An Músgraiġeaċ

Bulletín do Ċáiɼde Ṁúſgɼaiġe

ɼoghnaigh cló

An Músgraiġeaċ Uiṁir 3

Cláɼ

  • 1 Cad a Ḋéanfaimíd Feaſta
  • 3 Maoilẛeaċlainn Ua Duḃgáin
  • 6 Eolaſ Á Loɼg
  • 7 Séadna
  • 8 Tá fé'n lic ſeo duine caoin gan ġɼuaim [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 9 Neil Ní Ṁuɼċaḋa
  • 14 Dioſgán ó Ċúil Aoḋa
  • 15 Aoḋ de Róiſte
  • 16 An ḃfuil ḟioſ agat? [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 17 Áit-ainmneaċa
  • 20 Riaḃ Doṁain Goɼt an Acɼa
  • 22 Leitɼeaċa
  • 24 Cáiɼde Ṁúſgɼaiġe [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaċ 01
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 02–03
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 04–05
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 06–07

Leaṫanaċ 9

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 08–09

Neil Ní Ṁuɼċaḋa: Ban-Ḟile.

Ġeoḃfaɼ anſo ɼoinnt aṁɼán dáɼ ċeap Neil Ní Ṁuɼċaḋa. Tá gaċ aon deallɼaṁ guɼ i mBaile Ṁúiɼne do ɼugaḋ aguſ do tógaḋ an ḃan-ḟile ſeo. Iſ ann a ṫug ſí fuɼṁóɼ a ſaoġail, i dtaoḃ iſ go ɼaiḃ ſí ſiúḃaltaċ go maiṫ. Tuigfaɼ ón ḃfilíoċt a ċúm ſí, aguſ go háiɼiġṫe ó Aṁɼán an Aoiliġ, cadé an ſaġaſ ſaoġail a ḃí ann le na linn.

Deiɼṫeaɼ ná bíonn aon áḋ aɼ ḟile mná, aguſ ní ḟeadaɼ an fíoɼ é. Maɼ an gcéadna, tá ſé ɼáiḋte go gcaillṫaɼ féiṫ na filíoċta leiſ na mnáiḃ. Pé ſgéal é, ba ḋeacaiɼ ban-ḟile ḟaġáil aon uaiɼ, aċ aṁáin go ɼaiḃ na mná caointe ann. Aċ níoɼ ḃacadaɼ ſan puinn le filíoċt don ċoitiantaċt, ná le duine a ṁolaḋ an ḟaid a ḃí ſé 'na ḃeaṫaiḋ.

Ní heolaċ dom go cɼuinn caṫain a ṁaiɼ Neil Ní Ṁuɼċaḋa, aċ meaſaim go ɼaiḃ ſí ann i n‑aimſiɼ Ṁáiɼe Ḃuiḋe Ní Laoġaiɼe. Níl aon tuaiɼiſg aɼ a muinntiɼ anoiſ aɼ fuaid Ḃaile Ṁúiɼne. Aċ pé háit 'n‑a ḃfuaiɼ ſí féiṫ na filíoċta do ɼug ſí lé ſan uaiġ í. Má ṫá éinne ann adéaɼfaḋ guɼ deiṁniú é ſin go gcaillṫaɼ an ḟilíoċt i dteannta na mban, níl le ɼáḋ agam aċ go gcaillṫaɼ i dteannta na ḃfeaɼ í ċoṁmaiṫ [ſic].

Ó Ḋiaɼmuid Ó Duinnín, Múiɼneaċ atá ċun coṁnuig i Sɼáid an Ṁuilinn, iſ eaḋ fuaɼaſ na haṁɼáin ſeo, tá ɼoinnt ḃlianta ó ẛin ann. Feaɼ móɼ Gaeluinne aguſ ſeanċaiſ iſ eaḋ Diaɼmuid. Aṁɼánuiḋe binn dob' eaḋ é i dtúiſ a ẛaoġail, aċ tá ſe cɼíonna anoiſ.

