An Músgraiġeaċ

Bulletín do Ċáiɼde Ṁúſgɼaiġe

ɼoghnaigh cló

An Músgraiġeaċ Uiṁir 2

Cláɼ

  • 1 Anoiſ an tAm !
  • 3 Maoilẛeaċlainn Ua Duḃgáin
  • 7 Séadna
  • 9 An ḃfuil ḟioſ agat? [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 10 Fili aguſ Filíoċt Ṁúſgɼaiġe, 2
  • 14 Fuaimeana agus Fuirmeacha na bhFocal
  • 15 Spídiú Ċáit na Tɼoda
  • 18 Áit-ainmneaċa
  • 20 Eolaſ á loɼg [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 21 Ceaɼtúċán [in eaſnaṁ ſa ḃuntéacſ]
  • 22 Leitɼeaċa

Leaṫanaċ 1

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaċ 01

Anoiſ an t‑Am !

 Anoiſ an t‑am, ca ḃfuil an duine ?  Máſ fíoɼ doſ na Múiɼniġ é, ſiné glaoḋ a ċuiɼeann an Solán aſ, gaċ ɼe tamall. Aguſ an té go ḃfuil cluaſ le héiſteaċt aiɼ, ní deiɼim ná go gcloiſfeaḋ ſé do ġnáṫ an poɼt céadna aɼ ſiuḃal ag áɼ dteangain dúċaiſ. Aċ cad é maɼ ḋeifiɼ atá idiɼ an dá ġlóɼ! Glóɼ boɼb bagaɼṫaċ ag an Solán: glóɼ íſeal maille-ḃɼeaṫaċ ag an nGaeluinn. Toġailiḋeaċt aguſ tollaṁóiɼe a ḃíonn i nglóɼ na haḃann nuaiɼ a ḃíonn an t‑ampla uiɼṫe ċun daoine do ẛlogaḋ. Aċ meiɼtneaċaſ aguſ maoiṫneaċaſ iſ eaḋ d'aiɼeofá i nglóɼ na Gaeluinne, aguſ í ag éiġeaṁ aguſ ag oſnuiġeal aguſ á ímpiḋe aɼ ḋaoine teaċt i gcaḃaiɼ uiɼṫe aguſ í ẛaoɼaḋ ón mbáſ.

Iſ fada aɼ an dtɼádán ſan an Ġaeluinn, aguſ iſ beag ná go ḃfuil ſí dulta ċun mí-ḋóċaiſ aɼ fad. Leaṫ-ċéad bliaḋan ó

Leaṫanaċ 2

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 02–03

ẛin, nuaiɼ a cuiɼeaḋ Connɼaḋ na Gaeḋilge aɼ bun, do héiſteaḋ léi, tamall, aguſ ṫáinig ḋá oiɼead cɼoiḋe aguſ uċtaiġ di. D'áɼduiġ ſí a glóɼ aguſ do laḃaiɼ amaċ go dána láidiɼ. Do ẛíl ſí go ɼaiḃ ɼiṫ an ɼáiſ léi. Aċ fóɼíoɼ! an ſpionnaḋ beag do ṫáinig i gcɼaḋṫaċa a clainne an uaiɼ ſin, tá ſé i n‑eiɼeaball a niɼt anoiſ. Iſ baoġal ná fuil i ndán di feaſta aċ an báſ, aguſ guɼb é a ḃeiḋ le ɼáḋ ag luċt ſeanċaiſ aɼ ball i dtaoḃ ſaoṫaiɼ an Ċonnaɼṫa ná ná ɼaiḃ ann aċ bloſcaḋ an ḃáiſ.

Máſ fíoɼ an méid ſin i dtaoḃ na Gaeluinne go coitianta, iſ fíɼe go móɼ é i dtaoḃ Ġaeluinne Ṁúſgɼaiġe. Níl aṁɼaſ ná go ḃfuil ſí ag tuitim aguſ ag connlú i n‑aġaiḋ na bliana. Ní fada eile a ḃeiḋ ſí ann i n‑aon ċoɼ maɼa leiġiſteaɼ go gɼod a galaɼ báiſ.  Anoiſ an t‑am,  adeiɼ ſí linn,  an ḟaid atá ſcɼioṫaɼtaċ éigin ionnam. Beiḋ ſé ɼó-ḋéiḋeannaċ amáiɼeaċ nuaiɼ a ḃead ag taḃaiɼt an ḟéiɼ.  Aguſ ca ḃfuil an duine? Ní duine aċ tɼiúɼ a ḃíonn ón Solán nuaiɼ a ṫagann aiɼc aiɼ. Aguſ ní duine ná tɼiúɼ oiɼfiḋ don Ġaeluinn ċun í ċuɼ aɼ láiṁ ẛáḃála, aċ meiṫeal d'ḟaɼaiɼí eolgaiſeaċa dúṫɼaċtaċa.

Ní móɼ 'om adṁáil go gcuiɼeann ſé díombáiḋ aguſ ceann‑fé oɼainn a ɼiġne atá an obaiɼ ſeo atá idiɼ láṁaiḃ againn ag dul ċun cinn. I n‑inead na ſluaiġte go ɼaiḃ fáilte againn ɼómpa aguſ ſúil againn le hiad do ṫeaċt iſteaċ 'náɼ gcumann, níoɼ ḃailiġ ċuġainn aċ meiṫeal ḃeag de Ċáiɼdiḃ,—meiṫeal náɼ leoɼ i n‑aon ċoɼ ċun na h‑oibɼe ċoinneáilt aɼ ſiuḃal. Aguſ ɼud iſ meaſa ná ſan, iſ deallɼuiġṫeaċ náɼ ċuiɼ na Cáiɼde atá againn aon tſuim ċeaɼt ſa Ḃulletín. Ní ḃfuaɼamaiɼ aċ cúpla leitiɼ á ṁolaḋ. Ní ḃfuaɼamaiɼ aon ċeann i n‑aon ċoɼ á ċáineaḋ, aguſ iſ olc an coṁaɼṫa é ſin. Iſ é an t‑uaigneaſ i n‑inead an imɼiſ é. Aguſ iſ ɼó-ḃeag a ṫáinig de ṫoɼaḋ aɼ áɼ gcuid ceiſteanna, bíoḋ náċ foláiɼ nú tá daoine éigin ann ḟéadfaḋ iad do ɼéiḋteaċ. Iſ deocaiɼ a ɼáḋ cad fé ndeaɼ ſo—ce'cu leiſge nú neaṁ-ḟonn nú cúṫaileaċt.

Aċ tuſa, a ċaɼa, ní héidiɼ guɼ ag gaḃáil uime t'ḟocal ataoi. Ó ċeangalaiſ páiɼt linn ſan iaɼɼaċt ſo, tá de ḋualgaſ oɼt an Ġaeluinn do ċleaċtaḋ go coitianta, congnaṁ a ṫaḃaiɼt doſ na Cáiɼde eile ċun eolaiſ ḃeaċt do ċuɼ uiɼṫe, aguſ daoine eile do ſpɼiocaḋ ċun í ḟoġluim aguſ a ẛaoṫɼú. B'éidiɼ guɼ cúṫail ataoi. Máiſeaḋ, tuig guɼb é feaɼ an ṁiſniġ aṁáin a ḋeineann gníoṁ. Aguſ gníoṁ iſ eaḋ oiɼeann anoiſ. Miſneaċ maiṫ oɼt, dá ḃɼí ſin. Díɼiġ le floſg aɼ an obaiɼ atá ag feiṫeaṁ leat. Anoiſ an t‑am aguſ iſ tuſa an duine !

An fear Eagair.

Leaṫanaċ 3

Maoilẛeaċlainn Ó Duḃgáin

" Coḃaɼ " do ſgɼíoḃ.

1.—" An Claḋaire. "

I mbliaḋain 1800 ḃí ſciollḃaċ d'ḟeaɼ ṫéaṫḃuiḋe ċoiɼtiġṫe in a ċoṁnaiḋe aɼ Caɼɼaig Tomáiſ, i ngioɼɼaċt ċeiṫɼe ṁíle do Moċɼomṫa. Feaɼ ann féin dob eaḋ an ſcɼioſaṁnaċ doiġɼipṫeaċ dɼoċ-ċɼoiḋeaċ ſan. Ḃí faġaiɼt aguſ fuinneaṁ aguſ dáſaċt ann. É i n‑a ḃuanna aɼ a ċoṁaɼſanaiḃ. D'aiṫneoċaḋ éinne aɼ a ġnúiſ ġɼuamḋa guɼḃ anċúinſe guɼḃ eaḋ é. É ſé tɼoiġṫe aɼ aoiɼde, aguſ teann téagaɼṫa, cúmṫa cóɼaċ d'á ɼéiɼ. É puſ-ẛúileaċ, aguſ coinneal i n‑a ḋá ẛúil aɼ nóſ an ḃeiṫiḋiġ allta. Baċall de ċoinncín ɼeaṁaɼ aiɼ, aguſ é puſaċ faid-leicneaċ. É in a lúdaiḋe ẛlim ẛleaṁain. An ṁuɼſantaċt aguſ an tolaṁóiɼe go ſmioɼ ann. Ba ṁinic éileaṁ aiɼ i gcóiɼ coiſdí aguſ ċun eadaɼġaḃála, aċ níoɼḃ aon leaſ-ainm " glac na mbɼeab " a ṫaḃaiɼt aiɼ. An ċainnt úd a ċaiṫ Aoḋagán Ó Raṫaille le Taḋg Duḃ, ba ċɼuinn a ṫiocfaḋ ſí ḋo:  Iſ gein diablaiḋe an Taḋg ſan. Iſ meaſa é ná a ẛínſeaɼ óiɼ ní ḋíbɼeann uiſge coiſɼeagṫa é. Tá bɼam-uaḃaɼ Lucifeɼ ann, inntleaċt Ṡátan, claḋaiɼeaċt Roibín, feall aɼ iontaoiḃ, aguſ cleaſaiḋeaċt a ḋá ẛean-ṁáṫaɼ.  Moilẛeaċlainn Ó Duḃgáin dob ainm aguſ ſloinnne don ċlaḋaiɼe ſeo.

San am ſan ḃí gɼaṫain ġallda de ṫiġeaɼnaíḃ talṁan taɼ éiſ neaduiġṫe i gceanntaɼ Moċɼomṫa. Bhí Muinntiɼ Iaɼḟlaiṫe díbeaɼṫa a Baile Ḃúiɼne ag Colṫurst, aguſ " a mbailte dá ɼoinnt fé ċíoſ go daoɼ " aige. Humpy, Massey aguſ Hedges i Moċɼomṫa aguſ aiɼc aguſ ampla oɼṫa ċun cuid a gcoṁaɼſan. Sean-ṫɼeaḃċaiſí Uíḃ Laoġaiɼe á ɼuagaiɼt ag Barter aguſ ag Masters. Minhear aguſ Baldwin i dTuaiṫ na Dɼoman, aguſ gan tɼuaġ ná taiſe acu don díleaċtaiḋe ná don ḃaintɼeaḃaiġ. Cé ṫógfaḋ aɼ Ṁáiɼe Ḃuiḋe a mallaċt a ṫaḃaiɼt dóiḃ maɼ leanaſ:

Leagaḋ iſ leonaḋ 'guſ ſceiṁleaḋ dóiġte
Go dtigiḋ aɼ an gcóip ſeo 'ſ a ſtóɼ 'n‑a meaſc;
An ċɼoċ 'ſ an cóɼda á gcuɼ fí n‑a ſcóɼnaiġ,
Aguſ Dia náɼ ḟóiɼiḋ go deo a gceaſ.

Leaṫanaċ 4

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 04–05

Seo maɼ a ċaoineann Séamuſ Móɼ Ó Muiṁneaċáin ɼuagaiɼt Ṁuinntiɼ Iaɼḟlaiṫe:

Sé ċɼuinniġ an liaċ im ċliaḃ, dá leaṁaimíſ laḃaiɼt,
Gan duine den tɼriaḃ i n‑a ndiaiḋ ag ſeaſaṁ tiġiſ teann
I n‑ionad na mbiaḋtaċ ḃfial ba faiɼſeag ḃí a ḃfaḃaɼ,
Aċ conaiɼt dá ɼiaɼ iſ fiaḋaċ ag gaſɼaíḃ Gall.

Aċ i dtaoḃ Ṁaoilẛeaċlainn ḃí cíoſ na Bealtaine á éileaṁ aɼ ɼoinnt dá ċoṁaɼſanaiḃ. Toiſc a ẛuaɼaiġe a ḃí an ſaoġal le n‑a linn ſinn [ſic]. ? ɼecte ſin ní ɼaiḃ pingin a mbeaɼɼṫa acu. B'eol dóiḃ ná ſáiſeóċaḋ aon ní aċ " cíoſ nú ſeilḃ " an tiġeaɼna talṁan. Ċuadaɼ aɼ loɼg coṁaiɼle aɼ Ṁaoilẛeaċlainn, aguſ b'é ɼud aɼ aɼ ċinneadaɼ ná dul go dtí tiġ duine éigin deſ na ſladaiḋṫiḃ Gallda aguſ oiɼead aiɼgid ḟuadaċ uaiḋ aguſ ḋíolfaḋ a gcíoſ. " Goid ó ġadaiḋe goid gan ṗeacaiḋe, " daɼ leo. Ní ɼaiḃ aon ċuiṁneaṁ acu aɼ ḃaſgaḋ ná aɼ ṁaɼḃú a ḋéanaṁ.

