṫa ſo: (1) bláṫ an lín; (2) ſíol an lín; (3) na tɼí húiɼliſí aſ a mbainteaɼ feiḋm ċun an lín ullṁú i gcóiɼ ſníṁ ?
III.—Cad tugtaɼ oɼṫa ſo: (1) ſcian gaḃann; (2) apɼún leaṫaiɼ gaḃann; (3) an bloc a ḃíonn fé inneoin; (4) ſoc na hinneona; (5) teine ceaɼdċan ?
(Fɼeagɼaí ó Ċoḃaɼ aɼ leaṫ. 31)
" Ná cuiɼ dúil ad ġaol maɼ iſ díṫ ſleaċta é aguſ díṫ ſéin aguſ díṫ ſaoġail le dí-ċúiſ Dé. "—
Máiɼe Ċoncubaiɼ Uí Loingſiġ.
Leaṫanaiġ 10–13
.png)
Leaṫanaiġ 10–11
.png)
Leaṫanaiġ 12–13
Foclóiɼeaċt.
Seo obaiɼ doſ na Cáiɼde: an uile ḟocal aguſ an uile ɼáiteaċaſ de ċainnt na ndaoine do ḃailiú aguſ do cuɼ ó ḃaoġal báiſ. " Sdó, " adéaɼfaɼ, " ná fuil ſan déanta fadó? " Gan aṁɼaſ. Níl aon Ġaeluinn iſ déine ná iſ díċeallaiġe do ſaoṫɼuiġeaḋ ná Gaeluinn Ṁúſgɼaiġe. Ḃí ſí á ſgɼí' ag an Aṫaiɼ Peadaiɼ ſaɼ aɼ ṫoſnuiġ obaiɼ an Ċonnaɼṫa i n‑aon ċoɼ, aguſ níoɼ ſtad ſé aɼ feaḋ daċad blian de ḃeiṫ á ſaoṫɼú. Níl aon ġné litɼíoċta ón ſgéilín gɼinn go dtí an Bíobla Naoṁṫa ná guɼ ḟág é ɼian a ṗinn uiɼṫi. Do lean ſgɼíbneoiɼí eile ſompla an ṁóɼúġdaiɼ: Diaɼmuid Ó Laoġaiɼe, Seán Ó Cuíll, Máiġiſtɼí Ḃaile Ṁúiɼne, Conċubaɼ Ó Muiṁneaċáin aguſ tuille eile. A ṁalaiɼt de ẛaoṫaɼ a ḃíoḋ aɼ ſiuḃal ag Míċeál Ó Bɼiain. Ní móide guɼ ſgɼíḃ ſé oiɼead aguſ aon líne aṁáin aſ a ſtuaim féin ɼiaṁ, aċ do ċaiṫ ſé a ſaoġal aguſ a ḋúṫɼaċt ag bailiú focal ain-aiṫnide ó ċainnteoiɼí foġanta. Dá ċoṁaɼṫa ſan féin ṫug ſé don Aṫaiɼ Pádɼaig Ó Duinnín i gcóiɼ an ḟoclóɼa lioſt a fada n‑a ɼaiḃ bɼeiſ aguſ tɼí ṁíle focal ann maɼ aon le habaiɼtí ċun a mbɼí aguſ a n‑úſáide do ċuɼ i n‑úil.
Aċ " ſceinneann gɼáinne on ſcillige, " aguſ iſ mó focal bɼeá—aguſ focail ċoitianta cuid acu—náɼ cuiɼeaḋ ɼiaṁ fóſ inſ na foclóiɼí. Siad na gɼáinní ſin atá le bailiú anoiſ, ſaɼa gcaillfí iad. Maɼ ḋeiṁniú aɼ a leiṫéidí ḃeiṫ ann, ſeo ṫíoſ ɼoinnt focal aguſ canaṁainí do bailiġeaḋ ó am go ham aɼ fuaid Ṁúſgɼaiġe.
Neoſfaiḋ na huiṁɼeaċa 'na ndiaiṫe cé uaṫa guɼ haiɼiġeaḋ iad. Níoɼ cuiɼeaḋ aon ṁíniú leo nuaiɼ a meaſaḋ ná ɼaiḃ ſan ɼiaċtanaċ, ná aon uiṁiɼ leiſ na focalaiḃ atá go fóiɼleiṫeadaṁail i mbéalaiḃ na poiblíoċta.
- Aḃac
- A. muice, muicín beag (4).
- Aiṫint
- D'eiɼiġeaſ le haiṫint an lae (1).
- Anagal
- pus, corrupt matter (2).
Cad é maɼ ná fuil ſa duine aɼ fad aċ anagal aguſ foċal
(An tAṫ. Peadaiɼ).- Aoḋaiɼeaċt
- aiɼe ṫaḃaiɼt do ḋuine. An leanḃ nú an ſeanduine d'aoḋaiɼeaċt.
- Aonaċ
- Ḋein ſí aonaċ Ġobnait a' Sgɼiṫin de. D'ḟan ſí amuiġ go ceann cúpla lae (8).
- Anteaſaiḋeaċt
- A. fola ann; ḃí gɼíoſ amaċ tɼína ċɼoiceann (8).
- Baic
- Bata baice. Maide ſiuḃail n‑a mbeaḋ baic ann.
- Baldaɼ
- Duine ɼeaṁaɼ téagaɼṫa. B. de Ṁuinntiɼ Ṁuiṁneaċáin (8).
- Ball
- B. ſinnſeaɼaċta, a family heirloom (1).
- Bigeil
- Sin ſgéal go ɼaiḃ bigeil aiɼ, ſgéal ab ḟéidiɼ a ḃɼéagnú (1).
- Bioɼ
- Aɼ ḃioɼ mo ġlún (2).
- Bladaɼ
- Cainnt. Ní ɼaiḃ aon ḃladaɼ agam leiſ (1).
- Blonog
- Ḃí ſé ag cuɼ blonog a ẛúl amaċ ag ɼiṫ (1).
- Boġɼaċ
- Boṫán caoɼaċ (1).
- Bónaiɼe
- Feaɼ a ḃíoḋ i ḃfeiġil bóna (póna) (1).
- Bɼeillſeaċ
- A clownish fellow.(1).
- Bɼiſ
- Do ḃɼiſ fé. He broke out; do luig ſé amaċ aɼ ḃeiṫ ag ól (1).
- Bɼoid
- B. na bɼáġad. Bɼoid ana-ṁóɼ go léiɼ (2, 3).
- Caiġdeán
- Ḃí an caiġdeán go maiṫ agat leiſ: you had good authority for it (a story) (1).
- Calaféiniúil
- Bleageáiɼd calaféiniúil, bleageáiɼd cɼíoċnuiġṫe (1, 6).
- Caoċ-neanntóg, neanntóg ċaoċ
- Ní ḋóġfaḋ ſí i n‑aon ċoɼ tu (4).
- Caol-ċɼácaċ
- Thin-rumped. Ainṁiḋe c. (1).
- Ceaɼtú
- Ḃíoſ féin ag ceaɼtú ċun dul aḃaile—ag ullṁú (1).
- Clampa, clampa coiſe
- Clubfoot.
- Clampán
- Duine n‑a ḃfuil clampa fé (4).
- Cluipíd
-
- Cuṁgaɼaċ (1, 2).
- Boṫán caoɼaċ (1).
- Coipinéaɼaċ
- Duine díoṁaoin (1).
- Comanndɼaċt
- Cumaſ. Níl ſé im ċomanndɼaċt (1). Níoɼ ṁaiṫ liom ḃeiṫ fé na ċomanndɼaċt ſan (3). MacCionnaiṫ, comóndaɼaċt (245b).
- Coṁnuig
- Ċun coṁnuig, 'n-a ċoṁnuiḋe.
- Coſ
- Iſ maiɼg a ḃíonn i gcoiſ aon ċaoɼaċ (1).
- Cɼannabéan
- Seanduine gan aon ṁaiṫ ann (1).
- Cuic
- Iaɼann ċun na ɼoc do ċuɼ i gcaiḋp. A goffering tongs (1).
- Deiſe
- Ḃíodaɼ go maiṫ aɼ a ndeiſe—well-off (1).
- Diablóiɼ
- A 'twister' (4).
- Dí-ċúiſ
- Díoġaltaſ. Iad ag imiɼt dí-ċúiſe aɼ ḋaoine (1, 7).
- Díſleán
- Deiſealán (3, 7).
- Donálaċ, ag donálaiġ
- Aɼ ſaoṫaɼ. Tá ſé imṫiġṫe ag donálaiġ (1). Tá ſé ag ɼiṫ i gcoinniḃ an ċnuic aguſ é ag donálaiġ (2).
- Do-ɼéiḋ
- Talaṁ do-ɼéiḋ (1).
- Dɼoċ-ṁianaċ
- Evil disposition. Le baɼɼ dɼoċ-ṁianaiġ (1).
- Dɼuim
- Tá ſí aɼ ḋɼuim linḃ. Do cailleaḋ de ḋɼuim linḃ í (4).
- Dúlaiġṫe
- Dian, cɼuaiḋ. Guiḋe go dúlaiġṫe. Aimſiɼ ḋúlaiġṫe. Níl aon ḃaoġal ná guɼ dúlaiġṫe an ſaoġal é fé láṫaiɼ (6).
- Éadaċ
- Éadaċ ſlat—bɼoadcloṫ; éadaċ bannláṁ—homespun (9).
- Eaſnaṁ
- Gan aon ċeann eaſnaiṁ oɼṫa—gan aon ċeann acu i n‑eaſnaṁ (1).
- Éiɼim
- Éiɼím a ṫógaint den ġɼéin, deſ na ɼéilṫiní. To take one's bearings fɼom… (4).
- Fɼáca
- Bean ṁí-náiɼeaċ úġdaɼáſaċ. Fɼáca buile (1).
- Fɼeagaiɼt
- Ḃí f. ṁaiṫ aɼ na héiſc—a " good bite " (1). MacCionnaiṫ (110a).
- Fuaiɼmín
- Stól. F. tɼí gcoſ (1).
- Gaḃaim
- G. len aiſ—I accept, approve of. Ní ġeoḃainn len aiſ an focal ſan (2). Gaḃaim uim—I fail to live up to. Do ġaiḃ an lá uime n‑a ṫaitneaṁ—The day did not turn out fine as it promised. Do ġaiḃ ſé uime n‑a ḋeallɼaṁ. Do ġaiḃ ſé uime n‑a ḟocal.
- Gaṫa
- A gaff. Tugṫaɼ leiſ é aɼ an gcɼúca uſáidfeaḋ duine ḃeaḋ gan láṁ (4, 9).
- Gaṫáil
- Iaſcaċ le gaṫa (2).
- Géin
- Fé na ngéin—fé na ndéin.
- Geaɼɼa-ġaɼſún(1).
- Gilteanna
- Cnaipí pɼáiſ (4).
- Goɼm
- Le goɼm an lae (1). Talaṁ goɼm, talaṁ inġíɼ (4).