Tá daoine i mBaile Ṁúiɼne aguſ i gCúil Aoḋa go ḃfuil líne anſo 'ſ anſúd aċ d'Aṁɼán na gCeaɼc aguſ d'Aṁɼán na nGaḃaɼ. Aċ ní heolaċ dom go ḃfuil " Aṁɼán an Aoiliġ " ag éinne eile aċ ag Diaɼmuid. Tá " Aṁɼán na gCeaɼc " aguſ cuid d' " Aṁɼán na nGaḃaɼ " i gcló ċeana ag Pɼóinſéaſ Ó Ceallaiġ (Béaloideaſ, VII, 1), aċ ní gá aċ an dá innſint do ċuɼ i gcompaɼáid le n‑a ċéile ċun a ḟeiſcint guɼ cɼuinne de ṁóɼ-ċuid cuiṁne Ḋiaɼmuda aɼ na haṁɼáin ná cuiṁne an té ón a ḃfuaiɼ Pɼóinſéaſ iad.

Aṁrán an Aoiliġ

Aɼ Béal an Ġeaɼɼṫa a ḃí Neil ċun coṁnuig nuaiɼ a ḋein ſí an t‑aṁɼán ſo. Fé maɼ iſ léiɼ ón aṁɼán, ḃí ſí ag taɼɼac aoiliġ le ciſeán aguſ níoɼ ṫáinig éinne dá muinntiɼ ċun caḃɼuiġṫe léi.

Céad glóiɼe ẛíoɼɼuiḋe leiſ an Aṫaiɼ aoiḃinn atá go muaɼ le ɼáḋ,
Iſ do Ṁáṫaiɼ Íoſa do ɼéiḋeann gaċ ní ḋúinn nuaiɼ iſ cɼuaiḋ é an cáſ,
Ó ṫá deiɼe an aoiliġ aſ an ndíg ſeo an t‑aon uaiɼ aṁáin,
Do ḃɼiſ áɼ gcɼoiḋe ionainn i gcoinniḃ ɼí-ċnuic iſ cɼuaḋ-ċaſán

[Leaṫanaċ 10]

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 10–11

Iſ ní hé do ṁill me ná do ġɼead me im intinn iſ me duaiɼc ṫaɼ baɼɼ,
Aċ mo leanḃ díliſ od ḃí lem ṫaoiḃ‑ſe iſ í ag luaḋ gaċ lá [?]
Ní ɼaiḃ ɼaiḋſe an ḃíḋ againn le na linn, iſ ba ċɼuaiḋ maɼ ċáſ,
Aċ an leite ḃuiḋe iſ gan í ḟaġáil iſtoiḋċe aċ dá uaiɼ ſa lá.

Dá mbaɼ bean aníoſ me ó Ċonnaċt íoċtaiɼ nú ó Ċonntae an Ċláiɼ,
Dá ndéanfainn gníoṁ iſ dá laſgfainn tíoɼṫa, ba ṫɼuaġ me le ɼáḋ,
Nuaiɼ a iompuiġ an ſíon oɼainn andeaſ go díɼeaċ iſ ḃí an uain in áɼ,[?]
Iſ miſe im ṁnaoi ḃoiċt caiṫte ċɼíona fé ṁuaɼ-ċiſeán.

Dá maiɼfinn míle do ċoingḃeoċainn cuiṁne aiɼ dom ḋlúṫ-ċaɼaid ġeaɼɼ,
Ná táinig go dtí mé nú aɼ an gclaiḋe amuiġ, iſ " mo ṫɼuaġ ṫu " a ɼáḋ.
Dá mbeiɼidíſ ſínte gan aon ḃɼíġ leo, guɼa fada uaṫa an cáſ,
Ní ɼaġainn go dtí iad muɼa ɼaġainn á gcaoineaḋ iſ iad fuaɼ aɼ ċláɼ.

Aṁrán na gCearc

Aɼ Goɼt na Tiobɼatan a ḃí Neil nuaiɼ a ḋein ſí an t‑aṁɼán ſo.

Deallɼuiġeann an ſgéal guɼḃ é an fiaċ duḃ a ɼug leiſ na ceaɼca.

Gɼeadaḋ aguſ cáſ oɼt a ḟiolaiɼ an áiɼ,
Milleaḋ gaċ lá aguſ léiɼ oɼt!
Náɼ ṫugaiɼ-ſe t'ál amaċ inſa Ṁáɼta,
Iſ ná ɼaiḃ oɼt maɼ ḃláṫ iad d'aoḋaiɼeaċt.
Do ſgiobaiſ-ſe mo ċeaɼca dob ḟeaɼɼ aɼ an mbaile
Do ċoinniġeaḋ go ſeaſcaiɼ me i n‑éadaċ.
Ḃí cead agam taɼɼac aɼ an mbiaḋ ab ḟeaɼɼ ſa ċaṫaiɼ,
Aguſ hucſtaeɼí 'om ṁeallaḋ óna ċéile.

