An Músgraiġeaċ Uiṁir 6
Cláɼ
.png)
Leaṫanaċ 01
.png)
Leaṫanaiġ 02–03
.png)
Leaṫanaiġ 04–05
.png)
Leaṫanaiġ 06–07
.png)
Leaṫanaiġ 08–09
.png)
Leaṫanaiġ 10–11
.png)
Leaṫanaiġ 12–13
.png)
Leaṫanaiġ 14–15
.png)
Leaṫanaiġ 16–17
.png)
Leaṫanaiġ 18–19
.png)
Leaṫanaiġ 20–21
.png)
Leaṫanaiġ 22–23
Leaṫanaċ 24
.png)
Leaṫanaċ 24
An Ċéad Rann dáɼ Ḋeineaſ
Ḃíoſ féin aguſ m'aṫaiɼ ag obaiɼ i dtiġ Ḋiaɼmuid Ruaiḋ Uí Ḃuaċalla lá. Ḃí buaċaill aimſiɼe ag an mBuaċallaċ a ḃí ag ſuiɼġe le cailín, aguſ do laḃaiɼ an máiſtiɼ leiſ an mbuaċaill maɼ ſeo:
A Ḋiaɼmuid Ṡeáin Ġɼuamḋa, a ḃuaċaill ḃoiċt,
Taoi aɼ meaɼḃall muaɼ 'ſ iſ tɼuaġ do ṫoiſc,
Ó ġeallaiſ an duaiſ do Ḃlack aċ í ḟuadaċ
Go ɼaġfá do ɼuaig ó ṫuaiḋ go Poc.
Iſ ó 'ḃean a' tiġe ná bíoḋ buaiɼeaṁ oɼt.
Úncail don cailín [ſic; ɼecte ċailín] go dtugtaí Doṁnall Duḃ aiɼ ab eaḋ Black, aguſ ḋein an file amaċ go ɼaiḃ bɼeab ag an mbuaċaill á ṫaḃaiɼt do aċ coṁaiɼle ṫaḃaiɼt di éalú leiſ féin.
D'ḟɼeagaiɼ m'aṫaiɼ anſan:
Caiṫfiḋ an Gɼuamḋaċ ſtuama ſtop
Sa ḃaile gan ġɼuaim maɼ aɼ ḋual dá ſtoc.
Ṫáinig feaɼg ɼó-ṁuaɼ aiɼ nuaiɼ aiɼiġ ſé an duain ſin,
Maɼ b'ḟada leiſ uaiḋ ó ṫuaiḋ an Poc.
Iſ ó 'ḃean a' tiġe ná bíoḋ buaiɼeaṁ oɼt.
Ḃí an ḟilíoċt ag ɼiṫ im ċeann le tamall ɼoimiſ ſin, aċ ní ſaiḃ aon ɼann ceapaiṫe agam, go dtí guɼ laḃɼaſ ag fɼeagaiɼt don ḃeiɼt, aguſ go nduḃaɼt:
Do ġlacaſ-ſa tɼuaġ don ḃuaċaill ḃoċt,
Dá ġɼeadaḋ go cɼuaiḋ ón gcluaiſ go coiſ
Ag aicme na nduan gan taiſe dá ḋuaḋ,
Maɼ aſal dá ɼuagaḋ ó ṫuaiḋ go Poc,
Aguſ ó 'ḃean a' tiġe ná bíoḋ buaiɼeaṁ oɼt.
Ní ɼaḃaſ aċ tímpal ceaṫaiɼ déag nú cúig déag de ḃlianaiḃ an uaiɼ ſin.
Gaeḋeal na nGaeḋeal.