- Gɼeaḃaiſc
- Ḃí gɼeaḃaiſc aige á ḋéanaṁ leo ſo, maɼ ḃeaḋ ag leanḃ ag iṫe miſleán nó ag banḃ ag iṫe cloċ (1).
- Inneallaċ
- Duine i.—a fidgety person (4).
- Lag
- Bɼóga laga. Bɼóga déanta de leaṫaɼ éadtɼom (1).
- Lag-ṁiſneaṁlaċt
- Eaſba miſniġ nú ſpɼide (1).
- Leagaḋ, laiġeadú
- Leagaḋ cíoſa (1).
- Liní
- A linney. Tiġ tɼucaileaċ.
- Loċtaċ
- Tiġ loċtaċ—tiġ n‑a mbeaḋ an díon ɼó-leiḃéalta aiɼ (1).
- Loċtaṁail
- Máċaileaċ (1).
- Lóiɼdín
- A butter-spade (1).
- Mála
- Apɼún mála—A. a ḋéanfí de ẛeana-ṁála (1).
- Maɼgaḋ
- Dall an ṁaɼgaiḋ—the fool of the fair (4).
- Meaḃɼuiġim
- Téiġim i dtaiṫiġe aiɼ. Do ṁeaḃɼuiġeadaɼ dul i ſtɼáicín guiɼt (1).
- Miſneaċ
- Ní ḃfuaɼaſ im ṁiſneaċ laḃaiɼt leiſ (1).
- Moill
- Do ḃain na cnaipí moill aſ—do ṁoilliġeadaɼ é (1).
- Nuta
- Nuaiɼ ná beaḋ aon láṁ ċeaɼt ag duine ón ɼuig amaċ, nuta a taḃaɼfí aɼ an ſtúmpa (4). Uta (1).
- Ócáid
- A makeshift. Níl ann aċ ócáid (9).
- Paca
- P. ceaɼc fɼaoiġ (1). Paca olna aċ peall éadaiġ (2).
- Paoɼ
- Ṫóg ſé paoɼ éigin díom féin—he singled me out for special (unfavourable ?) notice (1).
- Peɼcaſaí
- Rudaí bɼeiſe.
- Peataċán
- Giɼiaḋ óg (2).
- Píonuíoċ
- Cɼáin ṁóɼ ṫanaiḋe (2).
- Píoſa nú píſín
- A wooden utensil for skimming (4).
- Pléaſcaḋ
- Ag pl. liom—ag gɼeadaḋ liom (1).
- Póicín
- Tiġ nú ſeomɼa cuṁang (1, 4).
- Póſaí
- P. bán, na póſaiṫe bána, dog-daisies (1). Aon tſaġaſ bláṫanna (2).
- Pɼioc
- Cuiɼ ſé pɼioc ṁagaiḋ (nú pɼiocaduiġeal ṁagaiḋ) ann. He poked fun at him (1).
- Puiɼteán, bannc poɼtaiġ (1).
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Radalaċ
- Tɼéad caoɼaċ (1).
- Raiḃín
- Saġaſ glaiſe. Ravine ? (1).
- Raingléiɼ
- Duine ḃeaḋ ag ól aguſ ag aċɼann. Wrangler ? (1).
- Riobal
- A dish-cloth.
- (?) Recte ɼíobal, cf. Seanaċaſ Aṁlaoiḃ Í Luínſe, 383, líne 16.
- Roc
- A ruck in cloth(1).
- Rónadóiɼ
- Duine a ḃíoḋ ag beaɼɼaḋ na ngéan. Ceannuiġeaḋ ſé an clúṁ aɼ an ngé aguſ í 'na beaṫaiḋ (2).
- Saoɼáid
- Faeſeaṁ (1).
- Scaball
- Díon aɼ cɼuaiċ.
- Scaḃat
- S. beaċ, ſaṫa beaċ (5).
- Scaifléaɼ
- A ſcapulaɼ(1).
- Scioɼta
- Scioɼtaí na caṫɼaċ, ṫe outskirts (5). Cóta ſcioɼtaí, a tail-coat (4).
- Scoṫóg
- The frayed end of a garment (4, 9).
- Smaċail
- A flat nose(1).
- Smúɼálta
- Aġaiḋ ſ.—aġaiḋ ċoiɼtiṫe nú ɼalaċ (1).
- Smúɼ-ɼiaḃaċ
- Duine ſ.—duine n‑a mbeaḋ aġaiḋ ſmúɼálta aiɼ. Caoiɼe ſmúɼ-ɼiaḃaċa (1).
- Stát
- A statement in writing (5).
- Stɼambó
- Duine láidiɼ (1).
- Stɼeambóilín
- S. fiɼ—feaɼ caol áɼd (8).
- Stuaim
- Tóg ſtuaim ċuige—steady yourself for it (1).
- Taḋḃán
- A web-foot(4).
- Téaḃuiḋe
- Pale yellow(4). MacCionnaiṫ (1543b).
- Teaſbaċ ſeoil
- Buile neaṁ-ḋíoḃálaċ a ṫagan aɼ ṁnaoi taɼ éiſ clainne (1).
- Toɼaḋ-ḃeaɼt
- Tiúſgal go mbeaḋ ɼaṫ aiɼ. Duine toɼaḋ-ḃeaɼtaṁail—duine go mbeaḋ éiɼġe a ċoda leiſ (2).
- Tɼeamuill
- Líon iaſcaig (1). MacCionnaiṫ: tɼaimil (877a).
- Uall-ſgéaltaċ
- Ró-ċainnteaċ (1).
- Recte Uṁalſcéaltaċ, cf. 'ûl-ſcéalṫaċ', Scéalaíoċt Aṁlaoiḃ Í Luínſe, 85, líne 32
- Úɼ
- Damp. Fallaí úɼa (1).
- Úṁaiɼeaċt
- Moisture, dampness—úɼṁaiɼeaċt ſa talaṁ. Ḃí úɼṁaiɼeaċt againn indiu (1).
- Úiɼeaċt
- Ú. na coille—coill óg ná beaḋ cuɼṫa le fada (1).
Leaṫanaċ 14
.png)
Leaṫanaiġ 14–15
Sid iad na daoine guɼ h‑aiɼiġeaḋ na cainteanna uaṫa:
- Aṁlaoiḃ Conċuḃaiɼ Ó Loingſiġ, Cúil Aoḋa, a ḋɼioṫáiɼ Doṁnall nú a ḋɼiofúɼ Sioḃán.
- Doṁnall Bán Ó Céilleaċaiɼ, Cúil Aoḋa.
- Bean Ṡeáin Uí Cɼóinín, Baile Ṁic Íɼe.
- Bettí Ní Aɼagáin, Múiɼne Beag, Cúil Aoḋa.
- Doṁnall Ó Mulláin, Scɼeaṫan na nGaṁan, Cúil Aoḋa.
- Pádɼaig Ó Liaṫáin, Sliaḃ Riaḃaċ.
- Míċéal Ó Duinnín, Sliaḃ Riaḃaċ.
- Conċuḃaɼ Ó hÉaluiġṫe, Sgɼeaṫan Móɼ, Béal-Áṫa-'n Ġaoɼṫaiḋ.
- Eiḃlín Ní Ṫuama, Túiɼín Duḃ, Béal-Áṫa-'n-Ġaoɼṫaiḋ, nú a máṫaiɼ.
Eolaſ á Loɼg
Ba ṁaiṫ le Donnċaḋ Ó Cɼóinín eolaſ ḟaġáil aɼ ḃeaṫa na ḃfilí atá ainmniġṫe aige 'na aiſte, aguſ go móɼ móɼ innſintí aɼ a gcuid aṁɼán ḟaġáil.
Tá filíoċt Ḋoṁnaill Uí Ṁ'ɼiain á bailiú ag Máiɼe Ní Ḃuaċalla ó Ḃáɼd Ínſe. Iaɼɼann ſí congnaṁ aɼ éinne go ḃfuil na haṁɼáin aige.
Tá ſgɼíḃinní an Aṫaɼ Peadaiɼ á gcláɼú ag an Aṫaiɼ Seán Ó Caoiṁ. Ba ṁaiṫ leiſ eolaſ ḟaġáil aɼ aon ɼud dáɼ foillſiġeaḋ ɼoim 1900, aguſ aɼ leitɼeaċa pɼíoḃáideaċa ón Aṫaiɼ Peadaiɼ.
Tá Síle Ní Éaluiġṫe ag loɼg eolaiſ aɼ ḋaṫanna aguſ aɼ ḋaṫúċán.
Tá Miċéal Ó Céilleaċaiɼ ag bailiú eolaiſ aɼ ẛaoṫaɼ Ḋiaɼmuid Uí Laoġaiɼe.
Leaṫanaċ 15
Filí aguſ Filíoċt Ṁúſgɼaiġe
An té ċaiṫfeaḋ ſcaṫaṁ ag ſeanċaiḋeaċt le ſeana-ċainnteoiɼ i nGaeltaċt Ṁúſgɼaiġe, níoɼ ṁóɼ do adṁáil go ḃfuil an teanga ſa dúṫaiġ ſeo go bog aguſ go binn aguſ go blaſta ṫaɼ meon. Ní tógṫa aiɼ a ẛaṁlú náċ foláiɼ nó go ɼaiḃ ſí ṫaɼ baɼɼ amaċ maɼ ẛáſ filíoċta an tɼáṫ do ḃí na filí níoba líonṁaiɼe ſa ḃall ſan ná maɼ atáid anoiſ. Aguſ dob ḟíoɼ an ſaṁlú ḋo é. Ní haon ſcaoṫaiɼeaċt againn é a ɼáḋ guɼb í " teanga na ḃfilí aguſ na n‑úġdaɼ pɼóiſ í, " ná ní haon ṁaoiḋeaṁ gan cuɼ leiſ againn é. Iſ beag má tá taoḃ tíɼe eile i nÉiɼinn a ḃainfeaḋ baɼɼ filíoċta ó Ṁúſgɼaiġe maɼ le líonṁaiɼeaċt filí aguſ maɼ le fiúntaſ aguſ le fuinneaṁ a gciúta.
Dá ċoṁaɼṫa ſan féin, níl éinne a ċuiɼeann ſuim i gceol ná i ḃfilíoċt na tíɼe náɼ aiɼiġ teaċt ṫaɼ Ṁáiɼe Ḃuiḋe, nó ṫaɼ Ḋonnċaḋ Dall Ó Laoġaiɼe nó ṫaɼ Ṡéamuſ Móɼ Ó Muiṁneaċáin. Ná ní dóċa go ḃfuil aon ċnóſaċ de ṗɼíoṁ-ḟilíoċt againn atá i n‑uiɼeaſa déantúſaí ó Ṁúſgɼaiġe. Siné an leaċt a ṫóg filí an tſeana-ẛaoġail dóiḃ féin,—leaċt iſ buaine aguſ iſ maɼṫannaiġe ná aon leaċt dob ḟéidiɼ d'éinne eile a ṫógaint dóiḃ, maɼ go gcimeádfaɼ a gcuid filíoċta go daingean diongḃálta i gcɼoiḋe aguſ i n‑aigne gaċ deaġ-Ġaeḋil go dtí go gcuiɼfeaɼ i gcill é.