Ṫug Sioḃán Eoġain dom ſoḃaɼn óiɼ
Aguſ cuiɼeaḋ ċun óil dá dtéiġinn léi,
Ceaṫɼaṁa ċaoiɼḟeola um Nodlaig maɼ nóċt,
Aguſ gé ċun í ɼóſtaḋ aɼ ġéaɼ-ḃioɼ.
Ṫug Sioḃan na Tuinne ḋom cíſte bɼeáġ miliſ
Go ɼaiḃ ſiúicɼe á ḟuineaḋ aguſ tɼéacle;
Nuaiɼ a ḃíoḋ té leiſ aɼ fiuċaḋ agu ím úɼ 'na ṗɼiontaiḃ,
Ḃíoḋ dóiṫin an ḃɼeiiṫiṁ de ḃéile ann.

Do ṫug bean Ṫaiḋg Uí Ċuill ó Ċoɼcaiġ aníoſ
Seál do ċuaiḋ tɼí aguſ ɼéal dom,
Aguſ heanciſiúɼ ſíoda i gcóiɼ foiṫin mo ċinn
Dá dtaḃaɼfainn na huiḃe ḋi féinig;

[Leaṫanaċ 11]

Píoſa bɼeáġ leaṫaiɼ aníoſ aſ an ſaiġṫeaċ,
Go gcuiɼfinn é ag ſgɼeadaiġ aɼ steak-pan
Nuaiɼ a aiɼiġtí an baluiṫe aɼ bóṫaɼ tiġe an tſagaiɼt
Do ċnóſuiġeaḋ na bacaiġ go léiɼ ċuġam.

Ná bídíſ á ɼáḋ guɼ le loċt aɼ mo ṁáiġiſtiɼ
D'ḟágaſ an áit ſeo i n‑aon ċoɼ,
Ná aɼ an mnaoi ṁaiṫ gan ċáim náɼ ṫuill uaim i ċáineaḋ,
Iſ a healta díoġḃáil níoɼ ḋéin dom;
Na coṁaɼſain dob ḟeaɼɼa do ḃí aɼ an mbaile,
Muinntiɼ na Leacan1 le ċéile iad.
Ċun go ngannuiġeaḋ an bainne ní ḃíoḋ oɼm eaſnaṁ,
Maɼ ċuiɼidíſ a dteaċtaiɼí féin leiſ.

Nuaiɼ a ġealfaiḋ an lá oɼm fágfad an áit ſeo,
Tá an tiġ ſeo ɼó-áɼd aɼ ṗléiſg dom;
Níl foiṫin ná fál an do ḋéanfaḋ dom ſgáṫ,
Aċ fiaċa duḃa ag gág2 iſ ag éiġeaṁ ann.
Déanfaɼ me ḃɼiſeaḋ aguſ tógfaɼ me 'em bonnaiḃ,
Iſ imṫeoċaiḋ mé ſingil gan éadaċ.
Iſ anoiſ ó tá an Inid ann, póſfad, máſ miṫid é,
Maiɼeaḋ mo ḋuine nú éagaḋ.

1 Leaca Ġoɼt na Tiobɼatan.

2 "Gáɼ" adéaɼfaḋ daoine eile.

[I mbun leaṫanaċ 11 aṫá na nótaí ſeo ſa ḃuntéacſ.]

Aṁrán na nGaḃar

Hugh ab ainm don ċliaṁain do ḃí ag Neil. Aɼ na hUláin do ḃíodaɼ ċun coṁnuiġ nuaiɼ a fuaiɼ na gaḃaiɼ " fág an baile " ó Hugh.