2.—Bob Hutchinson

I mbliaḋain 1782, i n‑aimſiɼ na nÓgláċ, ḃí Gall de ṁuinntiɼ Hutċinſon in a oifigeaċ aɼ " na Gíománaiġ Náiſiúnta, " aguſ nuaiɼ a cuiɼeaḋ aſ feiḋm iad ſan, ċuiɼ ſé féin aguſ a ḋeiɼḃẛiúɼ fúṫa aɼ Coṁad-dɼom láiṁ le Moċɼomṫa. Giolla de Ṁuinntiɼ Rinn go ɼaiḃ allaiḃɼe aiɼ an t‑aon duine iaſaċta aṁáin a ċodlaḋ i n‑aon tiġ leo. Ḃí tiġ gleoite ag an oifigeaċ ſo i láɼ faiṫċe coilliḋe, aguſ an ɼaḋaɼc iſ deiſe ſa tíɼ i n‑a ṫimċeall. Caiſleán Uí Ḟlainn aguſ an feaɼann faiɼſing a ġaḃann leiſ aɼ a aġaiḋ anonn. An Solán  fada fiɼeann  ag ſniġe go coiṁġṫeaċ tɼé ġleann laiſtíoſ de. Seiċe, Diuḃċoill aguſ Daṁaſ ag bagaiɼt a gcinn taɼ dɼuim a ċéile ſiaɼ ó ḋeaſ uaiḋ.

Ḃí an-uɼɼaim ag " nua-uaiſle " na coṁaɼſanaċta do Ḃob, ní náċ iongnaḋ; aguſ ní ɼaiḃ aon dɼoċ-ṫeiſt ag muinntiɼ an ḃaill aiɼ. Ḃí béaſ aige ḃeiṫ ag áiɼneán go h‑ana-ḋéiḋeannaċ. Aɼ a ṫiġ ſeo iſ eaḋ ṫug Moilẛeaċlainn aguſ a ḃuiḋean a n‑aġaiḋ i n‑am ṁaiɼḃ na h‑oiḋċe. Ċeiṫɼe ḋuine ḋéag acu a ḃí ann. Ḃí ſaoɼ cloiċe oɼṫa dáɼḃ ainm aguſ ſloinne Seán Ó Duḃgáin. Col ceaṫaɼ do Ṁaoilẛeaċlainn dob eaḋ eiſean. Ḃí a ċaſúɼ aige, aguſ ba ġeaɼɼ an ṁoill aiɼ bloḋtɼaċa a ḋéanaṁ d'ḟuinneoig Ḃob leiſ. Nuaiɼ a ċuala feaɼ an tiġe an foṫɼam ag na feaɼaiḃ ag teaċt iſteaċ do ṗeab ſé anuaſ an ſtaiġɼe. Ḃí a aiḋḃéaɼdaiḋe féin aɼ ḋuine de'n ḃuiḋin, aguſ d'aiṫin ſé láiṫɼeaċ é.  An annſan ataoi-ſe, a Ċáɼṫaiġ?  aɼ ſeiſean. Ba ṁóɼ an botún a ḋein ſé aguſ a ċuɼ i n‑úil guɼ aiṫin ſé é. Dá mb'áil leiſ gan pioc a leogiant aiɼ ní bacfaí leiſ. Aċ ṫuigeadaɼ go léiɼ ó n‑a ċainnt go ɼaḃadaɼ i n‑angaid. Do laḃaiɼ Maoilẛeaċlainn aguſ duḃaiɼt:  A Ċáɼṫaiġ, dein do ġnó.  Deiɼteaɼ go ɼug an Cáɼṫaċ aɼ ġunna Ḃob a ḃí i láiṁ leiſ, aguſ guɼ ſcaoil uɼċaɼ tɼé 'n‑a ċliaḃ aguſ go ndeaɼna

Leaṫanaċ 5

ſteipineaċ de. Ṫáinig éaɼṫaċt aɼ an mbuiḋin nuaiɼ a ċonnacadaɼ cad a ṫáɼla, aguſ ċuiɼeadaɼ díoḃ láiṫɼeaċ.*

Ní miſde a ɼáḋ ná go ɼaiḃ ɼí‑ɼá aguſ ɼuaille buaille timċeall tiġe Ċoṁad-Dɼom laɼ na ṁáiɼeaċ. Iongnaḋ aguſ alltaċt aɼ gaċ éinne. Soc aguṡ gob aguſ faoḃaɼ aɼ luċt na dliġe, aguſ díoġaltaſ gan tɼuaġ gan taiſe gan tɼócaiɼe aɼ aigne acu. Ag taḃaiɼt fiaḋnaiṡe do ḋeiɼḃẛíɼ Ḃob i láthaiɼ an ċoiſte duḃaiɼt ſí guɼ baineaḋ beaṫa na n‑éag aiſti nuaiɼ a ċuala ſí an gleo; go ndeaġaiḋ ſí iſteaċ i n‑almóiɼ aguſ guɼ ḟan ann go ſaiḃ an cliſiam i leaṫtaoiḃ. Duḃaiɼt Mac Uí Rinn, an giolla, go ɼaiḃ ſé féin in‑a ẛáṁ-ċodlaḋ feadh na h‑oiḋċe, aguſ náɼ aiɼiġ ſé faic. Pe'cu ḃí ſé i n‑a ċodlaḋ nú n'a ɼaiḃ, níoɼ cɼeideaḋ focal uaiḋ.

Cad a ḃí aɼ aigne ag an té a ṁaiɼḃ feaɼ bɼeá macánta maɼ Ḃob ? B'in í an ḟaḋb. Níoɼ bacaḋ le haiɼgead ná le hollṁaiṫeaſ, ná ní ḋeaġṫaſ ṫaɼ an ſeomɼa i n‑aɼ tɼeaſcɼaḋ é. Cad ba ḃun leiſ an maɼḃaḋ? Díoġaltaſ, aɼḃ eaḋ? Aċ níoɼḃ eol d'éinne go ndeaɼna Bob doċaɼ ná díoġḃáil dá ċoṁaɼſain ɼiaṁ.

3.—Tóir.

Do ḃí díoɼaim fíoċṁaɼ Gíománaċ i Moċɼomṫa an uaiɼ ſin. Ċuaɼduiġeadaɼ dóiġ aguſ andóiġ aɼ loɼg an té ṁaiɼḃ Bob. Ḃagɼadaɼ ſmúɼaḃán a ḋéanaṁ den tſɼáid dá dteipeaḋ oɼṫa an cuiɼpṫeaċ a ṫaḃaiɼt ċun láṁa. Aċ ṫánadaɼ aɼ aṫ-ſmaoineaṁ, aguſ ṫaiɼgeadaɼ céad púnt don té ſcéiṫfeaḋ aiɼ. Níoɼ ṁeall ſan éinne. I gcionn tamaill eile ṫaiɼgeadaɼ ḋá ċéád púnt, aċ ní ɼaiḃ ann dóíḃ. Fé ḋeiɼe ṫaiɼgeadaɼ tɼí ċéad, aguſ i n‑a ṫeannta ſan go maiṫfí don ḟaiſnéiſiḋe má ḃí aon ḃaint aige leiſ an ngníoṁ. Ní ɼaiḃ ag éiɼġe leo. Níoɼḃ ḟada go dtáinig aṁɼaſ dóiḃ aɼ Ṁaoilẛeaċlainn, aguſ do gaḃaḋ é i n‑a ṫiġ féin. Iſ é ḃí go neaṁ-ċoɼɼḃuaiſeaċ, maɼ ḋ'eaḋ, i dtaoḃ a ġaḃála. Nuaiɼ aduḃɼaḋ leiſ guɼ ċeaɼt do óɼdú a ṫaḃaiɼt dá luċt oibɼe i dtaoḃ gnóṫaí na feiɼme feaſta níoɼ ḋein ſé aċ ſpíoɼ ſpáɼ den ſcéal. Pɼeit, a ḋuine, ní ḃead‑ſa ḋá lá a baile, aduḃaiɼt ſé. Aċ nuaiɼ a cuiɼeaḋ i n‑a luiġe aiɼ cad a ḃí i ndán do, do ḋuḃuiġ aguſ do ġoɼmuiġ aige. B'éigean do gluaiſeaċt go Moċɼomṫa le coiſ na nGíománaċ. Le linn dul ſan iallait do, do ḃain ſé ſlat ſailiġe aɼ ġɼuaḋ an ḃóṫaiɼ. Aguſ é ag cuɼ na ſliġe ḋe, ḃí ſé ag cuɼ aguſ ſg cúiteaṁ i n‑a aigne, aguſ é go ſuaiṫte gɼeiṫileánaċ, gan ſuim aige á ċuɼ i n‑aon ní i n‑a ṫimċeall. An túiſce guɼ ċɼomadaɼ aɼ ġluaiſeaċt ċuiɼ ſé an tſlat 'n‑a ḃéal aguſ ḃí á cɼeimeaḋ le n‑a ḟiaclaiḃ. Um an dtaca guɼ ẛɼoiċ ſé Moċɼomṫa ní ɼaiḃ aċ óɼlaċ di gan ſmiotaḋ aige.

* Sidé innſint atá aɼ an ſgéal i " Séadna ":—
Cáit.—  Nách é Coɼmac Mac Cáɼṫa a láṁuiġ Bob Hutchison, a Ġobnait? 
Gobnait.—  Iſé, nuaiɼ a ẛeaſaiṁ M'leaċlainn ua Duḃagáin aɼ an dtaoḃ ṫiaɼ de aguſ ċuiɼ ſé beul a ġuna le n‑a ḋɼom, aguſ dúḃaiɼt ſé,  láṁuiġ é, a Ċoɼmaic,  aɼ ſeiſean,  nó láṁfad‑ſa ṫuṡa ! —F.E.

2 ſic

Leaṫanaċ 6

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 06–07

An gaḃadán aḋmaid atá anoiſ ag Diaɼmaid Ó Laoġaiɼe ag ceann Ṡɼáid an Ċaiſleáin, iſ é ḃí i n‑a ġaḃann* an uaiɼ úd ag an aɼm, aguſ iſ ann a cuiɼeaḋ Maoilẛeaċlainn i gcóiɼ na hoiḋċe. Nuaiɼ ba léiɼ do ná ɼaiḃ cead teiċte ná toɼmaiſ aige, aguſ nuaiɼ a ċuala ſé i dtaoḃ na bɼeibe a ḃí le faġáil ag an mbɼaṫadóiɼ, duḃaiɼt ſé leiſ fein guɼḃ é a ċoileaċ a ġ laoiḋ, aguſ go ɼaiḃ a ċuid aɼáin beiɼḃṫe. Níoɼḃ ḟada an ṁoill aiɼ ſcéiṫ aɼ na cáiɼdiḃ a ſtiúɼuiġ ſé ċun an ġníṁ. Dliġe an aiɼm a ḃí i ḃfeiḋm an tɼáṫ ſan. Rugaḋ láiṫɼeaċ aɼ ẛeiſeaɼ den ḃuiḋin aguſ tugaḋ go cúiɼt an aiɼm i gCoɼcaiġ iad. Ḋeaɼḃuiġ Maoilẛeaċlainn oɼṫa go cɼuinn blaſta gan tuitim focail. Aċ do ḋein a ċol ceaṫaɼ, Seán, a ɼaiḃ aɼ a ċumaſ ċun an éiṫiġ a ċuɼ i leiṫ an ḟaiſnéiſiḋe. Duḃaiɼt ſé náɼḃ aṁlaiḋ a láṁaċaḋ Bob aċ guɼ le n‑a ċaſúɼ féin a pollaḋ a ċliaḃ. Ċuiɼ an ċainnt ſin luċt na dliġe ag maċtnaṁ. B'ḟéidiɼ náɼ ċialṁaɼ an ḃeaɼt dóiḃ a ṁeaſ guɼḃ aṁlaiḋ a láṁaċaḋ é, aguſ ẛocɼuiġeadaɼ aɼ an gcoɼp d'inḟiúċaḋ aiɼíſ. Deineaḋ aṁlaiḋ, aguſ duḃaiɼt an doċtúiɼ guɼ aimſiġ ſe liaṫɼóidí luaiḋe i n‑aice an ċɼoiḋe aige. Ċuiɼ ſan deiɼe leiſ an ſgéal. Daoɼaḋ na cimí ċun a gcɼoċta. D'ḟonn ſcannɼaḋ a ċuɼ i gcɼoiḋe ṁuinntiɼ an ċeanntaiɼ do hóɼduiġeaḋ na cinn a ḃaint díoḃ taɼ éiſ a gcɼoċta aguſ iad a ċuɼ anáiɼde aɼ ſpaɼaíḃ aɼ an ngaḃann. Ḃí tɼuaġ aguſ taiſ ag gaċ éinne do Ċeallaċán aguſ do Ṫaḋg Mac Cáɼṫaiġ a daoɼaḋ aguſ gan láṁ ná laḋaɼ acu ſa ġnó. Aċ ḃí a ċúiſ féin ag Maoilẛeaċlainn nuaiɼ a ḋeaɼḃuiġ ſé an t‑éiṫeaċ oɼṫa. Seo maɼ adeiɼ an tAṫaiɼ Peadaiɼ i dtaoḃ an ſcéil i " Mo Sgéal Féin ":

Aḃfad 'n‑a ḋiaiġ ſan iſeaḋ do hinnſeaḋ dom guɼ ſpaɼaí iaɼainn guɼḃ eaḋ na tɼí liaṫɼóidí beaga. B'ẛin iad tɼí cinn na ḃfeaɼ a cɼoċaḋ maɼ ġeall aɼ Ṁ'leaċlainn Ua Duḃgáin. Cáɼṫaiġ ab eaḋ iad, aguſ tɼiúɼ dɼiṫáɼ ab eaḋ iad, Coɼmac, Ceallaċán aguſ Taḋg. Do ċuiɼ Malaċi ḟeuċaint aɼ Ċoɼmac Bob Hutċinſon do láṁaċ. Annſan do ḋeaɼḃuiġ ſé aɼ Ċoɼmac. Annſan ḃí eagal aiɼ go ndéanfaḋ duine éigin den ḃeiɼt dɼiṫáɼ díoġaltaſ aiɼ féin maɼ ġeallaɼ an ndeaɼḃuġaḋ, aguſ iſ é ɼud a ḋein ſé ná deaɼḃuġaḋ aɼ an dtɼiúɼ i n‑aonḟeaċt.