Óſ ag tɼáċt aɼ leaċtaiḃ dúinn é—beagán blianta ó ẛin go cuiɼeaḋ i gcló i Scéala Éiɼeann litiɼ á ċuɼ 'na luiġe aɼ ṁuinntiɼ Ḃaile Ṁúiɼne guɼ cóiɼ dóiḃ leaċt cuiṁne a ṫógaint dá ḃfilíḃ féin aɼ nóſ na Spéiɼ-ṁná a ḃí tógṫa ag Gaeḋealaiḃ Ċiaɼɼaiġe. Ḋein feaɼ na litɼeaċ úd do ſgɼíoḃa bɼaiſeal d'ḟilíḃ na dúṫa do luaḋaḋ. Máiſeaḋ, níoɼḃ ḟada go ɼaiḃ an taɼna feaɼ i láɼ an aonaiġ aguſ " bɼeiſ-lioſta fada d'ḟilíḃ Ṁúſgɼaiġe le gɼafaḋ " aige, aguſ gaḃaim‑ſe oɼm náɼ ṁóɼ toiɼt a ḃeiṫ ſa leaċt aɼ a mbeaḋ an lioſta ſo gɼeanta.
Meaſaim náċ ſaoṫaɼ i n‑aiſteaɼ dom a ḃfuil i gcló de ḋéantúſaí na bfilí ſin do ċuɼ ſíoſ anſo. Aſ an gCláɼ Litɼiḋeaċt do ċuiɼ an Doċtúiɼ de hAe le ċéile do fuaɼaſ an ċuid iſ mó den eolaſ. Áiɼṁeoċad, leiſ, ɼoinnt ḃeag filí náɼ hainmniġeaḋ i n‑aon ċeann den dá lioſta. Cuiɼfead ɼéiltín 'na ṁéiɼ-aɼ-eolaſ ɼoime n‑a n‑ainmneaċa ſan.
Máire Ḃuiḋe Ní Laoġaire
- Filíoċt Ṁáiɼe Ḃuiḋe Ní Laoġaiɼe. An tAṫaiɼ Donnċa Ó Donnċú, M.A., do ċnuaſuiġ. Baile Áṫa Cliaṫ, 1931.
* Nell Ní Ṁurċaḋa
- Aṁɼán na nGaḃaɼ.
Leaṫanaiġ 16–19
.png)
Leaṫanaiġ 16–17
.png)
Leaṫanaiġ 18–19
Diarmuid Mac Seáin Ḃuiḋe Mac Carrṫaiġ.
- Aṁɼáin Ḋiaɼmuid mac Seáin Ḃuiḋe. Taḋg Ó Donnċaḋa do ċuiɼ i n‑eagaɼ. Baile Áṫa Cliaṫ, 1916.
Eoġan An Ṁéirín Mac Cárṫaiġ
- A ċnú ċailce ċléiḃ 'ſ a ɼún ġil na n‑ae.
- A ċomplaċt ġlan ċaoṁ-ċɼoṫaċ ċaoin.
- A ġéag de'n Ċaɼṫaċ-ḟuil ċeannaiſ ba ċaḃaɼta i ngníoṁ.
Doṁnall Ó Cróinín
- Iſ ciaċ liom na hIaɼṫaiɼ ḋá gcáine agat.
Seán Máistir Ó Conaill
- Conntae Coɼcaiġe maɼ aon le móɼ-ċɼíoċaiḃ Éiɼeann go h‑uile. (Baɼántaſ Ṡeáin Tuíncéaɼa.)
- Um Ċáiſc nuaiɼ ṫíġeann ċun tiġe feaɼ Eagailſe.
- Aɼ bɼuaċ na Laoi inſ an oiḋċe caſaḋ me.
- Adṁuim féin le déaɼaiḃ, deaɼḃaim. (Faoiſdin Seáin Uí Ċonaill.)
- Adṁuim mo ḃeaɼta anoiſ go déaɼaċ duḃaċ. (An taɼna faoiſdin.)
- Gleann Cam.
- An Goiɼtín Eoɼnan.
Maṫġaṁain Aeraċ Ó Conaill
- A ḃɼáiṫɼín gaoil le n‑a ſgaoilfinn ṁ'aigne.
Diarmuid Ó Cruaḋlaoiċ
- A Cɼoċúiɼ ṁóiɼ a' ċɼoiḋe 'ſtiġ, iſ díṫ aguſ iſ danaid liom. (Málaí Ṫaiḋg Uí Suiḃne.)
- A Ṗádɼuiġ, a ſtóɼuig, ó tánn tú go bɼónaċ.
- An té ċífeaḋ me an lá úd ag imṫeaċt iſ mo láiɼ fúm. (An tEaċ Bacaċ Lúṫṁaɼ.)
- Iſ atuiɼſeaċ cáſṁaɼ bog tamaillte cɼáite. (Cat Ḋiaɼmuid na Beáɼnan.)
- Tá buaċaill aɼ ṁ'eolaſ ſ iſ bɼón liom a ẛliġe. (An Poni Beag Buiḋe.)
Diarmuid Mac Séamuis Ó Conċuḃair
- Iſ duḃaċ me le ſealad gan aiteaſ im bɼéiṫɼiḃ. (An Feaɼɼ Leogaint d'Ól ?)
- Coiſ Abann Ġleanna an Ġaoɼṫaiḋ iſ Claedeaċ na gCíġeanna.
Peadar Ó Conċuḃair
- Iſ duḃaċ atáim im aigne. (Na Tɼumpaí.)
Conċuḃar Ó Deasṁuṁna.
- A óig-ḃean ṁúinte ḃanaṁail ġeanaṁail ḋeaġ-eolgaiſ. (Feaɼ Siuḃail ag Éileaṁ a Ċíoſa)
- Go mbeannuiġṫeaɼ duit, a ḃɼuinneall. (Feaɼ na mBataí Cɼoiſe.)
- Máṫaiɼ Ṗíneam Peánam.
- Iſ móɼ é ṁ'iongnaḋ, a Ṡíle ḃeag. (Síle Ḃeag.)
- Le gean Ríoġ na Naoṁ do ẛlioċt Éaḃa ba ċuiḃe leiſ. (Duan an Oiɼeaċtaiſ, 1906.)
- Tá gaiḋɼín beag geaɼɼ agam. (An Gaiḋɼín Beag Taiɼḃṫeaċ.)
- Táim‑ſe aɼíſ fút am ẛuiḋe aiɼiú a ḃó ḃeag. (Duanaiɼeaċt Mná ag Cɼúṫ Bó.)
- A Rún ġil 'ſ a ſtóɼ, iſ bɼónaċ liom.
- Aɼ ċualaḃaiɼ fóſ an ſcéal.
Taḋg Ó Duinnín
- A ḃile na dtɼeon de ṗóɼ-ẛlioċt Éiḃiɼ.
* Donnċaḋ Ó hÉaluġṫe
- Móɼaḋ ḋuit, a ḋuine. (Eaċtɼa an Ṗacaiɼe aguſ na Cailliġe.)
Dáiḃí Mac Pádraig Ó hIarḟlaiṫe
- Aɼaoiɼ a'ſ me im aonaɼ, coiſ taoiḃ fleaſca an Ġaoɼṫaiḋ.
- A eaſbuig, a ċiſte, a ċuiſle ċɼoiḋe gan ſnaſ.
- Cúiſ mo leanna‑ſa an ċolann go dɼúiſeaṁail dian.
Pádraig (Mac Dáiṫ) Ó hIarḟlaiṫe
- Ceo dɼaoiḋeaċta ẛeol oiḋċe ċun fáin me.
- Tá mo ċoſa ɼó-ṫinn iſ a leiġeaſ ag an Aon-Ṁac.
An tAṫair Pádraig Ó hIarḟlaiṫe.
- A ġéag de'n Ċaɼṫaċ-ḟuil ċeannaiſ ba ċaḃaɼta i ngníoṁ.
* Tomás Óg Ó hIarḟlaiṫe
- M'uċlán, mo ḋíombáiḋ, mo ċiaċ, mo ċnoc.
Uilliam Ó hIarḟlaiṫe
- Níl agam de ġɼéiṫɼe an tſaoġail co n‑a ṁeaḃlaiġ.
- Siné an Seoiɼſe ceannuiſ ḃí indé aca i ſtát.
* Diarmuid Buiḋe Ó Laoġaire
- A Ḋaɼmuid Uí Laoġaiɼe, duḃaiɼt ainniɼ na gcɼaoḃ liom.
* Diarmuid Ó Laoġaire
- Éiſtiġ liom, a ċáiɼde 'ſ a ḃɼáiṫɼe 'n deaġ-aigne.
- I mbláṫ na hóige tɼáṫ dom féin.
- San ḃfoġṁaɼ dom i mbliaḋna gan tuiɼſe ná diaċaiɼ.
- Táimíd go duḃaċ le ſealad.
- A Ṡeoiɼſe 'n Ċuɼtánaiġ, níoɼ ċloiſeaſ aṁɼán uait.
- Céad fáilte ɼoṁat, a leanḃ.
- A Ġaeḋil na nGaeḋeal, a ẛáiɼ-ḟiɼ, ní hiongnaḋ tu go cáſṁaɼ.
- A Ḋáṁa léiġeannta ẛéiṁe ġeala ṁúinte.
- Mo ċuṁa, mo ċaoi, 'ſ a ċáiɼde gaoil.
- Iſ dealḃ an ſgéal é 'ſ iſ déaɼaċ damanta.
Doṁnall Ó Laoġaire.
- Aɼaoiɼ iſ me ag maċtnaṁ 'ſa g caiſmiɼt tɼém ſmaointiḃ.
- Do ṫaiſdileaſ lá go Béal-Áṫa-an-Ġaoɼṫaiḋ.
- Ní ɼó ṁaiṫ an aiṫne tá agam go dtí ſo.
- Iſ mó ná ſeaċtṁain ó léiġeaſ ɼanna ſa ġlóɼ Ġaeḋealaċ.
Donnċaḋ Dall Ó Laoġaire
- A Ṡiollaiɼe ẛultṁaɼ guɼ ṫugaiſ do ḃaɼaṁail fúm.
- Do ḃíoſ im leabaiḋ, go hatuiɼſeaċ tɼéiṫ im luiġe.
*An tAṫair Peadair Ó Laoġaire
- Ó téanaig i n‑aonḟeaċt. (Adeste Fideles.)
- Molam go háɼd le gáiɼ i n‑aonḟeaċt. (Pange Lingua.)
- Móɼa ḋuit aɼ maidin. (Ave Maris Stella.)
- A Ṫɼíonóid Naoṁṫa, a aon Dia aṁáin.
- Molaḋ go deo leat, a Ṗápa na Róṁa.
- A Ṁáṫaiɼ Aon-Ṁic Dé na gcóṁaċt. (Gein gan Teiṁeal.)
- A Ṫiġeaɼna Íoſa Cɼíoſt, mo ġɼáḋ do ċɼoiḋe.
- Ḃí Faċtna Naoṁṫa, an Mongaċ Léiġeanta. (Saint Fachtna's Temple.)