 Mo ċɼeaċ ḟada ċɼuaiḋ,  aɼſa Neainí go duaiɼc,
 Náɼ ḟanamaiɼ ṫuaiḋ, a ṁáṫaiɼ,
Maɼ a ḃfaiġmíſ biolaɼ iſ geaṁaɼ iſ feaɼ tiġe gan feall
Ná bɼiſfeaḋ áɼ ndɼom maɼ aṫáimíd.
Má ċuamaiɼ i gcúinne de ġáiɼdín gan dúnaḋ
Níoɼ ḋeineamaiɼ aċ ſiúḃal de ḋomáiſte ann.
An talaṁ go ſúġaiḋ an ċuid eile ḋe ſiúd,
Iſ náɼ ḃoɼɼaiḋ ſé aɼ ḋɼúċt ná aɼ ḃaiſtiġ. 

Do laḃaiɼ an gaḃaɼ cɼíona go cneaſta leiſ an mínſiġ:
 Éiſt aiɼiú, a ḃuiḋean, mo náiɼe é!
Iſ gan aon luiḃ ag tiġeaċt tɼíd an dtalaṁ aníoſ
Dob ḟeaɼɼ lena ṁnaoi ná an cabáſite:
Cailín bog caoin gan ċuiſe 'na ſliġe
Náɼ ḃuail ſinn i gclaiḋe ná i mbeáɼnain.
Aguſ ní ṁaiṫfiḋ mé ċoiḋċe d'ḟeaɼ ṁalluiġṫe an tiġe,
Maɼ a maiṫfinn [ſic; ɼecte ṁaiṫfinn] aɼ linn mo ḃáiſ do. 

[Leaṫanaċ 12]

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 12–13

 I dtoſaċ na hoiḋċe 'ſeaḋ ṫoſnuiġ bɼuiġean,
Ní ɼaiḃ éinne 'na ẛuiḋe aċ é féinig
Aguſ ean aoſta ċɼíonna ḃí ag ɼáḋ a paidɼín,
Guɼ ḃeannuiġṫe a laoiṫe iſ a bɼéiṫɼe.
D'eiɼiġ 'na ſuiḋe ċun caḃɼuiġṫe linn
Aguſ eagla cɼoiḋe uiɼṫe féinig.
Sé duḃaiɼt ſé go fíoċṁaɼ:  A ḃean, fág an tſliġe,
Iſ ſa leabaiḋ bí ṫíoſ de leim uaim. 
 

 M'eaſgaine ḋlúṫ go dtuitiḋ aɼ Hugh
Do ḃuail ſinn gan ċúiſ le tɼéine
Le tuille 'en tlúiġ iſ den ɼáṁainn ḟada lúbaiġ,
Guɼḃ aɼm í i dtiúin ċun laoċaiſ.
Le ciceanna tiuġa do ġoɼtuiġ me im úṫ
Iſ m'eaſnaiḋeaċ lúb aɼ a ċéile,
Do ṗɼeab an ḃean ċúġainn, do ċaſ ſinn 'na clúid,
Iſ le huɼɼaim di ſiúd do ġéill ſé. 

 Náċ miſe ḃí cúṁaċ go hatuiɼſeaċ duḃaċ
Nuaiɼ a ɼugaḋ mo ɼún cé guɼ éiſteaſ,
Agu mí dá ionú guɼ ṫeaſtuiġ de ſiúd,
Iſ ní ɼaiḃ agam le taḃaiɼt aon ḃɼaon do.
Ḃí bean ċɼíona uṁal a ḃí ag iomċaɼ an úiɼd,
Guɼ ḋein ſí le clú aguſ le daonnaċt
Ċúig oiḋċe ṫaḃaiɼt gan tionnḃaɼ aɼ a ſúil,
Iſ do ċoingiḃ ſí le ſpiún an bɼaon leiſ. 

Muc an Ċúil Ruaiḋ

Ḃí Neil ag obaiɼ ag feiɼmeoiɼ i bPaɼɼóiſte Ṡɼáid an Ṁuilinn nuaiɼ a ḋein ſí an t‑aṁɼán ſo. Cuiɼeaḋ 'na leiṫ guɼḃ í a ṁaiɼḃ an ṁuc. Muca duḃa ab eaḋ iad ſo, aguſ fuaiɼ ceann acu báſ.