(Ní Cɼíoċ.)

* .i. bridewell. Céim na bɼeiġdealaċ a ḃí maɼ ainm ag na ſeandaoine aɼ Ṡɼáid an Ċaiſleáin.—F.E.

Leaṫanaċ 7

Séadna.

Foilſiġeaḋ: An Ċéad Ċuid, ſé ſin, Caib. I go dtí láɼ Caib. a XVII, i nIɼiſleaḃaɼ na Gaeḋilge, Saṁain 1894—Abɼán 1897. An Daɼa Cuid, ſé ſin, ó láɼ Caib. XVII go dtí láɼ Caib. XXIII i ḃfuiɼm leaḃaiɼ, Baile Áṫa Cliaṫ, 1898. Gaelic League Publications. An Tɼíoṁaḋ Cuid[,] ſé ſin, ó láɼ Caib. XXIII. go dtí deiɼe an ſgéil, ſa Cork Weekly Examiner, Bealtaine 4—Meaḋon Foġṁaiɼ 14, 1901. Séadna. É go léiɼ i n‑aon leaḃaɼ aṁáin, Baile Áṫa Cliaṫ, 1904: Muinntiɼ na Leaḃaɼ Gaeḋilge. Foclóiɼ do Ṡéadna, Noɼma Boɼṫwick do ċuiɼ le ċéile, Baile Áṫa Ciaṫ, 1909. Shiana, an ſgéal ſa litɼiú ſímpliḋe, Baile Áṫa Cliaṫ, 1916: Bɼún aguſ Ó Nualláin. Do ċuiɼ an ṁuinntiɼ ċéadna an leaḃaɼ amaċ 'n‑a ṫɼí coda. Níl aon dáta aiɼ. Séadna, cuɼ-amaċ nua 'n‑a ṫɼí coda, Baile Áṫa Cliaṫ, 1936: Bɼún aguſ Ó Nualláin. Doṁnall Ó Maṫúna do ċuiɼ i n‑eagaɼ. Deiɼ ſé ſa ɼéaṁ-ɼáḋ: Túɼfaɼ fé ndeaɼa go ḃfuil iaɼaċt déanta ſan eagɼán ſo de ' Shéadna ' aɼ ṫoil an Aṫaɼ Peadaɼ i dtaoḃ leitɼiú na Gaelge do ċuɼ i ngníoṁ.

Níl aṁɼaſ ná guɼb é Séadna an leaḃaɼ iſ mó-le-ɼá i nGaeluinn Ṁúſgɼaiġe, nu dá n‑abɼainn é, i nGaeluinn na haimſiɼe ſeo le ċéile. I n‑a ḋiaiḋ ſan, ḃeaḋ bɼeall aɼ éinne a ẛaṁlóċaḋ guɼ caiġdeán fíoɼ-ḃeaċt aɼ fad é le cainnt na ſeandaoine i Múſgɼaiġe. Ní healaḋa ḋúinn a ḋeaɼṁad ná ɼaiḃ an tAṫaiɼ Peadaiɼ aċ 'n‑a ġaɼſún óg nuaiɼ ḟág ſé an baile aguſ guɼ ċaiṫ ſé an ċuid iſ mó dá ẛaoġal i dtaoḃ amuiġ dá ḋúṫaiġ. Aɼ a ċuiṁne iſ mó a ḃɼaiṫeaḋ ſé nuaiɼ a ḃíoḋ an Ġaeluinn aige á ſgɼíoḃ, aguſ bíoḋ Gaeluinn na leaḃaɼ a ḃí léiġte aige aguſ Gaeluinn na ndúṫaí do ẛiúḃluiġ ſé ag teaċt i gcoinniḃ na Cuiṁne. Iongnaḋ ẛaoġail iſ eaḋ a ḟeaḃaſ do ċimeád ſé gɼeim aɼ a Ġaeluinn féin i n‑aiṁḋeoin na mbaɼɼaí ſin. Rud eile: ſgɼíoḃaiḋe neaṁ-ċɼíoċnaṁail ab eaḋ é ɼiaṁ. Ba ċuma leiſ aċ ḃeiṫ ag ſgɼíoḃ ɼoimiſ, gan puinn ſuime ċuɼ ſa litɼiú, aguſ iſ annaṁ i n‑aon ċoɼ do ċeaɼtuiġeaḋ ſé an méid a ḃíoḋ ſgɼíoḃṫa aige. Ná duḃaiɼt ſé féin i leitiɼ do ſgɼíoḃ ſé ċun an Aṫaɼ Geaɼóid Ó Nualláin an ċainnt ſeo im ḋiaiḋ? B'ḟéidiɼ guɼ deaɼṁad cló é nó b'ḟéidiɼ guɼ ſcɼíoḃaſ féin maɼ ſin é. Iſ minic a ḋeinim deaɼṁad maɼ é. Maɼ ġeall aiɼ ſin, ní haon iontaoiḃ ɼó-ṁóɼ iad a láṁ-ſgɼíḃinní féin, na cinn atá againn. Aguſ i dtaoḃ Ṡéadna ḋe, tá deacaɼaċtaí eile ag baint leiſ an ſgéal. Nuaiɼ a ḃí an ċéad ċuid á foillſiú ní ɼaiḃ puinneolaiſ ag an ſaoġal móɼ aɼ ċainnt na ndaoine, aguſ dá ḋeaſgaiḃ ſin, d'imiɼ Feaɼ Eagaiɼ an Iɼiſleaḃaiɼ a ṫoil féin aɼ Ġaeluinn an úġdaiɼ, á ceaɼtú, daɼ leiſ féin. Deineaḋ iaɼɼaċt 'n‑a ḋiaiḋ ſan aɼ na " ceaɼtuiġṫe " ſin do ġlanaḋ aſ an leaḃaɼ, aċ fanann ɼoinnt acu i gcoṁnuiḋe. Aguſ fanann 'n‑a dteannta áḃaɼ éigin deſ na deaɼṁadtaí do ḋein clódóiɼ an Cork Weekly Examiner nuaiɼ a ḃí an tɼíoṁaḋ [ſic; ɼecte daɼa] cuid aige á ċuɼ i gcló. Cá h‑iongna, maɼ ſin, go ḃfuil an leaḃaɼ lán de ṁion-deaɼṁadtaí.

Leaṫanaċ 8

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 08–09

Nuaiɼ a ḃí an t‑eagɼán nua á ollṁú ag an Maṫúnaċ do ġaiḃ ſé tɼíd an leaḃaɼ go mion-ċúɼamaċ aguſ do ċuiɼ ſlaċt móɼ aiɼ. Aċ níoɼ ṫaitn an t‑eagɼán ſo i n‑aon ċoɼ leiſ an bpoibliḋeaċt de ḃáɼɼ na h‑iaɼɼaċta a ḃí déanta ag an eagaɼṫóiɼ " aɼ ṫoil an Aṫaɼ Peadaɼ i dtaoḃ leitɼiú na Gaelge do ċuɼ i ngníoṁ. " Iſ móɼ go léiɼ an tɼuaġ é ſin, taɼ éiſ a ḃfuaɼaḋ de ḋuaḋ an ċeaɼtúċáin.

Aċ dá ṁéid ceaɼtúċán do ḋein an Maṫúnaċ aɼ an leaḃaɼ, níoɼ ḋeacaiɼ cuɼ leiſ. Do ċuiɼ Míċeál Máiġiſtiɼ Ó Bɼiain an uile ḟocal den ſgéal i gcoṁaiɼle na gcainnteoiɼí ab ḟeaɼɼ a ḃí i mBaile Ṁúiɼne le na linn. Ní hannaṁ i n‑aon ċoɼ do ḋiúltuiġeadaɼ ſan go glan don ɼud a ḃí ſa leaḃaɼ. Uaiɼeannta eile do ġaḃadaɼ len aiſ é, ſiúd iſ náċ maɼ ſin adéaɼfaidíſ féin é. Cuiɼfead ſíoſ anſo tuaiɼimí na gcainnteoiɼí ſin, le ſúil go gcuiɼfiḋ na Cáiɼde ſuim ionnta aguſ go ndéanfaiḋ mo ẛaoṫaɼ cuiṁneaṁ an Ḃɼianaiġ do ḃuanú i gcɼoiḋṫiḃ Gaeḋeal.

Iſ é eagɼán an Ṁaṫúnaiġ a leanfad. Dá leanainn an ſeana-leaḃaɼ do líonfainn " An Múſgɼaiġeaċ " aɼ fad, ḃeaḋ oiɼead ſan ceaɼtúċáin le déanaṁ. Don leacain iſ eaḋ ṫagɼaid na figiúiɼí tɼoma; don líne a ṫagɼaid na figiúiɼí éadtɼoma.

Caiṫfeaɼ leoɼ do ġaḃáil liom i dtaoḃ na bɼeacaɼnaiġe atá agam. Ní ɼaiḃ leiġeaſ agam aiɼ, ón uaiɼ 'ſ ná fuil aon ċló " iodálaċ " le haġaiḋ na Gaeluinne.

Cuid a hAon

5,2, cuiɼtaɼ, nú ċuiɼtaɼ; 8, nú, ẛúgán; 16, a láṁ. 7,3, a ḃí ad' iaɼɼaiḋ déaɼca; 10, coſlomnoċta; 18, a ċuiɼfeaḋ aɼ ċumaſ a ġnóṫa a ḋéanaṁ é, nú é i gcumaſ a ġnóṫa a ḋéanaṁ; 25, ḋeilḃ. 9,4, ḋein ſé a ṁaċtnaṁ do féin; 19, nú cɼúb taiɼḃ. 10,17, a ḋá laġaiɼ. 12,18, i dtoſaċ báɼa; 19, nú, giolúnaċ, 13,11, nú cad do ḃeiɼ di ḃeiṫ coſlomnaċta; 16, nú, coſ; 17, nú dɼanntú; 19[,] dɼiuċ a' ḃáiſ; 26, nú, aɼ an dtalaṁ. 14,1, nú, dá dtagaḋ—aguſ maɼ ſin tɼíd an leaḃaɼ go léiɼ, an fó-ẛuiḋteaċ i n‑inead an ċoinġeallaiġ i ndiaiḋ 'dá'; 7, maɼ atá ſí; 29 Do ġéaɼuiġ ſé a ċoiſiḋeaċt. Do ġéaɼaiġ iſean (nú ſan) ċoṁ maiṫ. 15,27, Ná bac leo. 20,7, cead taɼɼaic; 12, ḃí a n‑aġaiḋ taḃaɼṫa acu—an ɼud céadna aiɼíſ aguſ aiɼíſ eile: m'aġaiḋ, a h‑aġaiḋ, áɼ n‑aġaiḋ taḃaɼṫa; 29, nú, an ɼíc. 24,7, aɼ a ċɼomaɼa. 25,3, do neaɼtuiġ uiɼṫe; 6, do ḋein bullabáiſín den tiġ. 27,3, ẛáiſeoċaḋ. 29,4, ná d'ḟonn; 12, má ċuiɼ. 30,1, Dḟéaċ ſé aɼ an gcaṫaoiɼ aguſ ſuaſ aɼ an mealḃóig; 15, nú go dtí an t‑aonaċ; 23, maɼ a ḃeaḋ. 31,8, nú ag maɼcaiġeaċt; 13, ḟeadaiɼ; 16, nú, ag ſiotaɼaiġ; 27, nú, lán-lúṫ; 31, nú go lom díɼeaċ, nú go cɼuinn díɼeaċ; ag aon ċapall acu. 32,5, na go ɼaiḃ—an ɼud céadna le ceaɼtú tɼíd an leaḃaɼ ſíoſ: ' Níl éinne ná go ḃfuil ' i n‑inead ' ná fuil[,] ' ' ná go ɼaiḃ, ' ' ná go mbeaḋ, ' ' ná guɼ ḋein, ' aguſ maɼ ſin de. 33,10, ſgoiltfeaḋ; 23, á ɼáḋ; 28, nú, ẛíolɼaċ