- Mo ġɼáḋ tu, a ṁaidion ḃán. (Aíde Ċeallaiġ.)
- Clog Binn an Aingil. (Muiɼe Ṁáṫaiɼ i Louɼdeſ.)
- Sláinte an Uaſail Ḟoġanta. (He's a jolly good fellow.)
Taḋg Buiḋe Ó Laoġaire
- Sé mo ḃɼóinċɼeaċ náċ Doṁnall iſ ainm dam ḟéin.
Diarmuid Ó Longa
- Mo ġɼeada, mo ċɼáḋ, mo ċáſ, mo ṗéin am' púiɼ. (Maɼḃna aɼ ḃáſ Ḟínġín Ṁic Cáɼṫaiġ, Eaſpog Ċoɼcaiġe, 1810).
Donnċaḋ Bán Ó Loingsiġ
- 'S a Ṁáiɼe Ní Laoġaiɼe ó ṫaoḃ an Ċéama (Donnċa Bán Ó Loingſiġ aguſ Máiɼe Ḃuiḋe Ní Laoġaiɼe.)
" Pad " Buiḋe Ó Loingsiġ
- Tá ainniɼ aɼ an ſaoġal ſo, céim iſ fíoɼ.
Diarmuid Ó Muiṁneaċáin (" Ḋá Ċíċ Danann. ")
- Tá a ċuid filíoċta ſo bailiġṫe ag Fiaċɼa Éilgeaċ, aguſ beiḋ ſí le faġáil i ḃfuiɼm leaḃaiɼ aon lá feaſta.
Séamus Mór Ó Muiṁneaċáin
- A ẛaoṫaɼ fileata, maɼ aon le geaɼɼ-ẛeanċaſ aɼ a ḃeaṫa. Conċuḃaɼ Ó Muiṁneaċáin do ċnuaſuiġ. Baile Áṫa Cliaṫ, 1940.
Conċuḃar Máiġstir Ó Ríoġḃárdáin [sic; recte Ríoġḃardáin]
- A Ḃainɼíoġan na mBainɼíoġan 'ſ a ṁaiſe na mbé.
- Féaċ, a ṗeacaiġ, a ṗeaɼſa na pɼíoṁ-uaille.
- Adṁuim féin go déaɼaċ díṫɼeoɼaċ.
- A ċúilḟionn taiſ, ba ċlúṁail, cneaſta, múinte, blaſta, béaſaċ.
- Aiſling do ċɼéaċt-ċéaſ me ṫaɼ báɼɼ amaċ.
- An ɼéaltan tɼé'ɼ milleaḋ.
- An tan do ḃíodaɼ Gaoiḋil i nÉiɼinn beo.
- Tɼáṫ iſ tɼéiṁſe ṫaiſdiolaſ.
- Aſ tuiɼſeaċ tɼéiṫ lag faon gan fuinneaṁ.
- Innſíd iſ áiɼṁíd guɼb ábalta an ɼéic me.
*Míċeál Ó Tuama (" George Curtin. ")
- An ḃfeacaḃaiɼ‑ſe Seán ó ḃaɼɼ an ċnuic.
- Um ṫɼáṫnóna 'ndé ſeaḋ ċualaſ‑ſa ſcéal.
An tAṫair Doṁnall Ua Niaḋ
- Do ṫɼiallaſ na cianta 'ſ na háiɼd anoiɼ.
Sidé anoiſ faɼɼaſbaɼɼ an dá lioſta,-filí ná fuil tuaiɼiſg ſa Ċláɼ úd aɼ éinní dáɼ ċumadaɼ:
- Liam Ó Suiḃne.
- Peadaiɼ Ó Féiċín, " Tɼúipéaɼ na Bláɼnan. "
- Máiɼe Ní Ċɼuaḋlaoiċ (Sapṗo na Muṁan).
- Ó hÉaluiġṫe Ḋoṁnaiġ Ṁóiɼ (Oiliḃéɼuſ Ó hÉ.)
- Taḋg na Súl mBeag Ó Ríoġḃaɼdáin.
- Aeḋ Ó Bɼiain ó Ġleann na Láinge.
- Taḋg Ó Síoṫċáin ón áit gcéadna.
- Liam Aeɼaċ Ó Conaill ó Aċaḋ Bolg.
- An tAṫaiɼ Seán Ó Niaḋ ó Moċɼomṫa.
- Doṁnall " aeɼſ " Ó Súilleaḃáin ó Ṫíɼ na Speadóige.
- Donnċaḋ Ó Muɼċaḋa an Ġuail.
- Seán 'ac Doṁnaill Uí Ṡúilleaḃáin ó Moċɼomṫa.
- Seán Ó Luaſaiġ, " Poet " [sic; an cló Gaelaċ atá ſa ḃuntéacſ] an Leaſa Buiḋe. 1
- Taḋg Ó Ríoġḃaɼdáin ó Ḃaile Ṁúiɼne.
- Míċeál Ó Loingſiġ ón áit gcéadna.
- Doṁnall Ó M'ɼiain ón áit gcéadna.
- Seán Ó Súilleaḃáin ó Ṫuaṫ na Dɼoman.
Níl filí uile Ṁúſgɼaiḋe anſo agam, aċ tá a ḃfuɼṁóɼ. Tuigfeaɼ ná fuil i gcló dá gcuid ſaoṫaiɼ aċ an beagán, i dtaoḃ a'ſ guɼ blaſta maɼ ḃeagán é. Tuigfeaɼ fóſ go ḃfuil an duiḃlíonaċ ɼócán aguſ leaṫ-ɼann bɼeacaiṫe aɼ ẛeana-nuaċtánaiḃ aguſ naċ fuiɼiſt iad ſan a ċláɼú. Tá fóſ ſeó ẛaoġail den ḟilíoċt le faġáil i láiṁſcɼíḃinníḃ, aguſ móɼ-ċuid eile cuɼṫa i dteannta na maɼḃ " fé ḃɼat i n‑úiɼ " aguſ gan faġáil againn anoiſ ná go bɼáċ uiɼṫi, maɼ náċ dóċa go mbeiḋ aɼ áɼ gcumaſ cleaſ na Tána a ṫaɼɼac ċúġainn.
1 Iſ dóig [ſic; ɼecte dóiġ] liom féin guɼḃ é Seán do ċúm " An Banḃ "
Leaṫanaċ 20
.png)
Leaṫanaiġ 20–21
Ba ṫuaiɼim láidiɼ don Aṫaiɼ Peadaiɼ ná fuil aon ġné d'obaiɼ na Gaeluinne iſ táḃaċtaiġe ná cnóſaċ na filíoċta aguſ na ſean-aṁɼán. Ba ṁinic é á ḋeaɼḃú go ḃfaċtaɼ ionnta ſan canṁainí aguſ coṁgaiɼ cainnte na [ſic; ɼecte ná] fuil a leiṫéidí le faġáil i n‑ao'ḃall eile. Duḃaiɼt ſé guɼ ḋein ſé féin gaċ díċeall aɼ na coɼɼa cainnte, oiɼead acu aguſ guɼ eiɼiġ leiſ cuiṁneaṁ oɼṫa, a ċuɼ 'n-a ċuid leaḃaɼ. Aċ b'éigean do é ṫaḃaiɼt ſuaſ doſ na haṁɼánaiḃ—aɼ neaɼt, aɼ ġontaċt, aguſ aɼ ẛnaſ na cainnte atá ionnta. Aon uaiɼ go mbíoḋ meaɼaṫal aiɼ, ní ḃíoḋ le déanaṁ aċ caſaḋ ċun na ſean-ḟilíoċta, aguſ ḃíoḋ annſúd aige, gan éiſlinn ná eaɼɼáid, caiſe de Ġaeluinn ġléigeal. Má ba ɼiaċtanaċ aguſ má ba ṫaiɼfeaċ maɼ obaiɼ do‑ſan an tſuim go léiɼ a ċuɼ inſ na ſean-aṁɼánaiḃ, náċ ɼiaċtanaiġe aguſ náċ taiɼfiġe go móɼ fada ḋúinn-na a leiṫéid a ḋéanaṁ.
Tá taoḃ eile fóſ den obaiɼ ſeo aguſ ba ċaillte an ḃeaɼt againn é ḋá ndeinimíſ failliġe ann. Sé ní é ſin ná an ceol.
Tá na ſean-ḟuinn go binn miliſ aeɼaċ
Iſ na haṁɼáin féin gan aon loċt.
Dá ḃinneaċt aguſ dá ḃlaſtaċt aguſ dá ċeolṁaiɼe iad na duanta féin, iſ binne aguſ iſ blaſta auſ iſ ceolṁaiɼe ṫaɼ na beaɼtaiḃ iad an uaiɼ a cuiɼteaɼ guṫ leo, fé maɼ a ḋeinid na ſean-daoine. De ḃɼí go ḃfuil an ċiall aguſ an ceol fiġte fuaiġte 'n-a ċéile ba ċóiɼ ná déanfaimíſ neaṁ-ẛuim den ḟonn. Ġluaiſ an ċainnt ón inċinn, aċ ó ḃéal an ċɼoiḋe laiſtiġ a ṫáinig an ceol.
Deiɼ áɼ ngaiɼm-ſcoile linn guɼ " féidiɼ an beo do ċuɼ ó ḃaoġal báiſ. " Díɼiġmíſ aɼ an obaiɼ ſeo le dúṫɼaċt, maɼ obaiɼ ṫaiṫneaṁaċ innte féin iſeaḋ í, aguſ tugann ſí cae ḋúinn aɼ ṁeon na ſeana-ṁuinntiɼe a ṫuiſgint aguſ a ṫaḃaiɼt linn. Páiɼtíoċt oibɼe an ɼud atá beaɼtuiġṫe ag na cáiɼde, aguſ iaɼɼaim aguſ aċuiním aɼ gaċ éinne a ċion féin den obaiɼ a ḋéanaṁ ċun na ſean-ḟilíoċta do ḃailiú aguſ do ẛoláṫaɼ dúinn.
Ní ḃeiḋ aon tɼáċt anſo aċ aṁáin aɼ ẛaoṫaɼ na ndaoine ſin atá anoiſ aɼ ẛluaġ na maɼḃ. Iſ fíoɼ go ḃfuil neam-meon filí ó Ṁúſgɼaiġe againn i gcoṁnuiḋe a ċleaċtann an ɼannaiḋeaċt. Guɼa fada buan ſan obaiɼ iad. Aċ an gad iſ gioɼɼa don ſcóɼnaiġ i gcoṁnuiḋe. Bɼoſtuiġteaɼ ċun a ḃfuil fágṫa den tſean-ḟilíoċt do ċuɼ ó ḃaoġal ha huaġa. Cuiɼfeaɼ cló anſo aɼ an gcuid iſ feaɼɼ di, aguſ fé maɼ a ċnóſuiġeann tɼiopall beaɼt, i ndiaiḋ aɼ ndiaiḋ méadófaɼ aɼ áɼ n‑eoluſ aɼ an ṁuinntiɼ ſeo do ḋein véaɼſaiḋeaċt ẛoilḃiɼ ġɼinn dáɼ ſinnſeaɼ nuaiɼ a ḃí aḋḃaɼ an ġɼinn acu, do ḋein tuiɼiṁ ṫinn-ḃɼónaċa ḋóiḃ i dtaoḃ na niṫe ba ṫɼúig ġuil dóiḃ, aguſ do ċoṁaiɼlig aguſ do ġɼíoſ iad ċun a gciɼt do ẛeaſaṁ i gcoinniḃ éiɼliġ aguſ léiɼ-ſgɼioſa aguſ leaṫ-ḃfaḃaɼ.