Náɼ ḋeinimíd náṁada iſ ná ɼaiḃ oɼainn gáḋtaɼ,
Má ḋeineamaiɼ aon ḃáɼṫan do ṁuc an ċúil ɼuaiḋ,
Má ḃuaileamaiɼ le ſáṁṫaċ de ẛluaſaid na ɼáṁainn' í,
Muɼa dtaḃaɼfaimíſ áɼ láṁ léi do ḋɼuidfeaḋ í uainn.
Maɼ iſ minic a ċɼáiḋ ſinn iſ an ċuid eile dá háltaiḃ,
Ag gaḃáil de ċoſaiḃ i n‑aġa' an lá oɼainn i n‑iomaɼ gan tɼuaġ.
Ḃí an donaſ i ndán dom aguſ bualaḋ uim an ál ſo,
Iſ mo ḃaṫaſ guɼ ḃánuiġ le ſeaċtṁain anuaſ.

[Leaṫanaċ 13]

Daɼ an ngaiḃl iſ daɼ an bpíce iſ daɼ a dtógaid ſiad d'aoileaċ,
Iſ daɼa Pádɼuig Stíoḃaɼd ḃíonn ag ſpóɼt linn gaċ uaiɼ,
Daɼa bó ḃán an Ṁoilinn aguſ Muiſiɼe an Ḟíoġaɼa,
Níoɼ ḋeineamaiɼ aon díṫ do ṁuc an ċúil ɼuaiḋ.
Daɼ Claedeaċ na gCíċeanna aguſ daɼa Cláɼaċ tá taoiḃ leiſ,
Daɼ gcáṫtaɼ de ẛíon iſ de ẛneaċta adtuaiḋ,
Daɼa Caiſleán Ċill m'Íde iſ Mount Leadeɼ i dtaoḃ ṫíoſ de,
Níoɼ ḋeineamaiɼ aon díṫ do ṁuc an ċúil ɼuaiḋ.

Ṁ'atuiɼſe ſcíoſṁaɼ maɼ a cailleaḋ mo ṁuinntiɼ
Do ċuiɼfeaḋ i gcɼíċ mé iſ ná beinn aɼ ḃuɼ ḃfuaid,
Ag eiɼġe gaċ deiɼe oiḋċe i nYaɼd ſink ſic aguſ aoiliġ,
Ag beiɼḃiú ṗɼátaí do ṁucaiḃ 'ſ do ḃuaiḃ.
Le ſolaſ na coinnle do ċuiɼid im ẛuiḋe me,
Cé guɼ ġaiɼid a ḃím‑ſe aɼ an leabaiḋ ċun ſuain.
Iſ go deiṁin féin, a Ḃɼíde, ḃeaḋ cion agam ċɼoiḋe oɼt
Dá ɼaġfá‑ſa ſíoſ liom go Coɼcaiġ na gCuan.

Mo ẛlán beo fé ḋíogɼaſ ċun Baile Ṁúiɼne na dtiġeaſaċ.
Iſ iad ná cuiɼfeaḋ puinn ſuim i ſóɼd ṁuc an ċúil ɼuaiḋ.
Ba ɼó-ḃeag maɼ ẛnaiḋm leo í ṁaɼḃú gaċ geiṁɼeaḋ,
Aguſ feoil ba ḋá aoiɼde do ċɼoċfaidíſ ſuaſ.
Maɼ do ċonnac‑ſa mná tiġe ann go ɼaiḃ faiɼſinge an ċɼoiḋe acu,
Ná beidíſ ag díon an ḃainne luim ḟuaiɼ.
Iſ dá mbeaḋ an ɼáiṫe ſo ḋíomc‑ſa do ɼáſfainn ṫaɼ fíoġaɼa,
Iſ ní ḟágfinn iad ċoiḋċe go gcuiɼfí mé i n‑uaiġ.

Seán Ua Cróinín.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 14–15
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 16–17
An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 18–19

Leaṫanaċ 20

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 20–21

Riaḃ Doṁain Goɼt an Acɼa

Inſa ſeaċtṁaḋ aoiſ déag ceann de ḋɼoċ-ḃéaſaiḃ na hÉiɼeann dob eaḋ ḃeiṫ ag fuadaċ ban go mbíoḋ aiɼgead aguſ ſtóɼ aɼ an dtaoḃ ṫiaɼ díoḃ. San aimſiɼ ſeo ṫáinig luċt leanaṁna Ċɼomaill aguſ a muinntiɼ fé ġéin Ċúige Muṁan. Ḃíodaɼ ag maɼḃú aguſ ag ſcɼioſ ɼómpa gan tɼuaġ gan taiſe. Ḃuaileadaɼ caṫ i Maġċɼomṫa i n‑áit 'naɼ maɼḃuiġeaḋ tɼí ṁíle Gaeḋeal. Ċuiɼ ſan eagla aɼ na daoiniḃ móɼ-ṫímpal: ċuadaɼ ag teiċeaḋ i ngleanntaiḃ aguſ i gcoilltiḃ. Ḃailiġeadaɼ leo a gcuid ſtóiɼ, aguſ ḃí an talaṁ lom lomanoċta gan bó gan caoíɼa 'na ndiaiḋ aɼ feaḋ móɼán aimſiɼe.