Leaṫanaċ 9

34,5, Ḃí ſan; 14, nú, aɼ ṁ'eolaſ; 32, nú go déanaċ. 35,21, luaġ púint. 40,13, a ḃeiſte. 41,17, tiġ Ḋiaɼmuda. 42,26, nú, ag gaḃail an ḃóṫaiɼ do ag dul aḃaile. 43,29, luaġ ḋá ṗúint. 44,4, cuiɼfaɼ; 26, An Ċlaedeaċ. 46,17, ċuiṁneaṁ cad ba ċeaɼt. 48,11, leaṫ-ṗinge; 13, nú, ſaɼ aɼ aeṫiġ aiɼ. 49,8, cuiɼtí; 23, ó ṁaidean—maɼ ſin i gcoṁnuiḋe ſa tuiſeal taḃaɼṫaċ. 50,15, nú aṫċaſaḋ go bɼáṫ. 51,8, inġea Ḋiaɼmuid Léiṫ; 16, i ngioɼɼaċt. 52,23, nú, ɼoinnt éigin ċainnte; 29 don ċóiſiɼe. 53,28, nú, fé'n mbeiɼt againn. 54,11, 'na dɼiúɼaiḃ, 'na gceaṫɼaɼaiḃ, 'na ndeiċniúɼaiḃ; tɼé a ḟeaḃaſ (nú i dtaoḃ a ḟeaḃaſ) a ċuadaɼ aſ. 55,14, nú, cúlḟiacal; 22, cleaṁnaiſtí. 57,9, nú, guɼ; 23, do noċt luċ ċuige (nó ḋo) ann. 58,30, an oiɼead ſan dúile. 60,11, nú, gan uiḋeaċaſ; 26, nú, leat‑ſa. 61,16, dailtíníḃ; 22, éilṫeoiɼ. 62,21, nú, an ṁaiṫeaſa; 26, aɼ an eadaɼṫa. 64.2, nú, luaċt. 66,1, iſ maiṫ a ḋeiniſ aguſ an cleaṁnaſ do ḃɼiſeaḋ. 67,19, nú, a óinſeaċ. 68,13, nú, tɼéiṁſe óɼ; 19, a ċuiɼ ſí í. 69,12, nú, ſiúd í a ṁáṫaiɼ iſteaċ 'na ḋiaiḋ; 31, aɼ ċaol dɼoma. 70,22, nú, aɼ daṫ. 72,5,'na ẛuiḋe ſa ċaṫaoiɼ; 13, nú nío ḋeaġaiḋ, nú ḋeaġaiḋ. 73,22, nú deilḃ ċinn; 25, an dá ḟiacail; 30, collacɼifín. 74,23, nú níoſa ẛine. 75,17, nú, do ṫalaṁ; 23, nú, " Níl ſaṁail ná púca ná go ḃfuil fioſ a ċúiſe féin aige "; 32, nú, ſa ċoiſ ḃaca. 76,9, nú ſiúḃluiġ; nú, ṫulcaig, nú, ṫulcaid. 77,12, fé ṫuaiɼim nú fé ġéin a ċeannaġṫa. 81,31, nú, díoġḃáil taiɼḃe. 85,2, aɼ feaḋ uaiɼe 'n ċluig. 86,27, nú, aɼ gaċ donaſ. 87,29, Ní duḃɼaḋ. 88,1, nú, i gcoṁluadaɼ; 5, ba ċloſ; 17, ní há ṁaoiḋeaṁ. 89,13, nú, deiɼe, nú, deiɼeann tú; 22, nú, ag gaḃáil anuaſ. 91,8, nú, ṫaɼ iġ; 14, fíoɼa; nú a luiġeaḋ tuiɼſe a ḃeiṫ aiɼ. 92,25, nú, ceaɼdċan. 93,6, nú, ag baint ɼaḋaiɼc na ſúl aſ; 29, nú, dá aigne. 94,16, nú do é ṗóſaḋ; 23, nú mbailtiḋeaċa. 95,5, nú, dá mbeidíſ ag imṫeaċt; 6, nú, poɼtaiġṫe; 28, nú, lomanoċta. 96,27, nú, i ngalaɼ dóġaċ. 101,18, póſta le Dia na n‑uile ċoṁaċt. 103,17, nú, féaċ anoiſ duit. 104,1, at' iaɼɼaiḋ; 23, nú, ḃí ſé am ṁaiɼḃ na h‑oiḋċe. 105,20, nú ġlóṫaiġe.

(Tuille le teaċt.)

An ḃfuil ḟioſ agat?

Ⅰ. Caṫin a déaɼfí na ɼáiḋte ſeo?

  1. Buiḋeaċaſ le Dia náċ é ſaoɼ an ḃáid a ḋein an tigh.
  2. Seaċain nú íoſfaiḋ Cailleaċ na luaiṫe ṫu.
  3. Tá ſé amaċ aſ an ſmoiɼt.
  4. A Ṫiġeaɼna, caiṫ ſiaɼ aɼ an loċta me.
  5. Náɼ ṫugaiɼ do ẛúile leat.
  6. Cion an toɼmaiſ i mbéal an ocɼaiſ.

Ⅱ. Cad a ċialluiġid ſo?

  1. Diaɼmuid na feiɼme.
  2. Diaiɼmín.
  3. Airgead aḋarc.
  4. Madɼa gaoiṫe.
  5. Sainnſiléaɼ.
  6. Gioɼɼéín Luṫaɼta Laṫaɼṫa [ſic; leg. Laṫaɼta] ag gaḃáil tɼé ċoill Uí Ṁugada Ṁagada.

Fɼeagɼaí aɼ leacain 17.

Leaṫanaċ 10

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 10–11

Filí aguſ Filíoċt Ṁúſgɼaiġe, 2

Seoṫíg tuille d'ḟilíḃ Ṁúſgɼaiġe. Ó Ḃaile Ṁúiɼne a ḃfuɼṁóɼ.

  1. Nóɼa an tSleaſa Ní Ċɼíodáin
  2. Míċeál Mac Ċoɼmaic Mac Cáɼṫaiġ
  3. Diaɼmuid a' Scɼiṫin Ó Loingſiġ
  4. Conċuḃaɼ Commandy Ó Liaṫáin
  5. Doṁnall Commandy Ó Liaṫáin
  6. Doṁnall Bacaċ Ó Luaſaiġ
  7. Séamaſ (?) Ó Muiṁneaċáin—" An Paupeɼ "
  8. Donnċaḋ an Ṗuiſín Ó Muɼċaḋa
  9. Liam an Ṁaoláin Ó Muɼċaḋa
  10. Taḋg na Tuinne Ó hIaɼḟlaiṫe
  11. Seán an Reoṫa Ó Ríoġḃaɼdáin
  12. Diaɼmuid Ruaḋ Ó Buaċalla
  13. Pádɼaig Mac Ṡeáin Ó hIaɼḟlaiṫe
  14. Pádɼuig Ó Muɼċaḋa
  15. Míċeál Ringiɼ Ó Suiḃne
  16. Aṁlaoiḃ an Ċoiɼipe Ó Loingſiġ
  17. Stiaḃna Ċɼoḃdaiɼ Ó Buaċalla

Maɼ leiſ an lioſta d'ḟilíḃ Ṁúſgɼaiġe do foillſiġeaḋ ſa ċéad " Múſgɼaiġeaċ, " níl aon eolaſ agam 'n‑a dtaoḃ ſo: Oliḃéaɼaſ Ó hÉaluiġṫe, an tAṫaiɼ Sean Ó Niaḋ, Seán Ó Súilleaḃáin, ná i dtaoḃ Ḋonnċaḋ Uí Ṁuɼċaḋa an Ġuail, maɼab é Donnċaḃ [ſic; ? ɼecte Ḋonnċaḋ] an Ṗuiſín é.

Tá móɼ-ċuid d'ḟiliḋeaċt na ḃfilí ſeo bailiġṫe, aċ iſ eagal liom go ḃfuil ɼoinnt ṁaiṫ eile ḋi imṫiġṫe gan tuaiɼiſg. Filí maiṫe ab eaḋ a ḃfuɼṁóɼ—an ċuid acu do ṁaiɼ ſan oċtṁaḋ aoiſ déag go háiɼiṫe. Aċ do dtí ſeo, pé ſgéal é, níoɼ deineaḋ aon ṁaoiḋeaṁ aſ a ſaoṫaɼ ſan aguſ ní luġa ná maɼ a cuiɼeaḋ ɼiaɼ ná eagaɼ aiɼ. Iſ beag an iongnaḋ maɼ ſin aṁɼán le Dáṫ 'ac Pádɼuig Ó hIaɼḟlaiṫe a ḟeiſgint i gcnuaſaċ d'ḟiliḋeaċt Ṫaiḋg Ġaeḋealaiġ. Sé aṁɼán é ſin ná: " Aɼaoiɼ iſ me am aonaɼ coiſ taoiḃ Fleaſga an Ġaoɼṫaiḋ. " Iſ bɼeá go léiɼ an t‑aṁɼán é, aguſ ní miſde a ɼáḋ náċ aon ḃ ɼeac-ḟile do ċúm é. Faiɼiſ ſin, iſ neaṁ-ċoitianta an fonn a ġaḃannn leiſ.

Ba ẛine aḃfad Dáṫ 'ac Pádɼaig ná Conċuḃaɼ Máiġiſtiɼ Ó Ríoġḃaɼdáin. Deiɼ Conċuḃaɼ féin guɼḃ é Daṫ a " oide múinte. " Aguſ go deiṁin féin do ḋein an t‑oide a ġnó go ſlaċtṁaɼ, maɼ tá ɼoinnt ṁaiṫ de ẛaoṫaɼ Ċonċuḃaiɼ againn, aguſ iſ bɼíoġṁaɼ ṫaɼ na fionnaiḃ an cnuaſaċ é. Máiġiſtiɼ ſgoile ab eaḋ Conċuḃaɼ féin. Ḃí ſé ag múineaḋ ſgoile i gCill Ṁuiɼe nuaiɼ fuaiɼ ſé ſgéala báiſ Ḋáṫ. Siaɼ leiſ go Baile Ṁúiɼne, aċ ḃí a ẛeana-ṁáiġiſtiɼ cuɼṫa ɼoimiſ. Ṡeaſaiṁ ſé oſ cionn na huaġa aguſ do ċaſ ſé an dá olagón déag. D'aiɼiġ an tAṫaiɼ Liam—bé ſin mac Ḋáṫ—d'aiɼiġ ſé an gol, aguſ ſeo

Leaṫanaċ 11

iſteaċ ſa ɼoilig é. Do ċan Conċuḃaɼ caoine bɼeá aɼ ḃá Ḋáṫ aɼ an láṫaiɼ ſin, aguſ ſeo maɼ a ṫoſnuiġ ſé:—

" Tá fé ċioſa na lice ſeo cuɼṫa cúpla:
Dáṫ bog duineata aguſ Doiɼean níba ḋuineataṁla. "

(Doiɼean Ní Ḋonnċaḋa ó Ġleann Fleiſge b'í a ḃí póſta ag Daṫ.)  Á, faiɼe, a Ċonċuḃaiɼ !  aɼſan tAṫaiɼ Liam,  ná cuiɼ ɼoime ṁ'aṫaiɼ í.   Aguſ cad déaɼfad?  aɼſa Conċuḃar.  Ná déaɼfá ' Dáṫ bog duineata aguſ Doiɼean ċoṁ duineataṁail leiſ ' ?  aɼſan tAṫaiɼ Liam.  Bíoḋ ſé maɼ ſin, máiſeaḋ,  aɼſa Conċuḃaɼ, aguſ do lean ſé leiſ

" Mo ṁáiġiſtiɼ muɼainneaċ1 mioċaiɼ aguſ ṁ'oide múinte,
Aguſ 'n‑a ḋeáiḋ ní ċuiɼfead aɼ laoiṫiḃ2 a ṫuille cúɼaim. "

Sin a ḃfuil agam den ċaoine ſin. Iſ móɼ an tɼuaġ é má ṫá ſé caillte.

* * *

B'ḟeaɼɼ le Liam na Buile ḃeiṫ ag cáineaḋ daoine aon lá ná ḃeiṫ á molaḋ. uaiɼ a ċúm Fínġín Ó Scanaill aṁɼán ag molaḋ ṁuinntiɼ Ghleanna Fleiſge níoɼ ṫaitn an molaḋ ſan le Liam i n‑aon ċoɼ: ba ḋóiġ leiſ náċ é a ḃí tuillte acu, aċ a ṁalaiɼt aɼ fad. Sidí anoiſ an ċéad ḃéaɼſa de ḟɼeagɼa Liam, aguſ maɼa ḃfuil ſé níṁneaċ géaɼ ní lá fóſ é.

" Díṫ aɼ an ḃfeaɼ ba ṁillte ċun ban,
Iſ do ṁaoiḋiṁ aſ ḃaile dúṫċaiſ,
An ṁuinntiɼ do ẛlad na tíoɼṫa le fada,
A' ſíoɼ-ġoid na maɼt taɼ tɼiúċaiḃ.
Na mílte acu taċtaḋ ṫíoſ ag an ḃfaiṫċe,
Go fínniṫeaċ ceaɼt don dúṫaiġ,
Iſ an tſuim acu ṁaiɼeann díbeaɼṫa ó ẛagaɼt
Aguſ coinnle oɼṫa i gceallaiḃ múċta. "

Iſ léiɼ guɼ don ċáineaḋ ſeo Liam a ḃí Eoġan Ruaḋ ag tagaiɼt ſan " Áɼɼaċtaċ Sean " nuaiɼ aduḃaiɼt ſé go ɼaiḃ cuiſle na dáiṁe tɼáiġte i nGleann Fleiſge:

" An tɼáṫ iomċɼaid gan cunntaſ gaċ cúil-ġeaɼɼaḋ taɼcuiſneaċ
Ṫug tɼú Ḃaile Ṁúiɼne dá ndúṫaiġ go maſluiġṫeaċ.
Iſ maɼ ṗeaɼſain den ḟuiɼinn do ċluiċfeaḋ an búɼ
Gan ċuiɼeaḋ dob uṁal mo liúġ‑ſa 'n‑a meaſg. "

* * *

1 .i. múiɼneaċ.