Donnċaḋ Ó Cróinín
Leaṫanaċ 21
Filíoċt na Gnáṫ-Ċainte
Seán Ó Sé, do fuaiɼ báſ le déanaí i n‑aice Ḃaile 'n Sgelig i nÍḃ Ráṫaċ, feaɼ ab ea é " go ɼiṫaċ cainteana ċuige uaiɼeanta ana-ṫiuḃ ". 1
Náċ tu Seán Ó Se?
aɼſa feaɼ leiſ lá.
Miſe Seán Ó Sé (duaiɼt ſiſean)
Gan lúṫ gan léim
'Tá tnáit' ón ſaol gan ṁaṫ;
Aguſ go mb'ḟeáɼɼ liom féin
Ná úɼ mbáſ go léiɼ
Go mbein i n‑aoſ a ſeaċt!
Stɼóinſéiɼ do caſag eɼ lá eile—aguſ do laḃaiɼ ſé Béaɼla ċúm,
aduaiɼt Seán, aguſ dob ḟeáɼɼ liom‑ſa 'n Ġaoluin ná 'n Béaɼla, aguſ ſid é 'n fɼeagaɼa ṫugaſ eɼ:
Ní laḃɼaim Béaɼla 'n-é' ċoɼ i gceaɼt ná 'gcóiɼ,
Aguſ níoɼ múineaċ léun dom aċ a' ċaol-ċuid go léiɼ, mo ḃɼón!
Do ḃí 'n gnó 'glaoċ ċún déanta, 'guſ gan coḃaiɼ 'na ċóiɼ;
Aſ d'ḟág ſuin mi tɼaoċta go tɼéiṫ-lag ó ɼóṁaɼ na ḃfód.
Duine muínteaɼṫa ḋom,
aduḃaiɼt Seán liom tamall 'na ḋia' ſan an lá céadna, ſa ḃliain 1932—Duine muínteaɼṫa ḋom do ḃí lé tɼí bliana 'ſ dahad i nAmeɼice, do ḃí filíoċt aige; aguſ do ṫánguig ſé 'nall, tá cúig ḃlian' ó ẛin. Ní fada ḃí ſé 'ḃfuſ i ḃfoċaiɼ na ndaoine muínteaɼṫa nuaiɼ d'imi ſé 'ɼíſ. Ní ɼaġaċ ſaé go deó an'—ḃí ſé ċóṁ huaigineaċ ſan ag imeaċt—maɼa mbeaċ an ċlann a ḃeiṫ 'na ḋiaig an' i nAmeɼice. Ṫug ſé tɼí ṗóg don ṗáiɼc ſan áit go ɼoiḃ na báid a' teaċt iſteaċ ó ḃeiṫ ag iaſgaċ.
Aċ do ḃuaileaſ féin leiſ an lá ẛaɼ aɼ imi ſé. Aċ ſid é maɼ aduaɼt leiſ:
Dob ḟeaɼɼa ḋoit lonnú 'nſan áit ſeo
Ná ḃeiṫ ag imeaċt ṫaɼ ſáile 'ɼíſ,
Go ḃfaġfá aiṫɼí 'guſ báſ maṫ,
Aſ go gcuiɼfí do ċnáṁa fén líog.
Do ḃeaċ píopaí 'ſ tobac aɼ cláɼ oɼt,
Póɼtaɼ le fáil aguſ fíon;
Aguſ do ċaoinheaċ do ċáiɼde go háɼd tu
Sa ṁainiſtiɼ ḃɼeá Ṁihíl!
1 Do ɼiṫaċ cainteana ċúm uaiɼeantaċ' ana-ṫuḃ
ſ' ea duaiɼt Seán féin.
Leaṫanaċ 22
.png)
Leaṫanaiġ 22–23
Ní déaɼhain aon ḟocal maɼa mbeaċ guɼ ċeapaſ go mbuinhin aiġneaſ aſ,
aɼſa Seán. Aċ iſ aṁla ṫáinig toċt guil eɼ: níoɼ ḟéad ſé aon ḟɼeagaɼa 'ṫúiɼt oɼm. Níoɼḃ ḟada ṁaiɼ ſé 'n-é ċoɼ taɼ éiſ dul anún.
'Sea; ḃí filíoċt ag Seán Ċoɼmaic (beannaċt Dé len' anam), filíoċt a ɼiṫaċ ċuige le linn ċóṁɼáiḋ na gnáṫ-ċainte. Aċ náċ mó ſan duine ſa tſean-aimſiɼ go mbíoḋ a ḃeag nú a ṁóɼ don ḟilíoċt, nú d'aḃaɼ na filíoċta, le fáil 'na ġnáṫ-ċóṁɼá a gan ḟioſ do féin:
Tá cnuc i mBéaɼa guɼab ainim do Daod. Seán Ó Súilleaḃáin atá ag obaiɼ maɼ archivist do Ċoimiſiún an Ḃéaloideaſa i mB'l'eá Cliaṫ, iſ aṁla ḃí ſé lá i ngioɼɼaċt don ċnuc ſan aguſ é 'féaċaint eɼ. Ċífá bléitſ Ṡaſana uaiḋ,
aduaiɼt feaɼ leiſ do ṫáinig an tɼeó. Ionan ſan, aɼ ndóin, aguſ a ɼá go ḃfuil Daod ċoṁ háɼd ſan go mbeaċ ɼaḋaɼc ag duine eɼ Ṡaſana uaiḋ. Aċ ṫuig feaɼ ɼáite na habaɼṫa náɼ ḃeag an leaṫ-ḟocal d'ḟeaɼ an léinn, aguſ ṫuig ſé ċóṁ maṫ guɼ ṫainnheaṁaí éagſúlaċt aguſ beaċtaċt na " bléitſe " úd do ċífí go gléineaċ ná gnáṫúlaċt aguſ nea-ẛoiléiɼeaċt an ḟocail eile úd " ɼaḋaɼc, " ſiúd aſ guɼab é an " ɼaḋaɼc " ba ṫúiſge ċun béil an toſanóɼa. Maɼa ɼoiḃ an ḟilíoċt eɼ fad ag feaɼ ɼáite na habaɼṫa ſan, ḃí cuid di aige.
Uaiɼeanta ní hiad éagſúlaċt ná bɼíoṁaiɼeaċt an ſmaoiniṁ iſ mó ṫúɼfaí fé ndeaɼa eɼ ċainteana don tſóɼd ſan, aċ ceól nú luaſga na filíoċta 'ḃeiṫ eɼ ḟocal ionta. Tá a liṫéid ſin do ċeól aguſ do luaſga le haiɼeaċtaint, cuiɼim i gcáſ, in aon ḟocal aṁáin, aċ go háiɼiṫe, dá nduaiɼt an Goḃa úd go ḃfuil cúntaſ eɼ i Sgéal Ḃeaṫa Ḋóṁnaill Ḃáin Í Ċéileaċaiɼ. Iſ aṁla ṫug bean an Ġoḃa " tɼí ċaoċóg aonaiġ " aḃaile ċuige. Sid é maɼ a ṁol an Goḃa iad (lċ. 134):
Tuɼcail ḃɼiſte (duaiɼt ſé)
Eɼ ḋá ġiní ġuile,
Coileaċ caoċ, aguſ bɼóga beaga!
Má ḃí cuid do ċeól aguſ do ɼiṫ (nú do luaſga) na filíoċta ſa ċaint ſin an Ġoḃa, aguſ éagſúlaċt aguſ fuinneaṁ na filíoċta i gcaint ḟiɼ na bléitſe, féaċ go ḃfuilid ſiad go léiɼ le ċéile, idiɼ ċeól aguſ luaſga, éagſúlaċt aguſ bɼíoṁaiɼeaċt, ſa ṁallaċt ſo do ċuiɼ " Micil na Pinſe " aſ lá nuaiɼ a ḃí feaɼg eɼ:
Cɼoċa 'guſ gad ċúṫi (duaiɼt ſé),
Aſ buile Ṁáiɼe Ṗeaidí ċúṫi!
Ní fuláiɼ, máſ ea, nú " ɼiṫaċ na cainteana " ċun an Ġoḃa aguſ ċun Micil, i gcuíne na ndaoine eɼ Cúil Ao, fé maɼ a ɼiṫ-hidíſ ċun file, nú geall leiſ do, ſiúd iſ náċ gnáṫaċ Micil ná an Goḃa d'áiɼeaṁ aɼ ḟilíḃ Ḃaile Ṁúɼne.
Leaṫanaċ 23
Aċ níoɼḃ anaṁ filíoċt do ṫeaċt dáɼíɼiḃ i ɼiṫ na gnáṫċainte a béalaiḃ na muíntiɼe do ḃí ſuaſ le línn Ṁicil aguſ an Ġoḃa. Duine don ṁuíntiɼ ſin dob ea an Léan ſo go dtáinig cóṁuɼſa do ṁuíntiɼ na Cúlaċ á féaċaint lá dá ɼaiḃ ſí bɼeóite.
Conuſ tán tú, 'Léan?
aduaiɼt an ċóṁuɼſa.
B'eo maɼ a ṫug Léan fɼeagaɼ' eɼṫi:
'Ḋia Ṁuiſe, 'lao,
Go lag aguſ go tɼéiṫ
Maɼ a ḃeaḋ capal a ḃeaċ i ḃféiṫ
Ná féad-haċ a ċoſa 'ċuɼ fé!1
Ní dóċa guɼ a' bɼaṫ eɼ ḟilíoċt d'ḟáil ó Léan a ḃí an ċóṁuɼſa nuaiɼ a ċuiɼ ſí an ċeiſt úd, aċ féaċ guɼ filíoċt a ṫug Léan di, ċóṁ ɼéig ſaoɼáideaċ aſ a ṫúɼhaċ bean eile fɼeagɼa uaiṫi ſa ġnáṫ-Ġaoluing.