Do ṫáɼla ſan don ṁuinntiɼ a ċoṁnuiġ i dtuaṫ-ḃaile Goɼt an Acɼa i mBaile Ṁúiɼne. Ḃí ſan maɼ ſin aɼ feaḋ aḃfad, guɼ caſaḋ ann duine iaſaċta ḃí aɼ a ṫeiċeaḋ ḋo féin. Ċonnaic ſé an áit folaṁ gan duine gan daona, aguſ do ḃunaiġ ſé ann.

Ċuiɼ ſé gaċ aon tɼeó aiɼ féin ċun maiɼeaċtaint ann. Fuaiɼ ſé ſtoc ṫall 'ſ aḃfuſ: ba aguſ capaill. Ḃailiġ ſé ċuige fiɼ iſ mná maɼ ẛeiɼḃíſiġ. Ḃí Bɼúſgaɼ Ó Bɼoin maɼ áilteoiɼ aige. Ḃí Bɼeiceallaċ Ó Buaċalla ag tɼeaḃaḋ aguſ ag fuiɼſe aige. Ḃí Bɼeaſal Ó Caṫaſa maɼ aoḋaiɼe ann, aguſ a ċleiṫ-ailpín aige. Ḃí Bannda Ní Uiḋiɼ maɼ ḃean-tiġe, aguſ Maiġɼéad Ní Ġealḃáin aguſ Cáit Ní Ċlúḃáin maɼ ċailíní ag caḃɼú léi.

Duine gɼeannṁaɼ ab eaḋ é féin. Ḃí ſé óg lúṫṁaɼ láidiɼ, aċ ḃí ſé doɼċa ciúin, gan puinn cainnte aige. Ní ḃíoḋ aon úngáil aiɼ aċ go hannaṁ. Tíoɼánaċ dob eaḋ é 'na ṁeon: nuaiɼ a ṫaḃaɼfaḋ ſé óɼdú uaiḋ caiṫfí ɼud a ḋéanaṁ aiɼ gan ṁoill, ḃí ſé ċoṁ tɼéan ſan in' intinn. Do ɼiṫ a ṫáſg aɼ fuaid na dúiṫċe, aguſ leiſ ſin deiɼtí maɼ ġnáṫ-ḟocal: " Tá ſé ċoṁ tɼéan le Riaḃ Doṁain Goɼt an Acɼa. " Deiɼtí é ſeo le feaɼ nú le buaċaill a ḃeaḋ ceann-tɼéan.

Do ṫuig muinntiɼ an tiġe an méid ſeo go maiṫ, aguſ nuaiɼ a ḃailiġdíſ i dteannta ċéile iſtoiḋċe ḃídíſ ag cuɼ iſ ag cúiteaṁ aguſ ag innſint ſgéalta pléiſiúɼṫa féaċaint an mbainfidíſ fáṫ an ġáiɼe aſ.

Ní ɼaiḃ aon aiḋm póſta aige. Ḃíoḋ feaɼ ſiuḃail ag glaoḋaċ ċúċa aguſ uaṫa. D'innſeaḋ ſé móɼán ſgéalta ḋóiḃ, aguſ go móɼ móɼ aɼ ṫɼéiṫe cailín óig a ċoṁnuiġ i nGleann Fleiſge, inġean a ḃí ag Ó Donnċaḋa an Ġleanna. D'innſeaḋ ſé ḋóiḃ, dá ṁéid

Leaṫanaċ 21

a ɼéim aguſ a huaiſleaċt, conuſ a ḋeineaḋ ſí gnó ag cɼúṫ bó aɼ maidin aguſ iſtoiḋċe le coiſ na gcailíní aimſiɼe a ḃí aice, aguſ guɼaḃ é an ainm a ḃí uiɼṫe ná Laſaiɼḟíona.