2 Abaiɼ " luihiv ".

Leaṫanaċ 12

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 12–13

An Ḃallet

San oċtṁaḋ aoiſ déag do ṁaiɼ file aɼ Ceann Dɼoma i bPaɼɼóiſte Ċill na Maɼtɼa guɼḃ ainm do Míċeál MacĊoɼmaic MacCáɼɼṫaiġ. Lá dá ɼaiḃ ſé i gCúil an Ḃuacaiġ do goideaḋ a ḃallet uaiḋ, nú ſiné a ẛaṁluiġ ſé féin, aɼ aon ċuma. Iſ é ɼud a ḃeaɼtuiġ ſé a ḋéanaṁ anſan ná an ſgéal a ġeaɼán le na ċoṁ-ḟilí aguſ a ċuɼ de ḋualgaſ oɼṫa an ḃallet ḟaġáil ṫaɼ n‑aiſ do. Seo maɼ do laḃaiɼ ſé le Doṁnall Bacaċ Ó Luaſaiġ, file do ḃí aɼ an Leicnín:—

 A uɼſa na féile, a ċuſpa na cléiɼe,
A ċuɼaḋ na héigſe ſuaḋa ſuilt,
A ḟile gan béim do hoileaḋ 'diɼ naoi
De ḃɼuinnealaiḃ ſéiṁe ſuaiɼce,
Tuigid le ſealad go ḃfuilim i gcɼeaṫaiḃ,
Ag tuitim gan taimice am ṫuaiɼim,
Iſ mé i ḃfuiɼm 'n ḟaid ṁaiɼfead 'ná feicfead mo ḃallet
Do goideaḋ ó ḃailtiḃ an Ḃuacaiġ. 

Do laḃaiɼ Doṁnall anſan aguſ do ċuiɼ ſé an ſgéal anonn aɼ ḟile eile, Conċuḃaɼ Máiġiſtiɼ Ó Ríoġḃaɼdáin.

A ḟaɼaiɼe ẛéiṁ de ṁaiṫiḃ na héigſe,
Iſ deaɼḃ guɼ léiɼ dom dualgaſ;
Anacɼa léiġim go daingean i mbéal,
Iſ anba an ſgéal maɼ ċuala.
Go moċ dom aɼ maidin i gcumaɼaiḃ gleanna
Bog duilleaṁail cɼannaṁail Buacaċ
'Seaḋ ċonnac an ainniɼ ba ġile aɼ biṫ aġṫa
Iſ ba ḋioɼg an laſaḋ 'n‑a gɼuaḋnaiḃ. 

 Nuaiɼ ḟaiɼſingiġ Ṗoébuſ laſaiɼ ón ngɼéin,
D'aṁaɼcaſ éadtɼom ualaiġ.
D'aiɼceaſ cadé aguſ d'ḟeagaiɼ ſí mé,
'Sé wallet an té úd aduḃaɼt leat.
Inniſ dom t'ainm, aɼſa miſe, le n‑aiṫɼiſ
Don tſiollaiɼe ḋealḃ ſo aɼ buaiɼeaṁ.
An gcuiɼfiɼ aḃaile nú an ḃficfiḋ an ḟaid ṁaiɼfiḋ,
Nú an ɼiṫfiḋ a ṫeaċtaiɼe ad' ċuaɼdaċ?
.

Níl an tɼíoṁaḋ véaɼſa agam aċ ſeo maɼ a ġaḃann an ċéad véaɼſa eile:—

 Ní ġeallaim go ndéan, dá mb ḟada é mo ẛaoġal.
Ní heagal liom éinne am ċuaɼdaċ
Aċ an faɼaiɼe ſéiṁ, iſ iſ aiṫnid duit é,
De ṁaiṫiḃ na Réaɼdonſ uaſal, 

[Leaṫanaċ 13]

 Conċuḃaɼ1 ceannaſaċ uɼɼamaċ taitneaṁaċ,
Bile aguſ taca na ſuaḋ ſuilt,
Iſ file gan eaſba, le fuinneaṁ a ṫeangan
Do ċuiɼfeaḋ mé aḃaile lem ualaċ. 

Ba ġeaɼɼ go ɼaiḃ Conċuḃaɼ ſa ċutɼun aguſ ſeo maɼ a ġeall ſé dul i gcaḃaiɼ aɼ Ċoɼmac:—

 Iſ tuiɼſiṫe tɼéiṫ le ſealad dom féin,
Ag tuitim i dtaomaiḃ duaiɼciſ,
Ó ċluineaſ dá léiġe maɼ iongna2 ſgéil
Guɼ imṫiġ do ġléaſ gan tuaiɼiſg.
Cuiɼfead‑ſa teaċtaiɼe tugṫa ċun taiſtil,
Ó Ṁuiſiɼe antſneaċtaiḋ laſtuaiḋ ſoiɼ.
Ó Ṡoininn na ſeaḃac go hUlaḋ na faiɼſinge
Aɼ buile 'n‑a ɼeaṫaiḃ go Cɼuaċain. 

 Cuiɼfead 'n‑a ḋéiḋ ſin duine eile iſ tɼéine,
I ndeiṫneaſ géaɼ ċun cuaɼdaiġ,
I n‑imɼeaſ éaċtaċ, cia'cu acu iſ déine
Do ɼiṫfeaḋ de léim ſa ċuaɼdaċ.
Tiocfaid, maɼ ṁeaſaim, go fionna-ḃɼog Ċaiſil,
Go Bioɼɼa iſ go Callainn Ó gCuanaċ,
Riṫfid de ſcaṫaṁ tɼé ẛlioſaiḃ na Scealg,
Gaċ cumaɼ iſ caɼɼaig go Ruaċtaiġ.

 Níl cuſpa den ċléiɼ ná bile den éigſ'
Ó Life go Béaɼɼa ċualaiḋ
Gan tuiɼſe 'n‑a ṫaoḃ, le fɼiotalaiḃ béil
Ná go gcuiɼfid le ċéile á ċuaɼdaċ.
Cuiɼfid le heaſcaine guilmne iſ cɼeaṫ uiɼṫe,
Aguſ bainfid den teaċtaiɼe an t‑ualaċ.
Iſ tiocfaiḋ do ḃallet‑ſe ċugat aḃaile,
Iſ ġeoḃaiɼ tuille dá ṫaiɼḃe am ṫuaiɼim. 

Cuiɼeaḋ an díoġluim go léiɼ ſiaɼ ag tɼiall aɼ an Aṫaiɼ Liam Ó hIaɼḟlaiṫe anſan. B'ḟiúd ſa tóiɼ é, aguſ ba ġeaɼɼ an ṁoill aiɼ an wallet a ṫaḃaiɼt ſlán aḃaile, maɼ innſeann ſé féin:—

 Do ɼiṫeaſ‑ſa féin don Daingean go tɼéan,
Iſ go ſoininn na ſéad laſtuaiḋ ſoiɼ,
Maɼ a ḃfeaca do ġléaſ aɼ faiṫċe Ḃinn Éadaiɼ
Á ſtɼacaḋ idiɼ ḃéiṫiḃ uaiſle.
Do ḋɼuideaſ 'n‑a n‑aice iſ do ſgiobaſ an t‑aɼm,
Aguſ tuigid guɼ ḋeacaiɼ é ḟuadaċ,
Aguſ ṫugaſ do ḃallet‑ſe ċugat aḃaile,
Aguſ tuiɼſe níoɼ ḃɼaiṫeaſ ó fuaɼaſ. 

* * *

Adṁuiġim ḃeiṫ fé ċomaoine ṁóɼ ag Gaeḋeal na nGaeḋeal, pɼíoṁ-éigeaſ na hÉiɼeann. Iſ uaiḋ a fuaɼaſ ɼoinnt ṁaiṫ dá ḃfuil anſo agam, aguſ ſeó Éiɼeann faiɼiſ ſin. Go mbuanuiġiḋ Dia fé ṁaiſe é.

Seán Ua Cróinín.

1 Abaiɼ Cro-huv-ur.

2 Abaiɼ ú-una.

Leaṫanaċ 14

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 14–15

Fuaimeana agus Fuirmeacha na bhFocal.

An té a labharan an Ghaoluinn ón gcliabhán, ní gnáth leis bheith ag cuimhneamh ar an mbuint atá idir préamh nú leitriú na bhfocal agus labhairt na bhfocal. Ach ní mar sin don té fhoghluimíon í; agus mar mhaithe leis an lucht foghluma ní miste dhúinn cur síos anois is arís ar phuíntí a bhainean leis an gcainnt. B'éidir nár bheag an chobhair d'aosóga na Gaoltachta féin a lithéid do chur síos mar nách annamh mearathal ortha i dtaobh na bhfuaimeana, do thoradh bheith ag lé na leabhar.

1. Do réir mar a labhartar an Ghaoluinn do ghnáth i Músgraí anois ní fhanan t tar éis l, ach dinean h de, e.g. fáilte > fáilhe, mílte > mílhe, caillte > caillhe, meilt > meilh, altú > alhú, moltachán > molhachán, alt > alh. Ach ní mar sin a bhíon i gcómhnaí. Sa chéad áit is minic fhanan an t i bhfoclaibh a thagan ón mBéarla, e.g. boulta ('bolt' sa Bhéarla), cuilt ('quilt' sa Bhéarla), i dtaobh is go ndinean h de uaireanta, e.g. bálha ('welt' sa Bhéarla). Mar an gcéana fanan an t sa bhfocal Ghaoluinne rialtas, focal a tháinigh isteach ón dtaobh amuigh. Ní mar sin don fhocal rialta, focal atá sa chainnt le fada; rialha a deirtear, e.g. bean rialha. Sa dara háit fanan an t go minic sa bhfilíocht, e.g. chloisfeá folt sa bhfilíocht i n‑inead folh na gnáth-chainnte.

Níorbh olc an rod é dá ndineadh na Cáirde liostaí dosna foclaibh iasachta san do réir mar a labhartar le lt nú le lh iad.

2. (A) Tá dhá fhuirm don bhriathar saor san aimsir láithreach -t(e)ear, agus -th(e)ar. Tugadh an riail seo 'na dtaobh i n‑Irisleabhar na Gaedhilge fadó: The -tar of the autonomous form, present, tense, is aspirated after b, bh, c, f, g, m, mh, p, r, and after verbs in -igh, but not after ch, d, dh, gh, l, n, s, t, th. Níl an riail seo cruinn chómh fada's a théan cainnt Mhúsgraí. Chloisfeá lúbtar, raobtar, fictear, leagtar, tugtar, lomtar, ceaptar, deirtear, etc., chómh maith le lúb(a)har, raob(a)har, fic(i)har, leag(a)har, tug(a)har, lom(a)har, ceap(a)har, deirhar, etc., agus ar an dtaobh eile dhe, chloisfeá caochtar, fuintear, fástar, etc., chómh maith le caochtar, fuintear, fástar, etc. Mar an gcéana deirtear stad(a)har, goid(i)har, loit(i)har.

Nuair fhanan an t bíon sé leathan, fiú amháin nuair a bhíon consain chaol roimis, e.g. múintar, dintar, fictar. Mar sin leis don aimsir fháisteanach, f leathan a bhíon ann i gcómhnaí, e.g. múinfar, buinfar, cloisfar.

Nuair a bhíon an t séimhithe cuirtear guta isteach uaireanta idir an h agus préamh an bhréithir, e.g. lúbahar, tugahar, etc. Ní cuirtear guta isteach idir r agus h, e.g. deirhar. I gcás na mbriathar 'na ndintar guta fada nú dé-oghair do ghuta a bhíon gairid do

Leaṫanaċ 15

réir nádúir, e.g. loumha (lomtha) ó lomaim, cayilhi (caillte) ó caillim, isí an fhuaim ghairid a bhíon againn nuair a bhíon an fhuirm -ahar againn, e.g. lomahar, cailihar.

(B) Mar sin don aimsir ghnáth-chaite agus don mhodh fo-shuiteach leis, tá dhá fhuirm ann -t(a)í, agus -th(a)í, e.g. tugtaí, tugahí, deirtí, deirhí, etc. I gcás na fuirme -t(a)í bíon sí caol i gcómhnaí ag cainnteóirí áirithe, fiú amháin i ndiaidh consaine caoile, e.g. castaí > castí. Ag cainnteóiri [sic] eile bíon sí caol le caol agus leathan le leathan, e.g. castaí, buintí. Mar sin leis don fhuirm -f(a)í sa mhodh choingheallach, chloisfeá casfaí agus casfí, etc.

(C) Sa dara phearsain [sic] uathaidh don mhodh choingheallach -f(e)á, bíon an f leathan i gcómhnaí, fiú amháin i ndiaidh consaine caoile, e.g. dhéanfá, shínfá.

Seo obair eile don léhóir, féachaint cad déarfadh sé féin nú Músgraígh eile i gcás na bhfuirmeacha thuas.

------

Spídiú Ċáit na Tɼoda.

Conċuḃar Ó Deasṁuṁna do ċúm

 Aiɼiú, a Ṫaiḋg na bPɼeabán, a ċɼaḃtéilín ġɼánna na ngiobal, conaſ iſ dóiġ leat a ṫáinig ſé ċuige dot ẛéacla mic, an ſíománaiḋe ſúġaiḋ, bɼeiṫ aɼ ċéaſ cinn indiu aɼ mo ṗáiſte, aguſ luiġe aɼ ḃeiṫ á léaſaḋ fan ḃéil aguſ fan na gcliaṫán le plannda cabáiſte a ṫóg ſé aníoſ fé na ḋɼaoibeal a bóṫaɼ laṫaiġe? Aiɼiú, a ċoinncínig ẛailiġ ḃúɼdúnaiġ, cuiɼfead‑ſa i n‑úṁail duit go ngeoḃaiḋ t'éan cuaiċe an bóṫaɼ aɼ nóſ an uain, aguſ ná cuiɼfiḋ ſé ſpeic ná ſméid aɼ leanḃ a ċoṁaɼſan, dá ṁéad é a ḃɼoiminéiſ. 