An té ná beaċ an teanga ċóṁ líoṁṫa ſan go léiɼ ċun filíoċta aige féin, ḃeaċ eɼ a ċumuſ caſa do ḃuint a ſeana-véuɼſa éigin do ċúmfaí fad ó ċun ócáide eile. Buaċail do ḃí ċun cóṁnuig i mBéal Áṫ' an Ġaoɼṫaig, tá leaṫ-ċéad éigin bliain ó ẛin ann, ḃuin ſé caſa don tſóɼd ſan a véuɼſa úd an aitinn atá coitianta aɼ fuaid na Múṁan. Iſ aṁla ḃí an buaċail ſeo i n‑aimſiɼ ag feɼimeóiɼ go ɼoiḃ ana-ẛaint ċun oibɼe eɼ. Maɼ ſeo lá do ḃí an feɼimeóiɼ á ḃɼoſtú ċun dul i mbun ſtaɼteɼſ do ċuɼ. Níoɼ ṫainnh an diṫineaſ go léiɼ leiſ an mbuaċail. Ċuíniġ ſé eɼ a nduaiɼt duine boċt an aitinn do ḃuint leiſ an ḃfeɼimeóiɼ 'naɼ leiſ an t‑aitean; aċ " starters " a ċuiɼ an buaċail i n‑áit " aitinn " an ċéad duine:
Imeóiḋ a dtiucaiḋ 'ſ a dtáinig (aduaiɼt ſé).
Aguſ ní imeóiḋ na gɼáſt' ó Ḋia
Imeód‑ſa 'guſ tuſa ón áit ſeo,
Aguſ beig starters a' fáſ 'náɼ ndiaig!2
B'ḟeáɼɼ-de aguſ ba ḋeiſe-de gnáṫ-ċaint na ſeana-Ġaelgeóiɼí iaɼɼaċt don ḟilíoċt a ḃeiṫ ſgaipiṫe tɼíṫe aɼ an gcuma ſan. Aguſ ó ġoɼt na gnáṫ-ċainte fileaṁla ſan 'ſa d'ḟáſ aṁɼáin aguſ aiſlingí aguſ caoiníoċa an ḃfilí muaɼa.
Tobaɼ laċta na n‑anḃann tɼéiṫ-lag
Bó na mboċt 'ſ a ndoɼuſ aonaiɼ,
a ṫug Aogán Ó Raṫile3 eɼ ḋuine uaſal a ḃí á ċaoine aige. Maɼa
1I gcló ċeana i mBéaloideaſ, III, 227.
2I dtig Ṁihíl Í Luaſaiġ i mBéal Áṫa 'n Ġaoɼṫaiḋ, tá bɼeiſ aſ deiċ mbliana ó ẛin ann, d'aiɼíoſ ſgéal an ḃuaċala. Aċ níoɼ ſgɼíoſ éinní ſíoſ ſan am ſan. B'ḟéidiɼ, dá ḃɼí ſin, ná fuil gah éinní anſa díɼeaċ maɼ a ḃí ag an té d'inniſ dom é. Geófaɼ ínſint (ó Ċúil Ao) eɼ ſgéal an aitinn i mBéaloideaſ III, 225, aguſ an véuɼſa leiſ féin (ó Ċléiɼe) i mBéaloideaſ, XI, 58.
3An 2a cóɼú, lċ. 62.
Leaṫanaċ 24
.png)
Leaṫanaiġ 24–25
mbeaċ taiṫí ag Aogán aɼ liṫéidí Léan, do ḋin í féin do ẛaṁlú go leaṫ-ṁagúil le " capal a ḃeaḋ i ḃféiṫ " b'ḟéidiɼ na ɼiṫhaċ na ſaṁluiṫe bɼeáṫa ſan " Bó na mboċt 'ſ a ndoɼaſ aonaiɼ " ċoṁ héuſga ſan ċuige féin. Aċ, eɼ a' dtaoḃ eile ḋe, ní deiɼim ná guɼ ón dtaiṫí ḃí acu aɼ na haiſlingí, aɼ na haṁɼáin, aguſ aɼ na caoiníoċa, a ṫáinig cuid ṁóɼ do líoṁṫaċt Ġaoluinge na ſeana-ġaelgeoiɼí. Maɼ máſ le coḃaiɼ a ċéile ṁaiɼean na daoine, ní ſoſ don ċaint aguſ don ḟilíoċt é.
Níoɼḃ ḟiú ɼiaṁ le ſgɼínneóiɼíḃ na ſean-aimſiɼe cainteana gunta nú véuɼſaí beaga ɼeaṫa don tſóɼd ſan do ſgɼí ſíoſ; maɼ ṫuigeadaɼ go maṫ, dá ḃɼeáṫaċt an focal nú an véuɼſa adéaɼfaí ṫuiɼ eɼ Caɼaig an Aḋmuid iniuv, ná beaċ puínn ſa ḃɼeiſ aige eɼ an ḃfocal adéaɼfaí ṫiaɼ eɼ Cúil Ao amáiɼeaċ, nú ṫeaſ amanaṫaɼ i " mBéal an Ċéuma. " Ní maɼ ſin dúinn-na, áṁṫaċ, aguſ b'ḟiú go maṫ do ſgɼínneóiɼí an lae iniuv gah aon ḟocal gunta do ſgɼí ſíoſ dá n‑aiɼeóidíſ ſa ċóṁɼá i meaſg Gaelgeóiɼí, nú i meaſg na cuda ſan dáɼ mBéaɼlóiɼí féin go ḃfuil ɼian ċeólṁaiɼeaċta aguſ bɼíoṁaiɼeaċta na Gaoluinge le fáil fóſ eɼ a gcuid Béaɼla.
Gearóid Ó Murċaḋa
[Rann: A ċailín áluinn ḃláṫṁaɼ ẛocaiɼ]
A ċailín áluinn ḃláṫṁaɼ ẛocaiɼ,
Tá lúb aɼ láɼ i ſáil do ſtoca.
Téiɼ‑ſe láiṫɼeaċ 'ſ dein é ſtopaḋ,
Nú ġeoḃaiḋ tú náiɼe i láɼ an ṗobail.
(Stiana Ó hÉigeaɼtaiġ do ẛoláṫɼuiġ.)
Leaṫanaiġ 25–28
.png)
Leaṫanaiġ 26–27
.png)
Leaṫanaiġ 28–29
Áit-ainmneaċa
Rud ana-ṫáḃaċtṁaɼ iſ eaḋ na háit-ainmneaċa. Níoɼ ḟág áɼ ſinnſiɼ oiɼead aguſ páiɼc gan ainm do ḃaiſteaḋ uiɼṫi; aguſ ní beag an méid eolaiſ aɼ ẛeanċaſ na dúṫa atá le faġáil aſ na hainmneaċa ſan. Iſ bɼeá linn, dá ḃɼí ſin, an cnuaſaċ ſo ó " Ċoḃaɼ, " ſé ſin, Conċuḃaɼ Ó Muiṁneaċáin, do ḃeiṫ againn le foillſiú. Tá aɼ aigne againn na hainmneaċa ó Ḃaile Ṁúiɼne, ó Ṫuaṫ na Dɼoman aguſ ó Ċluan Dɼoċad do ẛoláṫaɼ leiſ. Beimíd buiḋeaċ d'éinne a ċuiɼfiḋ lioſtaí ċúinn.
1. Uíḃ Laoġaiɼe
Iſ folláin feaɼ i meaſc a ġaolta
'ſ iſ ɼó-ḃɼeá an áit ḃeiṫ i láɼ Uíḃ Laoġaiɼe.
Coɼɼaiḋeaċt aguſ 45,000 acɼa talṁan atá ſa ṗaɼɼóiſte ſeo aguſ ainmneaċa go ḃfuil baint aca le coilltiḃ aguſ le cɼannaiḃ aɼ a ċeaṫɼaṁa cuid.
- Com duḃ eaċɼoiſ
- An baile feaɼainn ba ṫáḃaċtaiġe i n‑Uíḃ Laoġaiɼe anallód. Tá ſean-ṫeampall ann adeiɼteaɼ a ḃain leiſ na págánaiġ, aguſ gallán fé n‑a ḃfuil Duḃán mac Caiſ ɼíġḟéinniḋe Ulaḋ aḋlacṫa, maɼ iſ léiɼ ón ɼann ſo leanaſ:
A ċloċ Eaċɼuſa in ḟeoiɼ tɼuim
ɼo ẛáiṫ mac calma Cumaill
fud atá laoċ ba gaɼḃ gɼain
Duḃán mac Caiſ meic Cannáin. - Annſo iſ eaḋ ċuiɼ Ó Súilleaḃáin Ḃéaɼɼa fé an ċéad oiḋċe aguſ é aɼ a ṫeiċeaḋ go Bɼéifne. Lá aɼ na ḃáɼaċ ċuiɼ ſé ḋe aɼ a láiɼ aɼ a dtugtaí an Ċeaɼc Riaḃaċ. Ag gaḃáil taɼ eaſaċ do, tuaiɼim míle ón ngallán, do ẛleaṁnuiġ a láiɼ fé, aɼ lic, aguſ ṫuit an t‑anam aiſti. Eaſaċ ciɼce atá aɼ an eaſaċ ó ẛoin.
- Iſ flúiɼſeaċ iad iaɼſmaí na féinne ſa ċoṁaɼſanaċt, maɼ atá, cɼomleaca, dúnta, Ráṫa [ſic; ɼecte ɼáṫa], caṫɼaċa aguſ fulaċt fiann.
- Céim an ḟiaḋa
- Céim .i. mám. Annſo iſ eaḋ buaileaḋ an caṫ idiɼ na Buaċaillí Bána aguſ na gíománaiġ i mbliaḋain 1822.
- Muing na Bioɼaiġe
- Muing .i. eiſc; bioɼaċ .i. cineál ſeiſce. Annſo iſ eaḋ a caiṫeaḋ an ſaiġdiúiɼ gallda úd, de ṁuinntiɼ Smiṫ, a fágaḋ " aɼ a ṫáɼɼ anáiɼde aɼ áɼd-leacain fɼaoiġ " taɼ éiſ an ċaṫa.
- An gaḃagán
- .i. gág beag nó ſcoiltín. Annſo iſ eaḋ ċoṁnuiġ Fionnḃaɼɼ naoṁṫa aguſ a ṁanaiġ ſaɼ a ndeaġaiḋ ſé go Coɼcaiġ.
- Eaſaċ Loinín
- Duine de ḋeiſceablaiḃ Ḟionnḃaiɼɼ dob eaḋ Loinín. Ag cuɼ na ſliġe ḋíoḃ feaḋ na Laoi, go Coɼcaiġ, do ẛloig piaſt loċa Loinín. Ċɼom Fionnḃaɼɼ aɼ a ġuiḋe do ċuɼ ċun Dé leiſ. Nuaiɼ a ẛɼoiſeadaɼ eaſaċ atá tamall ſoiɼ ó'n nGaḃagán do ḋein an ṗiaſt é aiſeag, aguſ é ċoṁ ſlán ċoṁ folláin aguſ ḃí ɼiaṁ. Eaſaċ Loinín atá aɼ an eaſaċ ſan ó ẛoin.
- Caɼɼaig an Aifɼinn
- Annſo iſ eaḋ éiſteaḋ muinntiɼ na paɼɼóiſte an t‑Aifɼeann le linn na bpéindliġṫe.
- Com a' tſagaiɼt
- Annſo a ḃíoḋ an ſagaɼt paɼɼóiſte aɼ a ṫeiċeaḋ ó ſna haṁaſaiḃ gallda.
- Eiſc a' ṁictíɼe
- Iſ ann adeiɼteaɼ a léiɼiġeaḋ an faolċú deiɼiḋ.