Nuaiɼ aiɼiġeaḋ Riaḃ Doṁain an ſgéal ſo, ġáiɼeaḋ ſé go mion aguſ go minic, aguſ aon uaiɼ a ġlaoḋaḋ an ſtɼóinſéiɼ, ḃíoḋ fáilte aguſ fiċe ɼoimiſ ċun fanaṁaint i gcoṁaiɼ na hoiḋċe. D'innſeaḋ ſé an ſgéal aiɼíſ don líntiġe, aguſ d'aontuiġeaḋ Maiġɼéad Ní Ġealḃáin leiſ go ɼaiḃ aiṫne aice féin aɼ an gcailín, aguſ deiɼeaḋ guɼ ḃɼeá deaġ-ġnóṫaċ an ḃean í d'ḟeaɼ a ġeoḃaḋ le póſaḋ í. Maɼ ſin dóiḃ. Do ġáiɼeaḋ Riaḃ Doṁain óſ áɼd, aguſ fé ḋeiɼe do ṫuit ſé i ngɼáḋ léi gan í ḟeiſgint i n‑aonċoɼ.

Ḃíodaɼ maɼ ſeo tamall ag caiṫeaṁ aimſiɼe ḋóiḃ féin. Ṫáinig ſmaoineaṁ dá aigne tɼáṫnóna bɼeá ſaṁɼaiḋ an ḃean uaſal ſo d'ḟuadaċ aguſ í ṫaḃaiɼt leiſ aḃaile maɼ ḃain-ċéile ḋo féin. Leiſ ſin d'óɼduiġ ſé do Ḃɼeaſal Ó Caṫaſa aguſ do Ḃɼúſgaɼ Ó Bɼoin tɼí ġeaɼɼán capaill d'ḟaġáil ullaṁ i gcoṁaiɼ bóṫaiɼ aguſ dul fé ġéin an teaġlaiġ. Ḃí ſan déanta go tapaiḋ, aguſ le buiḋe gɼéine d'eiɼiġeadaɼ ſuaſ ſlinneán Goɼt an Acɼa, ſíoſ le fánaiḋ an Ṁúiɼne Ḃig, anonn tɼé Ṗoll an Ġaḃaiɼ, ſuaſ Doiɼín Áluinn, aſ ſan go teoɼainn an ċonntae, aguſ níoɼ ſtad coſ dóiḃ ċun guɼ ẛɼoiſeadaɼ Cill Áṫa, an áit go ḃfeacadaɼ Laſaiɼḟíona ag cɼúṫ bó i meaſg a cuid cailíní. Maɼ ḃí Riaḃ Doṁain luaṫ láidiɼ do léim ſé ċúiċe aguſ ṫóg ſé í 'na ḃaclainn aɼ ḃéalaiḃ an ġeaɼɼáin. Buailid an bóṫaɼ go luaimneaċ. Níoɼ ḟáſ puinn féiɼ fé na gcoſaiḃ ċun guɼ ẛɼoiſeadaɼ Goɼt an Acɼa, an áit go ɼaiḃ fáilte aguſ fiċe ɼómpa ag an líntiġe.

San aimſiɼ ſeo ḃí na dliġṫe péineaṁla i ḃfeiḋm, aguſ ba ġnáṫaċ le ſagaɼt dáɼḃ' ainm Diaɼmuid Ó Cɼóinín Aifɼeann do léiġe ag Móinteán an Aifɼinn, a ḃí aɼ aġaiḋ an tiġe amaċ aɼ an dtaoḃ ṫall Duḃġlaiſ. Leiſ ſin do ṫóg Riaḃ Doṁain aguſ a líntiġe an cailín óg aɼ maidin amáiɼeaċ aguſ do póſaḋ an ḃeiɼt le deiṫneaſ. D'ḟilleadaɼ aḃaile go ſíṫeaċ gɼáḋaċ, aguſ ḃí an ainniɼ ſáſta leiſ an aṫɼú ſaoġail do ḃí aice. Ḃí an baile go léiɼ aice aguſ daṫad bó bainne aice ag teaċt go dtí an maċaiɼe aɼ maidin 'ſ iſtoiḋċe.