 Níoɼ ḋein do ṁac‑ſa coiɼ gan ċúiſ?—Deiɼim‑ſe go dtugaiſ t'éiṫeaċ aguſ do ṁíle éiṫeaċ. Ní ɼaiḃ do ċúiſ agad ṁac‑ſa aɼ mo ṁac‑ſa, nuaiɼ a luiġ ſé aɼ ḃeiṫ á léaſaḋ leiſ an ſeana-ſtɼupóig ċabáiſte, aċ a háiteaṁ beag éiɼiġ eatoɼṫa go nduḃaiɼt mo ṁac‑ſa le mac Ċailliċín na ngleam-ẛúl a ċlab a ḋúnaḋ. 

 Loitfead mo ġaɼſún má ḃím ag éiɼġe aſ a ṫóin.—Aiɼiú, a lóma ġɼánna na gcoɼɼ-ḟiacal, ní ag éiɼġe a tóin mo ṗáiſte atáim‑ſe. Ní heaḋ, ná a leiṫéid, a ḟuaiɼṫnéil na liaṫ-ḃuiḋe. Aċ bíoḋ ḟioſ agat ná taḃaɼfainn maɼ ẛáſaṁ duit‑ſe ná do Ṡaiḋḃín Ḃuiḋe na Mealḃóg go leogfainn d'ḃuɼ ſéacla mic gaḃáil fan ṗuiſ aɼ mo leanḃ caoin deaġ-ċúmṫa go ḃfuil a ġaol, i dtaoḃ aṫaɼ a'ſ máṫaɼ, le maiṫiḃ na paɼɼóiſte aguſ le piaɼaí na dúṫa. 

Leaṫanaċ 16

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 16–17

 Dá mbeaḋ ciall agam, ní ḃeinn ag callaiɼeaċt i dtaoḃ gnóṫaí leanḃ?—Tá ciall agam, aguſ tá cáil agam,—ná fuil agat‑ſa ná ag éinne ḃain leat, a ẛíolɼaiḋ na cailliġe cɼóine ná tugaḋ maɼ annlann leiſ an mbɼuṫóig dá buaċaill aimſiɼe i mí cɼoiṫte na mealḃóg, dá ṁéad é a bólaċt aċ bɼiodaɼnaċ bláiṫċe aguſ ſáile bainne ġéiɼ. 

 Féaċ an dɼaid ſeo aiɼ ag dɼannaiɼeaċt ġáiɼiḋe umam. Aiɼiú, a ṁic inġine Ċailliċín na bPoɼt-ẛúl, tá ſan ionnat ḃeiṫ ag magaḋ 'ſ ag cnéiɼeaċt. B'ḟeaɼɼa ḋuit dul aḃaile aguſ an lomɼa atá aɼ t'aṫaiɼ náɼ beaɼɼaḋ le ſeaċt ſeana-ḃlianaiḃ a ċaiṫeaṁ anuaſ de le deiṁeaſ na gcaeɼeaċ. Imṫiġ oɼt ſíoſ go dtí Biní na nGaḋaɼ. Faiġ fiacla aſail uaiḋ aguſ buail iſteaċ i ndɼanndal ṁanntaċ do ṁáṫaɼ iad, féaċaint an ḃféadfaḋ ſí an tſeana-ṗoiḋl úd a ṁaɼaḃaiɼ, maɼ ḋ'eaḋ, i gcóiɼ na Nodlag, nuaiɼ a fuaiɼ ſí báſ leiſ an ocɼaſ, a ſtollaḋ aſ a ċéile idiɼ ḃléan aguſ féiṫleóg. 

 Dúnaim mo ċlab aguſ leogaim duit do ḃóṫaɼ a ċuiɼ diot!—Aiɼiú, doig id ċlab aguſ tubaiſt id ḃóṫaɼ, a ſpɼeallaiɼín áiɼ na mbúɼdún. B'ḟeaɼɼa ḋuit dul aḃaile aguſ gaḃáil do ẛlait ſceiċe gile gan ſcoṫaḋ aɼ do ẛéacla mic ná ḃeiṫ it ẛeaſaṁ anſo i mbóṫaɼ an ɼíoġ ag taḃaiɼt geaċ ɼe ſeo doṁ‑ſa. Aċ daɼ ndóiġ, ní ġeoḃaiɼ, maɼ iſ feaɼɼ leat é ḃeiṫ, aɼ nóſ a ġaolta, 'na ɼuidín aċaɼnaċ ḃɼuġeantaċ aimideaċ, líonta ſceaċaiɼeaċt ó aoiſ go ſcaɼfaiḋ leiſ ċoiḋċe a anam boċt. 

 Níl ionnam aċ gaoṫ? Cad maɼ ġeall aɼ Ṡeán na gCɼuiceog?—Aiɼiú, feaɼ a feaɼaiḃ ab ea mo ḋeaɼḃɼáṫaiɼ‑ſe, aguſ má cuiɼeaḋ é i gcaɼcaiɼ i dtaoḃ pléaſc do ḃuidéal a ḃualaḋ fan ṗlatainn aɼ ſtɼáille tuíncéaɼa iſtiġ i dtiġ táḃaiɼne, ſin a ḃfuil le cuiɼ 'na leiṫ, a ċliútaiġ ḋɼoċ-ġnúiſiġ na gcoɼ aguſ na mboṫán. Taɼɼaig ċút do ċoṁḋaltaí féin, a ṗana. Ní baol ná guɼ b'álainn í a dteiſt ag luċt léiġte a gcláiɼíní. Cad maɼ ġeall aɼ an ſíondaiɼe deaɼḃɼáṫaɼ ſan agat ná fágann bainiſ ná póſaḋ aɼ fuid na logán ná himṫiġeann 'na dtɼeo 'na 'ċuiɼeaḋ gan iaɼɼaiḋ' ? Náċ gaiɼid amaċ uait a ẛín Gáinnéiɼ na nAſal aguſ Bacaiċín na nDeóiſeaſaí? 

 Iompaiġ an ḃilleóg go ḃfeicfiɼ an ḟuil uaſal a ɼiṫeann it éan cuaiċe ó ċoṁḋaltaíḃ ceann-áɼda Ṡaiḋḃín Ḃuiḋe na Mealḃóg. Náċ pɼatainniúil í, 'na ṫoſaċ, Máiɼín Smúċail, an ċiaɼóg ẛúġaiḋ ſin do ḋeiɼḃẛiúɼ céile agat a ẛiúḃluiġ an doṁan 'na ' Maitiaſ na Faɼɼaige ' aɼ loɼg ſaiḋḃɼiſ guɼ ṫeip uiɼṫi. Ṡiní anoiſ í 'na gliobóig ſa ċúinne agat faoi ḃláṫ bán an ḃáiſ, aguſ ná féadfaḋ ſí glóɼ a ḃaint a cloiċ le pinginín aiɼgid. Féaċ anonn aɼ ċliaṫán an ċnuic go ḃfeiciɼ Biní na nGaḋaɼ, an ſaṁaiɼle beag cɼáiḋte ſin do ḋeaɼḃɼáṫaiɼ céile agat. Oċón! náċ galánta í a ċeáɼd ag ɼiṫ i ndiaiḋ ſálaiḃ gaḋaɼ don ɼudaiɼe camánaċ, aguſ 'na ṫeannta ſan ag faiɼe na n‑oíċeanta coiſ na gclaṫaċ aɼ ṗilibíní míog aguſ aɼ naoſgaċaiḃ do. 

Leaṫanaċ 17

 Ná himṫiġ, a ẛocaiɼe. Iompaiġ i leiṫ oɼm go ḃfeicead an ḃfuil laſaḋ id leacain le náiɼe. Aċ níl an náiɼe ionnat, a ḃodaiċín na mbúɼdún. An fada ná ɼaḃaiſ ṫall ag an ɼudaiɼe camánaċ aguſ ſgéilín beag gɼánna i mbaɼɼa do ġuib agat? 

 Ní móɼ leat dom ḃeiṫ ag cainnt go dtuitfiḋ an ſine-ſeáin aſam ?—Aiɼiú, a ẛodamáin na mboṫán, níoɼ ṫáinig ſé ċun baile ḋuit go mbeinn‑ſe ag lot mo ċainnte leat, aċ do ẛéacla mic, náɼa dé 'na ḃeiġeaſ, a ṫug indiu cúiſ ċuige ḋom. 

 Ní ḃeiḋ aon tɼoc agead ṁac a ṫuille lem ṁac‑ſa?—Bíoḋ ḟioſ agat guɼ maiṫ an ḃail ſin aiɼ, maɼ dá ḃfaiġinn‑ſe go ſínfeaḋ mac inġine Ḃeaɼɼbóiɼín na gCeaɼc láṁ ná laḋaɼ aɼíſ ċun mo linḃ‑ſe, do ċuiɼfinn‑ſe i n‑úṁail do náċ ſiúicɼe an baitín. 

(A hIɼiſleaḃaɼ na Gaeḋilge, Meiṫeaṁ, 1906).

------

Níl deifiɼ iſ mó idiɼ an cainnteoiɼ foġanta aguſ an toſnóiɼ ná an ċuma go gcuiɼeann an ḃeiɼt ſíoſ aɼ ḋuine nuaiɼ oiɼeann dóiḃ cúntaſ a ṫaḃaiɼt duit aɼ a ḋéanaṁ aguſ aɼ a ċɼot nú aɼ a ṁeon aguſ aɼ a ḟeaḋna. Ainmḟocal iſ eaḋ ḃeaḋ ag an nGaeḋilgeoiɼ gonta ſan áit 'na mbeaḋ caɼn d'aidiaċtaí ag an té ná beaḋ ċoṁ líoṁṫa. Ní beag de ẛoluíd leiſ ſin an " Spídiú " ſan ṫuaſ. Féaċ a ḃfuil d'ainmneaċa ag Conċuḃaɼ i n‑aon ġiota beag aṁáin: cɼaḃtéilín, ſéacla, coinncíneaċ, lóma, fuaiɼṫnéal, ſpɼeallaiɼín, ſtɼáille, cliútaċ, ſíondaiɼe, ciaɼóg, Maitiaſ na Faɼaige, gliobóg, ſaṁaiɼle, ſocaiɼe, bodaiċín, ſodamán.

Ba ṁóɼ an áiſe, daɼ linn, lioſta iomlán a ḃeiṫ againn deſ na hainmneaċa den tſóɼd ſo atá i ḃfóc i Múſgɼaiġe, aguſ míniú aɼ gaċ ceann acu. Tá toſnuiġṫe againn ċeana féin aɼ a leiṫéid de lioſta do ċuɼ le ċéile aguſ ní gáḋ ḋom a ɼáḋ ná beiḋ aon doiċeall againn ɼoim ċongnaṁ óſ na Cáiɼde.—An Feaɼ Eagaiɼ.

Réiteaċ na gCeisteanna.

Ⅰ. (1) Nuaiɼ a ḃeaḋ an lá fliuċ. (2) Nuaiɼ a ḃeaḋ duine ɼó-ċeanaṁail aɼ an dteine. (3) Maɼ ṁolaḋ aɼ ċulaiṫ éadaiġ nua, nú aɼ a leiṫéid. (4) Nuaiɼ a cuiɼfí iongnaḋ oɼt. (5) Le duine a ḃeaḋ ag gol gan ċúiſ. (6) Nuaiɼ a taḃaɼfaí do leanḃ cannta aɼáin ná tógfaḋ leanḃ eile.

Ⅱ. (1) An t‑oiġɼe, an té a ġeoḃaiḋ an ḟeiɼm. (2) Eaſcaine éadtɼom. (3) An t‑aiɼgead a ḋíolaḋ an déiɼí le feaɼ an tailiṁ-oiɼead áiɼiṫe aſ gaċ aon ḃuin. (4) Boġa leaca ná beaḋ aċ an ċuid iſ gioɼɼa don talaṁ de le feiſcint. (5) áɼṫaċ beag an tſalainn. (6) An biaḋ, nuaiɼ a ḃíonn ſé á ċogaint. Deiɼteaɼ leiſ, " Níl aon ċɼann ſa ċoill Uí Ṁugada Ṁagada ná go mbíonn ag gaḃáil ſgiúɼſáil aɼ ġioɼɼéín Luṫaɼta Laṫaɼta. "

Leaṫanaċ 18

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 18–19

Áit-ainmneaċa.

2. Baile Ṁúiɼne

Do ɼéiɼ ſeana-ſgɼíḃinní " uiſneaċ " iſ eaḋ tugtí aɼ Ḃaile Ṁúiɼne i n‑aimſiɼ na Págántaċta. Máſ fíoɼ guɼ " lán d'oſaiḃ " iſ ciall d'Uiſneaċ, tá iaɼſmaí na hainme ſin le faġáil ſa ṗaɼɼóiſte i gcoṁnuiḋe. Tá Mullaċ an Oiſ ann aguſ Cillín na ḃFiaḋann, an áit go ɼaiḃ Gobnait Naoṁṫa nuaiɼ a ċonnaic ſí na naoi gcinn d'ḟiaḋnaiḃ bána.

Iſ beag ná go ḃfuil a ṁíniú féin ag gaċ éinne aɼ an ainm Baile Ṁúiɼne, nú Ḃúiɼne. Máſ fíoɼ don Aṫaiɼ Liam Ó hIaɼḟlaiṫe iſ ó Ṁúiɼneaċ áiɼiṫe do hainmniġeaḋ an áit. Seo maɼ adeiɼ ſé ſa ċaoine do ċúm ſé aɼ ḃáſ a aṫaɼ, Dáṫ 'ac Pádɼaig:—

 An tóiɼ ſeo ó Éiɼṫne ṫáinig aníoſ
Do láṁaiġ tuaṫ iſ feaɼann gan ċíoſ,
An Múiɼneaċ úd 'ſ a ċúmplaċt uile
'Na ɼáiḋteaɼ teaɼmann Ḃaile Ṁúiɼne. 