- Cnocán na Cɼoiċe
- Ann a ṫugaḋ gɼaiṫin an ḟill na Gaeḋil ċun iad ídiúġaḋ.
- Eaċɼoſ Beag
- Eaċ .i. capall; ɼoſ .i. coill nó ſean-ɼeilig (" Iſ maiṫ an baile eaſɼaċ Eaċɼoſ Beag "—ní ɼó-ḟuɼuſ é ſin a ɼáḋ go meaɼ gan tuitim focail).
- An Bán Gaɼḃ
- Bán .i. faiṫċe.
- Cúil móinteáin
- Cúil .i. Clúid; móinteán .i. bogaċ. Tugtaí Ceaṫɼaṁa na cúile aiɼ ɼoime ſeo.
- Caṫaiɼ na cáiṫe
- Caṫaiɼ .i. ſaġaſ dúna; cáiṫ .i. lóċán.
- Ceapaċ na mine
- Ceapaċ .i. geadán talṁan.
- Ceapaċ an ċláiɼ
- Cláɼ .i. talaṁ coṁṫɼom.
- An ċaɼɼaig
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- An ċaɼɼaig ḃán
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- An ċaɼɼaig liaṫ
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Caɼɼaig na coɼaḋ
- Coɼa .i. aiɼe.
- Caɼɼaig na muc
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Caɼɼaig na Geiṁleaċ
- Geiṁleaċ .i. cime. Annſo a ċoṁnuiġ an Baɼɼaċ Móɼ .i. an Bum-Báille úd a ḃí i mbun na ngíománaċ i gcaṫ Ċéime an ḟiaḋa.
- An Claonɼáṫ
- Claon .i. fána, ɼáṫ .i. dún.
- An ċloċ-ḃuaile
- Buaile .i. páiɼcín in a gcɼúiḋṫí ba.
- An cúilín
- .i. clúid ḃeag.
- Cúil na cɼuiṫneaċta
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- An Ċúil ɼuaḋ
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- An com doɼċa
- Com .i. cuaɼ.
- Com a' leaḋbáin
- Leaḋbán .i. feaɼbán.
- An com ɼuaḋ
- Sidé Valley of Desmond an Ċallanánaiġ.
- Cuaɼ ḋuḃloċa
- Cuaɼ .i. com; Duḃloċ .i. loċ duḃ.
- An Coɼɼaiċín
- .i. coɼcaċ ḃeag.
- Na Coɼɼaiġṫe
- .i. Coɼcaċa.
- Doiɼín (a' ċnuic ɼuaiḋ)
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Doiɼe na Buaiɼce
- Buaɼaċ .i. téad ɼuainniġe.
- Doiɼe an ċladaiġ
- Cladaċ .i. talaṁ cloċaċ.
- An Doiɼín Donaiḋe
- Donaiḋe .i. ſuaɼaċ.
- Doiɼín na gclaſ
- Claſ (claiſ) .i. eitɼe.
- Doiɼe an Longaiġ
- Sloinne atá annſo, daɼ liom.
- Doiɼín na coiſe
- Coſ .i. féaɼ ċúig mbó. Seo maɼ a ġaḃaḋ na ſean-ṫoṁaiſ:
4 coſa gníoṁ.
2 ġníoṁ ſeiſiḋeaċ.
3 ſeiſiḋeaċ baile bó.
2 ḃaile bó ſeiſɼeaċ.
4 ſeiſɼeaċ baile biaḋtaiġ.
30 baile biaḋtaiġ tɼioċa céad
- Doiɼe an aonaiġ
- Ní haonaċ bó aċ cóiṁṫionól a ḃíoḋ annſo.
- Doiɼe goɼt na cloiċe
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Doiɼe na gɼoiġe
- Gɼoiġ .i. capaill ſíolɼaiḋ.
- Doiɼe Uí Ríoġḃaɼdáin
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Doiɼe ṁeaḋoin
- Meaḋon a tugtaɼ aɼ ḟeaɼbán a ḃíonn idiɼ ċnoc aguſ míntíɼ.
- Na dúiníní
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Dɼom an ail(ṫ)iġ
- Aileaċ .i. caɼɼaig. Cf. Aileaċ na Ríoġ. Aɼ* an mbaile feaɼainn ſeo atá Béal áṫa an ġaoɼṫaiḋ.
- Dɼom na gcapall
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Gaoɼṫaḋ an tóɼnóɼa
- Gaoɼṫaḋ .i. gleann coillteaċ uiſceaṁail; tóɼnóiɼ .i. feaɼ déanta ɼoṫ aguſ ɼl.
- Gaoɼṫaḋ na péice
- Péac .i. beann nó uille.
- An glaiſín
- .i. Sɼuṫ beag.
- Goɼt a' ṗludaiġ
- Pludaċ .i. láib.
- Goɼt an éadain
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Goɼt an tſeanḃaile
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Goɼt a' ṁaoiɼ
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Goiɼtín a' dɼeoláin
- Dɼeolán .i. dɼeoilín.
- Goiɼtín na coille
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Goɼt na caɼɼaige
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Goɼt na hoċtaiġe
- Cineál giuṁaiſe iſ eaḋ an oċtaċ.
- Goɼt luaċɼa
- Saġaſ ſeiſce iſ eaḋ an luaċaiɼ.
- Goɼt na Loḃaɼ
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Goɼt na móna
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Goɼt na ɼéiḋe
- Réiḋ .i. móinteán.
- An Gɼáig
- [sic] .i. Baile beag.
- An goiɼtín fliuċ
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Goiɼtín Eoġain
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- An t‑oileán Eiḋneaċ
- Eiḋneaċ .i. lán d'eiḋean (eiḋneán).
- An Ínſe Ḃeag
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- An Ínſe Ṁóɼ
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Ínſe Geiṁleaċ
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Ínſe idiɼ ḋá ḟaill
- (inſeadɼaɼá-aill).
- Ínſe na naoṁ
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Ínſe Uí Néill
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Ínſe an Ḟoſaiḋ
- Foſaḋ .i. Longṗoɼt.
- An caol-ṁaġ
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Céim coɼɼ-ḃuaile
- Céim .i. mám, coɼɼ .i. cɼuinn, buaile [.i.] páiɼcín in a gcɼúiḋṫí na ba.
- An leaca ḃán
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- An leaṫ-ġníoṁ
- Gníoṁ .i. ceiṫɼe coſa talṁan.
- Laḋaɼ na gaoiṫe
- Laḋaɼ .i. leiɼg idiɼ ḋá aḃainn nó ḋá ċnoc.
- An meall móɼ
- Meall .i. tulaċ.
- Millín (a' Ḃáɼóidiġ)
- Millín .i. meall beag.
- Muine an ṁadɼaiḋ
- Muine .i. moṫaɼ.
- Muine laoġ
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- Ráṫ ġaiſciḋiġ
- Gaiſciḋeaċ .i. laoċ.
- Roſ a' loċa
- Roſ .i. coill.
- An Roſ móɼ
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- An Scɼeaṫan móɼ
- Scɼeaṫan .i. leaca ċloċaċ.
- Tíɼ an eaſaiġ
- Eaſaċ .i. ſceaɼdán.
- Tíɼ na ſpeadóige
- Speadóg .i. ſeanḃó.
- An tulaċ
- .i. meall.
- Tuaiɼín na loḃaɼ
- Tuaiɼín .i. feaɼann caoɼaċ aguſ ɼl.
- An tuaiɼín duḃ
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
- An tuaiɼín leaṫáɼd
- .i. tuaiɼín aguſ fána ann.
- Tuaiɼín na n‑éan
- [Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Seo maɼ adeiɼteaɼ na hainmneaċa ſo leanaſ, aċ ní t[h]uigim i gceaɼt a mbɼíġ: Doiɼe Ṁoling iſ dóiġ le daoine guɼ ó Ṁoling,[,] naoṁṫa a hainmniġeaḋ é. Mil' Moɼain, Doiɼe Ḃoṫ Cóiɼnín[,] Cluain ſiḋe-ḟeaɼ (Cluain Séafɼa)[,] Tíɼgcaoṫ. Cóɼnaiɼe, b'ḟéidiɼ guɼ Cɼóndoiɼe atá ann. Seana-ċuiɼɼeáin. Seiṫe. Cúil na haiċle. Ní ḟeadaɼ ná guɼ ainm duine an t‑aiɼgead ſan atá in Doiɼe Aiɼid, (aɼgaid), cf. O [sic; ɼecte Ó] hAɼgadáin. Goɼt ſmúɼáin. Dɼom caɼa. Caɼɼaig na Daṁgaiɼe. Ínſe geiṁleaċ. (Beifeaɼ buiḋeaċ d'aoinne a ṫaḃaɼfaiḋ eolaſ in a dtaoḃ ſo).
" Coḃar. "
* " Aɼ " [gan ſéiṁiú 'na ḋiaiḋ] adeiɼteaɼ le baile feaɼainn. " Aɼ Dɼom an Ailṫiġ. "
Leaṫanaċ 29
Seaċain!
An té n‑aɼ mian leiſ Gaeluinn ċeaɼt Ṁúſgɼaiġe do ġnáṫú, ſeaċnaḋ ſé na cainnteanna ſo ṫíoſ. B'éidiɼ go n‑aiɼeofaí iad i ndúṫaíḃ eile, aċ ní Múſgɼaiġeaċaſ iad.
- Feaɼ aṁáin, ceann aṁáin ⁊ɼl.
- " Aon ḟeaɼ aṁáin ", " aon ċeann aṁáin ", an ɼud ceaɼt. " Aṁáin " = " only ". Féaċ an deifɼíoċt atá idiɼ: " Ag Dia aṁáin atá a ḟioſ ", aguſ " Aon Dia aṁáin atá ann "; " Aon ḟeaɼ aṁáin a ḋein é, " aguſ " Ní ḟéadfaḋ bean é ſin a ḋéanaṁ, aċ feaɼ aṁáin. "
- Ag eiɼġe beag, fuaɼ, cɼíonna, bɼeá ⁊ɼl.
- " Ag dul i luiġead ", " i ḃfuaiɼe ", " i gcɼíonnaċt ", " i mbɼeáṫaċt ", an ɼud ceaɼt. " Gaċ foġṁaɼ dá dtigeann ag dul i ḃfliċe 'ſ i ndéanaiġe, iſ gaċ dɼeam dá dtigeann ag dul i mine 'ſ i mbɼéagaiġe. " Nú d'ḟéadfaí bɼiaṫaɼ fé leiṫ d'úſáid uaiɼeanta: " Coiɼfeaɼ ṫu " i n‑inead " eiɼeoċaiɼ tuiɼſeaċ " ná " ɼaġaiɼ i gcoiɼṫeaċt. "
- Iſ éigean dom.
- " Ní móɼ dom " adeiɼteaɼ. " B'éigean dom " ſan aimſiɼ ċaiṫte. " Caiṫfead " ſan aimſiɼ ḟáiſtineaċ. " Níoɼ ṁóɼ dom " nú " ċaiṫfinn " ſa ṁoḋ coinġiollaċ. Seaċantaɼ, leiſ: " Caiṫfiḋ ſé go ḃfuil ſé anſo, ⁊ɼl. " Abaɼtaɼ " Ní foláiɼ nú … "
- Sin aduḃaiɼt ſé.