Ní maɼ ſin a ḃí a haṫaiɼ, ceann fine Uí Ḋonnċaḋa. Ḃí ſé ag gol aguſ ag caoineaḋ i ndiaiḋ a inġine aɼ feaḋ bliana, ċun guɼ ḃuail feaɼ ſiḋe leiſ aduḃaiɼt guɼḃ iad an ſluaġ ſiḋe d'áɼduiġ leo í aguſ go ɼaiḃ ſí 'na coṁnuiḋe i lioſ Goɼt an Acɼa. Ċuiɼ ſo fonn aguſ faitċíoſ aiɼ ſaɼ aɼ ḋein ſé aon ní den ſgéal.

Maidean ẛaṁɼaiḋ tímpal na haimſiɼe céadna do caſaḋ feaɼ ſiuḃail ċúċa iſteaċ nuaiɼ a ḃí Laſaiɼḟíona ag cuɼ cɼíċe aɼ a cuid ſtuic. D'ḟéaċ ſé móɼ-ṫimpal aguſ d'inḟiúċ ſé an ḃean go géaɼ. D'aiṫin ſé í, aguſ níoɼ ḟéad ſé gan an ɼann ſo do ɼáḋ:

" Mo ṫɼuaġ, mo ċɼeaċ, mo ḃɼón,
Laſaiɼḟíona ag cɼúṫ bó,
Aguſ Laſaiɼḟíona ag gɼéaṡſaiḋe bɼóg ! "

Leaṫanaċ 22

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaiġ 22–23

Ḃí Riaḃ Doṁain ag éiſteaċt leiſ aguſ é ag deiſiú bɼóg–maɼ do ḋeineaḋ gaċ éinne a ḃɼóga féin an uaiɼ ſin. Do ṫáinig eagla aguſ feaɼg aiɼ a ɼáḋ go ɼaiḃ ſé faġálta amaċ. Ḃuail ſé an duine boċt le buille den ṁáinléad anuaſ aɼ ṁullaċ a ċinn aguſ do ẛín ſé aɼ an úɼláɼ é. Ṫóg na cailíní é, aguſ ṫugadaɼ aiɼe aguſ fɼioṫálaṁ do aɼ feaḋ ſeaċtaine. Ċonnacṫaſ dóiḃ go ɼaiḃ ſé ag dul ċun deiɼiḋ aguſ go ḃfaġaḋ ſé báſ. Leiſ ſin, d'ḟiafɼuiġeadaɼ de céɼḃ é féin nú cáɼḃ aſ é. Duḃaiɼt ſeiſean an ḃéaɼſa ſo maɼ ḟɼeagɼa:—

" Miſe Caṫal Ó Dúḃda a ḃí go ſúgaċ ſeaċ,
Nuaiɼ a ċonnac‑ſa mo ɼún ag cɼúṫ na mba. "

Fé ḋeiɼe do fuaiɼ ſé báſ aguſ do ḋeineadaɼ é ṫóɼɼaṁ. Ḋein Bɼúſgaɼ Ó Bɼoin an ċoṁɼa ḋo, aguſ d'áɼduiġeadaɼ leo é i gcoṁɼac lae aguſ oiḋċe. Ḋeineadaɼ uaiġ o, láiṁ le Dɼoiċidín Ċúil an Ṁoṫaiɼ, aguſ tá Uaiġ an Duine Ṁaiɼḃ maɼ ainm aɼ an áit foſ.

Faid a ḃí an ſgéal ſo aɼ ſiuḃal ḃí Ó Donnċaḋa an Ġleanna ag bailiú feaɼ ċun lioſ Goɼt an Acɼa a ċuaɼdaċ. Gluaiſiġid leo aguſ tagaid ann. Ċuaɼdaiġeadaɼ ſíoſ aguſ ſuaſ de aċ ní ḃfuaɼadaɼ í. Ċonnaic Riaḃ Doṁain iad. Ṫáinig tɼuaġ ḋo ḋóiḃ. Ḃuail ſé úmpa, aguſ d'inniſ ſé an ſgéal tɼíd ſíoſ, conuſ a ḃí ſí aige féin. D'ḟanadaɼ ann aɼ feaḋ ſeaċtaine aguſ ḋeineadaɼ ſíoṫċáin. Ḃí clann ag an mbeiɼt, aguſ ċuadaɼ ſan iſteaċ i n‑aɼm na Spáinne.

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 3
Leaṫanaċ 24