Aċ tá tuaiɼimí eile i dtaoḃ bunúſ na hainme. (1) " Ban-dia ḃoɼb ḃɼoiminéiſeaċ dá ngoiɼtí Múiɼne na móɼ-gcoṁaċt, " guɼ uaiṫe do glaoḋaḋ an áit; (2) guɼ ón ḃfocall boiɼeann, ſé ſin, caɼɼaig nú áit ċloċaċ a ṫagann an ainm aguſ guɼ Baile Ḃoiɼne an ɼud ceaɼt (Foclóiɼ an Duinníniġ, l. 107, aċ 'n‑a ċoinniḃ ſin tá Baile Ṁúiɼne ag an úġdaɼ gcéadna, l. 1135); (3) Baile Ḃúiɼne, nú Ḃóiɼne, ón ḃfocal búiɼneaċbóiɼneaċ, áit lán de ċloċa móɼa; (4) Baile Ṁúiɼne, ón ḃfocal múiɼne, cloċ a ċaiṫtí leiſ an gcɼann-taḃaill ſa tſeana-ẛaoġal; (5) Baile Ṁúiɼle, ón ḃfocal múiɼle, .i. coɼɼaċ. Sin é tuaiɼim Ċoḃaiɼ, aguſ deiɼ ſé á ṁíniú:  Iſ minic n i n‑inead l ſa ċainnt, m.ẛ., máinléad (máilléad), minṁeaɼ (milṁeaɼ). 

Tá tuaiɼimí eile fóſ ann, aċ iſ eagal liom náċ feidiɼ [ſic; ɼecte féidiɼ] an ſgéal a ɼéiḋteaċ anoiſ. Aċ i gcoinniḃ na fuiɼme úiɼne, ní miſde Goɼt na Múiɼne, ainm aɼ ṗáiɼc ſa ṗaɼɼóiſte, aguſ an Múiɼneaċ Beag do luaḋ.*

Baile Ṁic Íɼe. Níl aon ċúntaſ agam aɼ an ainm ſin, aċ iſ deacaiɼ liom géilleaḋ do ṫuaiɼim Ċoḃaiɼ guɼ Baile Ṁic Uiḋiɼ an ainm ċeaɼt. Níoɼ aiɼiġeaſ ɼiaṁ go ɼaiḃ an baile céadna i ſeilḃ éinne de Ṁuinntiɼ Uiḋiɼ aon uaiɼ.*

* Ní hiongnaḋ go dtéiġeann den Ġiolla Duḃ an ċeiſt do ɼéiḋteaċ ón uaiɼ iſ go ɼaiḃ an meaɼaṫal céadna ann i dtaoḃ na hainme tɼí ċéad blian ó ẛin. Baile Ṁuiɼne atá ag na Ċeiṫɼe Máiġiſtɼí aguſ i ḃFéiliɼe Ḋún na nGall. Baile Ḃóiɼne atá ag MacFiɼḃiſiġ. Balebuɼnia atá ſa Laidean ag Ó Súilleaḃáin Ḃéaɼɼa.—F.E.

* Deiɼ Seán Ó Súilleaḃáin liom guɼ Baile Uí Ṁeic Ṫíɼe an ɼud ceaɼt; guɼ ṫaiſbeáin an tAiṁiɼgíneaċ an ḟuiɼm ſin do i nAnnála Ríoġaċta Éiɼeann. Sloinne ab eaḋ Mac Tíɼe.—F.E.

I mbun leaṫanaiġ 19 aṫá an taɼna nóta ſo ſa ḃuntéacſ.

Leaṫanaċ 19

Aɼ an mbaile ſeo atá ſɼáid Ċaɼɼaig an Aḋmaid. Ṫoiɼ aɼ Béal an Ġeaɼɼṫa do ḃí an tſɼáid fadó. Iſ ann do ḃí an ſéipéal aguſ iſ ann, leiſ, do ḃí an tiġ táḃaiɼne ag Taḋg Bán Ó Tuama do ṫug tɼí bliana i bpɼíoſún maɼ ġeall aɼ an dTiġ Dóiġte. Níl aon ɼian de ẛɼáid ann anoiſ. I dtaoḃ Ċaɼɼaig an Aḋmaid, deiɼteaɼ guɼḃ aṁlaiḋ do baineaḋ an ceann aḋmaid den tſéipéal, aimſeaɼ na bpéin-dliġṫe, aguſ guɼ cuiɼeaḋ i ḃfolaċ é i gcaɼɼaig aitinn i n‑aice na háite, aguſ guɼ uaiḋ-ſin do hainmniġeaḋ Caɼɼaig an Aḋmaid.

Deiɼ an Duinníneaċ aɼ l. 1135 den Ḟoclóiɼ:  Caɼɼaig an Stuacáin (the pinnacle rock), a place-name, the original site of Baile Ṁúiɼne.  Aċ ní ḟeadaɼ cad é an t‑úġdaɼáſ atá aige leiſ an méid ſin.

Báɼɼ d'Ínſe
Báɼɼ dá Ínſe, b'éidiɼ, nú Báɼɼ Duiḃ-Ínſe (Coḃaɼ).
Caṫaiɼ Ceáɼna
.i. Caṫaiɼ an Ḃuaiḋ. Buaileaḋ caṫ móɼ i n‑aice na Duḃġlaiſe anſo fadó. Tá an ċaṫaiɼ ann i gcoṁnuiḋe.
Ceapaċa
Na. Ceapaċ na Mianaiġe ainm eile aiɼ.
Cúil Aoḋa
Ní heol dom céɼḃ é Aoḋ.
Cúil na Caṫɼaċ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Cúil Iaɼṫaċ
An. .i. An Ċúil Iaɼṫaɼaċ.
Cuil an Ṁoṫaiɼ
Moṫaɼ, .i. maɼ a ḃeaḋ cɼainn aguſ ſcaɼtaċa.
Cnoc an Iuḃaiɼ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Cúm na Cloiċe
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Cúm a' Ġaḋaiɼ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Cúm Lomnoċta
Iſ lomnoċta go maiṫ an ball é, aguſ ní dóiġ liom go ḃfuil aon deallɼaṁ le " Cúm Lom Eoġanaċta. "
Cúm Uí Ċlúṁáin
Níl aon tuaiɼiſg agam aɼ ṁuinntiɼ Ċlúṁáin. Cliffoɼd an Béaɼla a ċuiɼteaɼ aɼ an ainm.
Daingean na Saileaċ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Doiɼí
Na.
Doiɼe an Ċuilinn
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Doiɼe leaṫan
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Doiɼe na Sagaɼt

Deiɼteaɼ go ɼaiḃ aṫaiɼ aguſ mac ċun coṁnuig anſo aguſ guɼ deineaḋ ſagaiɼt den ḃeiɼt. Tagaiɼt é ſeo gan aṁɼaſ don Aṫaiɼ Pádɼuig Ó hIaɼḟlaiṫe (Pádɼuig 'ac Dáṫ Ḃacaiġ) aguſ dá ṁac. Sagaiɼt ab eaḋ iad aɼaon. Cailleaḋ bean Ṗádɼuig nuaiɼ a ḃí an mac ſa ċoláiſte.

Pádɼuig 'ac Dáṫ Ḃacaiġ,
Taɼ éiſ a ṁná a ċailleaṁaint
Aguſ a leinḃ a ṫeagaſg
Guiɼ deáɼnaḋ de féin ſagaɼt.

Leaṫanaċ 20

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 20–21

Iſ dóċa go ɼaiḃ Doiɼe na Sagaɼt fé ċomonndɼaċt ṁuinntiɼ Iaɼḟlaiṫe, maɼ ḃí teaɼmann Ḃaile Ṁúiɼne faiɼſeag go maiṫ.

Foiṫɼe
Na. Foṫaɼ, .i. cumaɼ go mbeaḋ cɼainn aguſ ſcaɼtaċa ann. Nú Foiṫiɼḃí, ſé ſin, iomaiɼí.
Goɼt an Acɼa
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt na gCɼoſ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt na Fuínſean
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt na Scaiɼte
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt Uí Raṫaile
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Goɼt na Tiobɼaid (Tiobɼatan)
Ó ṫobaɼ beannuiġṫe Ġobnatan Naoṁṫa. Aɼ an mbaile ſeo atá Cill Ġobnatan.
Ínſe Ṁóɼ
An.
Lománaċ
Nú Lom-ḟánaċ (Coḃaɼ)
Millíní
Na.
Múiɼneaċ Beag
An.
Seana-Ċluain
An t‑.
Sliaḃ Riaḃaċ
An.
Scɼeaṫan na nGaṁan
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Tóċaɼ
[Níoɼ tugaḋ aon ḟaiſnéiſ i dtaoḃ na míɼe ſeo.]
Túnláin
Ainm neaṁ-ċoitianta iſ eaḋ í ſeo. Duḃaiɼt Conċuḃaɼ Ó Deaſṁúṁna liom guɼ " Tuaṫ na nUlán " an ainm ċeaɼt. Leaċt iſ eaḋ ulán. Nú b'éidiɼ guɼ Tonn Uláin an ɼud ceaɼt. Tonn, .i. tuaɼ. Nú Tuaṫ an Láin (Coḃaɼ): lán, .i. cɼé, iṫiɼ.
Uláin
Na h‑. Ḃí ḋá ulán, ſé ſin, ḋá leaċt, aɼ an mbaile ſeo, aċ níl aon tuaiɼiſg oɼṫa anoiſ.

Ní beag a ḃfuaɼaſ de ċongnaṁ ó lioſta ainmneaċa do ċuɼ [ſic; ɼecte ċuiɼ] Coḃaɼ le ċéile, aguſ táim buiḋeaċ de dá ɼéiɼ.

An Giolla Duḃ.

Eola á Lorg

1. Ag Séamaſ Lankfoɼd. Cad é an ɼud é " Aiſteaɼ na ḃfíoɼḃoċt " ? D'aiɼiġeaſ an méid ſeo fadó: " Dá dtagaḋ duine boċt iſteaċ i dtiġ tɼíſ na páiɼceanna go tiġ aɼ loɼg déiɼce, ba ċeaɼt déiɼc a ṫaḃaiɼt ċuige, nuaiɼ a ḃí aiſteaɼ na ḃfíoɼḃoċt déanta aige. " Iſ deallɼuiġṫeaċ guɼ bɼiſeaḋ nóiſ éigin an t‑aiſteaɼ. Tá teaċt ṫaiɼiſ ſa ġiota ſo im ḋiaiḋ, leiſ:—

" Mo ḋá ſgeiṁle, aguſ iſ é
Aiſteaɼ na ḃfíoɼḃoċt
Aguſ bɼiſeaḋ na ſaoiɼe,
Aguſ uiſge na díge
Aguſ tɼoſgaḋ na hAoine
D'ḟág me aɼ an ſliġe ſeo
Ag ſiuḃal na dɼúċta. "

Leaṫanaċ 21

2. Ag Diaɼmuid Ó Duinn.

" Iſ beag oɼm Doṁnaċ gan dínnéaɼ,
Iſ beag oɼm cíɼéip aɼ ċaille.
Iſ beag oɼm bean óg gan náiɼe.
Iſ beag oɼm gaige gan éifeaċt. "

Goidé an ċíɼéip ſeo aɼ ċaille?

3. Ag Stiaḃna Ó hÉigeaɼtaiġ. An ḃféadfaḋ éinne an ɼann ſo a ṁíniú ḋom. Ó Ṁáiɼe Ċonċuḃaiɼ Uí Loingſiġ d'aiɼiġeaſ é.

" Fuiġeall cuide gan altú
Aɼ aon ġealḃan den tíɼ ſeo.
Aguſ náɼ luġa aɼ Ḋia duine gan altú
Ná aɼ aon ġealḃan an ſíol ſo. "

4. Ag an ḃFeaɼ Eagaiɼ. Nuaiɼ a cuiɼtaɼ ‑ín le focal, ní hannaṁ i n‑aon ċoɼ ḟanann an focal leaṫan; m.ẛ., poll‑ín, bean‑ín. Uaiɼeannta nuaiɼ iſ bain-innſcne don ḃun-ḟocal fanann an focal nua baininnſcneaċ; m.ẛ. páiɼcín ḃeag—" mo ṗáiɼcín éiɼ gan geaɼɼaḋ, "—bóín ṁaol. Aguſ uaiɼeannta eile cloiſteaɼ ‑íne ſa tuiſeal geineaṁneaċ; m.ẛ., cailliċíne. Ba ṁaiṫ liom ſomplaí eile deſ na niṫe ſin go léiɼ a ḟaġáil.

Ceaɼtúċán

1. Filíoċt

Sa Ċláɼ Filíoċta do ḃí againn ċeana tá ɼoinnt deaɼṁadtaí náċ móɼ a ċeaɼtú.

(1) Ḃí ſé ceaɼt againn a luaḋ go ḃfuil filíoċt Eoġain an Ṁéiɼín Mac Cáɼɼṫaiġ cuɼṫa i gcló i ḃfuiɼm leaḃaiɼ ag Fiaċɼa Éilgeaċ.

(2) Ní fioſ cé ċúm Eaċtɼa an Ṗacaiɼe aguſ na Cailliġe. Níoɼ ḋein Donnċaḋ Ó hÉaluiġṫe aċ é aiṫɼiſ.

(3) Níoɼḃ é Tomáſ Óg Ó hIaɼḟlaiṫe do ċeap M'uċlán, mo ḋiombáiḋ, aċ iſ aṁlaiḋ do cumaḋ 'n‑a ṫaoḃ é le linn do ḃeiṫ i bpɼíoſún " i ngeall le Géanna Fiaḋaine " (maɼ atá ag Fiaċɼa Éilgeaċ).