- " Siné aduḃaiɼt ſé, " .i. ſiné an ɼud aduḃaiɼt ſé, nú " ſin a nduḃaiɼt ſé, " .i. ní duḃaiɼt ſé aċ an méid ſin.
- Ceiſt na Gaeluinne, ceiſt na hOllſgoile.
- " Sgéal " nú " cúɼſaí " an focal ceaɼt. Canaṁain eile atá ana-ċoitianta anoiſ iſ eaḋ " i gceiſt ". " Aɼ ſiuḃal " a déaɼfaḋ na ſeandaoine, pe'cu do ɼud nú do ḋuine a ḃeidíſ ag tagaiɼt. " Ní ɼaiḃ ḟioſa agam cé ḃí a ſiuḃal acu. "
- Ċuaſ ann aɼ a ẛon, léiġfeaɼ Aifɼeann aɼ ſon anam Ṫaiḋg, ⁊ɼl.
- Iſ maɼ a ċéile, náċ beag, " aɼ ſon " aguſ " le gɼáḋ do. " Maɼ ſin, " ċuaſ ann ṫaɼ a ċeann, " nú " in' inead "; " léiġfeaɼ Aifɼeann le hanam Ṫaiḋg. " Féaċ a ḋeiſe atá ſé ag an Aṫaiɼ Peadaiɼ: " Taḃaiɼ ḋom déiɼc aɼ ſon an tSlánuiġṫeoɼa aguſ le hanaman do ṁaɼḃ, aguſ ṫaɼ ċeann do ẛláinte. "
- Beiḋ cɼuinniú aɼ an Luan ſo ċúinn, aɼ an gcéad lá de Ṁáɼta.
- Ní cuiɼteaɼ " aɼ " iſteaċ aċ i ɼáiḋteaċaſ den tſóɼd ſo: " Beiḋ tɼoſgaḋ aɼ an Aoine ſeo ċúinn. " Maɼ ſin, abaɼṫaɼ: " Dé Luain ſeo cúinn, " " an ċéad lá de Ṁáɼta. " Deaɼṁad eile: " Beiḋ ɼinnce ſa halla oiḋċe Dé Doṁnaiġ. " " Iſt oiḋċe Dé Doṁnaiġ " an ɼud ceaɼt.
- Rugaḋ mac do Ṁáiɼe.
- Do ɼug Máiɼe mac. Ḃeaḋ " do ɼugaḋ " go ceaɼt dá mb'éinne eile do ḃéaɼfaḋ an mac di!
Leaṫanaċ 30
.png)
Leaṫanaiġ 30–31
Aibġitiɼ i gcóiɼ foġɼaiḋeaċta na Gaeluinne
Gutaí
- á
- dá (dá)
- ó
- dó (dó)
- ú
- dubha (dú)
- é
- céim (cém)
- í
- bí (bí)
- ă
- an (ăn)
- a
- ba (ba)
- o
- gol (gol)
- u
- bun (bun)
- e
- beir (ber)
- i
- soir (sir)
- ä
- baoghal (bäl)
- â
- lámh (lâv)
- ô
- comhartha (côrha)
- û
- congnamh (cûnav)
- ê
- séimh (shêv)
- î
- geimhridh (gîri)
- y
- buidhe (by)
Dé-fogharacha
- ua
- fuar (fuar)
- ue
- fuair (fuer)
- ia
- ciall (cial)
- ie
- sgiain (shgien)
- ya
- riamh (ryav)
- ye
- riaghail (ryel)
- ià
- béal (biàl)
- au
- dall (daul)
- ou
- gabhar (gour)
- âu
- amhras (âuras)
- ôu
- domhan (dôun)
- ay
- raghad (rayd)
- oy
- doimhin (doying)
- ây
- aimhleas (ayileas)
- ey
- gheibhean (gheyn)
- ei
- feidhm (feim)
Consainí
- b
- bád (bád)
- bia
- biadh (bie)
- p
- póca (póca)
- p
- píce (píci)
- v
- bhád (vád)
- v
- bhíd (víd)
- f
- fál (fál)
- f
- fill (fíl)
- m
- má (má)
- m
- mín (mín)
- mh
- cromtha (croumha)
- mh
- léimfidh (lémhig)
- d
- dá (dá)
- d
- di (di)
- t
- tá (tá)
- t
- teine (tini)
- n
- ná (ná)
- n
- ní (ní)
- nh
- fanfad (fanhad)
- nh
- breithnigh (brenhig)
- l
- lá (lá)
- l
- léi (lé)
- lh
- shlat (hlat)
- lh
- shlighe (hlí)
- s
- sál (sál)
- s
- saoghail (sél)
- sh
- Seán (Shán)
- sh
- sín (shín)
- g
- gá (gá)
- g
- gé (gé)
- c
- cúl (cúl)
- c
- cíos (cís)
- gh
- dhá (ghá)
- gh
- ghé (ghé)
- ch
- loch (loch)
- ch
- chím (chím)
- ng
- ngabhadh (ngouch)
- ng
- ngé (ngé)
- ngh
- teangthacha (teaunghacha)
- r
- rádh (rá)
- r
- Éire (Éri)
- rh
- shrón (hrón)
- rh
- uirthe (erhi)
- h
- shál (hál)
Leaṫanaċ 31
Sompla
Ṫáinig Fɼog móɼ buiḋe-ḃɼeac aníoſ aſ an loċ aguſ do ẛuiḋ ſé aɼ an bpoɼt aguſ ċuiɼ ſé fógɼa amaċ, á ɼáḋ guɼḃ áɼdliaiġ é aguſ go ɼaiḃ leiġeaſ gaċ galaiɼ aige. Ṫánadaɼ na hainṁiḋṫe go léiɼ fé ḋéin an leiġiſ. Ḃí an mada-ɼuaḋ ann. D'ḟéaċ ſé aɼ an ḃfɼog. Nuaiɼ a ċonnaic ſé an t‑ainṁiḋe ſuaɼaċ ſo ċuiɼ ſé dɼanġáiɼe aſ.
Háinig frog muar by-vreac anís as a loch agus do hig shé er a bort agus chuir shé fógra amach, á reá gur v'árd-liag é agus go roiv leis gach galuir igì. Hánadar na hainivihi go lér fé ghén a leish. Ví an mada rua aun. D'iàch shé er a vrog. Nuer a chnuic shé an t‑ainiví beog suarach do chuir shé dranagháiri às.
FREAGRAÍ Ó ĊOḂAR
(Féaċ na ceiſteanna aɼ leaṫ. 9)
I.—(1) cnó; (2) áiɼne; (3) ſméaɼ; (4) ſceaċóiɼ; (6) paɼtaing, nú caoɼa cáɼṫainn; (7) mucóiɼ.
II.—(1) buġ; (2) ɼoſ; (3) tuaiɼgín lín, tluġ lín, ſioſtal (taiſteal).
III.—(1) botún; (2) baiɼbéal; (3) ceap gaḃann; (4) coɼɼ cip; (5) teallaċ.
[Rann: An Gníovingineaċ]
An ḃfuil míniú an ɼanna ſo, nú innſint eile aiɼ, ag éinne? Ó ċainnt Aṁlaoiḃ Í Loingſiġ aɼ Cúil Aoḋa do ſgɼíoḃaḋ é. Feaɼ a ċonnaic duine i ḃfuiɼm mná ag féaċaint iſteaċ tɼíd an ḃfuinneoig aſt' oiḋċe do ċúm é, daɼ le hAṁlaoiḃ.
Chnuc‑sa an gníovingineach i vuirim na h‑ahuirniv'
Ba chosvuil í le liosavar, ceaun cruingihi na n‑ainivihi,
Nú curha ón nial i n‑ifirean as liosavar á cynleacht,
A folahirt a's i giumaluig cosh ursanuiv astuíhi
Leaṫanaċ 32
.png)
Leaṫanaċ 32
Cáiɼde Ṁúſgɼaiġe
Uaċtaɼán—Taḋg Ó Scanaill. Cléiɼeaċ—Míċeál Ó Ceilleaċaiɼ. Spaɼánaiḋe—Síle Ní Éaluiġṫe.
Cumann ċun Gaeluinne Ṁúſgɼaiġe do ẛaoṫɼú aguſ do ḃuanú iſ eaḋ na Cáiɼde. Níl Gaeluinn i nÉiɼinn iſ feaɼɼ ná Gaeluinn Ṁúſgɼaiġe. B'í teanga na ḃfilí aguſ na n‑úġdaɼ pɼóiſ í tɼáṫ, aċ le tamall anuaſ níl ſí á ſaoṫɼú maɼ ba ḋual. Tá ſí ċoṁ fuinneaṁail aguſ ċoṁ flúiɼſeaċ aguſ ċoṁ ceolṁaɼ i mbéalaiḃ na ſean-daoine aguſ do ḃí ɼiaṁ. Aċ ní hí a gcaint áluinn-ſin atá á ſgɼí' i leaḃɼaiḃ, fiú aṁáin nuaiɼ iſ Múſgɼaiġiġ na húġdaiɼ. Sé donaſ an ſgéil aɼ fad go meaḃɼuiġid aoſóga Ṁúſgɼaiġe caint loċtaṁail na leaḃaɼ d'úſáid, i gcáſ ná fanann acu aon ṁeaſ ceaɼt ná aon eolaſ cɼuinn aɼ a nGaeluinn féin.
Tá beaɼtaiṫe ag na Cáiɼde glan-Ġaeluinn na ſeana-ṁuinntiɼe do ċleaċtaḋ go coitianta, congnaṁ a ṫaḃaiɼt dá ċéile ċun eolaiſ ḃeaċt a ċuɼ uiɼṫi, aguſ daoine eile do ſpɼiocaḋ ċun í ḟoġluim aguſ a ẛaoṫɼú. Iſ ċuige ſin " An Múſgɼaiġeaċ, " bulletín ɼáiṫeaṁail 'na mbeiḋ eolaſ aguſ cuɼ-tɼí-ċéile aɼ ġɼamadaiġ, aɼ ḟuaimeanna, aɼ litɼíoċt aguſ aɼ ſgɼíḃneóiɼí Ṁúſgɼaiġe.
Ní miſde d'éinne ḃeiṫ 'na ḋuine deſ na Cáiɼde aċ táille ċúig ſgilling do ḋíol i n‑aġaiḋ na bliana. Ġeoḃaiḋ ſé an bulletín i n‑aiſge. Seoltaɼ ſíntiúſaí ċun An Spaɼánaiḋe, Baile Ṁúiɼne, Bóṫaɼ Ġoɼt na Maɼa, Baile Áṫa Cliaṫ.
Féadfaɼ aiſtí, ceiſteanna, fɼeagɼaí ⁊ɼl i gcóiɼ an ḃulletín do ċuɼ ċun an tiġe ċéadna, maɼ a mbeiḋ fáilte ag an Eagaɼṫóiɼ ɼómpa.