B'ḟuiɼiſt a lán lán do ſgɼíoḃaḋ i dtaoḃ Ṡeáin Uí Ċonaill. B'é an " tEaſbog " Seán Ó Conaill ó Ċiaɼɼaiġe do ṫug dúinn na " Faoiſdiní, " daɼ leiſ an Aṫaiɼ P. Ó Duinnín, aguſ níoɼḃ é Seán Máiġiſtiɼ. Siúd iſ guɼ ċuiɼeamaiɼ An Goiɼtín Eoɼnan aguſ Gleann Cam i leiṫ an Ṁáiġiſtiɼ, ní móɼ adṁáil ná fuil anſan aċ áɼ dtuaiɼim féin.

Leaṫanaċ 22

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaiġ 22–23

2. Foclóiɼeaċt

Tá gaḃál ṁaiṫ eile bailiġṫe againn d'ḟoclaiḃ aguſ de ɼáiḋtiḃ, aċ níl ſliġe again dóiḃ an tuɼaſ ſo.

Ḃí ɼoinnt ḃotún ſa ċéad lioſta a ḃí againn. Táimíd buiḋeaċ d'Aṁlaoiḃ Ó Loingſiġ, Cúil Aoḋa, de ċionn iad a ċeaɼtú. Sid iad:—

Bigeil
Sgéal go ḃfuil bigeil aiɼ—Sgéal a ḃeaḋ fíoɼ aċ náɼ ṁaiṫ le daoine ḃeiṫ á ínnſint ná ag laḃaiɼt aiɼ.
Lóiɼdín
butter-spade an lóiɼdín aċ an meaſcán bog coṁ-ċɼuinn ime a deinteaɼ leiſ.
Uall-ſgéaltaċ
' Uṁal-ſgéaltaċ ' an ɼud ceaɼt: .i. uṁal nú ullaṁ ċun ſgéalta innſint.
Boġɼaċ
' Bannɼaċ ' (78) an ɼud ceaɼt. Seo maɼ aduḃaiɼt an tſean-ḃean ḃoċt:
 Bailiġiḋ ſuaſ ḃuɼ gcampaí iſ ḃuɼ mbanntɼaċt gan loċt.
Leagaiḋ anuaſ a dteampall iſ a mbannɼaċa cloċ. 
Deiɼteaɼ mannɼaċ leiſ.
Téaḃuiḋe
Tá ' téaṫḃuiḋe ' aɼ l. 1195.

Leitreaċa.

" Gort Luaċra. "

Clanna Caoilte,
Caiɼbɼe

A Ċaɼa,

Tá ſé de ḋánaiḋeaċt ionnam aġaiḋ caoɼaiḋeaċa ſic " Coḃaiɼ " do ṫaɼɼaingt oɼm féin. Ċím " Goɼt Luaċɼa " aige aguſ gan de ṁíniú aige aɼ ainm an ḃaill aċ an méid ſeo: Saġaſ ſeiſce iſ eaḋ an luaċaiɼ. Do ſaṁlófaí do ḋuine ón méid ſin guɼ ó ɼaiḋſe na luaċɼa a ḃí ag fáſ ann do fuaiɼ an ball a ainm, aċ tá tuaiɼim eile agam‑ſa.

Aɼ an gcéad dul ſíoſ, iſ móɼ idiɼ ſeiſc a'ſ luaċaiɼ, aguſ ón mbeagán eolaiſ atá agam‑ſa aɼ an nGoɼt Luaċɼa ſan níl aċ fíoɼ-ḃeagán den luaċaiɼ ag fáſ ann, cé go ḃfuil ſeiſc a'ſ bioɼaċ go haḃainn aɼ a ċoṁgaɼ. Cad a ċaoċ áɼ ſinnſiɼ, maɼ ſin, aguſ gan Goɼt na Seiſce nú Goɼt na Bioɼaiġe do ḃaiſteaḋ aɼ an áit.

Cúpla míle laiſtiaɼ de Ċéim‑an‑Ḟiaiḋ tá áit eile aɼ a dtugtaɼ " Goɼt Luaċɼa " nú " An Goɼt Luaċɼa, " aguſ do múineaḋ dom a'ſ me ag dul aɼ ſcoil guɼb " An Goɼt Luaċɼaċ " ainm na háite. An Máiġiſtiɼ, aɼ ḋeiſ De go ɼaiḃ ſé, an t‑aon duine aṁáin go ɼaiḃ an ḟoġɼaiḋeaċt ſan aige, aguſ dob iongnaḋ liom an cam a ḃeiṫ ag ſean-Ġaeḋilgeoiɼí an ḃaill, aguſ ceaɼt aguſ cɼuinneaſ na teangan acu inſ gaċ ſliġe eile. Cad 'n‑a ṫaoḃ, a deiɼinn

Leaṫanaċ 23

liom féin, ná tugaiḋ ſiad " Goɼt na Luaċɼaċ " nú " An Goɼt Luaċɼaċ " féiniḋ aɼ an áit? Aguſ maɼ ḃaɼɼ aɼ an ndonaſ, tá ſean-ṁuing ſan áit aguſ gan d'ainm ɼiaṁ acu uiɼṫi aċ " Féiṫ na Luaċɼaċ. "

Tɼí bliana ó ẛin, aguſ dɼíodaɼ béaloideaſa an Ċumaiɼ agam dá ḃailiú, do tugaḋ dom an ɼann ſo a ceapaḋ maɼ ḟɼeagɼa aɼ ḋuine éigin a ṫug molaḋ áɼd aɼ an nGoɼt Luaċɼa.—

" Bɼeaſta a'ſ ciaċ aiɼ, nú'ɼ éinne eile beo
A ṫug Goɼt Luaṫ-ċuɼṫa ɼiaṁ aiɼ
Ballín boċt ſuaɼaċ buaɼṫa bɼiadṫa,
A'ſ guɼb í an ġaoṫ adtuaiḋ a ḋein an diaḃal aiɼ. "

Maɼ ſin, aguſ dá ḃɼíoġ ſin, an Goɼt Luaṫ-ċuɼṫa a baiſteaḋ aɼ an áit ſin laiſtiaɼ den Ċéim. D'ḟéadfaḋ a ḃeiṫ guɼ le coɼp ſeaɼḃaiſ a deineaḋ ſan maɼ go ḃfuil cúl na háite le gɼéin a'ſ a haġaiḋ le ſcéiɼd—ní hionann a'ſ Goɼt Luaċɼa úd Ṁúſgɼaiġe, adṁuiġim. Aċ má tá ciall ná bɼíoġ ſan analógaċt, iſ é an ainm ċéadna a ḃaiſteaḋ aɼ an nGoɼt ſan " Ċoḃaiɼ " leiſ.

Go maiṫteaɼ mo leadɼán dom.

Iſ miſe,
Conċuḃaɼ Ó Ruaiɼc.

" Ínse Geiṁleaċ. "

A Ḟiɼ Eagaiɼ,

Iſ iongnaḋ liom " Ċoḃaiɼ " a ḃeiṫ aɼ loɼg eolaiſ i dtaoḃ " Ínſe Geiṁleaċ " aguſ é míniġṫe aige i " gCaɼɼaig na nGeiṁleaċ. "

" Aiɼteaċ. "

Tá fioſ a ċúiſe féin ag " Ċoḃaiɼ, " dálta gaċ púca. Seo maɼ a deiɼ ſé.  Aidiaċt iaſ eaḋ an Geiṁleaċ atá i nÍnſe Geiṁleaċ, maɼab ionann aguſ an Geiṁleaċ eile. Aċ iſ ait an ɼud é ná bíonn an t‑alt ɼoimiſ, ná ſéiṁiú aiɼ i n‑aon tuiſeal; m.ẛ., Aonaċ Ínſe Geiṁliġ. Fágann ſan mo ċeiſt gan ɼéiḋteaċ. 

An Ġníoṁ-ingneaċ

A Ċaɼa na n‑ae iſtiġ,

I dtaoḃ an ɼanna úd Aṁlaoiḃ Uí Loingſiġ: Ní foláiɼ nú ḃí aiṫne ṁaiṫ aɼ an nGníoṁinginiġ i Múſgɼaiġe fadó. Tá tagaiɼt di ag Diaɼmuid Ua Laoġaiɼe ſa " Ḃɼuinneal Ḃán " (L. 109), aċ ní ṁíniġeann ſé cé hí féin. Sidé atá aige:  Iſ baoġlaċ liom guɼb í an Ġníoṁ Ingineaċ aguſ a hál atá taɼ éiſ ſeilḃ a ṫógaint inſ na leapṫaċa. 

Tá innſint eile le faġáil aɼ an ɼann ſa ṗáipéaɼ úd An...

Leaṫanaċ 24

An Músgraiġeaċ uiṁiɼ 2
Leaṫanaċ 24

...Gaeḋeal, Saṁain 2, 1934. Ḃí " Eaċtɼa an Ṗacaiɼe aguſ na Cailliġe " i gcló anſan ag Conċuḃaɼ Ó Muiṁneaċáin. Nuaiɼ ná fuaiɼ an Pacaiɼe pioc ón gCailliġ do ḋíɼiġ ſé uiɼṫe maɼ ſeo :

Iſ meaſa tú ná an ġɼíoḃ-ingneaċ a ḃí i ḃfuiɼm naṫɼaċ niṁe,
Iſ í cuſba comɼaiġe in Ifɼeann—áɼd-ċuiɼbṫeaċ na n‑ainṁiḋṫe—
Do cuiɼeaḋ ina diaḃal a hIfɼeann, Ciceɼo dá coínleaċt,
Ag iomaɼa, ag iolċa ag uɼſanaiḃ iſtoiḋċe.

D'adṁaiġ Conċuḃaɼ náɼ ṫuig ſé féin na focail go léiɼ. Aċ an tſeaċtṁain a ḃí ċuġainn do ṫug Seán Ó Cuill a innſint féin aɼ an ɼann :

Iſ meaſa ṫu ná an ġɼíoḃ-ingineaċ a ḃí i ḃfuiɼm naṫɼaċ níṁe againn,
Áɼd-ċoiɼbṫeaċ na n-ainṁiḋṫe, b'í ba ċuſpa comɼaiġe ḋi.
Cuiɼeaḋ í ina diaḃal aẛ Ifɼeann a'ſ Ciceɼo dá coínleaċt,
Ag iomaɼaḋ a'ſ ag giollaċaḋ ċuig uɼſanaiḃ aſd' oiḋċe.

Daɼ le Seán, " iomɼáṁ " ba ċiall don " iomaɼaḋ " aguſ " giollaċt " don " ġiollaċaḋ, " aċ do ċuiɼ ſé iongnaḋ aiɼ an ſean-Róṁánaċ ſan, Ciceɼo, ḃeiṫ ag tionnlacan daoine ón ſaoġal eile.

Anoiſ, dom ṫuaiɼim‑ſe, níl daḃt aɼ doṁan ná guɼ " gɼíḃ-ingneaċ " an focal bunaiḋ, bíoḋ guɼ " gníoṁ-ingineaċ " adeiɼteaɼ anoiſ. Aon ní aṁáin iſ eaḋ " gɼíoḃ " aguſ " gɼíḃ-ingneaċ, " ainiṁṫealaċ do cɼeidtí fadó a ḃeiṫ ann. Caḃail an leoṁain a ḃí uiɼṫe, máſ fioɼ [ſic], aguſ ceann aguſ gob, ſciaṫáin aguſ ingní an ḟiolaiɼ. Aċ ca ḃfioſ dom go ɼaiḃ aon dul amaċ ag Éiɼeannaiġ aɼ an ngɼíḃ? Maɼ go ḃfuil a tuaiɼiſg le faġáil ſan aiſtɼiúċán do ḋein an Coɼcaiġeaċ, Fínġín Ó Maṫġaṁna, ſa ḃliain 1475, aɼ " Eaċtɼa John de Maundeville. " Deiɼ an " Eaċtɼa " go ḃfuil i mBactɼia gɼíoḃa a ḃéaɼfaḋ leo 'na gcɼoḃnaiḃ maɼcaċ aguſ eaċ fé, nú cuinniɼ ḋaṁ maɼ aon leiſ an gcuing; go mbíonn ingní fada géaɼa oɼṫa, aguſ guɼ mó ná aḋaɼc ḋaiṁ gaċ ionga acu. Aguſ i dtaoḃ í ḃeiṫ i n‑Ifɼeann, tá fianaiſe an Ċéitinnig againn leiſ guɼ " iomḋa ann ... gɼíoḃ ġɼeannaċ ġob-lom ġeaɼánaċ " (T.B.B. 6623).

Da ḃɼí ſin, iſ í an ġɼíḃ-ingneaċ do cuiɼeaḋ " i n‑a diaḃal a hIfɼeann, " aguſ iſ olc í mo ṫuaiɼim nú ḃí an ceaɼt ag Aṁlaoiḃ nuaiɼ a ṫug ſé Liosavar aɼ an té a ḃí á caoinleaċt. Iſ é Lucifeɼ féin é ſin, aguſ ní gáḋ an Róṁánaċ móɼ-ċlú do ṫaɼɼac iſteaċ ſa ſgéal i n‑aon ċoɼ. Ní ḟéadfainn aon ḃuille ṫaḃaiɼt fé ḃɼí an ċeaṫɼú líne, aċ déaɼfainn ná fuil baint aɼ biṫ aige le hiomɼáṁ ná le giollaċt. Iſ deallɼuiṫiġe le geámaí nú le geátſaí éigin na focail ſin.

Buaḋ aguſ biſeaċ leat, a ċaɼa Ṁúſgɼaiġiġ.

Miſe,
Doṁnall Ó Niaḋ.